Committee Reports::Report - Accommodation and the Restaurant 1923-1926::12 May, 1927::Report

TUARASGABHAIL.

Tá an Có-Choiste tar éis a aontú ar an Tuarasgabháil seo a leanas maraon le Cuntaisí i dtaobh na nithe a cuireadh fé n-a bhráid do thíolaca:—


1. Maidir le maoirseacht na cóiríochta inmheánaí tá an Có-Choiste tar éis mórán mion-oibre do dhéanamh. I dhá chás tháinig nithe níos táchtaí fé n-a bhreithniú. Sa chéad dul síos, de bharr Tigh Laighean d’aistriú chun an Oireachtais, do cuireadh fé bhráid an Chó-Choiste tairisgintí i dtaobh atharuithe móra ba ghá chun an fhoirgint do dhéanamh oiriúnach agus d’aontuíodh leis na tairisgintí sin. Dá mbarr san ba ghá atharuithe do dhéanamh i Seomra na Dála; Seomra an tSeanaid d’aistriú go dtí an áit ina bhfuil sé anois; Leabharlann, seomraí Coiste agus seomraí príobháideacha d’airí agus do pháirtithe do sholáthar; agus ath-roinnt do dhéanamh ar na hoifigí atá ar fáil d’oifigigh agus d’fhuirinn an Oireachtais. Sa dara dul síos, do cuireadh tairisgintí fé bhráid an Chó-Choiste chun Seomra an Bhídh d’atharú agus do mhéadú agus do mhéadú. D’aontuíodh leo so mar an gcéanna. Ní mór tuille tógála do dhéanamh de bharr na dtairisgintí seo agus tá ullamhúchán déanta cheana féin chun iad do chur in éifeacht.


2. Tá ag gabháil leis seo cuntaisí iniúchta ina dtaisbeántar staid airgeadais Sheomra an Bhídh i ndeire gach bliana ó bunuíodh an Có-Choiste. Tá ana-bhaint ag fáltaisí Seomra an Bhidh le n-a mhinicí a bhíonn suidheanna sa dá Thigh, mar dá mhéid suidhe a bhíonn ann isea is mó an teacht isteach.


(Sighnithe),


SÉAMUS N. O DÓLÁIN,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


12 Bealtaine, 1927.