Committee Reports::Report - Accommodation and the Restaurant 1923-1926::12 May, 1927::Orders of Reference

ORDU TAGARTHA.

Orduithe ag an Dáil (3 Meadhon Fhomhair, 1923), “Go gceaptar Coiste ar a mbeidh cúig Teachtaí, a ainmneoidh Coiste Roghnathóireachta an tSiosóin, chun féachaint i ndiaidh na n-áiseanna laistigh is cóir a bheith ag Baill an Oireachtais agus chun Seomra an Bhídh do stiúrú; agus go n-iarrtar ar an Seanad a chó-oiread ball den tSeanad do cheapa chun gníomhú ar an gCoiste sin.”


Orduithe ag an Seanad (10 Meadhon Fhomhair, 1923), “Go bhfágfar fén gCoiste Roghnathóireachta na Seanadóirí a fhónfidh ar an gCó-Choiste do cheapa.”


Do hainmníodh dá réir sin Coiste ar a raibh:—


(1) Ailfrid O Broin, Criostóir O Broin, Peadar O hAodha, Domhnall O Muirgheasa agus Seán de Faoite, Teachtaí; agus


(2) Liam O Bearáin, Séamus Mac Eáin, Séamus O Móráin, Iarla Cillmanntain agus Siobhán Bean an Phaoraigh, Seanadóirí.


D’eirigh Peadar O hAodha as an gCoiste agus do hainmníodh Séamus O Dólaín ina ionad.