Committee Reports::Report - Bill, 1926 (Amendment Number 5)::12 February, 1927::Report

SEÁNAD ÉIREANN.

TUARASGABHÁIL AN ROGHA-CHOISTE DO CEAPADH CHUN AN BILLE BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 5), 1926 DO BHREITHNIÚ.

1. Do cheap an Seanad an Coiste seo ar an 2° Feabhra, 1927. Díobh so leanas atá an Coiste có-dhéanta: —Tomás Beinéid, Pádraig Ó Bráda, Séamas Dubhglas, an Tiarna Lannaibhibh, Aindrias Mac Séamais, Sir Seán Ó Catháin, Pádraig O Cionaodha, Seán Ó Fearghail agus Siobhán Bean an Phaoraigh.


2. Tháinig an Coiste le chéile ar an 10° Feabhra, 1927. Do bhí i láthair:—Tomás Beinéid, Pádraig Ó Bráda, Séamas Dubhglas, an Tiarna Lannaibhidh, Aindrias Mac Séamais, Pádraig O Cionaodha, Seán O Fearghail agus Siobhán Bean an Phaoraigh. Bhí an tAire Dlí agus Cirt i láthair leis.


3. Do tairgeadh an Tiarna Lannaibhidh do dhul i gceannas.


4. Tar éis díospóireachta generálta ar chrícheanna agus ar éifeacht an Bhille, do haontuíodh d’aon-ghuth go molfadh an Coiste an breithniú tuille ar an mBille do chur ar ath-ló agus idir dhá linn Có-Choiste den dá Thigh do chur ar bun chun breithniú do déanamh agus tuarasgabháil do thabhairt ar an gceist, ar cheart a bheith ceaduithe do bhaill den tSeanad bheith ina mbaill den Rialtas, agus a iarraidh ar an Dáil aontú le n-a leithéidh sin de Choiste do cheapa.


(Sighnithe),


GLENAVY,


Cathaoirleach an Choiste.


12° Feabhra, 1927.