Committee Reports::Report - Matters affecting the Interpretation of the Constitution::22 May, 1925::Report

SEANAD ÉIREANN.

TUARASGABHÁIL ÓN gCOISTE AR NITHE A BHAINEANN LE LÉIRIÚ AN BHUNREACHTA.

REPORT OF THE COMMITTEE ON MATTERS AFFECTING THE INTERPRETATION OF THE CONSTITUTION.

Do ceapadh an Coiste seo le rún a rith an Seanad an 30adh Abrán, 1925, mar leanas:—


“Go ndintar an cheist i dtaobh breith ar nithe a bhaineann le léiriú an Bhunreachta do chur fé bhráid Choiste a bheidh có-dhéanta de bhaill Choiste na mBuan-Orduithe agus Tomás Beinéid agus Somhairle Brún, Seanadóirí, curtha leo.”


Tháinig an Coiste le chéile an 21adh Bealtaine, 1925, nuair a bhí na baill seo a leanas i láthair:—an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach, agus Tomás Beinéid, Somhairle Brún, Sir Seán O Catháin, agus Pádraig O Cionaodha, Seanadóirí.


Do cuireadh an Cathaoirleach i gceannas an chruinnithe. Do chinn an Coiste d’aon ghuth ar a mhola don tSeanad glaca leis na hatharuithe agus na breiseanna so a leanas i gcóir na mBuan-Orduithe:—


1. Buan-Ordú 36 do leasú mar leanas:—


“36. Sé an Cathaoirleach an t-aon bhreitheamh ar ordú sa tSeanad ingachní a eireoidh as léiriú na mBuan-Orduithe seo. Tá d’údarás aige géille tapaidh dá rialú do chur i bhfeidhm agus mí-rialtacht do chosc.”


2. Buan-Ordú nua 36a do chur isteach mar leanas:—


“36a. I ngach ní a eireoidh i dtaobh ordú agus ná fuil socrú ina dtaobh sna Buan-Orduithe seo rialóidh an Cathaoirleach fé mar a chífar dó is ceart, ag cuimhneamh dó ar pé fosacha a bheidh bunuithe agus ar na nithe bhaineann leis an gcás ach féadfar, ar thairsgint a déanfar, tar éis é fhógairt no gan é fhógairt, no déanfar, ar iarratas sa chéill sin fé láimh chúig Seanadóirí déag ar a luíod, an rialú san do chur fé bhráid an Choiste um Nós-imeachta chun tuarasgabháil d’fháil air. Ar fháil na tuarasgabhála san dóibh tabharfidh an Seanad breith ar an gceist.”


3. An ní seo a leanas do chur le Buan-Ordú 18:—


“(f) Tairisgint a déanfar fé Bhuan-Ordú 36a.”


4. Buan-Ordú 111 d’atharú chun bheith mar leanas:—


“111. Chó luath agus is féidir é tar éis tosach gach bliana caileandair ceapfidh an Seanad Coiste um Nós-imeachta, a bheidh có-dhéanta do sheachtar Seanadóirí. Beidh an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach ina mbaill ex-officio den Choiste sin, gan ceart acu chun votáil ar aon cheist a cuirfar fé bhráid an Choiste sin fé Bhuan-Ordú 36a.’


GLENAVY,


Cathaoirleach.


22adh Bealtaine, 1925.