Committee Reports::Report - Incapacity for Membership of the Oireachtas::11 May, 1927::Report

TUARASGABHAIL.

An Có-Choiste a ceapadh “chun a fhiosrú agus a thuairisciú, an mí-chumas a cuirtar ar aicmí áirithe daoine le hAltanna 51 agus 57 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) agus ná leigeann go dtoghfí iad chun aon Tighe den Oireachtas ná go suidhfidís mar bhaill den Tigh sin, ar cheart an mí-chumas san do chur ar aon aicme no aicmí eile daoine agus, más ceart, cadé an aicme no cadiad na haicmí eile ar ar cheart an mí-chumas san do chur” tuairiscíd go bhfuil dul ar aghaidh déanta acu maidir leis na nithe a cuireadh fé n-a mbráid; go bhfuaradar ón Roinn Gnóthaí Coigríche ráitisí ar na forálacha reachtúla maidir le mí-chumas ná leigeann daoine áirithe do thogha ná do shuidhe mar bhaill Pháirliminte sna náisiúin iomdha a dhineann suas an Có-chiníochas Briotáineach, i Stáit Aontuithe America, agus sna tíortha so a leanas san Eoraip:—an Fhrainc, an Ioruaidh, an Ghearmáin, an Iodáil, an Danmharg, an Phólainn, an Sorcha, Tír na bhFionn, an Eilbhéis, agus Czechoslovakia; nár thógadar fianaise bhéil toisc gan mion-scrúdú ar na ráitisí dá dagartar do bheith críochnuithe acu; agus ná beidh sé ina gcumas tuarasgabháil iomlán do dhéanamh sa tsiosón so den Oireachtas.


(Sighnithe),


S. L. BROWN,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


11adh Bealtaine, 1927.