Committee Reports::Report - Incapacity for Membership of the Oireachtas::11 May, 1927::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

ORDERS OF REFERENCE.

DAIL EIREANN.

10adh Meitheamh, 1926:—Beartuithe, Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste de dhá Thigh an Oireachtais có-dhéanta de thriúr ball den Dáil agus de thriúr ball den tSeanad agus comhacht acu chun fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin, do chur ar bun chun a fhiosrú agus a thuairisciú, an mí-chumas a cuirtar ar aicmí áirithe daoine le hAltanna 51 agus 57 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), agus ná leigeann go dtoghfí iad chun aon Tighe den Oireachtas ná go suidhfidís mar bhaill den Tigh sin, ar cheart an mí-chumas san do chur ar aon aicme no aicmí eile daoine agus, más ceart, cadé an aicme no cadiad na haicmí eile ar ar cheart an mí-chumas san do chur. (An tUachtarán.)


Orduithe, Go gcuirtar Teachtaireacht chun an tSeanaid chun an Rún so do chur in úil dóibh agus chun a n-aontú do lorg.


17adh Meitheamh, 1926:—Teachtaireacht ón Seanad go n-aontuíonn an Seanad leis an Dáil san rún réamh-ráite.


Orduithe, Go gcuirtear ar bun Có-Choiste de dhá Thigh an Oireachtais có-dhéanta de thriúr ball den Dáil agus do thriúr ball den tSeanad agus comhacht acu chun fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin chun a fhiosrú agus a thuairisciú, an mí-chumas a cuirtar ar aicmí áirithe daoine le hAltanna 51 agus 57 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) agus ná leigeann go dtoghfí iad chun aon Tigh den Oireachtas no go suidhfidís mar bhaill den Tigh sin, ar cheart an mí-chumas san do chur ar aon aicme no aicmí eile daoine agus, más ceart, cadé an aicme no cadiad na haicmí eile ar ar cheart an míchumas san do chur. (An tUach tarán.)


Orduithe, In ainneoin éinni atá in Ordú 115c go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta triúr Teachtaí chun fónamh ar an gCó-Choiste. (An tUachtarán.)


Orduithe, Teachtaireacht do chur chun ar tSeanaid á chur san in úil dóibh.


18adh Meitheamh, 1926:—Teachtaí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Mícheál O Tighearnaigh, Tomás Mac Eoin, agus Donnchadh O Guaire.


15adh Meitheamh, 1926:—Teachtaireacht ón Dáil—Go bhfuil Dáil Eireann tar éis an Rún so leanas do rith, le n-ar mian leo aontú Sheanaid Eireann d’fháil:—Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste de dhá Thigh an Oireachtais có-dhéanta de thriúr ball den Dáil agus de thriúr ball den tSeanad agus comhacht acu chun fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreaeacháin, do chur ar bun chun a fhiosrú agus a thuairisciú, an míchumas a cuirtar ar aicmí áirithe daoine le hAltanna 51 agus 57 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) agus ná leigeann go dtoghfí iad chun aon Tighe den Oireachtas ná go suidhfidís mar bhaill den Tigh sin, ar cheart an mí-chumas san do chur ar aon aicme no aicmí eile daoine agus, más ceart, cadé an aicme no cadiad na haicmí eile ar ar cheart an mí-chumas san do chur.


Beartuithe, Go n-aontuíonn an Seanad go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste de dhá Thigh an Oireachtais có-dhéanta de thriúr ball den Dáil agus de thriúr ball den tSeanad agus comhacht acu chun fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin, do chur ar bun chun a fhiosrú agus a thuairisciú, an mí-chumas a cuirtar ar aicmí áirithe daoine le hAltanna 51 agus 57 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) agus ná leigeann go dtoghfí iad chun aon Tighe den Oireachtas ná go suidhfidís mar bhaill den Tigh sin, ar cheart an mí-chumas san do chur ar aon aicme no aicmí eile daoine agus, más ceart, cadé an aicme no cadiad na haicmí eile ar ar cheart an míchumas san do chur: go bhfágtar fén gCoiste Roghnathóireachta baill an tSeanaid do roghnú: agus go gcuirtar Teachtaireacht chun na Dála dá réir sin. (Oiliféir Mag Fhógartaigh.)


16adh Meitheamh, 1926:—Seanadóirí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste:—Tomás Beinéid, Somhairle de Brún agus Tomás O Fearáin.


CLAR.


 

 

leathanach

1.

Orduithe Tagartha

...

...

ii

2.

Tuarasgabháil

...

...

iv

3.

Imeachta an Chó-Choiste

...

vi