Committee Reports::Report - Industrial and Commercial Property (Protection) Bill, 1925::22 June, 1926::Report

TUARASGABHAIL.

1. Sé brí an Bhille ná athghairm do dhéanamh ar an dlí reachtúil atá ann cheana i dtaobh deona paitinní, clárú pátrún agus marcanna trádála agus cosaint chóipchirt, agus substaint na dlí sin d’ath-achtú ansan tar éis na hatharuithe do dhéanamh inti is gá de bharr bunú Shaorstáit Eireann mar Stát fé leith.


2. O tugadh an Bille isteach do scrúduigh lucht eolais go maith é. De bharr an scrúduithe sin agus ar réasúin eile, go mór mór toisc gan aon tsocruithe riaracháin do bheith ann o bhunú Shaorstáit Eireann chun paitinní do dheona ná chun pátrúin agus marcanna trádála do chlárú, do chuir an Roinn Tionnscail agus Tráchtála roinnt mhaith leasuithe fé bhráid an Chó-Choiste chun a mbreithnithe.


3. Molann an Có-Choiste an Bille do leasú ar na slite a taisbeántar sa Sceideal a ghabhann leis seo agus ar na réasúin adeirtar ansan. Tá nithe áirithe eile a luaidhtear sa Sceideal agus molaid iad d’fhágaint le breithniú ag an Roinn Tionnscail agus Tráchtála d’fhonn tuille leasuithe do thairisgint má meastar gur mhaith an rud san a dhéanamh.


4. Isé tuairim an Chó-Choiste má leasuítear an Bille fé mar a moltar go mbeidh sé ina áis shásúil chun patinní do dheona, pátrúin agus marcanna trádála do chlárú agus cóipcheart do chosaint; agus fós chun có-chosaint do thabhairt, idir Saorstát Eireann agus tíortha eile, do cheapadóirí, d’údair agus d’únaerí marcanna trádála.


(Sighnithe),


S. L. BROWN,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


22adh Meitheamh, 1926.