Committee Reports::Report - Industrial and Commercial Property (Protection) Bill, 1925::22 June, 1926::Orders of Reference

DAIL EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

29adh Bealtaine, 1925:—Orduithe, Go gcuirtar an Bille Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1925, go Coiste Speisialta ar a mbeidh seisear Teachtaí a hainmneofar ag an gCoiste Roghnathóireachta, agus go mbeidh an chéad chruinniú den Choiste Speisialta ann an 12adh Meitheamh (Tomás Mac Eoin).


9adh Meitheamh, 1925:—Orduithe, Go gcuirtar ar ceal Ordú na Dála den 29adh Bealtaine, 1925, ag cur an Bhille Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1925, chun Coiste Speisialta (An tAire Tionnscail agus Tráchtála);


Beartuithe, Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste do chó-dhéanamh ar a mbeidh seachtar ball den Dáil agus seachtar ball den tSeanad agus comhacht aca chun fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin, Có-Choiste chun an Bille Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1925, do bhreithniú agus molta ina thaobh do dhéanamh (An tAire Tionnscail agus Tráchtála).


Orduithe, Go gcuirtar Teachtaireacht chun an tSeanaid chun an Rún so do chur in úil dóibh agus chun a n-aontú do lorg.


12adh Meitheamh, 1925:—Teachtaireacht ón Seanad go n-aontuíonn an Seanad leis an Dáil ina rún a ritheadh an 9adh lá den mhí seo i dtaobh an Bhille Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1925:


Orduithe, An Bille Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1925, do chur chun Có-Choiste ar a mbeidh seachtar ball den Dáil agus seachtar ball den tSeanad, agus comhacht aca chun fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí, agus ar bhreacacháin, Có-Choiste chun an Bille do breithniú agus molta ina thaobh do dhéanamh (An tAire Tionnscail agus Tráchtála).


Orduithe, Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


Orduithe, An Coiste Roghnathóireachta d’ainmniú seachtar Teachtaí chun fónamh ar an gCó-Choiste (An tAire Tionnscail agus Tráchtála).


18adh Meitheamh, 1925:—Teachtaí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste ar an mBille Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1925:—Liam O Daimhín, Peadar O Dubhghaill, Darghal Figes, Conchubhar O hOgáin, Liam Mag Aonghusa, Micheál O Tighearnaigh, agus an tAire Tionnscail agus Tráchtála.


4adh Feabhra, 1926:—Liam Thrift ceaptha in ionad Darghal Figes d’éag.


SEANAD EIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

11adh Meitheamh, 1925:—Teachtaireacht ón Dáil—Bille Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1925—Go bhfuil an Dáil tar éis an Rún so leanas do rith le n-ar mian leo aontú an tSeanaid d’fháil:—Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste do chó-dhéanamh ar a mbeidh seachtar ball den Dáil agus seachtar ball den tSeanad agus comhacht aca chun fios do chur ar dhaoine, ar pháipéirí agus ar bhreacacháin, Có-Choiste chun an Bille Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1925, do bhreithniú agus molta ina thaobh do dhéanamh;


Beartuithe, Go n-aontuíonn an Seanad leis an Dáil sa rún so agus ina mola chun Có-Choiste do cheapa, Go dtugtar comhacht don Choiste Roghnathóireachta chun seachtar ball d’ainmniú don Chó-Choiste seo agus go gcuirtear Teachtaireacht chun na Dála chun san do chur in úil dóibh (Séamus Dubhglas).


25adh Meitheamh, 1925:—Seanad-óirí ceaptha chun fónamh ar an gCó-Choiste ar an mBille Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1925:—Liam O Bearáin, Somhairle de Brún, Tomás O Fuaráin, Sir Seán O Catháin, Eamon Mac Giollaiasachta, Mícheál O Deaghdha agus Liam Yeats.


24adh Feabhra, 1926:—Tar éis do Shomhairle de Brún, Eamon Mac Giollaiasachta, agus Mícheál O Deaghdha d’eirghe as oifig ag toghachán cinn trí mblian de Sheanadóirí agus tar éis Somhairle de Brún do bheith toghtha ina dhiaidh sin chun foth-fholúntais sa tSeanad do ceapadh Somhairle de Brún, Sir Seán O Gríobhtha agus Brian O Ruairc chun na dtrí folúntaisí a bhí ar an gCó-Choiste.


CLÁR.


 

leathanach

1.

Orduithe Tagartha

...

ii

2.

Tuarasgabháil

...

...

iv

3.

Imeachta an Chó-Choiste

xxviii