|
DAIL EIREANN.Séú Tuarasgabháil an Choiste um Nós-Imeachta agus Príbhléidí.Sixth Report of the Committee on Procedure and Privileges.1. Maidir le Cúigiú Tuarasgabháil an Choiste um Nós-imeachta agus Príbhléidí, a horduíodh ag an Dáil a bhreithniú an 1adh Iúl, do dineadh ar an dáta san í do chur thar n-ais chun an Choiste um Nós-imeachta agus Príbhléidí chun ath-bhreithniú do dhéunamh ar na Buan-Orduithe a bhí beartuithe i dtaobh Billí do rith. 2. Chruinnigh an Coiste Dé Céadaoin, 7adh Iúl, chun na Buan-Orduithe sin a bhí beartuithe d’ath-bhreithniú, agus tar éis dóibh san do dhéanamh do chinneadar ar a mhola gan aon atharuithe do dhéanamh ar na Buan-Orduithe a bhí beartuithe i dtaobh Billí do rith, ach bhí Tomás Mac Eoin ina choinnibh so. (Sighnithe), MÍCHEÁL O hAODHA, Cathaoirleach an Choiste. 7adh Iúl, 1926. |
||||||||||||