Committee Reports::Report and Proceedings - Value-Added Tax Bill, 1971 (changed from Finance (No. 2) Bill, 1971)::29 June, 1972::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

7 Meitheamh, 1972:—Ordaíodh: Go ndéanfar an Bille Airgeadais (Uimh. 2), 1971 a athraíodh go dtí an Bille Cánach Breisluacha, 1971 a chur faoi athchúrsa i gCoiste Speisialta ar a mbeidh 13 Comhalta a ainmneoidh an Coiste Roghnóireachta;


Gur cúigear is córam don Choiste; agus


Go dtionólfar an chéad chruinniú den Choiste an 13 Meitheamh, 1972 [an tAire Airgeadais].


8 Meitheamh, 1972:—Ainmníodh dá réir sin Coiste arb iad atá air na Teachtaí Peadar de Barra, Seoirse Ó Colla (An tAire Airgeadais), Éamonn Ó Coileáin, Gearóid Mac Gearailt, Tomás Mac Giolla Phádraig (Baile Átha Cliath Láir), Séamas Ó Gallchóir, Agaistín Ó hÉilí, Liam Ó Cinnfhaolaidh, Mícheál Ó Nuanáin, Seán Ó Donnabháin, Tomás Ó hUiginn, Mícheál Mac Gabhann agus Séamas Ó Tuichligh.