Committee Reports::Report No. 06 - Amendment of Standing Orders::07 July, 1926::Report

DÁIL EIREANN.

TUARASGABHAIL ON gCODHAIL DE BHAILL, IONADAITHE DON DAIL AGUS DON tSEANAD, AR LEASUITHE AIRITHE A DHIN AN SEANAD AR AN mBILLE UAIREANTA SIOPAI (TRADALANNA AN EADAIGH I gCATHAIR AGUS I gCEANNTAIR BHAILE ATHA CLIATH), 1926.

REPORT OF THE CONFERENCE OF MEMBERS REPRESENTING THE DAIL AND THE SEANAD ON CERTAIN AMENDMENTS MADE BY THE SEANAD TO THE SHOP HOURS (DRAPERY TRADES, DUBLIN AND DISTRICTS) BILL, 1926.

1. Do thaínig an Chó-dháil le chéile an 7 Iúl, 1926, ar 3.30 p.m., chun an neamh-aontú idir an dá Thigh, i dtaobh na leasuithe do dhin an Seanad ar an mBille Uaireanta Siopaí (Trádálanna an Eadaigh i gCathair agus i gCeanntair Bhaile Atha Cliath), 1926, do phlé.


2. Do bhí na daoine seo leanas i láthair mar lucht ionaid don nDáil:—


Peadar O Dubhghaill, Parthalán O Conchubhair, Tomás O hAonghusa, Tomás Mac Eoin, agus Liam O Neachtain;


agus do bhí na daoine seo leanas i láthair mar lucht ionaid don tSeanad:—


Séamus Dubhglas, Proinsias Mac Aonghusa, Séamus O Móráin, Somhairle Brún, agus Tomás O Fearáin.


3. Do tairgeadh Somhairle Brún do dhul i gceannas an chruinnithe.


4. Do shocruigh an Chó-dháil ar a mhola:—


(1) go gcimeádfí an Leasú ar alt 6 (1), eadhon, na focail seo a leanas do chur i ndeire an fho-ailt:—


“Provided that for the purposes of this section a conviction or convictions for an offence under the Act of 1925 shall be deemed to be and to have been a conviction or convictions under this Act”;


(2) go gcuirfí an uair 8.30 p.m. i líne 35 den Dara Sceideal in ionad 9 p.m.


5. Tuairiscíonn an Chó-dháil dá réir sin.


(Sighnithe) S. L. BROWN,


Cathaoirleach na Có-dhála.


7 Iúl, 1926.