Committee Reports::Report of Committee ::13 December, 1933::Report

TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS-IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Buan-Orduithe do Leasu.

1. Do chruinnigh an Coiste ar Nós-imeachta agus Príbhléidí ar 11.30 a.m., Dé Céadaoin, 13° Mí na Nodlag, i Seomra an Chathaoirligh, Tigh Laighean.


2. Do bhreithnigh an Coiste na Buan-Orduithe agus do chinneadar a mholadh go ndéanfaí na hatharuithe seo leanas ionta de dhruim an leasuithe dheineann an tAcht Bunreachta (Móid do Chur ar Ceal), 1933 ar an mBunreacht.


(a) Buan-Ordú 2 do scriosadh amach agus Buan-Ordú nua do chur ina ionad san mar leanas:—


2.—(1) Beidh Rolla de Bhaill de Sheanad Eireann ann, agus sighneoidh gach Seanadóir an Rolla san i láthair an Chléirigh roimh a shuidheachán do thógaint.


(2) Ar an Tuairise, ag taisbeáint tora toghacháin chinn trí mblian chun an tSeanaid, do bheith faighte go cuibhe ag an gCléireach ó Cheann Chóimhrimh an tSeanaid, cuirfidh an Cléireach in úil do sna Seanadóirí nua-thoghtha uile nách foláir dóibh bheith i láthair, chun forálacha míre (1) den Bhuan-Ordú so do chólíonadh, in áit a cheapfa sé agus ar lá (nó laetheanta) ainmneoidh sé.


(b) Mír (3) de Bhuan-Ordú 108 do scriosadh amach agus mír nua do chur ina hionad san mar leanas:—


(3) Cuirfidh an Cléireach in úil don tSeanadóir nuathoghtha nách foláir dó bheith i láthair, chun forálacha míre (1) de Bhuan-Ordú Uimh. 2 do chólíonadh, in áit a cheapfa sé agus ar lá ainmneoidh sé.


3. Molann an Coiste, freisin, an t-atharú so leanas do dhéanamh i mBuan-Ordú 93.


Mír (2) den Bhuan-Ordú do seriosadh amach agus an mhír seo leanas do chur ina hionad san:


Ní féadfar ach an leasú so leanas do thairisgint ar an gceist:—Na focail uile i ndiaidh an fhocail “Go” do scriosadh amach agus na focail “dtógtar Cúigiú Céim an Bhille ráithe ó iniu” nó dáta éigin eile do chur ina n-ionad san; ach i gcás Bille fuarthas ón Dáil ní bheidh an tréimhse a hainmneofar níos sia ná seacht mí dhéag ón dáta ar a bhfuair an Seanad an Bille ar dtúis.


(Sighnithe) T. WESTROPP BENNETT,


Cathaoirleach.


13° Mí na Nodlag, 1933.