Committee Reports::Report No. 04 - New Standing Order dealing with Joint Committees of members of the Dáil and the Seanad::03 March, 1925::Report

DÁIL EIREANN.

CEATHRU TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS-IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

FOURTH REPORT FROM THE COMMITTEE ON PROCEDURE AND PRIVILEGES.

1. Ag cruinniú a comóradh an 3adh Meitheamh, 1925, do bhreithnigh an Coiste ceist Bhuan-Ordú nua i dtaobh Có-Choistí de bhaill den Dáil agus den tSeanad.


2. Do socruíodh an Buan-Ordú so a leanas a mhola don Dáil, chun é chur isteach i ndiaidh Buan-Ordú 115b:—


“Có-Choistí.


“Nuair is áil aontú an tSeanaid d’fháil chun Có-Choiste den dá Thigh do chó-dhéanamh chun aon chúrsa do bhreithniú déanfar tairisgint go bhfuil sé oiriúnach, do réir tuairim na Dála, an Có-Choiste sin den Dáil agus den tSeanad do cheapa chun na críche atá i gceist. Inneosfar sa tairisgint sin an méid Teachtaí a ghníomhóidh ar an gCó-Choiste sin agus beidh inti cur-síos ar aon chomhachta speisialta atá beartuithe a thabhairt do. Nuair a ghlacfidh an Dáil le haon tairisgint den tsórt san, cuirfar teachtaireacht chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh, agus déarfar inti gur bhfearr é dar leis an Dáil dá ndéanfadh an Có-Choiste atá beartuithe a Chathaoirleach féin do cheapa agus a quorum féin do shocrú, agus iarrfar sa teachtaireacht aontú an tSeanaid. Nuair a chuirfidh an Seanad a n-aontú in úil, ainmneoidh an Dáil an méid Teachtaí is gá chun gníomhú ar an gCó-Choiste. Más Bille puiblí a bheidh os cóir an Choiste beidh an Teachta atá i bhfeighil an Bhille ar dhuine de sna Teachtaí a hainmneofar amhlaidh.”


3. Tá an Coiste ag leanúint dá mbreithniú ar chúrsaí eile atá ina dtéarmaí tagartha.


3adh Meitheamh, 1925.


PÁDRAIC O MÁILLE,


Leas-Cheann Comhairle.