Committee Reports::Report No. 05 - Amendment of Standing Orders::27 March, 1926::Report

DÁIL EIREANN.

Cúigiú Tuarasgabháil an Choiste um Nós-imeachta agus Príbhléidí.

Fifth Report of the Committee on Procedure and Privileges.

1. Ba léir ón taithí a bhí fachta as feidhmiú na mBuan-Orduithe atá ann anois gur ghá mórán de sna hOrduithe d’athscrúdú d’fhonn iad a chur ar aon dul leis an gcleachta a bhí tar éis fás, maidir le Céimeanna uile na mBillí go mór mór, agus dá bhrí sin, do baineadh feidhm as sos na Dála, ón 8adh Iúl go dtí an 3adh Mí na Samhna anuraidh, chun na hOrduithe do scrúdú.


2. Do dineadh, de bharr an scrúduithe sin, dreacht de Bhuan Orduithe leasuithe a bhí beartuithe agus a hullamhuíodh i gcomhairle leis an gCeann Comhairle do chur fé bhráid an Choiste um Nós-imeachta agus Príbhléidí ag an gcruinniú a bhí acu an 17adh Mí na Nodlag, 1925. Do chinn an Coiste gur cheart an dreacht do chur ar dtúis fé bhreithniú Códhála nea-fhuirmeálta ar a mbeadh an Ceann Comhairle, an Leas-Cheann Comhairle, Tomás Mac Eoin, Brian Cúipéir, Conchubhar O hOgáin, Liam Mac Sioghaird, Liam Mag Aonghusa, agus Séamus O Dóláin. Do bhí ocht gcruinnithe ag an gCódháil, agus do mholadar leasuithe le déanamh sa dreacht.


3. Do dhin an Coiste um Nós-imeachta agus Príbhléidí an dreacht, mar do leasuigh an Chódháil é, do bhreithniú tuille ag na cruinnithe a bhí acu an 25adh Feabhra agus an 27adh Bealtaine, agus do dineadh tuille leasuithe ar an dreacht.


4. Molann an Coiste go ndéanfaí na Buan-Orduithe leasuithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo do ghlaca mar Bhuan-Orduithe na Dála.


(Sighnithe)


MÍCHEÁL O hAODHA,


Cathaoirleach an Choiste.


27adh Bealtaine, 1926.