Committee Reports::Report No. 01 - Committee on Procedure and Privileges::14 February, 1924::Report

DÁIL ÉIREANN.

An Chéad Thuarasgabháil ón gCoiste ar Nós-Imeachta agus Príbhléidí.

(First Report of the Committee on Procedure and Privileges.)

1. Le Rún le n-ar ghlac an Dáil 5 Mí na Nodlag, 1923, do cuireadh na nithe seo leanas chun an Choiste:—


“Go gcuirtear chun an Choiste ar Nósimeachta agus Príbhléidí gach coist a bhaineann le hAchuingheacha do th’olaca i láthair Dháil Eireann chun tuairisciú don Dáil ina dtaobh.”


2. Do bhreithnigh an Coiste an Rún san i gcruinniú a comóradh 13 Mí na Nodlag, 1923, nuair a bhí na Teachtaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle, Pádraic O Máille, Seoirse Mac Niocaill, Seán O Conláin, Risteárd Mac Liam, Brian Cúipéir, Tomás Mac Eoin agus Peadar O hAodha.


3. Tá forálacha in Airtiogail 47 agus 48 den Bhunreacht i dtaobh tíolaca Achuingheacha áirithe. Sna Buan-Orduithe atá ag an dá Thigh i dtaobh Billí Príobháideacha tá forálacha i dtaobh tíolaca Achuingheacha i gcásanna áirithe.


4. Do bhreithnigh an Coiste cásanna eile ina bhféadfí Achuingheacha do thíolaca agus molaid gan glaca leis an nós san, Achuingheacha do thíolaca don Dáil ó Theachtaí no aon chólucht lasmuich.


5. Ag teacht ar an dtuairim sin dóibh do chuimhnigh an Coiste ar an saoirse cainte, ar an saoirse tionóil, ar an vóta don duine fásta, ar an Ionadaíocht Chothromúil, ar an Referendum agus ar an dTionscnamh a cuirtar in áirithe leis an mBunreacht. Do mheasadar gur féidir ar na slite sin gach tuairim atá ag saoránaigh do thabhairt os cóir na Dála agus dá bhrí sin nách gá aon Achuingheacha.


6. Maidir le nithe eile a cuireadh chun an Choiste leis an Rún do rith an Dáil 3 Deire Fomhair, 1923, agus le n-ar cuireadh an Coiste ar bun, tá dul-ar-aghaidh déanta ag an gCoiste ach táid ag leanúint d’iad do bhreithniú.


MÍCHEÁL O hAODHA,


Ceann Comhairle.


14adh Feabhra, 1924.