Committee Reports::Report - Temporary Accommodation for the Oireachtas::12 March, 1924::Report

DÁIL ÉIREANN.

TUARASGABHAIL AN CHO-CHOISTE AR ARUS SEALADACH DON OIREACHTAS.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE TEMPORARY ACCOMMODATION OF THE OIREACHTAS.

1. Is (1) le rún do rith Dáil Eireann 24 Eanair, 1924, agus (2) le rún do rith Seanad Eireann, 25 Eanair, 1924, do bunuíodh an Cho-Choiste a ceapadh chun cúrsaí Arus Sealadach don Oireachtas do bhreithniú. Sidiad mar leanas na Rúin sin fé seach:—


(1) Rún Dháil Eireann:—


“DE BHRI gur gá gan a thuille moille féachaint chun árus ceart do sholáthar don Oireachtas:


Ar an abhar san beartuítear agus táthar á bheartú leis seo:—


(1) Go gceaptar Coiste a bheidh co-dhéanta de chúigear ball, a ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta, chun fiosrú do dhéanamh agus tuairisc do thabhairt uatha i dtaobh an áruis shealadaigh a bheidh ag an Oireachtas go dtí go bhfaghfar buan-árus do.


(2) Go n-iarrtar ar Sheanad Eireann a cho-oiread ball den tSeanad do cheapa chun fónamh ar an gCoiste sin agus go gcuirtear Teachtaireacht dá réir sin go dtí Seanad Eireann.


(3) Go dtugaidh an Coiste tuairisc uatha fé cheann sé seachtmhaine ó dháta a gcéad chruinnuithe.”


(2) Rún Sheanad Eireann:—


“Go ngéillidh an Seanad don ní atá i dteachtaireacht Dháil Eireann: ‘(1) Go gceap tar Coiste a bheidh co-dhéanta de chúigear ball, a ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta, chun fiosrú do dhéanamh agus tuairisc do thabhairt uatha i dtaobh an áruis shealadaigh a bheidh ag an Oireachtas go dtí go bhfaghfar buan-árus do; (2) Go n-iarrtar ar Sheanad Eireann a cho-oiread ball den tSeanad do cheapa chun fónamh ar an gCoiste sin agus go gcuirtear Teachtaireacht dá réir sin go dtí Seanad Eireann; (3) Go dtugaidh an Coiste tuairisc uatha fé cheann sé seachtmhaine ó dháta a gcéad chruinnuithe;’ agus go n-iarrtar ar an gCoiste Roghnathóireachta ainmneacha cúigear ball den tSeanad do rogha, le leaga fé bhráid an tSeanaid.”


2. Ar thuairisciú do sna Coistí Roghnathóireachta sa dá Thigh do réir na nithe a cuireadh ortha fé seach agus atá sna Rúin sin, do ceapadh iad so leanas le hOrduithe ón Dáil agus ón Seanad fé seach chun gníomhú ar an gCó-Choiste:—


An Tiarna Lannaibhidh, Aindrias Mac Séamais, Seán O Fearghaill, Siobhán Bean an Phaoraigh agus Mícheál O Deagha; agus


Peadar O hAodha, Liam Mag Aonghusa, Brian Cúipéir, Tomás de Nógla, agus Donncha O Guaire.


3. Tháinig an Có-Choiste le chéile cúig uaire ó bunuíodh é. Do scrúduigh sé an tslí atá le fáil i dTigh Laighean agus san Ospidéal Ríoga i gCill Mhaighneann. Do bhreithnigh sé na hargóintí i bhfabhar agus i gcoinnibh roinnt ionad eile sa chathair do ghlaca. Chuaidh sé i gcomhairle fé dhó le buíon toscairí o Chumann Ríoga Bhaile Atha Cliath. Bhí lucht an Chó-Choiste ar aon intinn sna comhairlí ar a dtánadar.


4. Sidiad mar leanas na comhairlí ar a dtáinig an Có-Choiste:—


(i.) Gurb iad amháin atá oiriúnach mar ionaid, agus ina bhfuil an minimum riachtanach do shlí istigh, agus atá ar fáil fé láthair no is féidir a chur ar fáil chun a sealbhuithe laistigh d’aimsir réasúnta agus gan costas as cuimse ná: Tigh Laighean, an tOspidéal Ríoga i gCill Mhaighneann, agus na príomh-fhoirgintí agus na foirgintí eile atá i gcearnóg Chlós Uachtarach Chaisleán Bhaile Atha Cliath. Bheadh slí níos fairsinge agus níos caothúla san Ospidéal Ríoga agus i gCaisleán Bhaile Atha Chliath ná mar a bheadh i dTigh Laighean. Ach mar gheall ar a dheacracht do lucht ghótha agus do lucht gairme na Cathrach dul amach chun an Ospidéil Ríoga ní fhéadfadh an Co-Choiste a mhola go ndéanfí rogha den ionad san. Rud eile is deimhin leis an gCó-Choiste, sara mbeadh sé réasúnta oiriúnach chun a shealbhuithe, nár mhór £70,000 ar a luíod do chaitheamh leis an obair a bhainfadh le dul isteach ann agus le hatharuithe tigh-chreatlaigh, agus níor bh’fhéidir na hatharuithe sin do dhéanamh laistigh de thréimhse ba lú ná bliain agus is dócha nár mhór bliain go leith chuige. Faid a beifí ag feitheamh mar sin do caithfí fanúint i dTigh Laighean agus dul fé n-a thuille costais nár bheag le rá chun an áit a dhéanamh oiriúnach do riachtanaisí an Oireachtais a bheadh ag dul i méid i gcaitheamh na tréimhse sin. Ní raibh os a chomhair ag an gCó-Choiste an t-abhar as a bhféadfí a mheas cadí an tréimhse a chaithfidh imeacht sara mbeidh an buan-árus soláthruithe, ach ní gnó praiticiúil, dar leis an gCoiste, suim chó mór le £70,000 do chaitheamh agus moill chó fada do dhéanamh chun árus ná beadh ach sealadach do sholáthar, go mór mór o thárla go bhfuil an tOspidéal suidhte chó neachaothúil sin.


(ii.) Ar an dtaobh eile den scéal áfach tá suidheamh an Chaisleáin go han-oiriúnach agus maran láithreach bonn, is go luath, d’fhéadfí dul isteach ann, agus ní bheadh an caitheamh rómhór. Ach níor bhfoláir don Chó-Choiste cuimhneamh go bhfuil sé ceaptha do sna Cúirteanna Breithiúntais cheana féin agus gur cuireadh iad isteach ann tar éis airgead do chaitheamh le hatharuithe agus le feistiú ba ghá agus, maran féidir áit oiriúnach eile atá ar fáil do sholáthar dóibh, ní féidir don Chó-Choiste a mhola go ndéanfí rogha den Chaisleán.


(iii.) De bharr an dá áit sin do dhúna amach, níl fágtha ach Tigh Laighean. Is ró-léir don Chó-Choiste a nea-mbúntáistí agus a nea-dhóthanaí atá sé fiú amháin mar árus sealadach ach is dó leo gur féidir luíodú maith a dhéanamh ar na nithe sin má tógtar na coda den bhfoirgint atá ar seilbh fós ag Cumann Ríoga Bhaile Atha Cliath, lasmuich de sna coda san a bhaineann leis an Saotharlann Radium. Ar na coda a tógfí amhlaidh bheadh dhá sheomra fhairsinge órnáidithe ar an gcéad úrlár agus dhá sheomra chó-réire ar an dara húrlár, seomraí ina mbeadh slí go leor i gcóir suidheanna an tSeanaid, ’na bhfuil slí chó cumhang acu fé láthair, agus i gcóir na gCoistí a dheighleálann le Billí Príobháideacha. Mar fhreagra ar iarratas ón gCó-Choiste tháinig buíon láidir toscairí o Chumann Ríoga Bhaile Atha Cliath go dtí ceann de sna cruinnithe, agus ba dheas uatha é, agus do chuireadar in úil go dian gurb é a dtuairim, tar éis triail na bliana atá caithte, gur chuaidh sé go mór chun dochair agus chun ceataí don Chumann an tOireachtas do bheith i seilbh agus dá leantí den tseilbh sin agus dá leathanuítí í gur mhór an chontabhairt do shéan an Chumainn é mara gcuireadh sé deire leis an gCumann. D’aontuigh an Co-Choiste go hiomlán leo nuair adubhradar gur éirigh roinnt céadta ball as an gCumann de bharr an ní sin ach is dó leo gurb iad riachtanaisí an tSaorstáit is mó le rá agus is ceart a bheith ar tosach, go mór mór ós deimhin leo gur féidir an cheataí agus an chailliúint airgid a bhain don Chumann cheana agus a bhainfidh dóibh fós do luíodú go mór tré árus sealadach do sholáthar dóibh in áit éigin eile agus cúiteamh airgid a thabhairt dóibh. Na hoibreacha móra gnótha agus ceárdais atá ar siúl acu, le hoiread creidiúna dhóibh féin agus le hoiread sochair don tír, is ag Droichead na Dothra bhíd sin, san áit ina mbíd na Taisbeántaisí acu, ach is chun aoibhnis chuideachtanais do sna baill agus chun taisbeántaisí eolaíochta agus ceoil is mó a húsáidtí Tigh Laighean. Tháinig na Toscairí go dtí cruinniú eile den Chó-Choiste agus i dtéanta luighe ar na hagóidí a bhí curtha in úil cheana acu do shíneadar isteach ráiteas ar a gcúis agus, ar a iarraidh sin dóibh, do chuir an Chó-Choiste an ráiteas san le n-a dtuarasgabháil mar fho-scríbhinn. Sé tuairim an Chó-Choiste gur chóir gurb é gnó an Rialtais slí go leor do sholáthar i bhfoirgint éigin oiriúnach in aice le Tigh Laighean mar sheomraí léitheoireachta agus mar leabharlann iasachtach thiomchuir do bhaill Chumann Ríoga Bhaile Atha Cliath amháin no neachtar acu oiread airgid do sholáthar dóibh agus is gá chun a chur ar a gcumas árus sealadach mar sin do sholáthar dóibh féin. Níor dhearmhad an Có-Choiste go dtiocfidh as nách mór iomlán Tighe Laighean a bheith tógtha suas ag an Oireachtas, fiú amháin go ceann tamaill, go gcaithfar tuille airgid a chaitheamh agus tuille maith mór, leis, i dteanta cúitimh do Chumann Ríoga Bhaile Atha Cliath, ach bíodh go mbeadh an costas iomlán geairid don mhéid a bhainfadh leis an Ospidéal Ríoga do chur in oiriúint bheadh an méid seo le rá fós i bhfabhar do rogha dhéanamh de Thigh Laighean, sé sin, nár ghá don Oireachtas aistriú as an áit ina bhfuil sé, agus bíodh go mbeadh an scéal cothrom eatorra maidir le nithe eile, tá Tigh Laighean i gceartlár na cathrach agus tugann san búntáiste dho ar an áit eile. Rud eile: tá na Teachtaí agus na Seanadóirí tagtha ina thaithí agus le corp taithí tá sé gan bheith ró-dheacair dóibh cur suas le pé nea-chaothúlacht a bhaineann leis. Dá bhrí sin molann an Có-Choiste iomlán Tighe Laighean d’fháil agus do chimeád, ach amháin na coda atá luaidhte cheana, bíodh go bhfuil a fhios acu nách réiteach thar barr ar an bhfaidhb san ach réiteach atá do-sheachanta agus an scéal mar atá sé. San am gcéanna tá súil ag an gCó-Choiste, ar mhaithe leis an gCumann go scarfar le seilbh Tighe Laighean chó luath agus is féidir é gan dochar do riachtanaisí an Oireachtais.


(iv.) Mar bhuille scuir, ba mhaith leis an gCó-Choiste luighe ar an méid seo: o bhí ortha claoi go dian leis na téarmaí scóipe, le cúrsaí áruis shealadaigh amháin, níl aon bhaint ag na nithe atá ráite acu i dtaobh na n-ionad ndefriúil le cúrsaí buan-árus do sholáthar agus ní ceart leigint do sna nithe sin éinne do chlaona chun aon taoibh sna cúrsaí sin.


5. Tuairiscíonn an Chó-Choiste dá réir sin.


(Sighnithe),


GLENAVY, Cathaoirleach.


LIAM MAG AONGHUSA.


PEADAR O hAODHA.


TOMÁS DE NÓGLA.


BRYAN COOPER.


DONNCHA O GUAIRE.


JOHN T. O’FARRELL.


ANDREW JAMESON.


MICHAEL O’DEA.


SIOBHÁN BEAN AN PHAORAIGH.


12adh Márta, 1924.