Committee Reports::Report - Dairy Produce Bill, 1924::07 July, 1924::Report

DÁIL EIREANN.

TUARASGABHÁIL ÓN gCOISTE SPEISIALTA AR AN mBILLE TORA DEIRIOCHTA, 1924.

REPORT OF THE SPECIAL COMMITTEE ON THE DAIRY PRODUCE BILL, 1924.

1. Do cuireadh an Coiste ar bun agus do cuireadh an Bille atá i gceist chuige le hOrdú ón Dáil dar dháta 20 Meitheamh 1924, agus do dineadh ann cúigear a cheapa mar quorum don Choiste. Le hOrdú breise, dar dháta 25 Meitheamh, 1924, do horduíodh don Choiste tuairisciú ar dháta nách déanaí ná an 9 Iúl. Do hainmníodh san am gcéanna na Teachtaí seo a leanas chun fónamh ar an gCoiste:— An tAire Tailte agus Talmhaíochta, S. O Súilleabháin, Risteárd Béimis, L. Daltún, Tomás Mac Eoin, Pádraig Mac Aodhgáin, Pádraig O hOgáin (Luimneach), Pádraig O hOgáin (An Clár), Seán Mac Giolla ’n Ríogh, Séamus Mac Cosgair, Pádraig O Dubhthaigh, Mícheál O hIfearnáin, Pádraig Baxter, Criostóir O Broin agus Tadhg O Donnabháin.


2. Tá an Coiste tar éis an Bille do bhreithniú agus leasuithe do dhéanamh ann. Teasbáintear na leasuithe seo agus Imeachta an Choiste sa bhFó-scríbhinn don Tuarasgabháil seo.


3. Leagtar ina theanta so ar Bhord na Dála cóip den Bhille, mar do leasuigh an Coiste Speisialta é.


(Sighnithe),


J. M. O’SULLIVAN,


Cathaoirleach an Choiste.


9 Iúl, 1924.