Committee Reports::Report - Dáil and Seanad on certain Amendments, made by the Seanad to the Intoxicating Liquor (General) Bill, 1924, and disagreed to by the Dáil::19 December, 1923::Report

DÁIL ÉIREANN.

TUARASGABHAIL ON gCODHAIL DE BHAILL, IONADAITHE DON DAIL AGUS DON tSEANAD, AR LEASUITHE AIRITHE A DHIN AN SEANAD AR AN mBILLE DEOCHA MEISCIULA (GENERALTA), 1924, AGUS NAR AONTUIGH AN DAIL LEO.

REPORT OF THE CONFERENCE OF MEMBERS REPRESENTING THE DÁIL AND THE SEANAD ON CERTAIN AMENDMENTS, MADE BY THE SEANAD TO THE INTOXICATING LIQUOR (GENERAL) BILL, 1924, AND DISAGREED TO BY THE DÁIL.

1.—Do cuireadh an Chódháil ar bun le rún do rith an Dáil an 19adh Mí na Nodlag agus le n-ar aontuigh an Seanad ar an dáta céanna.


2. Do hainmníodh na Teachtaí seo a leanas chun an Dáil d’ionadú sa Chódháil:—


Pádraig Baxter, Seán O Dálaigh, Pádraig Mac Aodhagáin, Tomás Mac Eoin agus Seán O Laidhin;


agus na Seanadóirí seo a leanas chun an Seanad d’ionadú:—


Eibhlín Disirt, Conntaois, Tomás Béinéid, Tomás O Fearáin, Enrí Mag Aonghusa agus Muiris O Mórdha, Coirnéal.


3. Tháinig an Chódháil le chéile ar 2.30 p.m. iniu i Seomra Coiste na Dála Uimh. 2.


4. Bhí na baill seo a leanas i láthair:—


Seán O Dálaigh, Pádraig Mac Aodhagáin, Tomás Mac Eoin agus Seán O Laidhin, Teachtaí; Eibhlín Disirt, Conntaois, Tomás Béinéid, Tomás O Fearáin, Enrí Mag Aonghusa agus Muiris O Mórdha, Coirnéal, Seanadóirí.


Do cuireadh Tomás Mac Eoin do dhul i gCeannas.


5. Do chinn an Chódháil ar a mhola—


(1) Go n-aontóch an Dáil le Leasuithe 1 agus 2 nár aontuíodar leo roimhe sin, ach go seasóch siad ar a neamh-aontú le Leasú 9.


(2) Ná seasóch an Seanad ar Leasú 9.


6. Tuairiscíonn an Chódháil dá réir sin.


(Sighnithe) THOMAS JOHNSON,


Cathaoirleach na Códhála.


19adh Mí na Nodlag, 1924.