Committee Reports::Report - Consolidation Bills on the Fisheries (Consolidation) Bill, 1952::28 July, 1953::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

31ú Deireadh Fómhair, 1951:—


Ordaithe: Go ndéanfar, de bhun Buan-Orduithe 109 de na Buan-Orduithe a bhaineas le Gnó Poiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le comhcheangal le Rogha-Choiste ón Seanad chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh; agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste.


7ú Samhain, 1951:—Teachtaireacht ón Seanad: Tá Seanad Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


“Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú 91 F de na Buan-Orduithe a bhaineas le Gnó Poiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le comhcheangal le Rogha-Choiste ón Dáil chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh; agus gurb é an Coiste Roghnaitheoireachta a ainmneos comhaltaí an Choiste.”


15ú Samhain, 1951:—Comhaltaí a hainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite: Na Teachtaí Seán Ó Flannagáin, Pádraig Ruitléis agus Gearóid Suatman.


14ú Samhain, 1952:—Ceapadh an Teachta Seán Ó Loingsigh, Rúnaí Parlaiminte an Rialtais, in ionad an Teachta Pádraig Ruitléis, d’éag.


26ú Feabhra, 1953:—Teachtaireacht ón Seanad: Tá Seanad Éireann tar éis an rún seo a leanas a rith agus is mian leo Dáil Éireann do chomhaontú leis:—


“Go bhfuil sé oiriúnach an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1952, a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.”


Beartaithe: Go n-aontaíonn an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in iúl don Dáil an 25ú lá d’Fheabhra, 1953, go bhfuil sé oiriúnach an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1952, a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite [Rúnaí Parlaiminte an Aire Talmhaíochta].


Ordaithe: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


11ú Márta, 1953:—Ordaithe: Go gcuirfear an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1952, faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.


Ordaithe: Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná an 19ú Márta, 1953 [Rúnaí Parlaiminte an Aire Talmhaíochta].


Ordaithe: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

7ú Samhain, 1951:—Ordaithe: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú 91 F de na Buan-Orduithe a bhaineas le Gnó Poiblí, Rogha-Choiste a cheapadh a bheas le chomhcheangal le Rogha-Choiste ón Dáil chun an Buan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite a chomhdhéanamh agus go ndéanfar ainmniú comhaltaí an Rogha-Choiste a chur faoi bhráid an Choiste Roghnaitheoireachta.


21ú Samhain, 1951:—Seanadóirí a hainmníodh chun fónamh ar an mBuan-Chomh-Choiste: Na Seanadóirí Noel Ó hAirtnéada, Séamas Mac Raith agus Mícheál Yeats.


25ú Feabra, 1953:—Beartaithe: Go bhfuil sé oiriúnach an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1952, a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite [An Seanadóir O hEichthigheirn].


Ordaithe: Teachtaireacht a chur chun na Dála á chur sin in iúl di.


11ú Márta, 1953.—Léadh Ordú an lae chun an Teachtaireacht seo a leanas ón Dáil a bhreithniú:—


Tá Dáil Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith:—


“Go n-aontaíonn an Dáil leis an Seanad ina Rún a cuireadh in iúl don Dáil an 25ú lá d’Fheabhra, 1953, go bhfuil sé oiriúnach an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1952, a chur faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.


Ordaithe: Go gcuirfear an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1952, faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdhlúite.


Ordaithe: Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná an 19ú Márta, 1953.


Ordaithe: Teachtaireacht a chur chun na Dála á chur sin in iúl di.


12ú Márta, 1953:—Fuarthas an Teachtaireacht seo a leanas ón Dáil:—


An Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1952.


Rinne Dáil Éireann an t-ordú seo a leanas:—


“Go gcuirfear an Bille Iascaigh (Comhdhlúthú), 1952, faoi bhráid an Bhuan-Chomh-Choiste um Billí Comhdlúite.


Go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste ar dháta nach luaithe ná 19ú Márta, 1953.”