Committee Reports::Interim Report - Article 21 and 23 of the Constitution on suggested appointments and remuneration of Officers of the Seanad::09 January, 1923::Report

SEANAD EIREANN.

Tuarasgabháil ón gCoiste ar Artiogail 21 agus 23 den Bhun-Reacht agus ar an socrú chun Oifigigh an tSeanaid do cheapa agus do dhíol.

(Interim Report of Committee on Articles 21 and 23 of the Constitution and suggested appointment and remuneration of officers of the Seanad.)

Do ceapadh an Coiste seo do réir na rún so leanas do cuireadh i bhfeidhm ag an Seanad ar an 13adh Mí na Nodlag, 1922:—


(a) Go gceapfar Coiste de Sheanad Eireann chun beartuithe do réir Airtiogal 21 agus 23 den Bhun-Reacht agus chun tuarasgabháil do dhéanamh ar an socrú a mholfaid chun Oifigigh an tSeanaid do cheapa, agus do dhíol, etc.


(b) Go mbeidh ar an gCoiste seo:—Sir T. Grattan Esmonde, A. Jameson, Sir John Griffith, J. J. Parkinson, O. St. J. Gogarty, T. Farren, T. Westropp Bennett, Siobhán Bean an Phaoraigh, M. O’Dea, Muiris O Mórtha, Eamonn Mac Giollaiasachta.


Do réir na rún so do tháinig an Coiste le chéile ar an 13adh Mí na Nodlag, agus do shocruíodar ar na molta so leanas do dhéanamh:—


(a) Gur mar a chéile an díoluíocht a bheidh ag dul don Chathaoirleach, don Leas-Chathaoirleach agus do Bhaill Sheanad Eireann agus an díoluíocht a socróidh an Dáil do Cheann Comhairle, do Leas-Cheann Comhairle agus do Theachtaí na Dála.


(b) Go ndéanfar deimhnithe no ticéidí saosúir den chéad chéim go dtí agus ó thighthe na Seanadóirí do sholáthar.


An Coiste a dhin na molta so, chuadar i gcomhairle leis an Uachtarán MacCosgair, Aire Airgid, a bhí chó lách san agus bheith i láthair ag Cruinniú an Choiste.


(Sighnithe)

OLIVER ST. J. GOGARTY.

 

J. J. PARKINSON.

 

JOHN P. GRIFFITH.

 

MAURICE MOORE.

 

ANDREW JAMESON.

 

SIOBHÁN BEAN AN PHAORAIGH.

 

MICHEAL O’DEA.

Ar an 14adh Mí na Nodlag do chuir rún an tSeanaid ainmneacha Lord Glenavy agus James G. Douglas le liosta ball an Choiste, agus do comóradh cruinnithe den Choiste méaduithe sin ar an 14adh Mí na Nodlag, an 29adh Mí na Nodlag, 1922, an 4adh Eanair, an 5adh Eanair, agus an 9adh Eanair, 1923.


Do socruíodh na molta so leanas do chur go dtí an Seanad:—


(a) Go gceapfar Cléireach, Fo-Chléireach, agus Dara Fo-Chléireach, An Dara Fo-Chléireach do bheith leis mar Rúnaí don Chathaoirleach, agus gurb é an díoluíocht tosnuithe a bheidh ag dul do sna hoifigigh seo ná:—


 

Cléireach

...

£1,000 sa mbliain.

 

Fo-Chléireach

...

700 sa mbliain.

 

Dara Fo-Chléireach

500 sa mbliain.

(b) Go gceapar an Maor-Thaoiseach Daltún mar Chléireach, go gceapfar Domhnall T. O Súilleabháin mar Fho-Chléireach, agus Diarmuid O Cobhthaigh mar Dara Fo-Chléireach agus mar Rúnaí don Chathaoirleach.


(c) Go bhfágfar fén gCathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach ceapa agus téarmaí oifige aon mhion-oifigeach go mbeidh gá leo, agus gur i gcóir bliana amháin a déanfar na hoifigigh uile atá ainmnithe do chéad-cheapa.


(d) Go ndéanfar socrú leis an nDáil i dtaobh tuairisceoireacht imeachta an tSeanaid, agus go mbeidh Co-Eagarthóir ar Thuarasgabhála Oifigiúla an Dá Thigh. Beidh ar an Eagarthóir agus an Fhuirinn, i dtaobh nithe a bhainfidh le tuairisceoireacht imeachta an tSeanaid, oibriú fé smacht Cléireach an tSeanaid.


NÓTA.—Do shighníodar na Seanadóirí Maurice Moore agus Thomas Farren gan dochar dá n-easaontas leis an mola i dtaobh na Cléireachta.


(Sighnithe)

GLENAVY.

 

JAMES G. DOUGLAS.

 

OLIVER ST. J. GOGARTY.

 

MICHEAL O’DEA.

 

ANDREW JAMESON.

 

JOHN P. GRIFFITH.

 

SIOBHÁN BEAN AN PHAORAIGH.

 

MAURICE MOORE.

 

J. J. PARKINSON.

 

THOS. FARREN.

9th January, 1923.