Committee Reports::Report No. 02 - Private Bill Procedure::24 November, 1923::Appendix

DÁIL EIREANN

An Dara Tuarasgabhail on Cho-Choiste ar Nos-Imeachta Billi Priorbhaideacha

(Second Report of Joint Committee on Private Bill Procedures. )


1. Fuair an Seanad an 14adh lá de Shamhain, 1923, agus an Dáil an 21adh lá de Shamhain, 1923, tuarasga bháil an Chó-Choiste ar Nós-Imeachta Billí Príobháideacha dar dáta an 30adh lá de Dheire Fomhair, 1923.


2. Le hOrduithe a dhin an Seanad an 14adh lá de Shamhain, 1923, agus an Dáil an 21adh lá de Shamhain, 1923, cuireadh an Tuarasgabháil thar n-ais chun an Chó-Choiste chun ath-bhreithniú do dhéanamh uirthi.


3. Bhí cruinniú ag an gCó-Choiste Dé Céadaoin, an 21adh lá de Shamhain, 1923, chun breithniú do dhéanamh ar na Leasuithe ar dhreacht na mBuan-Orduithe, a mhol baill an dá Thigh.


4. Do dhin an Có-Choiste breithniú ar na leasuithe ar Dhreacht na mBuan-Orduithe a cuireadh fé n-a mbráid; ghalcadar le cuid aca agus dhiúltuíodar don chuid eile.


5. Molann an Có-Choiste go nglacfaidh an Dáil agus an Seanad leis na Buan-Orduithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo, fé mar atáid leasuithe.


6. Molann an Có-Choiste, más rud é go nglacfaidh an dá Thigh leis na Buan-Orduithe, go gcuirfear, i gcóir an tSiosóin seo, Mí na Nodlag agus Eanair in áit Dheir Fomhair agus Samhain i mBuan-Ordú a 8, agus go gcuirfear siar, dá rúir sin, na dátaí leagtha amach sna Buan-Orduithe chun fógraí d’fhoillsiú agus do sheirbheáil, agus chun pleananna, cóipeanna de Bhillí, etc., do lóisteáil.


(Sighnithe),


(Signed),


Glenavy


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


24adh Samhain,1923.

24th November, 1923.