Committee Reports::Report - Salaries and Allowances::19 November, 1922::Report

DÁIL EIREANN

(Páirlimint shealadach).


Tuarasgabháil ón gCoiste ar Thuarastail agus Liúntaisí.

(Report of Committee on Salaries and Allowances).

Do ceapadh an Coiste seo ag an nDáil ar an 13 adh Meadhon Foghmhair, 1922, chun machtnamh do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt uatha ar na tuarastail agus na díoluíochtaí do bheadh oiriúnach do sna hoifigí atá ag sna hAirí, an Ceann Comhairle, an Leas-Cheann Comhairle agus na Teachtaí de Dháil Eireann. Do toghadh na baill seo leanas ar an gCoiste seo:—


Mícheál O Dubhghaill, Cathal O Seanáin, Tomás O Conaill, Séamus O Dóláin, Seoirse Mac Niocaill, Mícheál de Stáineas, Seosamh O Faoileacháin, Domhnall Mac Cárthaigh, Criostóir O Broin, agus Liam de Róiste.


Do réir an rúin seo do tháinig an Coiste le chéile cheithre uaire, Cathal O Seanáin i gceannus, agus do bheartuighdar an Liost de Thuarastail agus de Liúntaisí a ghabhann leis seo do mhola don Dáil.


(Sighnithe)

CATHAL O SEANÁIN.

 

MÍCHEÁL O DUBHGHAILL.

 

TOMÁS O CONAILL.

 

SÉAMUS O DÓLÁIN.

 

SEOIRSE MAC NIOCAILL.

 

MÍCHEÁL DE STÁINEAS.

 

DOMHNALL MAC CÁRTHAIGH

 

CRIOSTÓIR O BROIN.

 

LIAM DE RÓISTE.

 

SEOSAMH O FAOILEACHAIN.

19 adh Meadhon Foghmhair, 1922.


TUARASTAIL AGUS LIÚNTAISÍ.


1.—UACHTARÁN NA hAIREACHTA.


Go ndíolfar tuarastal de £2,500 per annum le Uachtarán na hAireachta.


2.—AIRÍ SEACHAS AN t-UACHTARÁN.


Go ndíolfar tuarastal de £1,700 per annum le gach Aire seachas an t-Uachtarán.


3.—AN CEANN COMHAIRLE.


Go ndíolfar tuarastal de £1,700 per annum leis an gCeann Comhairle.


4.—AN LEAS-CHEANN COMHAIRLE.


Go ndíolfar tuarastal de £1,000 per annum leis an Leas-Cheann Comhairle.


5.—LIUNTAS DO THEACHTAÍ.


Go lomhálfar £30 sa mí chun costaisí do Theachtaí seachas Airí agus oifigigh den Dáil.


6.—TAISTEAL.


Go bhfaghaidh gach Teachta cóir thaistil sa chéad rang in aisge idir Bhaile Atha Cliath agus a Dháil-cheanntar. Go bhfaghfar an chóir thaistil sin ón Aireacht Airgid le plean pasanna.


7.—Go ndéanfaidh an Aireacht Airgid aith-dhíol le gach Teachta as na costaisí taistil do chuir sé suas roimh na pasanna atá luaidhte i (6) do theacht amach ach cúntas cruinn d’fháil ar na costaisí sin.


OIFIGIGH NA DÁLA.


8.—Go ndíolfar tuarastal de £1,200 per annum le Cléireach na Dála.


9.—Go ndíolfar tuarastal de £850 per annum le Fo-Chléireach na Dála.


10.—Go ndíolfar tuarastal de £500 per annum le Captaen an Ghárda.


DATA DÍOLUÍOCHTA.


11.—Go ndéanfar gach díoluíocht chun costaisí Teachtaí ón 1 adh Iúl, 1922, ar choiníoll ná díolfar aon liúntas le haon Teachta no go mbeidh Rolla na Dála sighnithe agus a shuidheachán tógtha aige.


12.—Go mbeidh tuarastal gach Aire indíolta ón 16 adh Eanair, 1922.


13.—Go mbeidh tuarastail an Uachtaráin agus Airí na Dála ar an ráta céanna le Airí an Rialtais Shealadaigh agus go mbeid indíolta ón 16 adh Eanair, 1922.


14.—Go mbeidh tuarastail an Chinn Chomhairle agus an Leas-Chinn Chomhairle indíolta ó dháta a dtoghtha chun a n-oifigí fé seach.