Committee Reports::Report of the Committee on Standing Orders (Dáil Éireann)::14 October, 1922::Report

DÁIL EIREANN

(Páirlimint Shealadach.)


Tuarasgabháil ón gCoiste ar Bhuan-Orduithe.

(Report of Committee on Standing Orders.)

Do ceapadh an Coiste seo do réir an rúin seo leanas do cuireadh i bhfeidhm ag an nDáil ar an 11adh Meadhon Foghmhair, 1922:—


(a) “Go gceapfar Teachtaí P. O hAodha, P. Béaslaí, L. de Róiste, S. O Faoileacháin, U. Mac Cumhaill, L. O Briain, R. Mac Fheorais, agus S. O Ruanaidh agus go bhfuilid anso ceaptha mar Choiste den Dáil chun Buan-Orduithe d’ollmhú a stiúróidh obair na Dála agus go mbeidh tuarasgabháil uatha ag an nDáil fé cheann trí lá.


(b) Go mbeidh Ceann Comhairle na Dála mar Cheann Comhairle ar an gCoiste.”


Do réir an rúin seo do tháinig an Coiste le chéile cheithre uaire agus do shocruighdar d’aon ghuth na Buan-Orduithe a ghabhann leis seo do mhola don Dáil.


(Sighnithe),

 

 

MÍCHEÁL O hAODHA,

 

PEADAR O hAODHA,

 

PIARAS BÉASLAÍ,

 

LIAM DE RÓISTE,

 

SEOSAMH O FAOILEACHÁIN,

 

LIAM O BRIAIN,

 

RISTEARD MAC FHEORAIS

 

SEÁN O RUANAIDH.

 

UAITÉIR MAC CUMHAILL.

14adh Meadhon Foghmhair, 1922.