Committee Reports::Interim Report - EMU Changeover Procedures::01 May, 1999::Appendix

AN COMHCHOISTE UM GHNÓTHAÍ EORPACHA

JOINT COMMITTEE ON EUROPEAN AFFAIRS

Imeachtaí An Chomhchoiste

Proceedings of the Joint Committee

Dé Céadaoin, 12 Bealtaine, 1999

Wednesday, 12th May, 1999

1.Chruinnigh an Coiste ar 2.14 p.m.


2.Comhaltaí i láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Seán Ó Bairéad, Pádraig Ó Carú; Micheál Ó Coileáin, Brian Mac Dhurcáin (i gCeannas), Antóin Ó Greagóir agus na Seanadóirí Donncha Ó Criagáin (in ionad an tSeanadóra Domhnall S. Ó Loideáin) agus Muiris Ó Mainnín.


3.Tuarascáil EATRAMHACH ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.


Chuir an Cathaoirleach tuarascáil eatramhach ar an “Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta” faoi bhráid an Choiste a léadh agus a aontaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4.Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 2.43 p.m. go dtí Dé Céadaoin, 26 Bealtaine, 1999.