Committee Reports::Report - Joint Committee on Enterprise and Small Business, year ending 19 November 1998::19 November, 1998::Appendix

1.“Go ndéanfar Orduithe Tagartha na gCoistí atá liostaithe sa Tábla a ghabhann leis an tairiscint seo a leasú tríd an bhfomhír nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2)(a)(iii):


‘(iv)cibé Tuarascálacha Bliantúla nó Tuarascálacha Bliantúla agus Cuntais Bhliantúla, is gá de réir dlí agus a leagtar faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais nó ceachtar acu, ar tuarascálacha nó cuntais iad de chuid comhlachtaí atá faoi choimirce na Roinne nó na Ranna a shonraítear i mír 2(a)(i), agus torthaí oibríochta iomlána, ráitis straitéise agus pleananna corparáideacha na gcomhlachtaí sin, de réir mar a roghnóidh sé.


Ar choinníoll nach ndéanfaidh an Comhchoiste, tráth ar bith, breithniú ar aon ní a bhaineann le comhlacht den sórt sin agus atá, nó a bhí, faoi bhreithniú ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí, nó a bheartaíonn an Coiste sin, an tráth sin, breithniú a dhéanamh air, de bhun Orduithe Tagartha an Choiste sin agus/nó Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993.


Ar choinníoll thairis sin go staonfaidh an Comhchoiste ó aon ní den sórt sin a fhiosrú i suí poiblí, nó aon fhaisnéis rúnda maidir le haon ní den sórt sin a fhoilsiú, má iarrann an comhlacht nó an tAire atá i bhfeighil na Roinne sin air déanamh amhlaidh; agus’


An Tábla


An Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha


An Comhchoiste um Oidhreacht agus an Ghaeilge


An Comhchoiste um Dhlí agus Ceart, Comhionannas agus Cearta na mBan


An Comhchoiste um Ghnóthaí Teaghlaigh, Pobail agus Sóisialacha


An Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus an Mhuir


An Comhchoiste um Chomhshaol agus Rialtas Aitiúil


An Comhchoiste um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí


An Comhchoiste um Fhiontair Phoiblí agus Iompar


An Comhchoiste um Shláinte agus Leanaí


An Comhchoiste um Oideachas agus Eolaíocht


An Comhchoiste um Fhiontraíocht agus Mionghnóthaí


An Comhchoiste um Thurasóireacht, Spórt agus Áineas


— Séamus Ó Braonáin, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.