Committee Reports::Report - Annual Report 1996 of the Joint Committee on Women's Rights::01 February, 1997::Report

ORDERS OF REFERENCE

DÁIL ÉIREANN

7 April, 1993:- Ordered

(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 11 Chomhalta de Dháil Éireann a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste um Chearta na mBan chun gur fusa do Thithe an Oireachtais agus d’ionadaithe ó eagraíochtaí ar cás leo staid na mban i saol na hÉireann dul i gcomhairle lena chéile.

(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste-

(a)bearta reachtacha, ar dhifear ábhartha iad do leas na mban, a scrúdú nó a mholadh;

(b)slite a mheas trínar féidir deireadh a chur le haon réimsí ina bhfuil idir-dhealú in aghaidh na mban agus trínar féidir na constaicí a ghabhann le lánpháirtíocht na mban i saol polaitiúil, sóisialach agus eacnamaíoch an phobail a chur as an mbealach;

(c)míbhuntáistí sonracha eacnamaíocha agus sóisialacha a mheas i gcás mná sa bhaile agus, ag féachaint don chion ar leith atá le déanamh ag mná ar mhaithe leis an bpobal, athruithe éifeachtacha polasaí agus riaracháin a mholadh chun deireadh a chur leis na míbhuntáistí sin agus tuairisc ar an gcéanna a thabhairt do Thithe an Oireachtais.

(3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid agus, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe.

(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin.

(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.

(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste miontuairiscí na fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.

(7) Gur ceithre chomhalta den Chomhchoiste is córam dó, agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Sheanad Éireann.

(8) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach, agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.

Extensions to the Orders of Reference contained in Dáil Order Paper. (1 March 1995)

“Go leasófar Orduithe Tagartha an Chomhchoiste um Chearta na mBan trí na míreanna seo a leanas a chur i ndiaidh mhír (8):-

‘(9)Go mbeidh an chumhacht ag an gComhchoiste tograí a phlé agus a dhréachtú le haghaidh athruithe reachtaíochta agus le haghaidh reachtaíochta nua lena moladh d’Airí, ar tograí iad is iomchuí do na nithe a chuimsítear le mir (2).

(10) Go bhfreastalóidh gach duine a cheapfar chun are-oifige sa Stát ar chruinnithe den Chomhchoiste, de réir mar is iomchuí, agus faoi réir srianta dlíthiúla a n-oifige, chun saincheisteanna is iomchuí do na nithe a chuimsítear le mir (2) a phlé.

(11) Go láithreoidh Airí agus Airí Stáit os comhair an Chomhchoiste chun beartais reatha is iomchuí do na nithe a chuimsítear le mir (2) agus cur chun feidhme na mbeartas sin ina gcuid Ranna a phlé. Féadfaidh Aire nó Aire Stáit a iarraidh go gcomórfaí an Comhchoiste chun go bhféadfaidh seisean nó sise beartas reatha nó beartaithe a mhíniú nó díospóireacht a thionscnamh ar an gcéanna.

(12) I gcás comhalta is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe den Chomhchoiste go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann, arna ainmniú ag an bPáirtí nó ag grúpa de réir bhrí Bhuan-Ordú 90 lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad nó ina hionad: Ar choinníoll i gcás ionadaí a ainmneoidh Páirtí ar Páirtí Rialtais é, gur féidir comhalta de Pháirtí Rialtais eile a bheith san ionadaí sin.

(13) Go bhféadfaidh comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh in imeachtaí an Chomhchoiste gan ceart vótála a bheith acu.

SEANAD EIREANN

8 April, 1993:- Ordered

(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 6 Chomhalta de Sheanad Éireann a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste um Chearta na mBan chun gur fusa do Thithe an Oireachtais agus d’ionadaithe ó eagraíochtaí ar cás leo staid na mban i saol na hÉireann dul i gcomhairle lena chéile.

(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste-

(a)bearta reachtacha, ar dhifear ábhartha iad do leas na mban, a scrúdú nó a mholadh;

(b)slite a mheas trínar féidir deireadh a chur le haon réimsí ina bhfuil idir-dhealú in aghaidh na mban agus trínar féidir na constaicí a ghabhann le lánpháirtíocht na mban i saol polaitiúil, sóisialach agus eacnamaíoch an phobail a chur as an mbealach;

(c)míbhuntáistí sonracha eacnamaíocha agus sóisialacha a mheas i gcás mná sa bhaile agus, ag féachaint don chion ar leith atá le déanamh ag mná ar mhaithe leis an bpobal, athruithe éifeachtacha polasaí agus riaracháin a mholadh chun deireadh a chur leis na míbhuntáistí sin

agus tuairisc ar an gcéanna a thabhairt do Thithe an Oireachtais.

(3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid agus, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe.

(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin.

(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.

(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste miontuairiscí na fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.

(7) Gur ceithre chomhalta den Chomhchoiste is córam dó, agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Sheanad Éireann.

(8) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach, agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.

Extensions to the Orders of Reference contained in Seanad Order Paper. (March 1995)

“Go leasófar Orduithe Tagartha an Chomhchoiste um Chearta na mBan trí na míreanna seo a leanas a chur i ndiaidh mhír (8):-

‘(9) Go mbeidh an chumhacht ag an gComhchoiste tograí a phlé agus a dhréachtú le haghaidh athruithe reachtaíochta agus le haghaidh reachtaíochta nua lena moladh d’Airí, ar tograí iad is iomchuí do na nithe a chuimsítear le mir (2).

(10) Go bhfreastalóidh gach duine a cheapfar chun are-oifige sa Stát ar chruinnithe den Chomhchoiste, de réir mar is iomchuí, agus faoi réir srianta dlíthiúla a n-oifige, chun saincheisteanna is iomchuí do na nithe a chuimsítear le mir (2) a phlé.

(11) Go láithreoidh Airí agus Airí Stáit os comhair an Chomhchoiste chun beartais reatha is iomchuí do na nithe a chuimsítear le mir (2) agus cur chun feidhme na mbeartas sin ina gcuid Ranna a phlé. Féadfaidh Aire nó Aire Stáit a iarraidh go gcomórfaí an Comhchoiste chun go bhféadfaidh seisean nó sise beartas reatha nó beartaithe a mhíniú nó díospóireacht a thionscnamh ar an gcéanna.

(12) I gcás comhalta is comhalta de Seanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe den Chomhchoiste go bhféadfaidh comhalta eile de Seanad Éireann, arna ainmniú ag an bPáirtí nó ag grúpa de réir bhrí Bhuan-Ordú 90 lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad nó ina hionad: Ar choinníoll i gcás ionadaí a ainmneoidh Páirtí ar Páirtí Rialtais é, gur féidir comhalta de Pháirtí Rialtais eile a bheith san ionadaí sin.