Committee Reports::Report No. 03 - Value for money examinations::26 March, 1997::Orders of Reference

STANDING ORDER 149

149. (1) Chomh luath agus is féidir i ndiaidh ationól na Dála tar éis Olltoghcháin ceapfar Roghchoiste, dá ngairfear an Coiste um Chuntais Phoiblí, chun scrúdú a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt don Dáil:


(a)ar na cuntais ina dtaispeánfar leithreasú na suimeanna a bheidh deonaithe ag an Dáil le haghaidh an chaiteachais phoiblí agus cibé cuntais eile is cuí leo (nach cuntais daoine a áirítear sa Dara Sceideal d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993) a bheidh iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus tíolactha don Dáil, maille le haon tuarascálacha ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu:


Ar choinníoll, maidir le cuntais seachas Cuntais Leithreasa, nach scrúdóidh an Coiste ach cuntais do bhliain airgeadais dar tús tráth nach luaithe ná 1 Eanáir, 1994:


(b)ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir lena chuid scrúduithe ar bharainneacht, eifeachtacht, córais mheasúnaithe eifeachtúlachta, nósanna imeachta agus cleachtais; agus


(c)ar thuarascálacha eile a dhéanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoin Acht.


Thairis sin, molfaidh an Coiste athruithe agus feabhsúcháin ar leagan amach na Meastachán a chuirfear faoi bhráid na Dála.


(2) Féadfaidh an Coiste dul ar aghaidh lena Scrúdú ar chuntas nó ar thuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste am ar bith tar éis don chuntas nó don tuarascáil sin a bheith tíolactha do Dháil Éireann agus


(a)beidh an chumhacht ag an gCoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid;


(b)beidh an chumhacht ag an gCoiste fianaise a ghlacadh go poiblí; agus beidh cumhacht aige cibé miontuairiscí ar fhianaise a ghlacfar, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualach aagus a fhoilsiú ó am go ham;


(c)déanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Coiste a thabhairt, arna glacadh ag an gCoiste, a leagan faoi bhráid na Dála láithreach agus as a aithle sin beidh ar chumas an Choiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú; agus


(d)déanfaidh an Coiste tuarascáil bhliantúil ar dhul chun cinn maidir lena chuid gníomhaíochtaí agus pleananna a thíolacadh do Dháil Éireann.


(3) Staonfaidh an Coiste ó fhaisnéis rúnda i ndáil le gníomhaíochtaí agus pleananna roinne nó oifige Rialtais, nó comhlachta a bheidh faoi réir iniúchta, scrúdaithe nó cigireachta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, a fhiosrú i seisiún poiblí nó a fhoilsiú más rud é go n-iarrfaidh comhalta den Rialtas nó an comhlacht a bheidh i gceist air déanamh amhlaidh. Staonfaidh an Coiste freisin ó fhiosrú a dhéanamh maidir leis na fiúntais a ghabhann le beartas nó beartais de chuid an Rialtais nó Aire Rialtais nó maidir leis na fiúntais a ghabhann le cuspóirí na mbeartas sin.


(4) Gan dochar do neamhspleáchas an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir le cinneadh na hoibre a bheidh le cur igcrích ag a Oifig nó an mhodha ina gcuirtear icrích í, féadfaidh an Choiste, i gcumarsáid rúnda, cibé moltaí is cuí leo a dhéanamh leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir leis an obair sin.


(5) Dháréag comhalta a bheidh ar an gCoiste, nach comhalta den Rialtas ná Aire Stáit aon duine acu, agus ceathrar acu sin is córam dó. Beidh an Coiste comhdhéanta ar gach slí eile de réir fhorálacha Bhuan-Orduithe 78 agus 82, agus ar chuma go ndéanfaidh sé ionadaíocht chothrom don Dáil.