Committee Reports::Interim Report No. 02 - Appropriation Accounts 1993::12 December, 1994::Proceedings of the Joint Committee

DÉARDAOIN 4 BEALTAINE 1995

THURSDAY 4 MAY 1995

1.Chruinnigh an Coiste ar 11.00am.


2.Comhaltaí i láthair:-


Na Teachtaí D.Ó Foghlú (i gCeannas), Ó Bracháin, E.Ó Broin, Ó Dochartaigh, Mac Allais, Ó Finnúcáin, Mac Cormaic, B.Ó Caoimh, E.Ó Caoimh, Ó Máille, Upton.


3.Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


Rinne an Coiste breithniú.


4.Dara Dréacht Tuarascáil Eatramhach ar na Cuntais Leithreasa don bhliain 1993.


Chuir an Cathaoirleach an Dara Dréacht-Tuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a bhreithnithe.


Aontaíodh an Dara Dréacht-Tuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairisciú don Dáil dá réir sin.


Chuaigh an Coiste i suí poiblí.


5.Tuarascáil ó Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir leis na hIonad Cuairteoirí i mBoirinn, i gCill Mhantáin, agus i nGleann na Bóinne.


Rinne an Coiste breithniú agus chuir siad breithniú na Tuarascála ar athló.


6.Finnéithe a Ceistíodh:-


S.Ó Mathúna (Cathaoirleach, Oifig na nOibreacha Poiblí), An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7.Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.45pm go dtí 11am ar Déardaoin 11 Bealtaine 1995.