Committee Reports::Interim Report - Collection of T.V. Licences: Project Audit::08 September, 1994::Proceedings of the Joint Committee

DÉARDAOIN 8 MEÁN FÓMHAIR 1994

THURSDAY 8 SEPTEMBER 1994

1.Chruinnigh an Coiste ar 11.15 am.


2.Comhaltaí i láthair:-


An Teachta S. De Mhistéal (i gCeannas),


Na Teachtaí Ó Bracháin, Ó Dochartaigh, Ó Foghlú, Mac Cormaic, B. Ó Caoimh, Ó Máille, Ó Coinín, Upton.


3.Chuaigh an Coiste i suí príobháideach.


4.Rinne an Coiste breithniú.


5.Dara Dréacht-Tuarascáil Eatramhach an Chathaoirligh ar na Cuntais Leithreasa don bhliain 1992


Chuir an Cathaoirleach an Dara Dréacht-Tuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a bhreithnithe.


Aontaíodh an Dara Dréacht-Tuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairisciú don Dáil dá réir sin.


6.Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil maidir le Bailiú Ceadúnas Teilifíse faoi bhráid an Choiste.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


7.Finnéithe a Ceistíodh:-


An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, S.Puirséal (Stiúrthóir Iniúchta, Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste).


8.Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.00pm go dtí 11am Déardaoin 22 Meán Fómhair 1994.