Committee Reports::Report - Joint Committee on Women's Rights 1993::01 January, 1994::Orders of Reference

JOINT COMMITTEE ON WOMEN’S RIGHTS

ORDERS OF REFERENCE

DÁIL ÉIREANN

7 April, 1993:- Ordered

(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 11 Chomhalta de Dháil Éireann a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste um Chearta na mBan chun gur fusa do Thithe an Oireachtais agus d’ionadaithe ó eagraíochtaí ar cás leo staid na mban i saol na hÉireann dul i gcomhairle lena chéile.

(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste-

(a)bearta reachtacha, ar dhifear ábhartha iad do leas na mban, a scrúdú nó a mholadh;

(b)slite a mheas trínar féidir deireadh a chur le haon réimsí ina bhfuil idirdhealú in aghaidh na mban agus trínar féidir na constaicí a ghabhann le lánpháirtíocht na mban i saol polaitiúil, sóisialach agus eacnamaíoch an phobail a chur as an mbealach;

(c)míbhuntáistí sonracha eacnamaíocha agus sóisialacha a mheas i gcás mná sa bhaile agus, ag féachaint don chion ar leith atá le déanamh ag mná ar mhaithe leis an bpobal, athruithe éifeachtacha polasaí agus riaracháin a mholadh chun deireadh a chur leis na míbhuntáistí sin

agus tuairisc ar an gcéanna a thabhairt do Thithe an Oireachtais.

(3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid agus, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe.

(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin.

(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.

(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste miontuairiscí na fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.

(7) Gur ceithre chomhalta den Chomhchoiste is córam dó, agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Sheanad Éireann.

(8) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach, agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.

SEANAD EIREANN

8 April, 1993:- Ordered

(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 6 Chomhalta de Sheanad Éireann a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun bheith ina Chomhchoiste um Chearta na mBan chun gur fusa do Thithe an Oireachtais agus d’ionadaithe ó eagraíochtaí ar cás leo staid na mban i saol na hÉireann dul i gcomhairle lena chéile.