Committee Reports::Report No. 03 - Investment Services in the Securities Field::17 July, 1990::Orders of Reference

Joint Committee on the Secondary Legislation of the European Communities

Orders of Reference

DAIL EIREANN

(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 18 gComhalta de Dháil Éireann (nach comhalta de Pharlaimint na hEorpa aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach.

(a)chun scrúdú a dhéanamh

(i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,

(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,

(iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus

(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin

a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais; agus

(b)chun scrúdú a dhéanamh ar an gceist a bhaineann le comhaltas dúbailte de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann agus de Pharlaimint na hEorpa agus breithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir comhaltaí na hÉireann i bParlaimint na hEorpa agus Dáil Éireann agus Seanad Éireann agus tuarascáil a thabhairt air sin do dhá Theach an Oireachtais.

(2) I gcás comhalta den Chomhchoiste is Comhalta den Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh Comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an Comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad; agus go bhféadfaidh Comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.

(3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí i bParlaimint na hEorpa ar comhaltaí iad freisin de cheachtar Teach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu a bheith i láthair agus páirt a ghlacadh in imeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.

(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe.

(5) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin.

(6) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.

(7) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.

(8) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste, ar Comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad díobh agus ar Comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad díobh.

SEANAD EIREANN

(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 18 gComhalta de Dháil Éireann (nach comhalta de Pharlaimint na hEorpa aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach.

(a)chun scrúdú a dhéanamh

(i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,

(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,

(iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus

(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin

a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais; agus

(b)chun scrúdú a dhéanamh ar an gceist a bhaineann le comhaltas dúbailte de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann agus de Pharlaimint na hEorpa agus breithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir comhaltaí na hÉireann i bParlaimint na hEorpa agus Dáil Éireann agus Seanad Éireann agus tuarascáil a thabhairt air sin do dhá Theach an Oireachtais.

(2) I gcás comhalta den Chomhchoiste is Comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh Comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an Comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad; agus go bhféadfaidh Comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.

(3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí i bParlaimint na hEorpa ar Comhaltaí iad freisin de cheachtar Teach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu a bheith i láthair agus páirt a ghlacadh in imeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.