Committee Reports::Report No. 05 - Intra-Community Trade in Equidae and Protection of Animals During Transport::05 December, 1990::Orders of Reference

Joint Committee on the Secondary Legislation of the European Communities

Orders of Reference

DAIL EIREANN

5 December, 1989 - Ordered


(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 18 gComhalta de Dhail Eireann (nach comhalta de Pharlaimint na hEorpa aon duine diobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Eireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaiocht Thanaisteach na gComhphobal Eorpach.


(a) chun scrudu a dheanamh


(i)ar cibe clair agus treoirlinte a ullmhoidh Coimisium na gComhphobal mar bhonn do bheartas reachtaiochta ionchasach agus ar cibe dreachtai de rialachain, ordachain, cinnti, moltai agus tuairimi de chuid Chomhairle na nAiri a thairgfidh an Coimisium,


(ii)ar cibe ionstraimi de chuid institiuidi na gComhphobal sin,


(iii)ar cibe rialachain faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv)ar cibe ionstraimi eile a dheanfar faoi reacht agus de bhithin riachtanais na n-oibleagaidi mar chomhalta de na Comhphobail sin


a roghnoidh an Comhchoiste agus chun tuarascail a thabhairt orthu do dha Theach an Oireachtais; agus and


(b) chun scrudu a dheanamh ar an gceist a bhaineann le comhaltas dubaile de Eireann no de Sheanad Eireann agus de Pharlaimint na hEorpa agus breithniu a dheanamh ar an gcaidreamh idir comhaltai na hEireann i bParlaimint na hEorpa agus Dail Eireann agus Seanad Eireann agus tuarascail a thabhairt air sin do dha Theach an Oireachtais.


(2) I gcas comhalta den Chomhchoiste is Comhalta den Dhail Eireann a bheith as lathair o chruinniu airithe, go bhfeadfaidh Comhalta eile de Dhail Eireann a ainmneoidh an Pairta lena mbaineann an Comhalta ata as lathair pairt a ghlacadh sna himeachtai agus votail ina ionad; agus go bhfeadfaidh Comhaltai de Dhail Eireann, nach comhaltai den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus pairt a ghlacadh sna himeachtai gan ceart votala a bheith acu.


(3) Go dtabharfar fogra do chomhaltai i bParlaimint na hEorpa ar comhaltai iad breisin de cheachtar Teach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu a bheith i lathair agus pairt a ghlacadh in imeachtai gan ceart votala a bheith acu.


(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi reir thoiliu an Aire Airgeadais, seirbhisi daoine ag a bhfuil saineolas no eolas teicniuil a fhostu chun cabhru leis maidir le fiosruithe airithe.


(5) Go ndeanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gno, duine da chomhaltai a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vota amhain.


(6) Go gcinnfear na ceisteanna go leir sa Chomhchoiste tri thromlach votai na gcomhaltai a bheidh i lathair agus a votalfaidh agus i gcas comhionannas votai go gcinnfear gur freagra diultach a tugadh ar an gceist.


(7) Go ndeanfar gach tuarascail a bheartoidh an Comhchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhraid dha Theach an Oireachtais laithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascail sin a chlobhualadh agus a fhoilsiu i dteannta cibe doicmeid ghaolmhara is cui leis.


(8) Gur cuig chomhalta is coram don Chomhchoiste, ar Comhalta de Dhail Eireann duine amhain ar a laghad diobh agus ar Comhalta de Sheanad Eireann duine amhain ar a laghad diobh.


SEANAD EIREANN

(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 18 gComhalta de Dháil Eireann (nach comhalta de Pharlaimint na hEorpa aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Eireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach.


(a)chun scrúdú a dhéanamh


(i)ar cibé cláir agus treoirlfnte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí de rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin


a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais; agus


(b)chun scrúdú a dhéanamh ar an gceist a bhaineann le comhaltas dúbailte de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann agus de Pharlaimint na hEorpa agus breithniú a dhéanamh ar an gcaidreamh idir comhaltaí na hÉireann i bParlaimint na hEorpa agus Dáil Éireann agus Seanad Éíreann agus tuarascáil a thabhairt air sin do dhá Theach an Oireachtais.


(2) I gcás comhalta den Chomhchoiste is Comhalta de Dháil Eireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh Comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an Comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad; agus go bhféadfaidh Comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.


(3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí i bParlaimint na hEorpa ar Comhaltaí iad freisin de cheachtar Teach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu a bheith i láthair agus páirt a ghlacadh in imeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.


(4) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe.


(5) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin.


(6) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


(7) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.


(8) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste, ar Comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad díobh agus ar Comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad díobh.