Committee Reports::Report No. 02 - Recommendations regarding the promotion of the Irish language in the Houses of the Oireachtas and within the Political Parties::12 May, 1988::Report

1. RÉAMHRÁ

1.1.1 Tá sé ráite go minic gur tosach maith leath na hoibre agus tá bunús leis sin maidir le cur chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Is é an tosach atá i gceist anseo ná an tsár-obair a rinne an Comhchoiste don Ghaeilge le linn an 24ú Dáil chomh fada agus a bhaineann sí le:


(a)tuarascálacha fiúntacha a fhoilsiú;


(b)dea-shampla a thabhairt faoi úsáid na Gaeilge; agus


(c)fonn chun gníomhú seachas dul le seanmóireacht.


1.2.1 Sa tuarascáil seo tá beartaithe ag an gComhchoiste don Ghaeilge breathnú siar ar an obair a rinne an Coiste a bhí ag feidhmiú roimhe agus anailís a dhéanamh ar na moltaí a rinneadh agus na torthaí a baineadh (agus nár baineadh) amach. Ar ndóigh, is ar an obair a rinneadh maidir le cur chun cinn na Gaeilge i dTithe an Oireachtais a bheidh béim á leagan toisc go bhfuil an Comhchoiste ag breathnú air sin mar phríoracht. Anuas air sin beidh an Comhchoiste ag déanamh moltaí dá chuid féin faoin ábhar seo agus faoi ról na bPáirtithe Polaitíochta i ndáil leis an nGaeilge.


1.3.1 Bheadh sé pas beag mí-mhacánta don Chomhchoiste gan a lua ag tús na tuarascála seo go bhfuil na comhaltaí mí-shásta leis an dul chun cinn — nó easpa dul chun cinn, b’fhéidir — maidir le feidhmiú na moltaí a rinneadh roimhe seo. Beidh tuairimí láidre á nochtadh sa tuarascáil faoin gceist seo agus b’fhéidir nach dtaitneoidh siad le daoine áirithe: bíodh sin mar atá, seasann an Comhchoiste leo.


1.3.2 Tá sé tábhachtach, i dtuairim an Chomhchoiste, go dtuigfí go soiléir ón tús nach bhfuiltear ag iarraidh an Ghaeilge a bhrú ar duine ar bith agus nach ndéanfar é sin toisc go bhféadfadh a leithéid alltacht a chur ar go leor dóibh siúd a bheadh báúil don teanga. Dá ainneoin sin, áfach, caithfidh Comhaltaí de Thithe an Oireachtais bearta a ghlacadh ó thaobh na Gaeilge de mar is cuid dá ndualgais é ceannaireacht a thaispeáint do phobal na tíre i gcoitinne. Mar sin, cé nach bhfuil fonn ar an gComhchoiste an Ghaeilge a bhrú ar Chomhaltaí den dá Theach ach go háirithe, táthar den tuairim láidir go gcaithfidh siad siúd freagracht a ghlacadh agus an dualgas atá orthu a chomhlíonadh go coinsiasach agus go dúthrachtach. Má táthar chun an áit is dual di a thabhairt don Ghaeilge i dTithe an Oireachtais ní bheidh aon chéim níos lú ná sin inglactha.


1.4.1 Ó na tuarascálacha a d’fhoilsigh an Coiste a bhí ag feidhmiú sa 24ú Dáil beidh sé soiléir go raibh dearcadh praiticiúil ag na comhaltaí faoina gcuid oibre. Tagann na comhaltaí den Chomhchoiste leis an méid sin agus tá beartaithe acu leanúint ar aghaidh ar an modh céanna sa tuarascáil seo.


1.5.1 Mar fhocal scoir in mian leis na comhaltaí buíochas a ghabháil leis an gCléireach don Chomhchoiste Seosamh Ó Riain agus dá chúntóir Áine Ní Shomacháin as ucht na cabhrach a thug siad dóibh nuair a bhí an tuarascáil seo á ullmhú acu.


2. OBAIR AN CHOMHCHOISTE DON GHAEILGE SA 24ú DÁIL MAIDIR LE CUR CHUN CINN NA GAEILGE I dTITHE AN OIREACHTAIS

2.1.1 Is gá a lua i dtús báire nár imigh an Comhchoiste don Ghaeilge sa 24ú Dáil i mbun oibre go dtí 29 Bealtaine 1985. i. i bhfad níos déanaí ná na Coistí eile a bhí ag feidhmiú sa Dáil sin, agus nach raibh mórán ama aige dá bhrí sin chun obair shuntasach a dhéanamh. Dá ainneoin sin tháinig an Coiste le chéile 37 n-uaire idir 29 Bealtaine 1985 agus 10 Nollaig 1986, glacadh fianaise 26 huaire, agus foilsíodh trí thuarascáil. Éacht oibre a bhí ansin gan amhras agus tréaslaíonn an Comhchoiste leis na comhaltaí den Choiste sin as ucht a ndíograis agus a ndúthrachta.


2.2.1 Rud amháin a léirigh an Coiste sin ón tús ná fonn chun oibre agus chun gníomhú. Ní raibh an Coiste ar an saol ach sé seachtaine nuair a foilsíodh an chéad tuarascáil uaidh. Réamh-thuarascáil a bhí inti i ndáiríre agus cé go raibh sí gairid go maith leag sí an bhunchloch don obair mhór a bhí le déanamh.


2.2.2 Tá sé soiléir ó na tuarascálacha a d’fhoilsigh an Coiste sin go raibh fonn ar na comhaltaí céimeanna praiticiúla a ghlacadh. Léirigh siad é seo trí dhíriú ar bhunriachtanais a bhí in easnamh a chur ar fáil agus chun céimeanna, a bhí simplí agus insroichte gan mhoill, a ghlacadh. Bhí a leithéid fíor-riachtanach mar is léir go raibh cúlú an-mhór tagtha ar sheasamh agus ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus i dtimpeallacht an dá Theach, le fada an lá.


2.2.3 Ar ndóigh, bhí droch-staid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais ag cur as do go leor daoine agus chinn an Coiste dá bhrí sin ar ghníomh a dhéanamh faoin gceist sin. Bhí sé seo ag teacht leis an gcéad téarma tagartha a bhí beartaithe don Choiste, eadhon:


“úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach.”


2.2.4 Beifear ag díriú go mion ina dhiaidh seo ar obair an Choiste sin agus ar na torthaí a baineadh amach (agus nár baineadh amach). Sula ndéanfar é sin, áfach, caithfear a rá go ndearna an Coiste sin rud amháin an-tábhachtach thar aon ní eile — d’éirigh leis an Ghaeilge a chur os comhair na gComhaltaí agus na foirne de Thithe an Oireachtais — rud nach raibh déanta roimhe sin, agus a raibh géar-ghá leis.


2.3.1 Sa Tuarascáil Bhliantúil a d’fhoilsigh na comhaltaí den Choiste sin an 16 Iúil 1986 tugadh an coimriú spéisiúil seo a leanas ar na deacrachtaí a chuir isteach ar a gcuid oibre go dtí sin, eadhon:


“Dá bhféadfaí cur síos a thabhairt in aon fhocal amháin ar na deacrachtaí a chuir isteach ar obair an Chomhchoiste níl amhras ach go roghnófaí an focal “moill”.”


Faoi mar a bheidh soiléir ón méid ina dhiaidh seo bhí go leor deacrachtaí eile le sárú chomh maith, is cosúil.


2.3.2 Cé go raibh sé ceadaithe don Choiste sin fianaise a ghlacadh go poiblí ní raibh na comhaltaí in ann é sin a dhéanamh go ceann tamaill ó tharla nach raibh tuairisceoirí ar fáil chun tabhairt faoi. Réitíodh an deacracht sin ach fágadh na taifeadtaí den fhianaise, a glacadh ó mhí Dheireadh Fómhair 1985 ar aghaidh, gan tada déanta leo ar feadh roinnt míonna toisc nach raibh an fhoireann ar fáil chun athscríbhinní a ullmhú.


2.3.3 De bharr brú leanúnach ón gCoiste d’éirigh le hÚdaráis na dTithe foireann a fhostú ar bhonn táille chun na hathscríbhinní a réiteach agus diaidh ar ndiaidh thángthas ar chóras sásúil chun plé go héifeachtach lena leithéid. Cé gur sáraíodh na constaicí a luaitear ar deireadh, tuigfear, ar ndóigh, nár chabhraigh an mhoill agus an riachtanas le brú leanúnach le hobair an Choiste.


2.3.4 Cé go bhfuair an Coiste an-chomhoibriú ó gach dream a raibh siad ag plé leo is léir go raibh na comhaltaí beagáinín díomách faoin méid a raibh na Comhaltaí eile den dá Theach sásta a dhéanamh faoin nGaeilge agus faoina cur chun cinn. Ní léir gur tugadh an aird a bhí riachtanach i measc na gComhaltaí do na moltaí a rinneadh faoi Cheisteanna Dála, óráidí, etc. agus ní raibh an toradh fiúntach, a raibh na comhaltaí den Choiste ag súil leis, le haithint. Rinneadh roinnt dul chun cinn ach níor leor é agus, ag féachaint siar anois, is léir go bhfuil iarracht níos suntasaí agus níos leanúnaí ag teastáil ó gach Comhalta den dá Theach má táthar chun toradh buan, fiúntach a bhaint amach.


2.3.5 Chun coimriú a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhí ag an gCoiste sin caithfear a rá gur léir go raibh go leor bunlochtanna sna córais tacaíochta a bhí i bhfeidhm i dTithe an Oireachtais chomh fada agus a bhain sé leis an nGaeilge. Ní raibh atmaisféar Gaelach le haithint, ní raibh an cumas ag na seirbhísí chun freastal iomlán a dhéanamh ar ghnó i nGaeilge agus bhí gá le treoir. Níl amhras ach gur thug an Coiste an treoir a bhí ag teastáil mar a bheidh soiléir ón méid ina dhiaidh seo.


2.4.1 B’fhéidir nach bhfuil sé lán-chruinn a rá go raibh an Ghaeilge ar lag trá i dTithe an Oireachtais nuair a chuaigh an Coiste i mbun oibre, ach is féidir a rá le cinnteacht nach raibh sí chomh beo agus chomh bríomhar agus a bheifí ag súil leis. Caithfear aon dul chun cinn a mheas ag féachaint don mhéid sin agus déanfar amhlaidh thíos.


2.4.2 Sa Chéad Tuarascáil, a d’fhoilsigh an Coiste an 17 Iúil 1985 leag na comhaltaí béim ar leith ar:


(a)labhairt na Gaeilge; agus


(b)aitheantas feiceálach a thabhairt don Ghaeilge sa dá Theach


agus luaigh siad an riachtanas a ghabh le hatmaisféar níos Gaelaí a chothú. Thug siad sainmhíniú sa dara tuarascáil, a foilsíodh an 24 Aibreán 1986, faoina raibh ar intinn acu le “atmaisféar” agus is fiú é a lua anseo arís, eadhon:


“(a)an Ghaeilge a bheith le cloisteáil agus í á labhairt go nádúrtha ag Comhaltaí agus ag foireann na dTithe ina ngnó agus ina gcaidreamh sóisialta; agus


(b)an Ghaeilge a bheith le feiceáil go forleathan ar na fógraí, na comharthaí, na suaitheantais agus na doiciméid uile a úsáidtear sna Tithe.”


2.4.3 Chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge a bheith le cloisteáil tá feabhas tagtha ar an scéal. Tá níos mó suime sa Ghaeilge ná mar a bhíodh agus tá sí á labhairt níos minicí agus níos oscailte. Cé go gcuirtear fáilte leis an dul chun cinn sin caithfear a bheith réalaíoch agus a aithint nach bhfuil ann ach tús: tá gá le méadú suntasach ar an méid Gaeilge a úsáidtear — in obair na dTithe ach go háirithe. Beidh tuilleadh faoin gceist sin ina dhiaidh seo.


2.4.4 Maidir le háit fheiceálach a thabhairt don Ghaeilge tá an-obair déanta agus tá an buíochas dó siúd ag dul don Choiste toisc go ndearnadar torann faoi na lochtanna bunúsacha a bhí ann.


2.4.5 Go luath tar éis don Choiste dul i mbun gnó shocraigh siad ar thuairimí a fháil ó na Comhaltaí den dá Theach maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna Tithe. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an gCoiste faoi sin sa dara tuarascáil a foilsíodh, eadhon:


“is cúis díomá don Chomhchoiste a laghad Comhaltaí a chuir freagraí ar fáil”.


2.4.6 In ainneoin an mhéid a luaitear roimhe seo dealraíonn sé go raibh na comhaltaí den Choiste sásta go leor le caighdeán na moltaí a fuair siad agus ba é an príomh-cheann ná áiseanna teagaisc a sholáthar do Chomhaltaí den dá Theach mar chabhair chun a chumasú dóibh an Ghaeilge a chleachtadh. Tar éis go leor comhfhreagrais agus cainteanna cuireadh na háiseanna seo a leanas ar fáil i mí na Samhna 1986, eadhon:


(a)téipeanna teagaisc ag bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal móide sraith leabhar; agus


(b)Seomra 114 i dTeach Laighean le bheith ar fáil do Chomhaltaí — nuair nach mbeadh sé ag teastáil do chruinnithe de Choistí Oireachtais — mar áit ina bhféadfaidís a gcuid Gaeilge a chleachtadh.


2.4.7 Rinne roinnt comhaltaí moladh go gcuirfí leabhar de théarmaí a bheadh in úsáid go minic sna Tithe ar fáil. Tógadh an cheist seo leis an gCeann Comhairle agus i mí na Samhna 1986 cuireadh leagan nua de lámhleabhar dátheangach d’abairtí a úsáidtear go rialta in obair na dTithe ar fáil. Scaipeadh cóip den lámhleabhar sin ar gach Comhalta den dá Theach.


2.4.8 Bhí comhaltaí áirithe den Choiste an-bhuartha faoina laghad poiblíochta a bhí le fáil sna meáin chumarsáide, de ghnáth, d’óráidí a tugadh as Gaeilge sa dá Theach. Chun an fhadhb seo a chíoradh tionóladh cruinniú neamh-fhoirmiúil le hionadaithe ón gCoiste um Áiléar an Phreasa san Oireachtas agus tamall ina dhiaidh sin bhuail an Coiste leis na heagarthóirí ar na nuachtáin náisiúnta (nó a n-ionadaithe) agus le ceannaire na nuachta in RTÉ. Cruinnithe fiúntacha a bhí ansin de réir dealraimh agus bhí an Coiste sásta ina ndiaidh go raibh tuiscint agus eolas níos cuimsithí ag na meáin chumarsáide ar an bhfadhb a luaitear thuas: ar ndóigh, bhí tuiscint níos doimhne chomh maith ag an gCoiste ar dheacrachtaí na meán cumarsáide.


2.5.1 Cé gur léir go ndearna an Coiste dul chun cinn nach beag — go háirithe ag féachaint don líon teoranta ama a bhí ar fáil do na comhaltaí — caithfear a rá gur fágadh go leor nithe nár cuireadh i gcrích agus beifear ag díriú orthu siúd sna hailt ina dhiaidh seo. Is é atá i gceist nuair a deirtear “nár cuireadh i gcrích” na moltaí nach raibh feidhm tugtha dóibh nuair a scoir an Coiste.


2.5.2 Rinne an Coiste moltaí sonracha maidir le Ceisteanna Dála agus tá siad siúd leagtha amach i míreanna 3.2.4 go dtí 3.4.4 sa dara tuarascáil. Moltaí praiticiúla a bhí iontu agus ní raibh aon deacracht ar leith ag dul leo. Dá ainneoin sin tá neamhaird glan tugtha orthu agus is cúis mhór dhíomá í don Chomhchoiste seo go bhfuil a leithéid tar éis titim amach. Beidh tuilleadh faoi seo ar ball.


2.5.3 Sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983 — 1986 a foilsíodh i 1983 rinneadh moltaí áirithe faoi óráidí i nGaeilge i dTithe an Oireachtais. Thacaigh an Coiste leis na moltaí sin agus dúirt siad:


“is ceart don Rialtas agus do na Páirtithe freasúrachta iad a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir”.


Níor cuireadh i bhfeidhm iad agus is mór an trua é sin. Arís, beidh tuilleadh faoi seo ar ball.


2.5.4 D’fhonn cabhrú le Comhaltaí den dá Theach chun Ceisteanna Dála, óráidí agus ráitis a ullmhú i nGaeilge mhol an Coiste go gceapfaí tuilleadh foirne do Rannóg an Aistriúcháin. In ainneoin go bhfuil obair na Rannóige sin ag dul i méid an t-am ar fad — gan seirbhísí do Chomhaltaí (faoi mar a luadh roimhe seo) a áireamh in aon chor — níl aon dul chun cinn déanta maidir le méadú na foirne. Mura ndéanfar rud éigin faoi seo go han-luath anois tá an baol ann go mbeidh staid éigeandála ann.


2.5.5 Mhol an Coiste chomh maith go gcuirfí córas teangaireachta isteach sa Seanad nuair a bheadh na hoibreacha feabhsúcháin ar siúl. B’fhéidir go ndéanfar é sin ach níl aon fhianaise dá réir ar fáil go fóill. Caithfidh na húdaráis sna Tithe a dheimhniú go gcuirfear an córas sin ar fáil. Níl aon ní déanta faoi chóras teangaireachta a chur isteach i seomra amháin (ar a laghad) a úsáidtear do chruinnithe de Choistí Oireachtais ach an oiread. Má táthar i ndáiríre faoi obair uile na dTithe, ar an-áirítear obair na gCoistí, a bheith á déanamh ar bhonn dátheangach tá áiseanna teangaireachta sásúla fíor-riachtanach.


2.6.1 Pléadh an chéad tuarascáil ón gCoiste sa Seanad i mí na Márta 1986 agus thug an Coiste le fios sa dara tuarascáil:


“gur cúis áthais don Chomhchoiste an líon Seanadóirí a ghlac páirt sa díospóireacht”.


Is cosúil gur léiríodh dea-thoil mhór don Ghaeilge agus d’obair an Choiste i gcoitinne le linn na díospóireachta sin agus luaigh Aire na Gaeltachta agus é ag tabhairt freagra uirthi:


“Leis an fhírinne a rá chuir caighdeán na Gaeilge a chuala mé anseo agus an méid daoine a bhí in ann an Ghaeilge a labhairt iontas agus bród orm”.


2.6.2 I mí na Samhna 1986 chaith an Seanad lá iomlán ag plé na dtuarascálacha eile ón gCoiste. Arís léiríodh réimse leathan tuairimí agus cuireadh fáilte roimh na moltaí a bhí déanta — leagadh béim ar leith ar a bpraiticiúlacht. Arís thug Aire na Gaeltachta freagra ar an díospóireacht agus luaigh sé:


“Ag breathnú ar na tuarascálacha atá romhainn tá sé soiléir go bhfuil fonn oibre ar bhaill an Chomhchoiste, níl agat ach breathnú ar na moltaí — 25 — atá anseo i ndeireadh na [dara] tuarascála. Tá sé an-éascaí moltaí a chur ar pháipéar. Caithfidh mé a rá, chomh fada is a bhaineann sé leis na moltaí a fheicim romham anseo ar thuarascáil an Chomhchoiste, is moltaí iad atá inoibrithe; tá rudaí leagtha síos atá insroichte agus, mar sin, tá fiúntas ag baint leis an iarracht ar fad”.


2.6.3 Faraor, níor pléadh aon cheann de na tuarascálacha ón gCoiste sa Dáil.


2.7.1 Ar an 4 Samhain 1986 tionóladh “Lá na Gaeilge” ar fud na seirbhíse poiblí agus ba é an bun-smaoineamh a bhí taobh thiar de ná deis a thabhairt do gach duine an Ghaeilge a bhí aige nó aici a úsáid. De réir na dtuairiscí a foilsíodh ina dhiaidh is cosúil gur éirigh go maith leis an bhfeachtas, tríd is tríd.


2.7.2 Nuair a fógraíodh “Lá na Gaeilge” i dtosach shocraigh an Coiste gurbh fhiú go maith an deis a thapú d’fhonn an Ghaeilge a chur chun cinn i dTithe an Oireachtais. Chuige sin rinneadh teagmháil leis an gCeann Comhairle, le Cathaoirleach an tSeanaid agus leis na Cathaoirligh ar Choistí agus ag éirí as an méid sin:


(a)rinneadh go leor de ghnó na Dála as Gaeilge ar an lá sin;


(b)tionóladh cruinniú speisialta den Seanad ar an lá sin chun tuarascálacha áirithe ón gComhchoiste don Ghaeilge a phlé (féach mír 2.6.2 thuas);


(c)rinne Coistí a bhí ag teacht le chéile ar an lá sin iarracht ar leith chun roinnt gnó a dhéanamh trí Ghaeilge; agus


(d)bhí Comhaltaí agus foireann na dTithe ar a ndícheall chun an méid Gaeilge a bhí acu a úsáid.


2.7.3 Anuas ar an méid a luaitear roimhe seo tionóladh ócáid speisialta i Seomra 114 nuair a bhronn an Ceann Comhairle:


(a)cóip den lámhleabhar dátheangach d’abairtí a úsáidtear go minic in obair na dTithe ar Chinnirí na bPáirtithe Polaitiúla (nó a n-ionadaithe) — féach mír 2.4.7 roimhe seo; agus


(b)téipeanna teagaisc, sraith leabhar agus téipthaifeadáin lena n-úsáid ag na Comhaltaí den dá Theach d’fhonn a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú — féach mír 2.4.6 roimhe seo.


2.8.1 Ceann de na smaointí a bhí ag an gCoiste ná cruinnithe a thionól le Cinnirí na bPáirtithe Polaitiúla (nó a n-ionadaithe) chun tuairimí a fháil uathu agus chun iad a chur ar an eolas faoi na céimeanna a bhí beartaithe. Bhí an coimriú suimiúil seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil ón gCoiste faoi na cruinnithe sin, eadhon:


“Níos mó ná aon rud eile a tháinig as na cruinnithe a tionóladh bhí áthas ar an gComhchoiste gur gheall gach ionadaí a bhí i láthair lántacaíocht a pháirtí d’aidhmeanna an Chomhchoiste.”


2.8.2 Ag breathnú siar ar na cruinnithe sin is léir gurbh fhiú go maith iad a thionól. Gealladh go ndéanfaí gníomh faoin nGaeilge sna Tithe ach níor tharla a leithéid fós, tríd is tríd. Mar sin, tá ré na cainte thart agus ré na gníomhaíochta buailte linn. Beifear ag díriú ina dhiaidh seo ar an staid reatha agus na beartais don todhchaí.


3. AN STAID REATHA

3.1.1 Níl i gceist sa chaibidil seo den tuarascáil ach coimriú a dhéanamh ar an staid reatha ó thaobh na Gaeilge de i dTithe an Oireachtais de réir mar a fheiceann na comhaltaí den Chomhchoiste é agus iad ag dul i mbun oibre.


3.2.1 Is cinnte go bhfuil atmaisféar i bhfad níos fearr ó thaobh na Gaeilge de le haithint sna Tithe ná mar a bhíodh. Tá níos mó Gaeilge le cloisteáil agus le feiceáil ná mar a bhíodh ach tá a lán oibre fós le déanamh má táthar chun an Ghaeilge a chur ar an seasamh céanna leis an mBéarla sna Tithe ón dá thaobh sin de.


3.2.2 Tá stádas agus seasamh níos fearr ag an nGaeilge in obair na dTithe anois ná mar a bhí le fada an lá. Tá níos mó Comhaltaí ag baint úsáide as an nGaeilge le linn óráidí agus tá méadú beag tagtha ar líon na gCeisteanna Dála a chuirtear síos i nGaeilge ach ní leor an méid sin in aon chor. Níl na hiarrachtaí atá ar siúl ag dul i bhfeidhm ar fhormhór na gComhaltaí, faraor, agus ní thuigeann siad (nó ní ghlacann siad leis?) go bhfuil dualgas orthu i dtaobh na Gaeilge. Ní fhéadfar glacadh leis sin a thuilleadh.


3.2.3 Tugadh cur síos roimhe seo ar na deacrachtaí suntasacha a bhí os comhair an Choiste roimhe seo, nuair a chuaigh na comhaltaí i mbun oibre, maidir le seirbhísí bunúsacha a bheith ar fáil. Tá formhór na ndeacrachtaí sin sáraithe anois agus is féidir a rá go bhfuil an cumas ar fáil chun plé le beagnach gach gné d’obair na dTithe i nGaeilge.


4. DEARCADH AN CHOMHCHOISTE

4.1.1 Sa chaibidil seo den tuarascáil tá beartaithe ag na comhaltaí den Chomhchoiste an dearcadh atá acu faoi cheist na Gaeilge agus a cur chun cinn i dTithe an Oireachtais a léiriú. Faoi mar a luadh roimhe seo tá ré na gníomhaíochta buailte linn agus is ar fhonn na gcomhaltaí chun dul i mbun na hoibre sin atá an chaibidil seo (agus an chuid eile den tuarascáil seo) bunaithe.


4.2.1 Fáiltíonn na comhaltaí den Chomhchoiste roimh na nithe atá curtha i gcrích go dtí seo agus is dul chun cinn fiúntach iad. Aithnítear nach bhféadfar dul ó phointe ina bhfuil an Ghaeilge ar lag trá go dtí pointe ina bhfuil sí láidir (agus ag dul i dtreise) laistigh d’achar gairid ama agus sa chomhthéacs sin tá tús maith curtha leis an obair chun an teanga a athbheochan i dTithe an Oireachtais. Dá ndéanfaí an dul chun cinn céanna gach bliain agus a rinneadh ó bunaíodh an Chéad Chomhchoiste bheadh an Ghaeilge slán — nó sin a cheapfaí ar aon nós.


4.2.2 Tá amhras mór ar an gComhchoiste an ndéanfar dul chun cinn ag an leibhéal céanna agus a rinneadh le cúpla bliain anuas, amach anseo. Is í an chúis atá leis an amhras seo ná nach bhfuil dóthain dul chun cinn déanta maidir leis an nGaeilge a shnaidhmiú isteach mar chuid de ghnáth-obair na dTithe .i. níl go leor óráidí i nGaeilge, níl go leor Ceisteanna Dála á gcur síos i nGaeilge agus tríd is tríd níl an teanga in úsáid ach ar bhonn ócáidiúil (lasmuigh d’eisceacht nó dhó anois is arís).


4.2.3 Faoi mar a fheictear don Chomhchoiste is é an buneasnamh ná nach bhfuil an Ghaeilge á húsáid sna Tithe ach go fíor-annamh lasmuigh de chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge féin, leis an nGaeltacht agus leis an oideachas. Tá fáthanna áirithe tugtha faoi sin, ar a n-áirítear:


(a)leisciúlacht;


(b)easpa suime;


(c)easpa poiblíochta; agus


(d)easpa cumais.


4.2.4 Maidir le leisciúlacht i dtaobh na Gaeilge caithfear a admháil go bhfuil sé níos éasca do Chomhaltaí a gcuid gnó a dhéanamh trí Bhéarla mar is é sin a dteanga dhúchais i bhformhór na gcásanna agus tá na seirbhísí tacaíochta uile dírithe sa treo sin. I bhfocla eile caithfidh Comhalta ar bith a theastaíonn uaidh gnó a dhéanamh trí Ghaeilge stró a chur air féin. Ní dhéanfar é sin mura bhfuil buntáiste ar leith le baint as agus ag an bpointe seo níl a leithéid ann.


4.2.5 Baineann cuid mór de dhualgas na gComhaltaí le díriú, agus freastal a dhéanamh, ar riachtanais an lucht vótála ina nDáilcheantair. Ós rud é nach bhfeiceann Comhaltaí éileamh do sheirbhís i nGaeilge ag teacht ón bpobal a bhfuil siad ag freastal air ní léir dóibh cén riachtanas atá le Gaeilge agus ní bhacann siad léi ina gcuid imeachtaí. Anuas air sin feictear do Chomhaltaí go bhfuil sé an-deacair plé sásúil a dhéanamh le hEagrais Stáit trí Ghaeilge agus tuigeann siad go mbeadh siad ag saothrú faoi mhí-bhuntáiste dá ndéanfaidís iarracht tabhairt faoina leithéid. Mar sin, glactar leis an rogha is éasca, ní nach ionadh.


4.2.6 Tá sé ráite go minic go ngoilleann easpa poiblíochta d’óráidí, etc., i nGaeilge ar Chomhaltaí. Fad a leanfaidh an tuairim sin ní bheidh fonn ar Chomhaltaí mórán a rá i nGaeilge. Ní miste a lua go ndeir na meáin chumarsáide nach ndéantar níos mó tuairisceoireachta ar imeachtaí i nGaeilge mar nach mbaineann tábhacht náisiúnta leo de ghnáth .i. deirtear gur rudaí “paróistiúil” a phléitear i nGaeilge go príomha. Ar ndóigh, ní fhéadfaí a bheith ag éileamh poiblíochta d’imeachtaí i nGaeilge toisc go bhfuil siad i nGaeilge: aithníonn an Comhchoiste go gcaithfidh fiúntas agus tábhacht a bheith ag baint leo.


4.2.7 Cé gur trua go gcaithfear é a rá, níl an Ghaeilge ar a gcumas ag formhór na gComhaltaí den dá Theach sa mhéid go mbeadh siad in ann gnó d’aon saghas a láimhseáil gan stró ina ngnáth oibre. Bheadh sé míréalaíoch bheith ag súil leis sin i gcúinsí uile an cháis ach ag an am gcéanna is beag an líon Comhaltaí nach mbeadh roinnt Gaeilge — cúpla focal, fiú — ar a dtoil acu. Mar sin, tá réimse leathan cumais i measc na gComhaltaí chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge.


4.2.8 Is léir, mar sin, go bhfuil constaicí móra le sárú má táthar chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus má tá sé sin le bheith leanúnach amach anseo.


4.3.1 Tuigeann an saol mór go bhfuil sé éasca laigí a aimsiú ach tuigtear chomh maith go mbíonn réiteach na laigí sin níos deacra. Beidh an Comhchoiste ag díriú ina dhiaidh seo ar na réitigh ar na deacrachtaí atá aimsithe.


4.3.2 Luadh leisciúlacht roimhe seo mar fáth amháin leis an easpa Gaeilge a úsáidtear in obair na dTithe. Tá gá le eolas agus tuiscint chun an fhadhb áirithe seo a shárú agus níl sé thar chumas Comhalta ar bith iarracht dearfach a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge. Tá sé deacair, áfach, d’aon duine an dul chun cinn atá riachtanach a dhéanamh ina aonar agus caithfidh buntáiste éigin a bheith ann dó móide spreagadh agus cinnireacht ón bPáirtí nó ón ngrúpa lena mbaineann sé.


4.3.3 In ainneoin na dtorthaí ar shuirbhéanna atá curtha i gcrích le blianta anuas tá sé deacair glacadh leis go bhfuil suim mhór ag an bpobal sa Ghaeilge agus is féidir an rud céanna a rá faoi na Comhaltaí den dá Theach, tríd is tríd. Is í an bhunchúis leis seo ná nach bhfuil an t-éileamh ar sheirbhís trí Ghaeilge ag teacht ón bpobal a bhfuil na Comhaltaí ag freastal air agus go dtí go mbeidh athrú sa ghné sin den chóras ní dhéanfar dul chun cinn. Caithfidh an pobal an tseirbhís a éileamh agus caithfidh siad iachall a chur ar Chomhaltaí chun í a sholáthar. Go dtí go dtarlaíonn sin ní féidir bheith ag súil le mórán dul chun cinn mar ní thig le Comhaltaí — agus ní bheidh siad sásta — feidhmiú in vacuo leis an nGaeilge.


4.3.4 Tá easpa poiblíochta luaite go minic mar cheann de na constaicí is mó d’úsáid na Gaeilge sna Tithe. Faoi mar a luadh roimhe seo (mír 4.2.6), tá tuairimí láidre nochtaithe ag na meáin chumarsáide faoin gceist seo agus is léir nach mbeidh mórán dul chun cinn ann mura mbíonn beocheisteanna agus ábhair chonspóideacha á bplé trí Ghaeilge go rialta. Anuas air sin, is eol do Chomhaltaí go bhfuil sé fíor-riachtanach scríbhinní d’óráidí a chur ar fáil do na meáin chumarsáide agus tá sé andeacair é sin a dhéanamh i gcás na Gaeilge toisc:


(a)go bhfuil sé deacair ábhair d’aon saghas a fháil clóbhuailte i nGaeilge i measc fhoirne na bPáirtithe; agus


(b)nach bhfuil aon fhoireann ann chun seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil do Chomhaltaí — fiú más rud beag é ar nós scríbhinn i nGaeilge a sheiceáil ó thaobh gramadaí de.


Gan réiteach ar an dá bhunfhadhb sin ní dhéanfar dul chun cinn.


4.3.5 Luadh roimhe seo go bhfuil réimse leathan cumais sa Ghaeilge i measc na gComhaltaí den dá Theach — ar an taobh amháin cainteoirí ó dhúchas agus ar an taobh eile iad siúd atá ar fíor-bheagán Gaeilge. Mura bhfuil cumas Gaeilge inglactha i measc na gComhaltaí uile beidh sé deacair dul chun cinn a dhéanamh agus mar sin caithfear áiseanna den scoth a chur ar fáil chun na Comhaltaí atá ar bheagán Gaeilge a oiliúint. Tá áiseanna teagaisc ar fáil sna Tithe cheana féin ach tá an Comhchoiste den tuairim go bhfuil siad níos feiliúnaí dóibh siúd a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a chleachtadh seachas í a fhoghlaim.


4.4.1 Tá ról lárnach ag na Páirtithe Polaitíochta in obair na dTithe. Is iad siúd a shocraíonn gnó na dTithe, a roghnaíonn cainteoirí, a ullmhaíonn polasaithe agus atá i mbun gach rud a cuirtear i gcrích. Tá leanúnachas sna Páirtithe agus is rud tábhachtach é sin móide an ról lárnach a luadh roimhe seo chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge.


4.4.2 Ar ndóigh, tá polasaí i dtaobh na Gaeilge ag gach Páirtí agus dheimhnigh na cinnirí ar na Páirtithe (nó a n-ionadaithe) nuair a bhuail siad leis an gComhchoiste don Ghaeilge, a bhí ag feidhmiú sa 24ú Dáil, go raibh siad go láidir taobh thiar de chaomhnú agus neartú na teanga — go háirithe sna Tithe.


4.4.3 Níl amhras ach go bhféadfadh na Páirtithe Polaitíochta i bhfad níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. I dtuairim an Chomhchoiste ba cheart do na Páirtithe — má tá siad i ndáiríre faoin nGaeilge (faoi mar a deir siad) — mion-scrúdú a dhéanamh go práinneach ar a gcuid struchtúr féin ag gach leibhéal féachaint an dtuigtear a bpolasaithe i dtaobh na Gaeilge, an bhfuil na polasaithe sin á gcur i bhfeidhm, an bhfuiltear in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus an bhfuil deacrachtaí ar leith ar gá iad a shárú. Is gá do gach Páirtí pictiúr cruinn a fháil faoi staid reatha na Gaeilge laistigh de agus cibé gníomh is gá a dhéanamh ansin. Is trí laigí bunúsacha a aimsiú agus a réiteach a dhéanfar dul chun cinn suntasach. Caithfidh na Páirtithe é seo a dhéanamh go coinsiasach agus go luath má táid i ndáiríre faoin nGaeilge.


4.4.4 Mura bhfuil an Ghaeilge in úsáid go rialta ag na barr-leibhéil sna Páirtithe tá sé fánach bheith ag súil le dea-shampla ón ngnáthbhallraíocht. Caithfidh na hoifigigh ag an mbarr-leibhéal i ngach Páirtí — agus an Ceannaire ach go háirithe:


(a)dea-shampla i dtaobh na Gaeilge a thaispeáint go rialta i ngach cineál oibre;


(b)spreagadh a thabhairt do chomhaltaí uile an Pháirtí chun an Ghaeilge a chleachtadh; agus


(c)polasaí an Pháirtí i dtaobh na Gaeilge a choinneáil faoi bhreithniú go leanúnach.


4.4.5 Ní nach ionadh baineann na pointí roimhe seo faoi chúrsaí na bPáirtithe go ginearálta le Tithe an Oireachtais chomh maith. Is fóram iad na Tithe chun dearcadh agus polasaithe na bPáirtithe a nochtadh agus a chur chun cinn agus tá seans an-mhaith ar fáil dóibh, mar sin, chun úsáid a bhaint as an nGaeilge. Óna dtaithí go dtí seo feictear do chomhaltaí an Chomhchoiste go bhfuil cruthúnas ann nár ghlac na Páirtithe go fonnmhar leis an seans sin agus ó tharla an scéal a bheith amhlaidh is é dearcadh an Chomhchoiste ná go gcaithfidh athrú bunúsach teacht ar na cúrsaí sin. I bhfocla eile tá an fhreagracht ar na Páirtithe a léiriú go soiléir go bhfuil siad taobh leis an nGaeilge agus é sin a thaispeáint tríd an teanga a shnaidhmiú isteach ina ngnáth-imeachtaí uile. Mura bhfuil siad sásta é sin a dhéanamh cad is fiú a gcuid polasaithe i dtaobh na Gaeilge?


4.5.1 Rinneadh tagairt roimhe seo do ról na bPáirtithe Polaitíochta agus tá tionchar nach beag aige sin ar ról na gComhaltaí den dá Theach. Má tá na comhaltaí ag fáil spreagadh agus cinnireacht go leanúnach i dtaobh na Gaeilge ó na Páirtithe tuigfidh siad an dualgas atá orthu agus déanfaidh siad iarracht níos suntasaí ina leith.


4.5.2 Más léir don phobal go bhfuil níos mó dáiríreachta i dtaobh na Gaeilge á thaispeáint ag na Páirtithe níl amhras ach go spreagfaidh sé sin gnáth-dhaoine — ar spéis leo an teanga — chun níos mó Gaeilge a úsáid nuair atá siad ag plé le Comhaltaí den dá Theach. Cothófar éileamh ar sheirbhís trí Ghaeilge ar an gcaoi sin diaidh ar ndiaidh agus, nuair atá sé sin ann, cinnteoidh na Comhaltaí go leasófar na struchtúir chun freastal air.


4.6.1 Faoi mar is léir ón méid roimhe seo beidh go leor oibre le cur i gcrích sula mbeidh an Ghaeilge ar bhonn slán, agus í ag dul i dtreise, i dTithe an Oireachtais. Go dtí seo tá ról na bPáirtithe agus na gComhaltaí cíortha agus is gá anois féachaint ar ról an Chomhchoiste.


4.6.2 Tá an Comhchoiste ann go bunúsach chun:


“athbhreithniú agus moltaí”


a dhéanamh (mír 2 de na hOrduithe Tagartha). Cé go bhfuil an méid sin leathan go maith níl sé chomh leathan agus a cheaptar go minic. Mar shampla, is féidir leis an gComhchoiste moltaí a dhéanamh agus faireacht a dhéanamh faoina gcur i bhfeidhm ach níl aon fhreagracht ar na comhaltaí ina dhiaidh sin. Mura ndéanann na húdaráis atá freagrach cibé rud atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt do na moltaí sin is féidir leis an gComhchoiste raic a thógáil ina leith ach sin an méid. I dtuairim an Chomhchoiste tá sé tábhachtach go dtuigfí a ról go soiléir agus nach mbeifí ag iarraidh air rudaí a dhéanamh nach bhfuil aon smacht ag na comhaltaí orthu.


4.6.3 Nuair a bhí an Comhchoiste sa 24ú Dáil ag feidhmiú luaigh na comhaltaí sa dara tuarascáil go ndéanfaí:


“monatóireacht géar…ar fheidhmiú na moltaí sa Tuarascáil seo.”


Leagadh amach spriocanna ama i ndáil le roinnt moltaí sa tuarascáil sin agus glacann an Comhchoiste seo leis gurb é a bhí i gceist ná faireacht a dhéanamh ar a gcur i bhfeidhm. Aontaíonn na comhaltaí den Chomhchoiste leis an dearcadh gur cheart faireacht a dhéanamh ar mholtaí d’fhonn a chinntiú go bhfuil siad á gcur i gcrích. Ar ndóigh, is féidir glacadh leis go bhfeidhmeofar an polasaí sin i dtaobh na moltaí a dhéanfar ina dhiaidh seo.


4.6.4 Cé go mbeidh na comhaltaí den Chomhchoiste ag iarraidh go gcuirfear i gcrích cibé moltaí a dhéanfar ní bheidh siad ag cur brú ar eagras nó ar dhuine ar bith. Mura bhfuil na heagrais agus na daoine sin sásta a dtacaíocht a thabhairt ní gá dóibh ach é sin a rá go soiléir agus ní bheidh aon mhí-thuiscintí amach anseo faoina ndearcadh i dtaobh na Gaeilge.


5. NA PÁIRTITHE POLAITÍOCHTA AGUS AN GHAEILGE

5.1.1 Tá a lán scríofa — agus níos mó ráite — thar na blianta faoi na Páirtithe Polaitíochta agus an Ghaeilge. Scrúdaíodh ról agus feidhmiú na bPáirtithe agus rinneadh go leor moltaí ach, faraor, ní cosúil gur tugadh a lán airde orthu. Sa chuid seo den tuarascáil tá beartaithe ag na comhaltaí den Chomhchoiste aghaidh a thabhairt ar an gceist sin agus moltaí dá gcuid féin a dhéanamh.


5.1.2 I ngach Páirtí tá struchtúr i bhfeidhm ón leibhéal paróistiúil faoin tuath mar shampla, go dtí an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfaí go leor a scríobh faoi gach leibhéal ar an dréimire ó bhun go barr ach níl beartaithe é sin a dhéanamh anseo agus beifear ag díriú ar na barr-leibhéil amháin.


5.2.1 Tá ról lárnach ag na Páirtithe Polaitíochta i ngach gné de shaol na tíre. Ullmhaíonn siad polasaithe agus ceapann siad urlabhraithe chun na polasaithe sin a mhíniú do phobal na tíre agus chun iad a chur chun cinn i gcoitinne. Is amhlaidh an scéal i gcás na Gaeilge: tá polasaithe ag gach Páirtí ina leith agus deir siad go léir go bhfuil siad taobh léi.


5.2.2 Is ag an Rialtas atá an chumhacht chun gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus is iad na Páirtithe a bhíonn in iomaíocht lena chéile chun bheith i gceannas na tíre. Mar sin, ó bhunú an Stáit níl sé mí-réasúnta a thabhairt faoi deara nach ndearna aon Pháirtí nuair a bhí siad i gcumhacht an dul chun cinn a bhí riachtanach chun an Ghaeilge a athbheochan — in ainneoin na bpolasaithe a bhí acu.


5.2.3 I dtuairim na gcomhaltaí níl amhras ach go bhfuiltear ag brath ar na Páirtithe Polaitíochta chun dea-shampla agus cinnireacht a thabhairt do phobal na tíre i gcoitinne i dtaobh na Gaeilge. Tá iarracht éigin déanta acu chun é sin a thabhairt ach ní léir gur leor é agus tá gá le feabhsuithe móra. Caithfidh na feabhsuithe sin tarlú laistigh de na Páirtithe iad féin i dtús báire agus is ar na nithe sin a thugtar aghaidh anois.


5.3.1 Má táthar chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh de na Páirtithe caithfear tosú ag an mbarr-leibhéal i.e. Uachtarán an Pháirtí. Caithfidh an tUachtarán — a bhíonn ina cheannaire ar an bPáirtí chomh maith — an chéad chéim a ghlacadh agus an Ghaeilge a úsáid oiread agus is féidir ina ghnáth-imeachtaí. Thabharfadh sé sin misneach agus spreagadh do chomhaltaí eile den Pháirtí agus ar deireadh thiar níl aon rud níos fearr ná dea-shampla.


5.3.2 Tá páirt lárnach ag an Uachtarán i ngníomhaíochtaí uile an Pháirtí agus tionchar an-mhór aige dá réir. Má léiríonn seisean suim dháiríre sa Ghaeilge agus má dhéanann sé iarracht chun í a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí ilghnéitheacha tabharfar aird ar a leithéid.


5.3.3 Mura bhfuil an Ghaeilge go flúirseach ag an Uachtarán níor cheart go mbeadh náire air freastal a dhéanamh ar dhian-chúrsa Gaeilge chun a chumas a fheabhsú go dtí leibhéal sásúil.


5.4.1 I ngach Páirtí tá Coiste Feidhmiúcháin tofa chun a chúrsaí a eagrú agus a riaradh agus tá an-tionchar aige ar gach a tharlaíonn laistigh den eagras. Dá mbeifí chun iarracht suntasach a dhéanamh d’fhonn an Ghaeilge a chur ar aghaidh sa Pháirtí bheadh gá le lán-tacaíocht ón gCoiste Feidhmiúcháin agus bheadh ar na comhaltaí iarracht ar leith a dhéanamh chun a leithéid a bhaint amach.


5.4.2 Chomh fada agus a bhaineann sé leis na comhaltaí de na Coistí Feidhmiúcháin de na Páirtithe molann an Comhchoiste go nglacfaidís na cúraimí seo a leanas chucu féin:


(a)a chinntiú go mbeidh polasaí cuimsitheach ag an bPáirtí i dtaobh na Gaeilge agus go mbeifear ag iarraidh an polasaí sin a chur chun cinn go dearfach;


(b)deimhin a dhéanamh de nach mbeidh droch-thionchar ag polasaithe eile an Pháirtí ar an nGaeilge;


(c)ceannasaíocht i dtaobh na teanga a thaispeáint do leibhéil eile sa Pháirtí trí chruinnithe — nó cuid díobh ar a laghad — a reachtáil trí Ghaeilge go rialta; agus


(d)treoirlínte a leagan síos agus comhairle a chur ar na leibhéil eile sa Pháirtí maidir le cúrsaí teanga.


5.5.1 Is iad na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí atá ina gcomhaltaí den Pháirtí Parlaiminteach. Tá ról na gComhaltaí i ngach gné eile d’obair na dTithe scrúdaithe go mion cheana agus ní dhéanfar anseo ach moltaí i dtaobh na nithe a d’fhéadfaí a chur i gcrích laistigh den Pháirtí Parlaiminteach.


5.5.2 I gcás na bPáirtithe Parlaiminteacha d’fhéadfaidís gníomh a dhéanamh ar roinnt bealaí. Ní mór aird ar leith a dhíriú ar na nithe seo a leanas i dtuairim an Chomhchoiste:


(a)oiread Gaeilge agus is féidir leo a úsáid laistigh den dá Theach: tá moltaí sonracha déanta cheana féin agus beidh tuilleadh ina dhiaidh seo a bheadh úsáideach mar threoirlínte dóibh i ndáil leis seo;


(b)ba cheart do na hoifigigh (e.g. Cathaoirleach agus Rúnaí) gach is féidir leo a dhéanamh chun atmaisféar dátheangach a chothú laistigh de na Páirtithe Parlaiminteacha. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí nithe éagsúla a phlé i nGaeilge go rialta, treoracha a leagan síos i nGaeilge, etc; agus


(c)chun a chumasú do Chomhaltaí den dá Theach óráidí, etc., a ullmhú i nGaeilge, b’fhiú do na Páirtithe Parlaiminteacha a iarraidh ar na ceannárais socruithe a dhéanamh chun seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil dóibh. Tá molta cheana féin ag an gComhchoiste gur cheart go mbeadh seirbhís dá leithéid ar fáil i dTeach Laighean ach go dtí go mbeidh an scéal amhlaidh ní mór do na Páirtithe seirbhís dá gcuid féin a sholáthar do Chomhaltaí.


5.6.1 Ní mór aghaidh a thabhairt ar cheannáras gach Páirtí chomh maith. Is é an ceannáras an lár-aonad cumhachta do gach Páirtí agus bheadh ról nach beag ag na hoifigigh ann chun feidhm a thabhairt d’aon iarrachtaí chun stádas na Gaeilge a láidriú agus a leathnú amach. Bheadh gá chomh maith le hatmaisféar a bheadh fabhrach don Ghaeilge a chothú agus áit fheiceálach a thabhairt don teanga. Is ar na nithe sin go príomha agus ar sheirbhísí a sholáthar don Pháirtí atá na moltaí ina dhiaidh seo dírithe.


5.6.2 D’fhéadfaí atmaisféar a bheadh fabhrach don Ghaeilge a chothú trí fhógraí agus nótaí dátheangacha a chrochadh agus deimhin a dhéanamh de go mbeadh daoine ar fáil san oifig fáilte agus in oifigí eile a bheadh in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá scileanna mar seo ag roinnt daoine cheana féin agus d’fhéadfaí dian-chúrsaí a sholáthar ó am go chéile do dhaoine eile. Chabhródh sé go mór leis an nGaeilge chomh maith dá mbeadh sí le feiceáil i ndoiciméid uile na bPáirtithe a eisítear ón gceannáras — go háirithe na cinn a théann go dtí an pobal. Ar ndóigh, ba cheart go ndéanfaí roinnt oibre poiblíochta de chuid na bPáirtithe ar bhonn dátheangach, freisin.


5.6.3 I dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste ba cheart go mbeadh seirbhísí mar seo a leanas le fáil i ngach ceannáras:


(a)seirbhís chun litreacha, óráidí agus ráitis a scríobh agus a chló i nGaeilge;


(b)seirbhís chun gnó teileafóin a dhéanamh trí Ghaeilge; agus


(c)seirbhís eolais i nGaeilge i.e. bróisiúir, foirmeacha, etc. i nGaeilge (nó dátheangach) a bheith ar fáil.


5.6.4 D’fhéadfadh oifigigh agus urlabhraithe na bPáirtithe deashampla a thaispeáint i dtaobh na Gaeilge ina ngnáthimeachtaí chomh maith. Moltar go nglacfaidís na céimeanna sonracha seo a leanas:


(a)a thabhairt le fios, trí chomharthaí agus eile, go bhfáiltíonn siad roimh Ghaeilge faoi ghnó ar bith ag am ar bith;


(b)deiseanna a ghlacadh chun an Ghaeilge a úsáid — mar shampla nuair atá óráidí á dtabhairt; agus


(c)áit fheiceálach a thabhairt don Ghaeilge in imeachtaí uile na bPáirtithe — idir ghnó agus shóisialta — a bhfuil baint acu leo.


5.7.1 Má tá borradh le teacht faoi chur chun cinn na Gaeilge caithfidh an sampla teacht ó na Páirtithe Polaitíochta i dtús báire. Deir na Páirtithe go bhfuil siad taobh leis an nGaeilge; ní mór dóibh é sin a chruthú anois trína gcuid struchtúr a scrúdú go práinneach agus na moltaí atá déanta roimhe seo a chur i bhfeidhm.


6. MOLTAÍ FAOIN nGAEILGE I dTITHE AN OIREACHTAIS

6.1.1 Is fiú a lua arís na moltaí fiúntacha a rinne an Comhchoiste a bhí ag feidhmiú sa 24ú Dáil. Rinne na comhaltaí den Choiste sin iarracht chun moltaí praiticiúla, a bheadh so-oibrithe go maith, a chur chun cinn agus leanfar den dearcadh sin ina dhiaidh seo.


6.1.2 Caithfear a lua ag an bpointe seo, ar ndóigh, gur ath-rá atá i gcuid de na moltaí ina dhiaidh seo. Is trua gurb amhlaidh an scéal ach ní raibh dul as, i dtuairim na gcomhaltaí, ach gníomhú mar sin ó tharla nár tugadh feidhm do na moltaí sin cheana.


6.2.1 Rinneadh go leor plé roimhe seo faoin nGaeilge agus a cur chun cinn in imeachtaí na bPáirtithe Polaitíochta agus is gá na moltaí atá déanta ina leith a chur i bhfeidhm má táthar chun toradh fiúntach a bhaint amach i dTithe an Oireachtais. Mar sin, caithfear díriú ar an leibhéal polaitiúil i dtús báire agus is chun na críche sin atá na moltaí ina dhiaidh seo déanta.


6.2.2 Chun aitheantas ceart a thabhairt do pholasaithe a bPáirtithe i dtaobh na Gaeilge tá na comhaltaí den tuairim gur cheart do gach ceannaire iarracht mhacánta a dhéanamh chun líofacht bhunúsach sa Ghaeilge a bhaint amach laistigh d’achar réasúnta ama. Aithníonn na comhaltaí go raibh ceannairí ann roimhe seo nach raibh an oiread sin Gaeilge acu ach sa lá atá inniu ann níl aon bhac ar dhuine ar bith chun an teanga a fhoghlaim ag féachaint don réimse áiseanna teagaisc anleathan atá ar fáil.


6.2.3 Dá mbeadh suim ar leith á léiriú ag na ceannairí ar na Páirtithe sa Ghaeilge tá seans maith ann go spreagfaí Airí agus urlabhraithe chun a gcumas sa teanga a fheabhsú. Caithfidh sé sin tarlú i ndáiríre má tá an teanga chun maireachtáil laistigh de na Tithe.


6.2.4 Bíonn tionchar nach beag ag na Páirtithe ar na Comhaltaí a ainmnítear chun dul i gceannas sa dá Theach agus ar na cúntóirí a bheidh acu. Is poist an-tábhachtach iad siúd agus ba cheart, i dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste, go gcuirfí san áireamh, inter alia, líofacht sa Ghaeilge nuair atá daoine á n-ainmniú dóibh.


6.2.5 Mura mbeadh an Ghaeilge go flúirseach acu siúd a roghnófaí chun dul i gceannas sna Tithe d’fhéadfaidís freastal ar chúrsaí chun a gcumas sa teanga a fheabhsú nó úsáid a bhaint as áis teagaisc éigin eile.


6.2.6 Tugtar óráidí móra a bhfuil bonn polaitiúil fúthu go rialta sna Tithe e.g. díospóireachtaí ar an Athló ag deireadh gach Téarma. Chun áit fheiceálach a thabhairt don teanga b’fhiú sliocht a bheith i nGaeilge i ngach óráid mar sin faoi ábhar a bhfuil tábhacht leis.


6.3.1 Le tamall fada ní raibh mórán Gaeilge in úsáid in obair na dTithe ach tá athrú ag teacht ar an scéal sin le blianta beaga anuas. Ní leor fós an méid Gaeilge atá in úsáid agus is chun tuilleadh feabhais a chur ar an scéal sin atá na moltaí ina dhiaidh seo dírithe.


6.3.2 Rinneadh moltaí cheana faoin nGaeilge a bheith in úsáid in óráidí sna Tithe ach níor tugadh mórán airde orthu. Is trua gurb amhlaidh an scéal. Caithfidh an Ghaeilge a bheith le cloisteáil go rialta in óráidí agus tá dualgas ar Airí agus ar urlabhraithe ó na Páirtithe eile ach go háirithe chun treoir a thabhairt do na Comhaltaí den dá Theach.


6.3.3 I dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste ba cheart go mbeadh sciar suntasach as Gaeilge i ngach óráid mhór a thugann Airí agus urlabhraithe sa dá Theach. Níor cheart go mbeadh a leithéid ann ar mhaithe leis sin amháin: ba chóir go mbeadh fiúntas ar leith leis an bpíosa i ngach cás agus gan é a bheith luaite sa chuid sin den óráid a bheadh á thabhairt i mBéarla. Chothódh a leithéid nós faoi úsáid na Gaeilge ar mhaithe le nithe fiúntacha ar bhonn rialta.


6.3.4 Luadh roimhe seo gurbh fhearr go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil ag na comhaltaí atá i gceannas sa dá Theach. B’fhiú nós a chothú chomh maith go mbeadh comhaltaí le Gaeilge san áireamh sa róta chun an Chathaoir a ghlacadh le linn díospóireachtaí i nGaeilge dá mba ghá.


6.3.5 Nuair atáthar ag caint faoi nósanna imeachta na dTithe ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar Thráth na gCeisteanna sa Dáil. Rinneadh moltaí sonracha cheana faoin ábhar seo ach níor tugadh mórán airde orthu. Ag breathnú siar ar na moltaí sin is léir go mb’fhéidir go raibh siad beagáinín ardaidhmeannach agus gurb shin an chúis nár tugadh feidhm dóibh. Mar sin, is gá breathnú ar chúrsaí athuair agus tar éis dóibh é sin a dhéanamh tá na comhaltaí sásta go mbeadh fiúntas leis na moltaí seo a leanas ó thaobh na Gaeilge de:


(a)go ndéanfadh gach Teachta iarracht chun Ceist Dála amháin a chur síos i nGaeilge faoi ábhar ar bith gach seachtain.


Moladh é seo cheana agus is fiú é a mholadh arís go háirithe má bhíonn seirbhísí tacaíochta ar fáil do Chomhaltaí (féach ina dhiaidh seo);


(b)go mbeadh cead ag Comhaltaí chun Ceist Dála bhreise a chur isteach sa chrannchur gach lá


Níor tugadh aird ar an moladh seo cheana agus is trua gurb amhlaidh an scéal ó tharla gur togra fiúntach atá ann a thugann spreagadh dearfach do Comhaltaí sin an chúis go bhfuil sé á mholadh arís;


(c)go bhféadfaí Ceist Dála bhreise ar sonraíodh Uain di a chur síos gach lá ach í a bheith i nGaeilge; agus


(d)go ndéanfadh gach Teachta atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta tréan-iarracht chun oiread Ceisteanna Dála, a bhaineann le muintir na Gaeltachta, agus is féidir a chur síos i nGaeilge. Bhainfeadh na Ceisteanna sin le gach cineál ábhair a bhainfeadh lena ngnáthshaol.


6.3.6 Tá tábhacht ar leith le Riar na hOibre i ngach Teach agus tá na comhaltaí den tuairim gurbh fhiú nós a chothú faoi roinnt Gaeilge a úsáid gach lá nuair atá an t-ábhar sin faoi chaibidil. Níl sé ró-dheacair nós d’aon saghas a chothú agus b’fhiú iarracht a dhéanamh chun é sin a bhaint amach sa chás áirithe seo. D’fhéadfadh na ceannairí ar na Páirtithe an cheist seo a shocrú eatarthu féin.


6.3.7 Gach lá a bhíonn an dá Theach ag suí bhíonn Díospóireacht ar an Athló. Mar spreagadh do Chomhaltaí b’fhiú go mbeadh an nós ann go mbeadh an Díospóireacht ar an Athló i nGaeilge — faoi ábhar ar bith — lá amháin as gach fiche, abair, nó dhá uair nó trí i ngach Téarma. Mheallfadh a leithéid Comhaltaí chun níos mó Gaeilge a úsáid.


6.4.1 Luadh seirbhísí tacaíochta do Chomhaltaí roimhe seo agus is ar an ngné thábhachtach sin de chúrsaí na dTithe a thugtar aghaidh anois.


6.4.2 Is deacracht mhór í do Chomhaltaí nuair nach bhfuil seirbhísí bunúsacha ar fáil dóibh as Gaeilge. Is é atá i gceist leis sin ná seirbhís chun ábhair d’óráidí, Ceisteanna Dála agus mar sin de a ullmhú i nGaeilge agus chun obair atá déanta cheana a sheiceáil. Moladh roimhe seo gurbh fhiú do na Páirtithe a leithéid a sholáthar ach anuas air sin ba cheart go mbeadh seirbhís ar fáil i dTeach Laighean.


6.4.3 Chun seirbhísí cearta a sholáthar do Chomhaltaí moltar go nglacfaí leis na céimeanna seo a leanas:


(a)go mbeadh seomra ar leith le fáil ar bhonn lán-aimseartha ar mhaithe le gach a bhaineann leis an nGaeilge. Tá seomra ar fáil ar bhonn páirtaimseartha faoi láthair ach ní leor é sin chun feidhm a thabhairt do na moltaí atá ina dhiaidh seo;


(b)go mbeadh foireann oifigiúil ar fáil sa seomra a luaitear roimhe seo chun cabhrú le Comhaltaí óráidí oifigiúla, ráitis oifigiúla, tairiscintí don dá Theach agus Ceisteanna Dála a ullmhú. Meastar gur leor beirt .i. aistritheoir agus clóscríobhaí, chun an tseirbhís sin a chur ar fáil agus níor ghá go mbeadh siad ann ach ar feadh trí huaire an chloig, b’fhéidir, trí lá sa tseachtain;


(c)go gcuirfí amach coimriú d’abairtí cuí i nGaeilge in éineacht le gach Bille a eisítear. D’ullmhaigh an Coiste Um Nós Imeachta agus Pribhléidí i Seanad Éireann a leithéid i gcás An Bhille Um Eiseachadadh (Leasú), 1987, agus ba an-smaoineamh é. Dá mbeadh sé mar ghnáthnós imeachta go gcuirfí coimriú mar sin amach i ngach cás, sa dá Theach, bheadh sé ina áis an-fhiúntach do Chomhaltaí;


(d)óna dtaithí féin agus ón méid atá curtha in iúl dóibh ag Comhaltaí eile tuigeann na comhaltaí go bhfuil deacrachtaí móra ag gabháil le comhfhreagras a fháil clóscríofa i nGaeilge toisc nach bhfuil an chlóscríbhneoireacht i nGaeilge ar a dtoil ag formhór mhór na rúnaithe atá fostaithe. Caithfear rud éigin a dhéanamh chun an fhadhb bhunúsach seo a réiteach a luaithe is féidir agus moltar go nglacfadh na húdaráis sna Páirtithe comhairle le saineolaithe údarásacha féachaint an bhféadfaí dian-chúrsa cuí a ullmhú agus a chur i bhfeidhm d’fhonn an staid reatha a fheabhsú go mór. Ba cheart go ndéanfaí socruithe i ngach Páirtí chomh maith go mbeadh rúnaí amháin nó beirt ar fáil chun obair i nGaeilge amháin a dhéanamh do Chomhaltaí .i. go mbeadh an tseirbhís sin ar fáil anuas ar an obair a dhéanfadh na rúnaithe eile; agus


(e)d’fhonn cabhrú le Comhaltaí den dá Theach go príomha, agus mar áis don phobal i gcoitinne, b’fhiú d’Airí socruithe a dhéanamh chun liostaí de théarmaí a bhaineann lena Ranna a fhoilsiú i nGaeilge. Bheadh a leithéid an-úsáideach le linn díospóireachtaí agus d’fhéadfaí úsáid a bhaint astu freisin nuair a bheadh Ceisteanna Dála á n-ullmhú.


6.4.4 Toisc go bhfuil tábhacht ar leith le labhairt na Gaeilge a chur chun cinn laistigh den dá Theach tá sé den riachtanas go mbeadh sí ar a gcumas ag formhór na gComhaltaí. Tá céatadán áirithe de na Comhaltaí a bhfuil an Ghaeilge acu cheana féin ach tuigtear do na comhaltaí den Chomhchoiste go bhfuil líon suntasach dóibh siúd nach bhfuil sí acu ach a bhfuil fonn orthu — agus atá toilteanach — í a fhoghlaim. Tá gá le gníomhaíocht ar leith chun freastal ar na Comhaltaí sin agus moltar go scrúdófaí na moltaí seo a leanas féachaint an bhféadfaí feidhm a thabhairt dóibh:


(a)ba cheart d’údaráis na dTithe comhairle a ghlacadh le saineoleann aithe teanga d’fhonn sonraíochtaí do chúrsa sa Ghaeilge, a bheadh dírithe go príomha ar obair na dTithe, a ullmhú;


(b)nuair a bheadh an tsonraíocht chuimsitheach a luaitear ag (a) roimhe seo réidh ba cheart d’údaráis na dTithe tairiscintí a lorg ó chomhlachtaí/eagrais a bheadh sásta áiseanna a sholáthar agus an cúrsa a reachtáil;


(c)nuair a bheadh na tairiscintí a luaitear roimhe seo faighte d’fhéadfaí liosta gairid a ullmhú agus tuilleadh moltaí a fháil ó na comhlachtaí/heagrais faoin bpraghas, amanna, minicíocht, modhanna múinte agus mar sin de. Is ar an gcur faoi bhráid seo a bhunófaí an cinneadh deiridh;


(d)maidir le feidhmiú na gcúrsaí glactar leis go gcaithfí iad a reachtáil lasmuigh d’uaireanta a mbeadh na tithe ina suí .i. go luath sa tseachtain nó go han-luath ar maidin; agus


(e)maidir le hairgeadú na gcúrsaí ba cheart go mbeadh na Páirtithe sásta formhór an chostais a sheasamh agus bheifí ag súil leis go mbeadh na Comhaltaí sásta sciar éigin a íoc iad féin mar chomhartha dáiríreachta. Bheadh na comhaltaí den Chomhchoiste ag súil leis chomh maith, ar ndóigh, go mbeadh cúnamh le fáil ó fhoinsí oifigiúla.


6.4.5 Tá curtha in iúl do na comhaltaí den Chomhchoiste go mbeadh suim ag Comhaltaí áirithe freastal ar dhian-chúrsaí deireadh seachtaine sa Ghaeltacht agus moltar go bhfiosrófaí an cheist seo ar an gcaoi chéanna agus a luaitear faoi na cúrsaí roimhe seo.


6.5.1 Tuigtear go forleathan an tábhacht a bhaineann leis na Coistí Oireachtais atá ag feidhmiú agus chabhródh sé go mór le stádas na Gaeilge dá mbeadh sí le feiceáil ina ngníomhaíochtaí, anois is arís, ar a laghad. Is ar na nithe a d’fhéadfadh na Coistí éagsúla a dhéanamh atá na moltaí ina dhiaidh seo dírithe.


6.5.2 Deirtear gur “beatha teanga í a labhairt” agus d’fhéadfadh na Coistí Oireachtais ábhair éagsúla a phlé i nGaeilge ó am go ham. Chruthaigh siad cheana (ar “Lá na Gaeilge”) go raibh siad in ann é sin a dhéanamh agus ní léir go bhfuil aon chonstaicí móra ann a chuirfeadh isteach air sin.


6.5.3 Nuair a ghlacann Coiste Oireachtais le tuarascáil foilsítear í i mBéarla de ghnáth i dtosach agus cuirtear amach an leagan oifigiúil i bhfoirm dhátheangach ar ball. De bharr an brú uafásach atá ar an bhfoireann i Rannóg an Aistriúcháin tógann sé tamall fada chun an leagan dátheangach a fhoilsiú agus is beag aird a thugtar don Ghaeilge faoin am sin. Chabhródh sé go mór dá mbeadh roinnt Gaeilge ón tús i ngach tuarascáil a fhoilsítear i.e. go mbeadh caibidil amháin i nGaeilge, go mbeadh coimriú ar na moltaí i nGaeilge, etc. D’fhéadfaí leathnú amach ar an nós sin diaidh ar ndiaidh.


6.5.4 Ba cheart go ndéanfadh gach Coiste Oireachtais deimhin de go mbeadh ábhar poiblíochta ar fáil i nGaeilge nuair a bheadh tuarascálacha á n-eisiúint agus faoi obair an Choiste i gcoitinne. Anuas air sin b’fhiú go maith do gach Coiste comhalta a ainmniú chun plé go sonrach leis na meáin chumarsáide i nGaeilge faoi gach a bhaineann leis an obair atá idir lámha.


6.6.1 Baineann na moltaí atá déanta roimhe seo leis na Comhaltaí den dá Theach go príomha. Caithfear aird a thabhairt chomh maith ar na hoifigigh de gach saghas atá ag feidhmiú sna Tithe agus is leo siúd a bhaineann na moltaí ina dhiaidh seo.


6.6.2 Is dócha go bhféadfaí breathnú air mar rud beag ach is gné antábhachtach é an chaoi ina bhfreagraítear na teileafóin. Faoi láthair úsáidtear “Leinster House” ach ní fheictear cúis ar bith nach bhféadfaí an nós sin a athrú go dtí “Tithe an Oireachtais” nó, fiú, “Oireachtas” agus moltar go ndéanfaí amhlaidh láithreach.


6.6.3 Tá go leor grúpaí ar leith ag feidhmiú i dTithe an Oireachtais a d’fhéadfaí cúrsaí speisialta i nGaeilge a eagrú dóibh. Mar shampla, tugtar an-seirbhís trí Ghaeilge san oifig fáilte ach tá oifigí eile ann a d’fhéadfaí snas a chur ar a gcuid seirbhísí. B’fhiú d’údaráis na dTithe comhairle a ghlacadh le Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí faoi chúrsa a d’fhéadfaí a chur ar bun do ghrúpaí ar leith — mar shampla iad siúd a mbíonn plé sonrach acu leis an bpobal agus le Comhaltaí. Ar ndóigh, bheadh aon chúrsaí mar sin de bhreis ar na gnáth-chúrsaí a chuirtear ar fáil.


6.6.4 Caithfidh sé bheith mar aidhm mheán-tréimhseach go mbeadh duine amháin ar a laghad i ngach oifig — lasmuigh de na hoifigí fáilte ina mbeadh líon níos mó ná sin i gceist — chun plé le gnó trí Ghaeilge. Chun na críche sin caithfear a dheimhniú go dtabharfar gach deis don fhoireann chun freastal ar chúrsaí éagsúla de chuid Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí.


6.6.5 Leag an Comhchoiste a bhí ag feidhmiú sa 24ú Dáil béim ar an nGaeilge a bheith le feiceáil ar fud na dTithe ar chomharthaí, etc. Tá feidhm tugtha d’fhormhór na moltaí a rinne siad ach tá an dá cheann seo a leanas fós le cur i gcrích, eadhon;


(a)comharthaí soiléire a chrochadh sna hoifigí fáilte éagsúla ag tabhairt le fios go bhfuil fáilte roimh ghnó trí Ghaeilge; agus


(b)irisí reatha i nGaeilge le bheith ar fáil sa seomra feithimh in áit fheiceálach.


Ba cheart feidhm a thabhairt don dá mholadh sin gan a thuilleadh moille.


6.6.6 Sa dara tuarascáil ón gComhchoiste roimhe seo tugadh cur síos mion ar an obair a bhí ar siúl ag Rannóg an Aistriúcháin agus na deacrachtaí a bhí ag cur isteach uirthi. Moladh go gcuirfí tuilleadh foirne ar fáil mar bheart an-phráinneach. Is cúis mhór dhíomá í do na comhaltaí den Chomhchoiste seo nár tugadh aon aird ar an moladh sin. Tá an líon oibre fós ag dul i méid, tá an éigeandáil ag éirí níos criticiúla an t-am ar fad agus tá gá le gníomh dearfach chun an scéal a leigheas. Aithnítear go bhfuil deacrachtaí maidir le cúrsaí foirne san earnáil phoiblí i gcoitinne agus caithfear aird a thabhairt don mhéid sin nuair a bhedh an cheist á scrúdú. Bíodh sin mar atá caithfear na deacrachtaí a bhaineann le Rannóg an Aistriúcháin a shárú: tá an obair a bhíonn ar siúl sa Rannóg sin róthábhachtach chun faillí a dhéanamh di.


6.7.1 Sna moltaí go dtí seo bhí béim á leagan ar ghnó oifigiúil na dTithe. Tá páirt nach beag ag na meáin chumarsáide san obair sin go hindíreach agus meastar gur mithid tacú leis na moltaí ina dhiaidh seo faoin ábhar sin.


6.7.2 Eascraíonn na moltaí ina dhiaidh seo as cruinnithe a bhí ag an gComhchoiste a bhí ag feidhmiú sa 24ú Dáil le hionadaithe ó na meáin chumarsáide — go háirithe na nuachtáin náisiúnta. Luaigh na hionadaithe ó na meáin chumarsáide go bhfuil sé deacair teacht ar iriseoirí cáilithe a bhfuil an Ghaeilge acu agus mhol siad:


(a)gurbh fhiú ciste speisialta a chur ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh d’iriseoirí faoi oiliúint fhad is atá siad ag foghlaim na ceirde; agus


(b)gurbh fhiú scoláireachtaí chun na Gaeltachta, d’fhonn freastal ar dhian-chúrsaí Gaeilge, a bhronnadh ar líon áirithe iriseoirí faoi oiliúint gach bliain.


Níl locht ag na comhaltaí den Chomhchoiste ar na moltaí sin agus meastar go gcabhródh siad go mór chun tuiscint a mhúscailt sa Ghaeilge i measc na n-iriseoirí i gcoitinne.


6.8.1 Tá sé tábhachtach go smaoineofaí ar an ngné shóisialta a bhaineann le hobair na dTithe chomh maith. Bíonn na Comhaltaí agus an fhoireann i dteagmháil lena chéile go rialta agus d’fhéadfaí ócáidí mar sin a úsáid chun roinnt Gaeilge, ar a laghad, a labhairt. Tarlaíonn a leithéid cheana féin go dtí leibhéal áirithe agus níor cheart go mbeadh sé ródheacair tógáil air sin ach tabhairt faoi le fonn agus le fuinneamh.


6.8.2 D’fhonn cabhrú leis an gcaidreamh sóisialta i nGaeilge b’fhiú smaoineamh ar Chumann Gaelach a bhunú i dTeach Laighean. Tá cumainn mar sin ann cheana féin d’ábhair eile e.g. galf, agus níor cheart go mbeadh sé ródheacair a leithéid a bhunú ar mhaithe leis an nGaeilge. D’fhéadfadh gach duine i dTeach Laighean páirt a ghlacadh ina leithéid agus taitneamh a bhaint as.


6.9.1 Tá sé mar nós ag an bpobal cuairt a thabhairt ar Thithe an Oireachtais agus glactar leis go mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil ag céatadán áirithe de na cuairteoirí sin. Ba chóir dóibh siúd gnó a dhéanamh le Comhaltaí agus leis an bhfoireann i nGaeilge, oiread agus is féidir, chun a léiriú go soiléir go bhfuil éileamh ar a leithéid.


6.9.2 Is faoi scáth na gComhaltaí den dá Theach a thagann na cuairteoirí agus tá dualgas orthu siúd a mhíniú dóibh go bhfuil fáilte roimh Ghaeilge. Ba chóir do Chomhaltaí a mhíniú do chuairteoirí an seasamh atá ag an nGaeilge sna Tithe faoi na Buan-Orduithe agus faoi na céimeanna atá ar bun chun an Ghaeilge a chur chun cinn sna gníomhaíochtaí uile atá ar siúl i dTeach Laighean.


7. AN COMHCHOISTE AGUS AN TODHCHAÍ

7.1.1 Sa ghearr-théarma — agus sa mheán-téarma, más gá — tá beartaithe ag na comhaltaí díriú ar cheist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Sin an cheist is práinní i dtuairim na gcomhaltaí mar, munar féidir dul chun cinn a dhéanamh ansin, is ar éigean gurbh fhiú bheith ag cur ina luí ar phobal na tíre i gcoitinne an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge.


7.1.2 Toisc go bhfuil ceist na Gaeilge sna Páirtithe agus sa chóras polaitiúil i gcoitinne fite fuaite le cúrsaí na dTithe is gá súil ghéar a choinneáil uirthi sin chomh maith. Sa chuid seo den tuarascáil déanfar cur síos ar na bealaí atá beartaithe chun é sin a dhéanamh agus ar na céimeanna ginearálta atá i gceist a ghlacadh ina leith.


7.2.1 Rinneadh moltaí cheana faoi chur chun cinn na teanga i dTithe an Oireachtais agus leagadh amach teorainn ama do gach ceann díobh. De bharr cúinsí éagsúla níor cuireadh roinnt moltaí i gcrích faoi réir na dteorainneacha ama agus i gcásanna eile níor tugadh feidhm dóibh in aon chor. Mar sin, níl beartaithe teorainneacha ama a leagan síos maidir leis na moltaí a rinneadh sa chaibidil roimhe seo.


7.2.2 Tá beartaithe faireacht a dhéanamh go rialta ar fheidhmiú na moltaí a rinneadh agus céimeanna cuí a ghlacadh mura bhfuil an dul chun cinn ina leith sásúil. Chun na críche sin beidh na comhaltaí den Chomhchoiste ag ullmhú tuarascáil bhliantúil feasta agus beidh cur síos mion inti faoi na deacrachtaí nó an dul chun cinn, cibé acu a thiteann amach. De bharr na tábhachta a bhainfeadh le tuarascáil bhliantúil mar sin tá na comhaltaí go láidir den tuairim gur cheart go bpléifí í sa dá Theach chomh luath agus a bheadh sé sin caoithiúil.


7.3.1 Dealraíonn sé do chomhaltaí go bhféadfaí feidhm a thabhairt do mholtaí atá déanta faoi cheist na dTithe i réimsí eile ina bhfuil ionadaithe tofa páirteach — mar shampla:


(a)Comhairlí Contae;


(b)Boird Sláinte; agus


(c)Údaráis Áitiúla Ilghnéitheacha.


Sa bhliain atá romhainn tá na comhaltaí dóchasach go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar an ngné seo agus moltaí fiúntacha a ullmhú ina leith.


7.4.1 Tá ról na bPáirtithe Polaitíochta lárnach don obair go léir atá leagtha amach ag na comhaltaí agus caithfidh siad siúd páirt ghníomhach a ghlacadh inti. Mura bhfuil siad sásta a gcuid struchtúr a leasú go coinsiasach agus go suntasach agus céimeanna dearfacha a ghlacadh i dtaobh na Gaeilge ní fiú na hiarrachtaí eile a dhéanamh mar ní bheidh an rath ceart orthu san fhad-téarma.


8. CRÍOCH

8.1.1 Nuair a chuaigh an Comhchoiste don Ghaeilge a bhí ag feidhmiú sa 24ú Dáil i mbun oibre cuireadh tús le feachtas chun an áit ba dhual di a thabhairt don Ghaeilge i dTithe an Oireachtais. Bhí an Ghaeilge ar lag trá sna Tithe an t-am sin ach ag éirí as iarrachtaí na gcomhaltaí den Chomhchoiste sin tháinig feabhas suntasach ar stádas na teanga.


8.1.2 Tar éis do na comhaltaí den Chomhchoiste seo dul i mbun gnó shocraigh siad go luath go gcaithfí aird ar leith a thabhairt do cheist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus d’aithin siad go raibh sé antábhachtach go mbeadh leanúnachas san obair sin. Cinneadh mar sin go leanfaí leis na céimeanna a bhí beartaithe ag na comhaltaí a bhí ag feidhmiú rompu agus is í an tuarascáil seo toradh an tsaothair.


8.1.3 Ath-rá atá i gcuid de na moltaí atá sa tuarascáil seo, ar ndóigh, toisc nár tugadh feidhm dóibh cheana. Anuas air sin tá go leor moltaí as an nua inti agus tá iarracht speisialta déanta ag na comhaltaí chun béim a leagan ar nithe a bheadh so-oibrithe agus praiticiúil — ní fiú moltaí a dhéanamh mura bhfuil siad amhlaidh.


8.2.1 Tá béim nach beag leagtha sa tuarascáil seo ar thábhacht na bPáirtithe Polaitíochta i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge. I dtuairim na gcomhaltaí den Chomhchoiste caithfidh na Páirtithe Polaitíochta gníomh dearfach, feiceálach a dhéanamh i dtaobh na teanga láithreach. Ní fiú dóibh aon rud eile a dhéanamh toisc go bhfuil ré na cainte i bhfad thart agus go bhfuil ré na gníomhaíochta buailte linn.


8.2.2 Is gá do na Páirtithe Polaitíochta beart a dhéanamh de réir a mbriathra anois má tá an Ghaeilge le maireachtáil agus chun dul i dtreise. Tá an rogha ag na Páirtithe an Ghaeilge a chur chun cinn faoi mar a luaitear roimhe seo nó ligint di dul i léig. Caithfear cinneadh dearfach a dhéanamh anois: b’fhéidir nach mbeidh aon rogha ann amach anseo.


(Sínithe) TOMÁS MAC GEARAILT


An Seanadóir Tomás Mac Gearailt


Cathaoirleach.


12 Bealtaine 1988.