Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1984::15 March, 1988::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN COISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 6 Samhain, 1986

Thursday, 6th November, 1986

1. Cruinnigh an Coiste ar 10 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta D. Ó Foghlú (i gCeannas), na Teachtaí M. Ó hEachtáirn, C. Ó Crotaigh, D. Ó Liatháin, B. Mac Gaoithin, G. De Mhistéal, L. Ó Neachtain agus S. Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1984.


Athchromadh ar breithniú na gCuntas Leithreasa don bliain 1984. Criochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Roinn na Gaeltachta, Tionscal, Tráchtáil agus Turasóireacht.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh: A. Bean Dháibhis (Runaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), S. Olden (Runaí, Roinn na Gaeltachta), S. Réamonn (An Roinn Airgeadais), S. Ó Domhnalláin (Runaí, An Roinn Tionscail, Tradálá, Tractála agus Turasóireachta), P. Hiobárd (An Roinn Airgeadais), P. L. Mac Domhnaill (An t-Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste).


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10 p.m. go dtí 9.30 a.m. Dé Céadaoin 12 Samhain, 1986.