|
IMEACHTAÍ AN COISTEProceedings of the CommitteeDéardaoin, 5 Samhain, 1987Thursday, 5th November, 19871. Cruinnigh an Coiste ar 11.30 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta G. De Mhistéal (i gCeannas), na Teachtaí A. Ní Cholla, C. Ó Crotaigh, N. N. Ó Díomasaigh, D. Ó Foghlú, M. P. Ó Ceit agus L. Ó Neachtain. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1984. Talmhaíocht — Bhreithnigh an Coiste aighneacht bhéil ó Chumann Soláthróidí Bainne Uachtarlainne na hÉireann faoi Scriosadh Eitinne. Athchromadh ar breithniú na gCuntas Leithreasa don bliain 1984. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, na Priosúin, na Cúirteanna, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas. 4. Finnéithe a Ceistíodh. Ceistíodh: S. Ó Ceallaigh (Uachtaráin, Cumann Solathóirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann), D. Ó Murchú (Runaí, Ginearálta, Cumann Solathóirí Bainne Uachtarlainne na h-Éireann), T. Ó Conchubhair (Comhalta), C. Ó Doláin (Eacnamaí), D. Ó Maitiú (Runaí, An Roinn Dlí agus Cirt), S. Ó Gríofa (An Roinn Seirbhíse Poiblí), P. L. Mac Domhnaill (An tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste). 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí 11 a.m. |
||||||||||||