|
IMEACHTAÍ AN COISTEProceedings of the CommitteeDé Céadaoin, 9 Mean Fómhair, 1987Wednesday, 9th September, 19871. Cruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta G. De Mhistéal (i gCeannas), na Teachtaí M. Ó hEachtáirn, A. Ní Cholla, C. Ó Crotaigh, N. Ó Díomasaigh, B. Deasún, D. Ó Foghlú, M. P. Ó Ceit agus L. Ó Neachtain. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1984. Athchromadh ar breithniú na gCuntas Leithreasa don bliain 1984. Criochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tithe an Oireachtas agus Tionól na hEorpa, Luacháil agus Súirbhéireacht an Ordnais. Chuireadh breithniú breise ar an gcuntas seo a leanas ar athló:— Oifig an Aire Airgeadais. 4. Finnéithe a Ceistíodh. Ceistíodh: E. Rayel (Cléireach na Dála), J. Mac Airt (Coimisiún Luachtála), S. Cromien (Runaí, an Roinn Airgeadais) P. L. MacDomhnaill (An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste). 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Céadaoin 23 Mean Fómhair, 1987. |
||||||||||||