Committee Reports::Report No. 03 - Survey amongst the Members of the Houses of the Oireachtas in connection with the Irish language::20 July, 1988::Appendix

AGUISÍN D

COIMRIÚ AR NA MOLTAÍ SA DARA TUARASCÁIL - MOLTAÍI nDÁIL LE CUR CHUN CINN NA GAEILGE I dTITHE AN OIREACHTAIS AGUS LAISTIGH DE NA PÁIRTITHE POLAITÍOCHTA

A. An Ghaeilge agus na Páirtithe Polaitíochta

1. Ba cheart d’Uachtarán gach Páirtí an Ghaeilge a úsáid oiread agus is féidir ina ghnáthimeachtaí.


2. Mura bhfuil an Ghaeilge go flúirseach ag an Uachtarán níor cheart go mbeadh náire air freastal a dhéanamh ar dhian-chúrsa Gaeilge chun a chumas a fheabhsú.


3. Ba cheart go nglacfadh Coistí Feidhmiúcháin i ngach Páirtí na cúraimí seo a leanas chucu féin i dtaobh na Gaeilge, eadhon:


(a)a chinntiú go mbeadh polasaí cuimsitheach ag an bPáirtí i dtaobh na Gaeilge agus go mbeifear ag iarraidh an polasaí sin a chur chun cinn go dearfach;


(b)deimhin a dhéanamh de nach mbeidh droch-thionchar ag polasaithe eile an Pháirtí ar an nGaeilge;


(c)ceannasaíocht i dtaobh na teanga a thaispeáint do leibhéil eile sa Pháirtí trí chruinnithe — nó cuid díobh ar a laghad — a reachtáil trí Ghaeilge go rialta; agus


(d)treoirlínte a leagan síos agus comhairle a chur ar na leibhéil eile sa Pháirtí maidir le cúrsaí teanga.


4. D’fhéadfadh na Páirtithe Parlaiminteacha gníomh a dhéanamh ar roinnt bealaí mar seo a leanas, eadhon:


(a)ba cheart do na Comhaltaí oiread Gaeilge agus is féidir leo a úsáid laistigh den dá Theach;


(b)ba cheart do na hoifigigh (e.g. Cathaoirleach agus Rúnaí) gach is féidir leo a dhéanamh chun atmaisféar dátheangach a chothú laistigh de na Páirtithe Parlaiminteacha; agus


(c)chun a chumasú do Chomhaltaí den dá Theach óráidí, etc., a ullmhú i nGaeilge, b’fhiú do na Páirtithe Parlaiminteacha a iarraidh ar na ceannárais socruithe a dhéanamh chun seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil dóibh


5. Ní mór atmaisféar a bheadh fabhrach don Ghaeilge a chothú i gceannárais na bPáirtithe trí fhógraí agus nótaí dátheangacha a chrochadh agus deimhin a dhéanamh de go mbeadh daoine ar fáil chun gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.


6. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil i ndoiciméid uile na bPáirtithe a eisítear ó na ceannárais — go háirithe na cinn a théann go dtí an pobal.


7. Ba cheart go ndéanfadh na Páirtithe roinnt oibre poiblíochta i nGaeilge nó, ar a laghad, ar bhonn dátheangach.


8. Ba cheart go mbeadh seirbhísí mar seo a leanas le fáil in gach ceannáras:


(a)seirbhís chun litreacha, óráidí agus ráitis a scríobh agus a chló i nGaeilge;


(b)seirbhís chun gnó teileafóin a dhéanamh trí Ghaeilge; agus


(c)seirbhís eolais i nGaeilge i.e. bróisiúir, foirmeacha, etc. i nGaeilge (nó dátheangach) a bheith ar fáil.


9. Ba cheart go nglacfadh Oifigigh agus Urlabhraithe na bPáirtithe na céimeanna seo a leanas ina ngnáthimeachtaí, eadhon:


(a)a thabhairt le fios trí chomharthaí agus eile, go bhfáiltíonn siad roimh Ghaeilge faoi ghnó ar bith ag am ar bith;


(b)deiseanna a ghlacadh chun an Ghaeilge a úsáid — mar shampla nuair atá óráidí á dtabhairt; agus


(c)áit fheiceálach a thabhairt don Ghaeilge in imeachtaí uile na bPáirtithe — idir ghnó agus shóisialta — a bhfuil baint acu leo.


10. Ba cheart go gcuirfí san áireamh, inter alia, líofacht sa Ghaeilge nuair atá daoine á n-ainmniú chun dul i gceannas sa dá Theach.


11. Ba cheart go mbeadh sliocht i nGaeilge in aon óráidí móra a bhfuil bonn polaitiúil fúthu a thugtar sna Tithe e.g. Díospóireachtaí ar an Athló ag deireadh Téarma.


B. An Ghaeilge agus an obair i dTithe an Oireachtais

1. Ba cheart go meadh sliocht suntasach as Gaeilge i ngach óráid mhór a thugann Airí agus Urlabhraithe ó na Páirtithe eile sa dá Theach. Ní mór fiúntas ar leith a bheith leis an sliocht i ngach cás agus gan é a bheith luaite sa chuid sin den óráid a bheadh á thabhairt i mBéarla.


2. B’fhiú nós a chothú go mbeadh Comhaltaí le Gaeilge san áireamh sa róta chun an Chathaoir a ghlacadh le linn díospóireachtaí i nGaeilge más gá.


3. Ba cheart na moltaí seo a leanas a chur i bhfeidhm i dtaobh Tráth na gCeisteanna, eadhon:


(a)go ndéanfadh gach Teachta iarracht chun Ceist Dála amháin a chur síos i nGaeilge faoi ábhar ar bith gach seachtain;


(b)go mbeadh cead ag Comhaltaí chun Ceist Dála bhreise a chur isteach sa chrannchur gach lá ach í a bheith i nGaeilge;


(c)go bhféadfaí Ceist Dála bhreise ar sonraíodh Uain di a chur síos gach lá ach í a bheith i nGaeilge; agus


(d)go ndéanfadh gach Teachta atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta tréan-iarracht chun oiread Ceisteanna Dála agus is féidir faoi chursaí a bhaineann le muintir na Gaeltachta a chur síos i nGaeilge.


4. Ba cheart nós a chothú sa dá Theach faoi roinnt Gaeilge a úsáid gach lá nuair atá Riar na hOibre faoi chaibidil.


5. Ba cheart go mbeadh nós ann go mbeadh an Díospóireacht ar an Athló—faoi ábhar ar bith — i nGaeilge lá amháin as gach fiche, ábair, nó dhá uair nó trí i ngach Téarma.


C. Seirbhísí Tacaíochta i nGaeilge do Chomhaltaí den dá Theach

1. Ba cheart go mbeadh na seirbhísí tacaíochta seo a leanas ar fáil do Chomhaltaí den dá Theach, eadhon:


(a)seomra ar leith le bheith ar fáil ar bhonn lán-aimseartha ar mhaithe le gach a bhaineann leis an nGaeilge;


(b)go mbeadh foireann oifigiúil ar fáil sa seomra a luaitear roimhe seo chun cabhrú le Comhaltaí óráidí oifigiúla, ráitis oifigiúla, tairiscintí don dá Theach agus Ceisteanna Dála a ullmhú;


(c)go gcuirfí amach coimriú d’abairtí cuí i nGaeilge in éineacht le gach Bille a d’eiseofaí;


(d)go nglacfadh na húdaráis sna Páirtithe comhairle le saineolaithe údarásacha féachaint an bhféadfaí dian-chúrsa sa chlóscríbhneoireacht i nGaeilge a ullmhú agus a chur i bhfeidhm do rúnaithe na gComhaltaí;


(e)go ndéanfadh gach Páirtí deimhin de go mbeadh Rúnaí nó beirt ar fáil chun obair i nGaeilge amháin a dhéanamh do Chomhaltaí i. anuas ar na rúnaithe eile; agus


(f)go n-ullmhófaí liostaí de théarmaí a bhaineann le hobair na Ranna/nOifigí Stáit uile agus iad a fhoilsiú i nGaeilge.


2. Chun freastal a dhéanamh ar na Comhaltaí den dá Theach a theastaíonn uathu an Ghaeilge a fhoghlaim ach go háirithe ba cheart go scrúdófaí na moltaí seo a leanas, eadhon:


(a)ba cheart d’údaráis na dTithe comhairle a ghlacadh le saineolaithe teanga d’fhonn sonraíochtaí do chúrsa sa Ghaeilge, a bheadh dírithe go príomha ar obair na dTithe, a ullmhú;


(b)nuair a bheadh an tsonraíocht chuimsitheach a luaitear ag (a) roimhe seo réidh ba cheart d’údaráis na dTithe tairiscintí a lorg ó chomhlachtaí/eagrais a bheadh sásta áiseanna a sholáthar agus an cúrsa a reachtáil; agus


(c)nuair a bheadh na tairiscintí a luaitear roimhe seo faighte d’fhéadfaí liosta gairid a ullmhú agus tuilleadh moltaí a fháil ó na comhlachtaí/heagrais faoin bpraghas, amanna, minicíocht, modhanna múinte agus mar sin de. Is ar an gcur faoi bhráid sin a bhunófaí an cinneadh deiridh.


3. Ba cheart go ndéanfaí fiosrúcháin faoi dhian-chúrsaí deireadh seachtaine sa Ghaeltacht ar an gcaoi chéanna agus a luaitear faoi na cúrsaí teagaisc roimhe seo.


D. An Ghaeilge agus na Coistí Oireachtais

1. Ba cheart do Choistí Oireachtais ábhair éagsúla a phlé i nGaeilge ó am go ham.


2. Ba chóir do Choistí Oireachtais a chinntiú go mbeadh roinnt Gaeilge ón tús i ngach tuarascáil a fhoilsítear.


3. Ba cheart go ndéanfadh gach Coiste Oireachtais deimhin de go mbeadh ábhar poiblíochta ar fáil i nGaeilge nuair a bheadh tuarascálacha á n-eisiúnt agus faoi obair an Choiste i gcoitinne.


4. B’fhiú do gach Coiste Oireachtais comhalta a ainmniú chun plé go sonrach leis na meáin chumarsáide i nGaeilge faoi gach a bhaineann leis an obair atá idir lámha.


E. Foireann na dTithe agus an Ghaeilge

1. Ba cheart go bhfreagrófaí na teileafóin i dTeach Laighean le “Tithe an Oireachtais” nó “Oireachtas” feasta .i. Gaeilge a úsáid seachas Béarla.


2. Ba chóir d’údaráis na dTithe comhairle a ghlacadh le Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí faoi chúrsaí a d’fhéadfaí a chur ar bun do shain-ghrúpaí.


3. Sa mheán-tréimhse ba cheart go mbeadh sé mar aidhm go mbeadh duine amháin ar a laghad i ngach oifig — lasmuigh de na hoifigí fáilte ina mbeadh níos mó ná sin i gceist — chun plé le gnó trí Ghaeilge.


4. Caithfidh údaráis na dTithe a dheimhniú go dtabharfar gach deis don fhoireann chun freastal ar chúrsaí éagsúla de chuid Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí.


5. Ní mór comharthaí soiléire a chrochadh sna hoifigí fáilte éagsúla ag tabhairt le fios go bhfuil fáilte roimh ghnó trí Ghaeilge.


6. Ba chóir go mbeadh irisí reatha i nGaeilge ar fáil sa seomra feithimh in áit fheiceálach ag am ar bith a bhíonn cuairteoirí istigh ann.


7. Caithfear tuilleadh foirne a earcú do Rannóg an Aistriúcháin mar bheart an-phráinneach.


F. Na Meáin Chumarsáide agus an Ghaeilge

1. B’fhiú go gcuirfí ciste speisialta ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh d’iriseoirí faoi oiliúint fhad is atá siad ag foghlaim na ceirde.


2. B’fhiú scoláireachtaí chun na Gaeltachta a bhronnadh ar líon áirithe iriseoirí faoi oiliúint gach bliain chun a chumasú dóibh freastal a dhéanamh ar dhian-chúrsaí Gaeilge.


G. Caidreamh Sóisialta agus an Pobal

1. Chabhródh sé go mór le cur chun cinn na Gaeilge i dTeach Laighean i measc na gComhaltaí agus na foirne dá mbunófaí Cumann Gaelach ann.


2. Ba chóir do Chomhaltaí cuairteoirí chun na dTithe a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid oiread agus is féidir.


3. Ba chóir do Chomhaltaí a thabhairt le fios do chuairteoirí go bhfuil fáilte roimh Ghaeilge agus ní mór a mhíniú dóibh chomh maith faoin seasamh atá ag an nGaeilge sna Tithe faoi na Buan-Orduithe agus faoi na céimeanna atá ar bun chun an teanga a chur chun cinn.