Committee Reports::Report No. 02 - Extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of the Houses::24 April, 1986::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 24 Aibreán 1986

Thursday, 24 April 1986

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.00 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:——


An Teachta Donncha Ó Gallchobhair (i gCeannas), na Teachtaí Máire Geoghegan-Quinn, Donncha Mac Fhionnlaoich, Proinnsias de Priondargást, na Seanadóirí Séamus de Brún, Mícheál Ó Loingsigh, Flor Ó Mathúna.


3. DrÉacht den dara tuarascáil faoi úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an t Seanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach


An Dréacht-Tuarascáil a Bhreithniú.


D’athchrom an Coiste ar bhreithniú na Dréacht-Tuarascála.


(i)Aontaíodh Míreanna 6 go 8 go huile.


(ii)Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil agus don Seanad.


4. Críochnú Gnó.


Críochnaíodh gnó an Choiste ar 11.30 a.m.