Committee Reports::Annual Report No. 01 - Joint Committee on the Irish Language 1985/86::16 July, 1986::Appendix

AGUISÍN C

Coimriú ar na Moltaí sa Dara Tuarascáil ón gComhchoiste don Ghaeilge faoin nGaeilge i dTithe an Oireachtais


1. Seomra agus téipthaifeadán a chur ar fáil chun a chumasú do Chomhaltaí a gcuid Gaeilge a chleachtadh le téipeanna teagaisc ón Leabharlann.


2. Gach poiblíocht is féidir a thabhairt d’imeachtaí Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí i measc na foirne feasta agus gach deis a thabhairt dóibh chun páirt iomlán a ghlacadh sna himeachtaí sin.


3. Comharthaí i nGaeilge a cur ar fáil sna Tithe láithreach.


4. Comharthaí speisialta a chur sna hoifigí fáilte ag na geataí agus i dTeach Laighean láithreach ag míniú go ndéantar gnó trí Ghaeilge iontu agus go bhfuil fáilte roimpi.


5. Go ndéanfadh na húdaráis chuí scrúdú go luath féachaint an bhféadfaí coiste forbartha don Ghaeilge a bhunú agus oifigeach freagrach a cheapadh — mar atá déanta i Ranna Stáit faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986.


6. Go gcaithfeadh gach duine a bhfuil an Ghaeilge aige/aici An Fáinne Nua go rialta.


7. Go scrúdódh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí na deacrachtaí a bhaineann leis an droch-chóras fuaime sa Dáil.


8. Go gcuirfeadh gach Comhalta a bhfuil an Ghaeilge aige/aici ceist amháin ar a laghad síos i nGaeilge gach seachtain ón gcéad seachtain de mhí an Mheithimh 1986 ar aghaidh. Idir sin agus sos an tSamhraidh ba cheart go dtógfaí ceist amháin i nGaeilge gach lá a bhíonn Tráth na gCeisteanna sa Dáil. Tar éis sos an tSamhraidh ba cheart go dtógfaí dhá cheist, ar a laghad, i nGaeilge gach lá.


9. Go dtabharfaí cead do Chomhaltaí ceist bhreise a chur isteach sa chrannchur do cheisteanna gach lá ar an tuiscint go mbeadh an cheist sin i nGaeilge.


10. Go dtógfaí ceist amháin a bhfuil deifir léi i nGaeilge ó thosach mhí an Mheithimh 1986 gach lá a bhíonn Tráth na gCeisteanna sa Dáil. D’fhéadfaí dhá cheann nó níos mó a thógáil gach lá tar éis shos an tSamhraidh.


11. Go gcuirfí ceist amháin i nGaeilge chuig an Taoiseach gach lá a mbeidh ceisteanna á bhfreagairt aige ó thosach mhí an Mheithimh 1986.


12. Go ndéanfadh an Rialtas agus na Páirtithe freasúrachta na moltaí sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 faoi óráidí a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir.


13. Go gcuirfí bunleabhair thagartha ar fáil i ngach oifig ag Comhaltaí an dá Theach roimh dheireadh 1987 ar a dhéanaí.


14. Go mbeadh leagan nua den lámhleabhar dátheangach de théarmaí a úsáidtear go coitianta sna Tithe ar fáil, ar a dhéanaí, roimh fhilleadh na gComhaltaí san Fhómhar.


15. Tá géar-ghá le méadú i líon na n-aistritheoirí agus ba cheart d’Údaráis na dTithe cead a lorg láithreach ó Roinn na Seirbhíse Poiblí chun na haistritheoirí breise a fhostú. D’fhéadfaí teacht ar an líon aistritheoirí breise a bheadh riachtanach trí shuirbhé a dhéanamh i dteannta le hoifigigh ón Rannóg Sheirbhísí Bainistíochta de chuid Roinn na Seirbhíse Poiblí go luath. Ar a dhéanaí bheifí ag súil go mbeadh na haistritheoirí breise fostaithe roimh dheireadh na bliana reatha.


16. Chun cabhrú leis na Comhaltaí den dá Theach óráidí, etc. a ullmhú ba cheart go mbeadh cúnamh teoranta, ar a laghad, ar fáil dóibh ó Rannnóg an Aistriúcháin. Bheifí ag súil go mbeadh an tseirbhís seo ar fáil ó 1 Eanáir 1987 — ar bhonn trialach i dtosach, más gá.


17. Tá géar-ghá leis na feabhsuithe seo a leanas sa chóras teangaireachta sa Dáil:


(a)seomra fuaimdhíonach a bheith ar fáil don teangaire feasta;


(b)a mhalairt de chluasáin a chur ar fáil (más féidir teacht ar a leithéid); agus


(c)cluasáin a chur ar fáil in Áiléar an Phobail.


18. Ós rud é go mbeidh mór-oibreacha á gcur i gcrích sa Seanad go luath amach anseo tá an Comhchoiste den tuairim gur mithid córas teangaireachta éifeachtach a chur isteach mar chuid de na hoibreacha sin. Ba cheart go mbeadh an córas sin curtha isteach agus ag obair roimh dheireadh na bliana 1987.


19. Go ndéanfadh na Cathaoirligh ar Choistí Oireachtais na Comhaltaí a spreagadh feasta chun beagán Gaeilge, ar a laghad, a úsáid go rialta ina gcuid imeachtaí.


20. Go gcuirfí córas teangaireachta isteach i gceann amháin, ar a laghad, de na seomraí atá ar fáil do chruinnithe de na Coistí roimh dheireadh 1987, ar a dhéanaí.


21. Go gcuirfí oiliúint agus traenáil chuí ar fáil d’oifigigh a bheidh ag plé le teangaireacht feasta mar atá ar fáil i bParlaimintí eile.


22. Go nglacfadh na húdaráis chuí sna Tithe comhairle le Roinn na Seirbhíse Poiblí láithreach faoi na deacrachtaí a bhaineann le cúrsaí tuairisceoireachta, chun teacht ar réiteach.


23. Comórtas oscailte chun closchlóscríobhaithe le Gaeilge a earcú a chur ar bun a luaithe is caothúil.


24. Go gceadófaí liúntais mhéadaithe d’fhonn mí-bhuntáistí a bhaineann le hathscríbhinní i nGaeilge a sheachaint.


25. Go gcuirfí ceist na Gaeilge san áireamh feasta agus aon trealamh, ar nós clóscríobhán, á cheannach.


IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Dé Céadaoin, 16 Iúil 1986

Wednesday, 16 July 1986

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.00 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Donncha Ó Gallchobhair (i gCeannas), na Teachtaí Donncha Mac Fhionnlaoich, Proinnsias de Priondargást, na Seanadóirí Séamus de Brún, Seán de Brún, Mícheál Ó Loingsigh, Flor Ó Mathúna.


3. Dréacht den chéad Tuarascáil bhliantúil ón gComhchoiste — 1985/86.


An Dréacht-Tuarascáil a Bhreithniú.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil faoi bhráid an Choiste a léadh mar a leanas:—


4. Aontaíodh míreanna 1 go 3 go huile.


5. Athló.


Chuir an Coiste breithniú na Dréacht-Tuarascála ar athló.


6. Fianaise a ghlacadh.


Ghlac an Coiste Fianaise ó:


An Dr. Gearóid Mac Gearailt, T.D., An Taoiseach; agus Pádraig Ó Tuathail Uasal, T.D., Aire na Gaeltachta.


7. An Dréacht-Tuarascáil a Bhreithniúatógáil.


8. Aontaíodh míreanna 4 agus 5 agus aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


9. Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil agus don Seanad.


10. Críochnú Gnó.


Críochnaíodh gnó an Choiste ar 5.30 p.m.