Committee Reports::Report No. 16 - Statutory Instruments [9]::31 July, 1985::Report

TUARASCÁIL

I RÉAMHRÁ

Ionstraimí a scrúdaíodh

1. Ón uair a d’eisigh an Comhchoiste an Tríú Tuarascáil déag uaidh, ina ndearnadh meastóireacht ar 46 Ionstraim Reachtúil, tá scrúdú déanta aige ar 9 nIonstraim Reachtúla eile a bhfuil liosta díobh i bhFoscríbhinn 1 a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Rinne Fochoiste, faoi chathaoirleacht an Teachta Muiris Ó Mainnín, scrúdú mion ar na hionstraimí sin agus admhaíonn an Fochoiste a mhéid atá sé faoi chomaoin ag an Teachta Ó Mainnín agus ag a chomhchoisteoirí mar gheall ar an dúthracht a chaith siad leis an obair.


2. I gCuid II den Tuarascáil seo tarraingíonn an Comhchoiste aird arís ar na modhanna ar a gcuirtear reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail i ngníomh, go sonrach den turas seo i ndáil le hionstraimí a bhaineann leis an gcód Tráchta Bóthair. Pléann an Comhchoiste i gCuid III le trí Ionstraim Reachtúla, ceann ar cheann.


II NA MODHANNA AR A GCUIRTEAR REACHTAÍOCHT CHOMHPHOBAIL I NGNÍOMH

3. Ag breithniú Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tiománaithe a Cheadúnú), 1984 [I.R. Uimh. 234 de 1984] don Chomhchoiste thóg sé ceisteanna áirithe leis an Roinn Comhshaoil. Tá freagra na Roinne curtha síos i bhFoscríbhinn 2 ina gcuirtear in iúl go bhfuil Treoir 80/1263/CEE ón gComhairle maidir le Ceadúnais Tiomána curtha i ngníomh i bpáirt le Rialacháin a rinneadh faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 agus i bpáirt le hAcht na gComhphobal Eorpach, 1972.


4. Sa dóú Tuarascáil is fiche1 ón gComhchoiste a ceapadh an 26 Iúil 1973 tarraingíodh aird ar na modhanna ar a gcuirtear reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail i ngníomh nuair a thug sé tuarascáil ar an scrúdú a bhí déanta aige ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trácht ar Bhóithre) (Árachas Éigeantach), 1975 (I.R. Uimh. 178 de 1975). Rinne na Rialacháin sin leasú ar an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 freisin agus is dóigh leis an gComhchoiste gurb iomchuí moltaí a réamhtheachtaí a chur síos anseo arís i ndáil le feidhmiú reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail.


“Glacann an Comhchoiste leis go bhféadfaidh rialacháin ó Aire faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, leasú a dhéanamh go dleathach ar Achtanna ón Oireachtas nó ar reachtanna eile a bheidh i bhfeidhm má cheanglaítear sin leis an reachtaíocht thánaisteach Comhphobail a bheidh le cur chun feidhme leis na Rialacháin. Cé go bhfuil an chumhacht ann níor chóir go gciallódh sé sin, dar leis an gComhchoiste, go mba chuí í a úsáid i ngach cás. Ba chóir féachaint do thábhacht choibhneasach an reachta a bheadh le leasú agus fós dá réim feidhme d’fhonn a chinneadh ar le hionstraim reachtúil nó le reacht leasaitheach ba chóir é a leasú. I gcás reachta ar nós an Achta um Thrácht ar Bóithre, 1961, reacht a bhfuil antábhacht leis i saol laethúil an phobail, measann an Comhchoiste gur le Bille a thabharfaí isteach sa Dáil nó sa Seanad ba chóir aon tograí chun a leasaithe a thionscnamh. Molann sé gur chóir, nuair a bheadh deis air, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Trácht ar Bhóithre) (Árachas Éigeantach), 1975 (I.R. Uimh. 178 de 1975) a aisghairm agus a dtéarmaí a chorpú i reacht leasaitheach.”


5. Ina theannta sin, measann an Comhchoiste, i ndáil le Rialacháin 1984, gur rud é nach inmhianaithe ar chor ar bith go mbeadh an dlí a bhaineann le hábhair thráchta bóthair scaipthe ar chóid éagsúla reachtaíochta agus tá rún aige an t-ábhar sin a phlé leis an Roinn Comhshaoil d’fhonn go mbeadh an fho-reachtaíocht ar fad a bhaineann le trácht ar bhóithre agus atá sna hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, agus an fho-reachtaíocht ar fad a bhaineann leis an gcéanna, cuimsithe i Rialacháin a dhéanfaí faoi na hAchtanna sin.


III IOMSTRAIMÍ REACHTÚLA ÁIRITHE

Rialacháin na gComhphobal Eorpach [An tAcht um Mótarfheithiclí (Allmhaireoirí a Chlárú), 1968 (Aisghairm)], 1984 [I.R. Uimh. 367 de 1984].

6. Cúlghairtear leis na Rialacháin sin An tAcht um Mótorfheithiclí (Allmhaireoirí a Chlárú), 1968, agus bhí sé riachtanach iad a dhéanamh mar gheall ar Aontachas na hÉireann. Faoi Phrótacal 7 atá ag gabháil leis an gConradh Aontachais cuireadh d’oibleagáid ar Éirinn deireadh a chur leis an scéim le haghaidh comhshocraíochtaí speisialta a bhain le cóimeáil agus le hallmhairiú mótarfheithiclí in Éirinn. Cuireadh an creat reachtúil le haghaidh na scéime sin ar fáil leis an Acht atá á aisghairm anois.


7. Ba mhaith leis an gComhchoiste dhá phointe shainiúla a chur i láthair maidir leis an Ionstraim sin. Sa chéad áit, ba chóir go mbeadh tagairt don Phrótacal nuair a bhí an t-údarás á lua san Ionstraim féin. Sa dara háit, ba chóir go mbeadh míniú sa Nóta Míniúcháin, ní hamháin ar an gcúis ar ghá de réir an Phrótacail go n-aisghairfí an tAcht ach go mbeadh tagairt ann freisin do na bearta fioscacha comhghabhálacha a tugadh isteach le hIonstraimí Reachtúla eile ar an Acht a aisghairm. Tá d’éifeacht leis na bearta sin go gcealaíonn siad an sochar a d’fhéadfadh teacht chuig tomhaltóirí de bharr aisghairm an Achta.


8. Sa dóú Tuarascáil is fiche uaidh chuir an Comhchoiste a ceapadh an 26 Iúil, 1973 in iúl go soiléir gurbh é a thuairim—


“…gur locht rómhór dréachtóireachta é gan aon tagairt a dhéanamh in Ionstraim Reachtúil faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, do reachtaíocht thánaisteach na gComhphobal Eorpach ar a bhfuil feidhmiú na cumhachta chun rialacháin faoin Acht a dhéanamh ag brath ar deireadh thiar.”1


9. Pléadh an pointe sin leis an Roinn agus tá an comhfhreagras cuí curtha síos i bhFoscríbhinn 3.


10. Ní leor míniú agus gealltanas na Roinne, i dtuairim an Chomhchoiste, leis na mórlochtanna atá ar an Ionstraim sin a chúiteamh. Mura mbeadh go gcuireann sí oibleagáidí tábhachtacha de chuid na gConarthaí i ngníomh, b’fhéidir go mbeadh an Comhchoiste ag cuimhneamh go láidir ar a cheart reachtúil a fheidhmiú agus a mholadh go gcealófaí an ionstraim. Is mian leis an gComhchoiste freisin an cáineadh réamhráite a dhéanamh ar Ranna eile a bhí faillíoch san ábhar céanna.


Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Síol Gránach), 1985 [I.R. Uimh. 25 de 1985]

11. Is é tuairim an Chomhchoiste go bhfuil an ionstraim sin incháinte ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos airbheartaíonn sí éifeacht chúlghabhálach a bheith léi: airbheartaíonn na Rialacháin sin dáta feidhme Rialacháin 1983 a chur siar ón 1 Eanáir 1985 go dtí an 1 Eanáir 1986, ach ní dhearnadh an Ionstraim go dtí an 5 Feabhra, 1985. Is é an locht atá air sin nach dtugann an reacht bunaidh údarás saíniúil le rialacháin a dhéanamh agus éifeacht chúlghabhálach acu. Bíonn forálacha cúlghabhálacha inlochtaithe go háirithe nuair a dhealraíonn sé gurb é a gcuspóir gníomhartha a dhéanamh dleathach a bhí neamhdhleathach tráth a ndéanta, mar atá an ionstraim seo, b’fhéidir. Ba cheart go mbeadh sain-údarás arna tharmligean ag an Oireachtas ag teastáil i gcomhair aon fhorála den sórt sin i bhfo-reachtaíocht agus mura mbeidh an t-údarás sin ar fáil ní bheidh aon rogha ach dul ar aghaidh trí Bhille a thabhairt isteach dá mhéid ciotaí dá ndéanfadh sé sin don Roinn áirithe.


12. Ar an dara dul síos measann an Comhchoiste go bhfuil locht is bunúsaí fós ná sin le fáil ar an ionstraim. An t-aon rud a thug go raibh riachtanas leis an ionstraim ná imthosca intíre ar ghá, dá ndeasca, síol den dara glúin a ídiú. Ní dhealraíonn sé ar aon bhealach go dtugann sí “lánéifeacht” d’aon reachtaíocht thánaisteach de chuid na gComhphobal Eorpach. Cé nach bhfuil an Comhchoiste ag easaontú lena bhfuil beartaithe leis an ionstraim ní thig leis glacadh leis gur féidir an cuspóir sin a bhaint amach le Rialacháin arna ndéanamh faoi Alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. Is le reacht agus ní le hIonstraim Reachtúil ba cheart déileáil leis an ngnó mura bhféadfadh an tAire feidhm a bhaint as cumhacht reachtach tarmligthe éigin eile.


13. Is dóigh leis an gComhchoiste go dtugann na lochtanna sin údar maith dó lena mholadh go gcealófaí an ionstraim. Ach tá an Comhchoiste ag staonadh óna mholadh go gcealófar í ar an aonchúis gur go ceann bliana amháin, a bhfuil a leath caite cheana féin, atá éifeacht le bheith léi.


14. Tá comhfhreagras leis an Roinn Talmhaíochta curtha síos is bhFoscríbhinn 4.


Na Rialacháin um an Acht Talún, 1965 (Earnáil Bhreise Duine Cáilithe). 1983 [I.R. Uimh. 144 de 1983]

15. Rinne an Comhchoiste breithniú ar na Rialacháin sin sa Deichiú Tuarascáil uaidh (mír 24). Is é is éifeacht do na Rialacháin náisiúnaigh de chuid na mBallstát a fheidhmeoidh an ceart bunaíochta a chur leis an earnáil daoine cáilithe chun críocha an Achta Talún, 1965. Dúirt an Comhchoiste ina Thuarascáil gur mhaith leis an fháil amach ar éirigh aon fhadhbanna as riar na Rialachán sin. Tá comhfhreagras le Clárlann na Talún agus leis an Roinn Talmhaíochta curtha síos i bhFoscríbhinn 5.


16. Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar an ábhar tá an Comhchoiste sásta i dtaobh soiléire na hearnála daoine cáilithe agus nach bhfuil aon deacrachtaí riaracháin ag baint leis an ionstraim. Tugann an Comhchoiste dá aire go háirithe nach gcuimsítear san earnáil ach saoránaigh de CEE atá ag feidhmiú an chirt bhunaíochta mar dhaoine féinfhostaithe sa tír seo ar mhodh gníomhaíochta eacnamaíochta agus a fhaigheann leas i dtalamh talmhaíochta chun an ceart sin a fheidhmiú. Ní fholaítear san earnáil cuideachtaí d’fháil talún, ná daoine d’fháil tithe saoire ná tithe scoir. Mar atá ráite cheana i dTuarascáil an 7 Samhain 1985 ón gComhchoiste, éiríodh as na himeachtaí Cúirte a thionscain an Coimisiún de bhun a argóna gur shárú ar Airteagal 52 de Chonradh CEE alt 45 den Acht Talún, 1965.


SEOSAMH BREATHNACH T.D.


Cathaoirleach Gníomhach an Chomhchoiste


31 Iúil, 1985.


1 Prl. 5141.


1 Prl. 5141.