Committee Reports::Report - Marriage Breakdown::27 March, 1985::Orders of Reference

Orduithe Tagartha

Orders of Reference

Dáil Éireann

7 Iúil 1983: Ordaíodh:— (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 11 Chomhalta de Dháil Éireann a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste um Chliseadh Póstaí chun cosaint an phósta agus shaol an teaghlaigh a mheas agus chun scrúdú a dhéanamh ar na fadhbanna a tharlaíonn de bhíthin pósadh cliseadh, agus chun tuairisc ar an gcéanna a thabhairt do Thithe an Oireachtais.


(2) Go ndéanfar Tuarascáil an Chomhchoiste a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais laistigh de thréimhse bliana.


(3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid agus, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe.


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá Chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin.


(5) Go ndéanfar na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste a chinneadh trí thromlach vótaí na gComhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.


(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(7) Gur cúig Chomhalta den Chomhchoiste is córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Sheanad Éireann.


(8) Go ndéanfar Tuarascáil an Chomhchoiste, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an Tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.


Ordaíodh: 28 Meitheamh, 1984:— Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Chliseadh Póstaí a fhadú go dtí an 1 Nollaig, 1984.


Ordaíodh: 29 Samhain, 1984:— Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Chliseadh Póstaí a fhadú go dtí an 19 Feabhra, 1985.


Ordaíodh: 19 Feabhra, 1985:— Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Chliseadh Póstaí a fhadú go dtí an 21 Márta, 1985.


Ordaíodh: 21 Márta, 1985:— Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Chliseadh Póstaí a fhadú go dtí an 2 Aibreán, 1985.


Seanad Éireann

Ordaíodh: 12 Iúil 1983:— (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 5 Chomhalta de Sheanad Éireann a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun bheith ina Chomhchoiste um Chliseadh Póstaí chun cosaint an phósta agus shaol an teaghlaigh a mheas agus chun scrúdú a dhéanamh ar na fadhbanna a tharlaíonn de bhíthin pósadh cliseadh, agus chun tuairisc ar an gcéanna a thabhairt do Thithe an Oireachtais.


(2) Go ndéanfar Tuarascáil an Chomhchoiste a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais laistigh de thréimhse bliana.


(3) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid agus, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis maidir le fiosruithe áirithe.


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá Chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin.


(5) Go ndéanfar na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste a chinneadh trí thromlach vótaí na gComhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.


(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(7) Gur cúig Chomhalta den Chomhchoiste is córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina Chomhalta de Sheanad Éireann.


(8) Go ndéanfar Tuarascáil an Chomhchoiste, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an Tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis.


Ordaíodh: 28 Meitheamh 1984:— Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Chliseadh Póstaí a fhadú go dtí an 1 Nollaig, 1984.


Ordaíodh: 29 Samhain 1984:— Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Chliseadh Póstaí a fhadú go dtí an 19 Feabhra, 1985.


Ordaíodh: 13 Feabhra 1985:— Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Chliseadh Póstaí a fhadú go dtí an 21 Márta, 1985.


Ordaíodh: 20 Márta 1985:— Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gChomhcoiste um Chliseadh Póstaí a fhadú go dtí an 2 Aibreán, 1985.