Committee Reports::Report - Building Land::05 May, 1985::Orders of Reference

Orduithe Tagartha

Orders of Reference

1. Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 13 chomhalata de Dháil Éireann a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann le Comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais a fhoirmiú (dá ngairfear an Comhchoiste um Thalamh Foirgníochta)-


(a)chun breithniú agus moltaí a dhéanamh maidir leis na bearta reachtacha agus na bearta eile is féidir a dhéanamh chun déileáil, ar mhaithe le leas an phobail, le soláthar agus le costas talamh foirgníochta (lena n-áirítear talamh laistigh de limistéir uirbeacha agus tadhlach leo), agus aird ar leith a thabhairt ar an méid seo a leanas:


(i)an Bunrecht agus breithiúnais na nUaschúirteanna maidir leis na hairteagail iomchuí den Bhunreacht;


(ii)an Tuarascáil ón gCoiste um Phraghas Thalamh Foirgníochta (Prl. 3632);


(iii)reachtaíocht cánach maidir le brabúis nó gnóchain ó dhéileálacha, ó dhiúscairtí nó ó fhorbairt talún;


(iv)oibriú na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1982;


(v)An Bille Rialtais Áitiúil (Talamh Foirgníochta), 1982; agus


(b)tuarascáil a thabhairt ar fhiúntas agus ar mhífhiúntas aon bhearta a bhreithnítear, agus tagairt go speisialta do na nithe seo a leanas:


(i)a mbunreachtúlacht;


(ii)praiticiúlacht dlíthiúil agus riaracháin;


(iii)ciallachais airgeadais agus eacnamaíocha;


(iv)an éifeacht is dóigh a bheidh acu ar chostas tithíochta agus ar chineálacha eile forbartha.


2. Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fios a chur ar dhaoine, ar pháipéir agus ar thaifid agus, faoi réir thoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste seirbhísí daoine ag a bhfuil saineolas nó eolas teicniúil a fhostú chun cabhrú leis.


3. Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan ach vóta amháin a bheith aige.


4. Go ndéanfar na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste a chinneadh trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist.


5. Go gcuirfear gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a thabhairt, arna glacadh ag an gComhchoiste, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin agus, más cuí leis, cibé doiciméid ghaolmhara a tugadh dó, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.


6. Gur 7 gcomhalta den Chomhchoiste is córam dó agus 3 ar a laghad díobh ina gcomhaltaí de Dháil Éireann agus 2 ar a laghad ina gcomhaltaí de Sheanad Éireann.


7. Go dtabharfaidh an Comhchoiste tuarascáil uaidh roimh an 31 Nollaig, 1983.


Order made by Dáil Éireann — 3 March, 1983.


Order made by Seanad Éireann — 9 March, 1983.


An Chéad Fhadú den Dáta Tuarascála;


“Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Thalamh Foirgníochta a fhadú go dtí an 31 Márta, 1984.


Agreed to by Dáil Éireann and Seanad Éireann, 14 December, 1983.


An Dara Fhadú den Dáta Tuarascála;


“Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Thalamh Foirgníochta a fhadú go dtí an 31 Nollaig, 1984.


Agreed to by Dáil Éireann and Seanad Éireann, 28 March, 1984.


An Tríú Fhadú den Dáta Tuarascála:


“Go ndéanfar an tréimhse chun tuarascáil a thabhairt ar ais ón gComhchoiste um Thalamh Foirgníochta a fhadú go dtí an 30 Meitheamh, 1985.


Agreed to by Dáil Éireann and Seanad Éireann, 13 December, 1984.