Committee Reports::Report No. 07 - Deputy Joe Walsh's Draft Report on the Application of the Milk Super Levy::31 October, 1984::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. Ag seisiún príobháideach den Chomhchoiste an 10 Deireadh Fómhair, 1983 pléadh an tairiscint seo a leanas a mhol an Teachta Breandán Ó Dálaigh agus glacadh léi d’aonghuth:


“In view of the fear and anxiety that has been expressed by fishermen and the fisheries industry in general in relation to negotiations on the accession of Spain and Portugal to the European Communities, and the likely impact of Enlargement on the industry, the Joint Committee should examine the practical implications of enlargement on this sector as a matter of urgency”.


2. An Teachta Seosamh Breathnach, ina cháil mar Chathaoirleach ar an bhFochoiste um Chúrsaí Talmhaíochta agus Iascaigh, a d’ullmhaigh an Tuarascáil seo thar ceann an Chomhchoiste. Tá lucht an Chomhchoiste buíoch den Teachta Breathnach as an bhfuil déanta aige.


3. Nuair a bhí an Comhchoiste ag plé na tairisceana sin thuas bhí oifigeach de chuid na Roinne Iascaigh agus Foraoiseachta, Breandán Ó hAogáin, ag cabhrú leo. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin aige as an gcabhair sin.


4. Níor éirigh leis an gComhchoiste gnéithe áirithe den tairiscint a phlé toisc nach raibh teacht acu ar shonraí áirithe de na caibidlí aontachais. Mar sin féin feictear don Chomhchoiste gur mhaith an rud é oiread faisnéise agus is féidir a chur os comhair na Dála agus an tSeanaid faoin tionchar a bheidh ag an mballraíocht nua ar Thionscal Iascaigh na hÉireann. Cabhróidh an méid sin leis na comhaltaí breithniú a dhéanamh ar thairiscintí a bheidh ag teacht os a gcomhair ar na háraigh don tionscal agus, go háirithe, an tairiscint ina mbeidh aontú Dháil Éireann á lorg do théarmaí aontachais na Spáinne agus na Portaingéile leis na Comhphobail Eorpacha de réir Airteagal 29 den Bhunreacht, agus do na tairiscintí reachtúla le hAcht na gComhphobal Eorpach, 1972, a leasú chun leathnú a dhéanamh ar an míniú “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” trí chonarthaí eile a chur leis a bhaineann le haontachas na Stát iarrthach.


B. MÉADÚ NA gCOMHPHOBAL

5. Tá an chaibidlíocht leis an Spáinn agus leis an bPortaingéil faoi bhallraíocht ar siúl anois le seacht mbliana. Cé gur go mall atá dul chun cinn á dhéanamh, mar is léir, beidh an chéim dheiridh agus an chéim is tábhachtaí á baint amach gan mhoill. Sa chéim sin pléifear na pointí is deacra ó thaobh na mBallstát agus na Spáinne agus na Portaingéile, go háirithe, ó thaobh na Spáinne. Sna pointí sin pléifear torthaí agus glasraí na Spáinne, díchur taraifí na Spáinne, lena n-áirítear ard-taraifí tionscail, ola olóige, gnóthaí sóisialta, siúcra na Portaingéile, fíon agus iascaigh.


6. Le fírinne, tá dhá shraith caibidlí ar siúl, mar atá, (1) caibidlí idir na Ballstáit láithreacha féin chun teacht ar chomhdhearcadh faoi na moltaí atá le cur acu i láthair na Spáinne agus na Portaingéile agus (2) caibidlí díreacha leis an Spáinn agus leis an bPortaingéil. Faoi mar atá an scéal faoi láthair níl comhdhearcadh bunaithe go fóill ar chuid de na pointí sin is tábhachtaí, mar atá, Fíon, ola olóige agus iascaigh. Chun éascaíocht a bhaint amach sna cúrsaí agus chun leagan amach polaitiúil agus giorrú a dhéanamh ar na caibidlí, tá leas á bhaint ag Éirinn as a tréimhse Uachtaránachta chun roinnt moltaí a thabhairt i láthair a chabhródh leis na Ballstáit athmheas a dhéanamh ar a seasamh faoi na ceisteanna is casta. Ba mhór a chabhraigh na moltaí sin le tuilleadh siúil a chur faoi na caibidlí ach níl na deich mBallstát ar aon intinn fós faoi na moltaí atá le cur chun cinn. Níor thángthas ar réiteach fós faoi cheist an fhíona agus ceist an iascaigh. Táthar ag díriú ar na ceisteanna sin faoi láthair le súil go dtiocfar ar réiteach in aicearra.


7. Tá an chéim is deacra agus is íogaire bainte amach sna caibidlí idir na Ballstáit féin. Táthar ag súil go mbeidh na caibidlí sin críochnaithe roimh dheireadh na bliana chun go mbeidh ar chumas na Spáinne agus na Portaingéile teacht isteach sa Chomhphobal ar an dáta ceaptha, an 1 Eanáir, 1986.


C. CLÓ-CHOMHAONTÚ IASCAIGH IDIR AN COMHPHOBAL AGUS AN SPÁINN

8. I gComhaontú Hág na bliana 1976 leagadh síos na treoirlínte do Chló-Chomhaontú Iascaigh idir an Comhphobal agus an Spáinn. Cuireadh tús leis na caibidlí go déanach i 1976 agus chuir an Spáinn go láidir i gcoinne na moltaí go mbeadh bac á chur de réir a chéile ar bháid na Spáinne sna seanbhráití iascaireachta.


9. Thug Éire le fios nach n-aontódh sí le Comhaontú mura mbeadh na coinníollacha seo a leanas ann:—


(1)Bheadh ar bháid iascaireachta na Spáinne fanacht lasmuigh de “chrios” nach bhféadfadh aon phointe de bheith i bhfoisceacht 50 míle de chósta na hÉireann.


(2)Níor mhór deireadh a chur le cearta iascaireachta na Spáinne i réigiún 12 mhíle na hÉireann (Bhí na cearta sin ag an Spáinn sa réigiún 6-12 mhíle faoi Choinbhinsiún Londan ón mbliain 1964).


(3)Dhéanfaí laghdú de réir a chéile go dtí leibhéal réasúnta ar iascaireacht na Spáinne in uiscí na hÉireann.


Tar éis tréimhse fada idirbheartaíochta, ghlac an Spáinn leis na coinníollacha sin thuas agus síníodh Cló-Chomhaontú Iascaigh idir CEE agus an Spáinn an 15 Aibreán 1980 agus daingníodh é i mBealtaine 1981. Meastar, de bharr an chomhaontaithe sin, go raibh 50 faoin gcéad de laghdú ar iascaireacht na Spáinne in uiscí na hÉireann.


D. TOGRAÍ IASCAIGH AN CHOIMISIÚIN I nDÁIL LE hAONTACHAS NA SPÁINNE LEIS NA COMHPHOBAIL EORPACHA

10. Rochtain ar Uiscí


(a)Laistigh den Chrios 12 mhíle: Tá cearta á n-éileamh ag an Spáinn i limistéir Chomhphobail áirithe mar a bhfuil na cearta sin á gcosaint ag comhaontuithe idirnáisiúnta a bhí ann roimh an gComhbheartas Iascaigh (CI) ach ar cearta iad nach bhfuil séanta ag an Spáinn. Is é dearcadh an Choimisiúin go bhfuil an ceart rochtana ar an gcrios 12 mhíle sin fódaithe go bunúsach ar ghníomhaíocht iascaireachta na linne seo. (Tá aon chearta den sórt sin in uiscí na hÉireann géillte ag an Spáinn).


(b)Lasmuigh den Chrios 12 mhíle: Beidh na prionsabail agus na coinníollacha céanna a bhaineann le Ballstáit eile ag baint le cead rochtana na Spáinne ar uiscí CEE, ach sin faoi réir chóras ceadúnacháin ar feadh idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 1992.


11. Rochtain ar Acmhainní


Réigiún Eacnamaíochta Eisiatach an Chomhphobail (REE): Beidh rochtain ag an Spáinn ar acmhainní lena Gabháil Iomlán is Incheadaithe (GII) agus cuóta. Ar a shon sin, féadfaidh an Spáinn bheith ag iascaireacht faoi na critéir chéanna le Ballstáit eile i gcás riar imleor éisc a bheith ar fáil chuige sin. Ní cheadófar don Spáinn atosú ag iascaireacht ná iascach nua a bhunú in áiteanna ina bhfuil an stoc éisc reaite. Is í an tréimhse díreach roimh an aontachas a bheidh mar shlat tomhais chun iascaireacht na Spáinne a chinneadh.


12. Caidreamh Eachtrach


(a)Comhaontuithe le Tríú Tíortha: Beidh an Comhphobal inniúil ar oiread comhaontuithe agus is féidir a dhéanamh ó dháta an aontachais.


(b)Comhfhiontair: I 1983 bhí 106 de na comhfhiontair sin le 200 bád Spáinneach ag iascaireacht don Spáinn. Meastar gur chuir na comhfhiontair sin 180,000 tonna d’iasc grinnill ar fáil i 1982 mar allmhairí saor-ó-dhleacht. Tá an Coimisiún á éileamh go gcuirfear an lamháltas saor-ó-dhleacht sin ar ceal in idirthréimhse an-ghearr. Beidh ar an Spáinn freisin rialacha tionscnaimh an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le táirgí na gcomhfhiontar sin agus déileálfar leo mar tháirgí ó thríú tíortha ar a ndlitear taraifí custam a chur. (Is ceann de na Comhfhiontair sin Iascaigh Eiranova Teoranta, Baile Chaisleáin Bhéarra, Contae Chorcaí).


13. Margú


(a)Eagraíochtaí Táirgeoirí: Moltar 2.5 mhilliún ECU a chur ar fáil mar chúnamh roimh an aontachas chun eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú.


(b)Praghsanna: Amhail ó dháta an aontachais beidh feidhm ag treoir-phraghsanna agus ag praghsanna aistarraingthe. Tabharfar praghsanna tagartha isteach de réir a chéile i dtréimhse nach faide ná 5 bliana.


(c)Liosta speiceas: Tá an Spáinn ag iarraidh tuilleadh a chur leis an liosta de speicis aistarraingthe.


(d)Dleachtanna Custaim: Déanfar iad a dhíchur mar a dhéantar in earnálacha eile.


(e)Dleachtanna Cúitimh: Ní fheidhmeoidh an Spáinn na dleachtanna sin amhail ó dháta an aontachais.


(f)Srianta Cainníochtúla: Feidhmeoidh an Comhphobal agus an Spáinn na srianta sin ar feadh idirthréimhse i gcás liosta de tháirgí íogair ar mhargadh na Spáinne.


14. Struchtúir


Ní deimhin leis an gCoimisiún go bhfuil dóthain faisnéise aige d’fhonn riachtanais na Spáinne a mheas agus an costas is dóigh a bheith ar bhuiséad an Chomhphobail. Measann an Coimisiún, nuair a bheidh iarratas na Spáinne ar chóir fhabhrach á phlé, nach mór dearcadh freisin ar fheidhmiú bearta struchtúrtha i limistéir eile, mar atá, an Ciste Eorpach um Fhorbairt Réigiúnach (CEFR), Ciste Sóisialach na hEorpa (CSE) agus an Ciste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (FEOGA).


E. SEASAMH NA hÉIREANN AR IASCAIGH I nDÁIL LEIS AN IDIRBHEARTAÍOCHT FAOI AONTACHAS NA SPÁINNE LEIS NA COMHPHOBAIL EORPACHA

15. Rochtain ar Uiscí


(a)Is é sin thuas an t-ábhar imní is mó atá ag Éirinn. Glactar leis nach gceadóidh an acquis communautaire aon idirdhealú idir na Ballstáit agus go mbeidh cead rochtana ag an Spáinn i ndeireadh na dála ar an gcrios Éireannach. Ach sna caibidlí i dtaobh aontachais tá a lán maoluithe ceaduithe ar an acquis, go ceann idirthréimhse, agus, idir dhá linn, is é atá á iarraidh ag Éirinn ná go bhfágfaí an crios ann go ceann idirthréimhse. Bheadh an Coimisiún ag dréim go mbeadh an idirthréimhse críochnaithe an 31 Nollaig 1992 nuair a bheidh an comhbheartas iascaigh (CI) á athscrúdú ach tá cuid de na Ballstáit á iarraidh go mairfeadh an idirthréimhse 10 mbliana ó dháta an aontachais (an 1 Eanáir 1986, de réir mar a mheastar).


(b)Ní mór a rá go mbíonn gach Ballstát (seachas an Iodáil agus an Ghréig) ag iascaireacht i gcrios na hÉireann.


(c)Tá cás na hÉireann chun an crios a choimeád bunaithe ar Airteagal 4.1 de Rialachán (CEE) Uimh. 170/831 ina ndeirtear, inter alia:


“Go ndéanfar cainníocht na ngabhálacha atá ar fáil ag an gComhphobal a dháileadh idir na Ballstáit i slí go n-áiritheofar cobhsaíocht choibhdhealach iascaigh do gach Ballstát i leith gach ceann de na stoic faoi bhreithniú.


Ó tharla an oiread sin de thóir a bheith ag an Spáinn ar an iascaireacht ar chóstaí thiar agus thiar-theas na tíre seo, is léir, má thugtar saor-rochtain do bháid na Spáinne sa chrios, go gcuirfidh sí as do chobhsaíocht choibhdhealach gach dreama a bhíonn ag iascaireacht sa limistéar sin.”


16. Rochtain ar Acmhainní


Glactar leis go mbeidh rochtain ag an Spáinn ar acmhainní an Chomhphobail de réir mar atá ceadaithe sa Chló-Chomhaontú Iascaigh (an colmóir, an bráthair agus an méagram, go formhór). Is leis na stoic éisc sin nach dtagann faoi GII ná faoi chuóta is mó a bhaineann an fhadhb. Beidh an réiteach ag brath ar cibé socruithe a dhéanfar maidir le rochtain ar uiscí.


17. Caidreamh Eachtrach


Is é an príomh-chúram a bheidh ar Éirinn ina leith sin ná a áirithiú nach mbainfear leas as comhaontuithe na Spáinne le tríú tíortha chun iasc a allmhairiú go saor isteach sa Chomhphobal.


18. Margú


Ní dearbh in aon chor go dtairbheoidh Éire d’oscailt mhargadh na Spáinne mar gheall ar an bhfad slí go dtí an margadh sin agus tromchostais iompair a chuireann iomaíocht as cor.


19. Struchtúir


Tá cabhlach na Spáinne chomh mór sin go gcuirfidh sé acmhainní an Chomhphobail sa limistéar seo go mór as cor agus ní foláir d’Éirinn féachaint chuige go gcuirfear cistí imleora ar fáil san earnáil áirithe sin tar éis an aontachais chun freastal don éileamh breise is dearbh a bheith ann.


F. DEARCADH AN CHOMHCHOISTE

20. San idirbheartaíocht chun an Comhphobal a mhéadú is í an cheist is deacra a bheidh le socrú ná rochtain na Spáinne ar uiscí agus ar bhráití an Chomhphobail. Tá an Spáinn á éileamh go mbeidh an ceart céanna aici is atá ag na Ballstáit eile rochtain a bheith aici ar na bráití sin agus iad a shaothrú agus tá sí á rá gur ar bhonn dáta an 31 Nollaig 1976, sular bunaíodh réigiún eisiatach iascaigh 200 míle an Chomhphobail, a ba chóir na cearta iascaireachta a bhunú.


Mar gheall ar an teorainn iascaireachta a shíneadh go 200 míle agus mar gheall ar na deacrachtaí rochtana a tháinig as do chabhlach an Chomhphobail tá codarsnacht nua b unaithe in uiscí an Chomhphobail a bheidh deacair a athrú ar mhodh polaitiúil.


21. I dteannta na faidhbe a bhaineann le rochtain, tá gnéithe eile den earnáil iascaigh sa Spáinn a bheidh deacair a thabhairt chun comhréitigh.


Tá sé déanta amach ag lucht an Chomhchoiste go mbaineann mórfhadhb le haontachas na Spáinne chomh fada is bhaineann le tionscal iascaireachta na hÉireann de, is í sin, ollmhéid an chabhlaigh Spáinnigh agus an mhórpháirt atá ag an iasc i ngeilleagar na Spáinne.


Is mórtháirgeoir agus mórthomhaltóir éisc í an Spáinn. Á chruthú sin, seo a leanas roinnt staitisticí chun dearcadh an Chomhchoiste a léiriú:


(i)Tá 17,500 bád i gcabhlach iascaireachta na Spáinne, nó 750,000 mórthonna cláraithe. Os a choinne sin, níl ach 1,600 bád ag Éirinn nó 36,000 mórthonna. Tá cabhlach na Spáinne ar aon mhéid le 70 faoin gcéad de chabhlach an Chomhphobail faoi láthair.


(ii)Is ag an Spáinn atá an tomhaltas éisc an duine is mó san Eoraip—40 punt sa bhliain i bhfarradh 12 punt in Éirinn.


(iii)Cuireadh 1.1m tonna éisc i dtír sa Spáinn i 1983 i gcomparáid le 200,000 tonna in Éirinn.


(iv)Allmhairíonn an Spáinn suas le 270,000 tonna éisc sa bhliain agus onnmhairíonn sí 200,000 tonna.


(v)Ídíonn na Spáinnigh suas le 1.2 tonna éisc sa bhliain. (Is mar bhia don duine a chaitear a fhormhór ach úsáidtear cion beag de le haghaidh gnóthaí eile).


22. Tá taobh eile den idirbheartaíocht iascaigh ar mhaith leis an gComhchoiste trácht air, is é sin, na Comhaontuithe le Tríú Tíortha. Mar gheall ar thuilleamaí na Spáinne ar dheiseanna iascaireachta tá a lán comhaontuithe déanta aici le tríú tíortha. Tá suas le 20 comhaontú idirnáisiúnta ag an Spáinn feadh chósta thiar na hAfraice, le Ceanada agus le Stáit Aontaithe Mheiriceá.


Tá suas le 106 comhfhiontar acu faoina bhféadtar 200,000 tonna d’iasc geal a allmhairiú ó na comhfhiontair sin amháin — cothrom ár ngabháil iomlán d’iasc. Dá bhrí sin, ní foláir an méid sin a scrúdú go grinn sna caibidlí aontachais mar go dtugann na comhaontuithe sin agus na comhfhiontair sin buntáistí áirithe maidir le rochtain saor-ó-dhleacht.


23. Cé go bhfuil fadhb mhargaithe ag na Spáinnigh freisin mar gheall ar a n-allmhairí (cé go mbíonn praghsanna maithe le fáil, i gcoitinne, sa Spáinn) is iad na fadbhanna a bhaineann le struchtúir na fadhbanna is measa aici. Beidh carn ollmhór airgid ag teastáil le cóiriú nua-aoiseach a chur ar an gcabhlach agus beidh orthu scaradh le báid gan mhaith nó le cinn atá iomarcach. Ualach trom a bheidh sa mhéid sin ar acmhainní an Chomhphobail, dar leis an gComhchoiste, agus is í forbairt eacnamaíoch na tíre seo faoin gComhcheartas, Iascaigh agus cistí bonneagair eile de chuid an Chomhphobail a bheidh thíos leis.


24. Is as ceantair a mbaineann fadhbanna polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialacha leo, is é sin cósta an iar-thuaiscirt, is mó a bhíonn an Spáinn ag iascaireacht. Níl cothrom idir méid an chabhlaigh Spáinnigh (17,500 bád agus 110,000 iascaire) agus na réigiúin iascaigh atá ar oscailt dó, ó síneadh críocha iascaireachta eisiatacha an Chomhphobail go dtí 200 míle. Mar gheall ar an staid mhífhabhrach ina bhfuil an stoc éisc in uiscí an Chomhphobail, tá an éagothroime sin inchomparáide leis an éagothroime a fhearann ar an gComhphobal, cé gur mó atá sé le brath. Nuair a thiocfaidh an Spáinn isteach sa Chomhphobal is measa a bheidh na cúrsaí sin agus beidh bearta costasacha athchóiriúcháin le cur i gcrích.


25. Tá fód an bhuntáiste ag Éirinn sa chaibidlíocht agus measann an Comhchoiste gur chóir di bheith righin agus docht go maith nuair a bheidh ceist an iascaigh á plé sna caibidlí chun an Spáinn a ligean isteach sa Chomhphobal. Sáraíonn báid an Spáinne ár ndlíthe iascaireachta chomh minic sin go meabhraítear dúinn an díol spéise atá ag an Spáinn in uiscí na hÉireann. Cé go mbeidh iascaireacht na Spáinne ag brath ar an rochtain a bheidh le fáil aici ar acmhainní an Chomhphobail, má chuirtear teorainn leis an gcead rochtana a bheidh aici ar chriosanna áirithe, fiú féin más go sealadach é, is mór a chabhróidh sé sin chun rialú agus faireachán a dhéanamh ar an iascach sin. Ach beidh ceist mhór eile ann nuair a bheidh deireadh leis an idirthréimhse agus ní mór modh a réitithe a leagan síos sa chaibidlíocht i dtaobh aontachais.


Tá sé fíor-thábhachtach go seasfaí a gceart d’iascairí na hÉireann sna caibidlí aontachais agus go leagfaí béim iontu ar a bhfuil ag teastáil chun cabhrú le tionscal éisc na hÉireann.


26. Is eol do lucht an Chomhchoiste cad iad na dualgaisí atá orthu le bheith ina ndea-Eorpaigh ach, ar a shon sin, tá teorainneacha ann nach sáróidh siad d’fhonn fadhb na hiascaireachta a réiteach le bealach isteach a thabhairt don Spáinn sna Comhphobail Eorpacha faoi mar atá á thathant orthu, ar chúiseanna éagsúla, ag Ballstáit eile.


G. CRÍOCH

27. Tá tábhacht thar na bearta do gheilleagar na hÉireann ag baint leis an bhforbairt atá ceaptha a dhéanamh ar thionscal iascaigh na hÉireann faoin gComhbheartas Iascaigh. Caithfidh an tír seo aghaidh a thabhairt ar an dúshlán nua eacnamaíochta atá romhainn amach. Tá an seanbhonn tionscail á chreimeadh go géar ag an iomaíocht ardteicneolaíoch mhorchaipitiúil. Ach ó thaobh na hiascaireachta de, tá acmhainn nádúrtha fhíor-luachmhar, raidhsiúil againn le forbairt, agus le saothrú. Caithfear tionscail iascaigh atá in ísle brí a fhorbairt agus a leathnú. Beidh tuilleadh caipitil le cur ar fáil don tionscal ar fad agus caithfidh an oiliúint a bheith chomh foirfe agus is féidir. Chun aghaidh a thabhairt ar chora crua an tionscail ní leor a bheith i dtaobh le gearáin agus doicheall chun an ceann is fearr a fháil ar an iomaíocht. Beidh ar an iascaire Éireannach bheith i dtús cadhnaíochta, a bheith lánoilte agus spreagtha chun na hiascaireachta agus ní mór báid nua-chóirithe bheith ar fáil aige don ghnó. Tá cúram an-tábhachtach le cur i gcrích ag an Rialtas chun na bráití a chosaint dúin féin agus don Chomhphobal. Dá éis sin, is faoi na hiascairí féin a bheidh sé oiread tairbhe agus is féidir don tír a bhaint as an iascaireacht. Ba mhaith leis an gComhchoiste tagairt go speisialta do Thuarascáil SDC ar an Tionscal Muir-Iascaireachta agus Dobharshaothraithe. 1 Pléann an Tuarascáil go stuama le fadhbanna an tionscail agus sonraíonn sé na deiseanna atá ann chun lánfhorbairt eacnamaíoch a dhéanamh ar an tionscal iascaireachta mara.


28. Tá iarratas na Portaingéile ar bhallraíocht sna Comhphobail Eorpacha á phlé i gcomhthráth le hiarratas na Spáinne. Ní haon ábhar imní do thionscal iascaigh na hÉireann iarratas na Portaingéile ó tharla gur beag an bhaint atá ag an bPortaingéil leis na bráití in uiscí na hÉireann. Níl d’fhadhb le socrú maidir le hiarratas na Portaingéile ar aontachas leis na Comhphobail ach ceann na sairdíní agus ní haon ábhar meadhráin d’Éirinn an méid sin. Ó tharla gur glacadh an seasamh céanna i leith an dá thír iarrthacha b’éigean cloí leis an gcrios Éireannach agus b’éigean teorainneacha rochtana a leagan amach don Phortaingéil a bheadh ar aon dul le teorainneacha rochtana na Spáinne. Is ábhar meadhráin d’Éirinn a caidreamh eachtrach leis an Spáinn, mar aon le struchtúir agus córas margaithe na Spáinne. Is mar a chéile beagnach an scéal i gcás na Portaingéile ach ní haon ábhar imní dúinn iomaíocht na Portaingéile.


29. Ceapadh an crios chun GII a leagan amach do stoic éisc áirithe agus do ghrúpaí de stoic éisc áirithe atá le fáil i réigiún iascaireachta an Chomhphobail, chun an scair de na gabhálacha sin a bheidh ar fáil don Chomhphobal a shocrú, chun an scair sin a riar ar na Ballstáit éagsúla agus chun coinníollacha a leagan síos faoina bhféadfar GII a iascach.


I bhFoscríbhinn 2 leis an Tuarascáil seo léirítear crios an Chomhphobail thart ar chóstaí na hÉireann.


30. Beidh an oiread sin tionchair ag ballraíocht na Spáinne ar thionscal iascaireachta na hÉireann go n-iarrann an Comhchoiste go speisialta go ndéanfaí an cheist a phlé a luaithe is féidir sa Dáil agus sa Seanad.


GEARÓID Ó COILEÁIN, T.D.,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


31 Deireadh Fómhair, 1984.


1 I.O. Uimh. L24 Iml. 26, 27 Eanáir 1983.


1 Tuarascáil agus Moltaí ar an Tionscal Muir-Iascaireachta agus Dobharshaothraithe — SDC Tuarascáil 3.