Committee Reports::Report No. 04 - Community Employment Policy::27 June, 1984::Report

AN TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Na Tograí a Scrúdaíodh

1. Scrúdaigh an Comhchoiste na doiciméid seo a leanas ón gCoimisiún i ndáil le Beartas Fostaíochta an Chomhphobail:


(i)Teachtaireacht agus Rún ón gCoimisiún ar spreagadh fostaíochta don aos óg — COM (83) 211 críochnaitheach,


(ii)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle maidir le beart Comhphobail do shárú dífhostaíochta — an chabhair ó thúsbhearta fostaíochta áitiúla — COM (83) 662 críochnaitheach.


2. Rinne an Fochoiste ar Chúrsaí Sóisialacha, Comhshaoil agus Ilghnéitheacha, faoi cheannas an tSeanadóra Máire Mhic Róibín, na tograí a scrúdú don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste buíoch den Seanadóir Mhic Róibín agus dá Fochoiste as an obair a rinne siad. Ba mhór an chabhair don Chomhchoiste ag scrúdú na dtograí dó na meabhráin ó AnCO, ón nGníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg agus ó na Ranna Saothair agus Oideachais. Cuireann an Comhchoiste a mhórbhuíochas in iúl do na comhlachtaí a chuir meabhráin ar fáil nó a chuir a ndearcadh in iúl dó. Tá an Comhchoiste buíoch go háirithe den Uasal Aneurin Hughes, Chef de Cabinet don chomhalta de Choimisiún na hEorpa ar a bhfuil freagracht speisialta i leith cúrsaí fostaíochta agus sóisialacha (an Coimisinéir Ivor Richard) a bhí i láthair ag cruinniú an Chomhchoiste an 30 Bealtaine, 1984 agus ba mhór a chabhraigh sé leis na comhaltaí ina gcaibidlí sa léiriú a rinne sé ar Bheartas Fostaíochta an Chomhphobail.


B. BREITHNIÚ AR DHOICIMÉID AN CHOIMISIÚIN

Fostaíocht don Aos Óg a Spreagadh

3. Cuireadh Teachtaireacht an Choimisiúin ar phlean chun fostaíocht don aos óg a spreagadh chuig an gComhairle an 25 Aibreán 1983. Sa Teachtaireacht tugadh gearrchuntas ar mhéid agus ar chineál na faidh be agus ar na bearta a rinneadh go dtí seo lena réiteach. Féachadh le socrú a dhéanamh ar na bearta speisialta eile nach foláir a dhéanamh sna Ballstáit le fostaíocht don aos óg a spreagadh agus le staid an aosa óig atá dífhostaithe a fheabhsú. Sonraíodh modhanna sa Teachtaireacht ina bhféadfaí beart Comhphobail, le cabhair ó ionstraimí Comhphobail, a fhorbairt. As obair Chomhairle na hEorpa i Meitheamh agus Samhain 1982 agus Márta 1983 agus as na cruinnithe i Samhain 1982 a bhí ag an gComhchomhairle agus ag an mBuanchoiste ar Fhostaíocht a d’fhás an Teachtaireacht.


4. Tugadh le fios sa Teachtaireacht go bhfuil breis is 4.5 milliún den aos óg atá faoi bhun 25 gan post as an 12 mhilliún ar fad atá dífhostaithe i gComhphobal na hEorpa. Ní mar a chéile an scéal in aon dá Bhallstát, ach cé go bhfuil amach is isteach le 11 faoin gcéad den phobal aosach dífhostaithe, tá thar 20 faoin gcéad den aos óg as obair. Cé nach n-áirítear mar dhaoine óga ach suas le 20 faoin gcéad de mheitheal oibre iomlán an Chomhphobail, is daoine óga breis is 40 faoin gcéad den líon iomlán dífhostaithe atá cláraithe.


Tá an Coimisiún den bharúil, má táthar le fadhb na dífhostaíochta i measc an aosa óig a réiteach, gur trí shocraíochtaí fairsinge atá ceaptha chun athbhorrú eacnamaíochta agus leathnú fostaíochta a bhaint amach a dhéanfar sin. Ach, ó tharla cor an aosa óig a bheith ag dul chun donais i gcónaí agus an chuma atá air go dtiocfadh fo-aicme chointinneach chun cinn sa phobal sna 1980-idí agus dá éis, tá sé riachtanach go ndeanfaí beart dearfa go luath sa Chomhphobal.


5. Sa Teachtaireacht, cuireadh isteach dréacht de Rún ón gComhairle lenar ghlac an Chomhairle Airí ar Chúrsaí Sóisialacha agus Fostaíochta an 8 Nollaig 1983. Sa Teachtaireacht tá cúig Chaibidil; i gCaibidil I leagtar amach aidhmeanna an Rúin; i gCaibidil II tá treoracha ginearálta; i gCaibidil III tá cur síos ar na bearta atá le breithniú ag Ballstáit; i gCaibidil IV tá cur síos ar na bearta ag leibhéal an Chomhphobail, agus, go sonrach, nua-thionscadail chun poist a chur ar fáil don aos óg; agus I gCaibidil V taispeántar go mbeidh airgead ar fáil do bhearta an Chomhphobail as Ciste Sóisialach na hEorpa (CSE) agus foráiltear inti go gcuirfidh an Coimisiún tuarascáil eatramhach agus tuarascáil chríochnaitheach i dtaobh fheidhmiú an Rúin faoi bhráid na Comhairle lena scrúdú roimh an 30 Meitheamh, 1989. Níor socraíodh dáta cinnte don tuarascáil eatramhach de ghrá na héascaíochta.


6. Sa léiriú ar aidhmeanna an Rúin thug Caibidil I le fios gur trí bheartas maicreacnamaíoch a thiocfadh feabhas i rátaí dífhostaíochta an aosa óig, á aithint nach bhféadfar cor dífhostaíochta an aosa óig a réiteach ach amháin nuair a bhiseoidh an eacnamaíocht agus nuair a bhorrfaidh an fhostaíocht. Is í an phríomh-aidhm laghdú suntasach céimnithe a dhéanamh ar ráta dífhostaíochta an aosa óig trí gach dícheall a dhéanamh go ceann cúig bliana chun deiseanna breise oibre a chur ar fáil don aos óg. Níl aon tslat tomhais ann lena bhféadfaí a rá go raibh aon chéatadán de laghdú suntasach ann mar go mbeadh sin ag brath ar na dálaí áirithe a bhaineann le gach Ballstát. Sa ghealltanas atá tugtha sa phríomh-aidhm leagtar síos bonn chun a áirithiú, má táthar le modhanna a leagan amach chun fostaíocht don aos óg a spreagadh, go seachnófar túsbhearta arb é is toradh dóibh oibrithe níos sine a fhágáil díomhaoin. Is féidir é a bhaint de thátal as an ngealltanas ó Bhallstáit gur dócha forbairt a theacht i margadh an tsaothair agus gur dóigh dó sin dul i gcion ar bheartais fostaíochta agus eacnamaíochta, seachas aon mheasúnú intomhaiste ar an toradh a thiocfadh as na bearta iarbhír atá sonraithe sa Rún.


7. Ó tharla nach mar a chéile cor dífhostaíochta an aosa óig in aon dá Bhallstát, ní mar a chéile ach oiread in aon dá cheann de na Ballstáit an dóigh lena leigheas. Is chuige sin an éascaíocht a bhaineann leis na forálacha i gCaibidlí II agus III ina n-aithnítear sa chéad ásc, nach foláir do na túsbhearta nua freastal do chor difriúil gach tíre agus don chúram agus do na freagrachtaí a bhaineann leis an dá thaobh den tionscal agus, sa dara hásc, gur ina bpolasaithe agus ina gcleachtais féin amháin atá sé ceaptha do Bhallstáit beart a dhéanamh. Sa liosta de thograí atá i gCaibidil III tá sraith mheasartha teoranta de bhearta a bhféadfadh na Ballstáit go léir a bheith ar aon intinn fúthu.


8. Moltar i gCaibidil IV den Rún bearta éagsúla Comhphobail a chosnóidh 40 milliún AAE (Aonad Airgeadaíochta na hEorpa) sna cúig bliana ó 1984-1989. Is é atá bearta sin, go bunúsach, sraith de thionscadail thaispeántacha i dtacaíocht leis na bearta 9 (a) agus (d)—ar an liosta thíos—ar leibhéal na mBallstát. Tá an tríú sraith de thionscadail thaispeántacha molta freisin i ndáil le hionaid speisialta treorach agus comhairle a bhunú agus a fhorbairt don aos óg d’fhonn comheagrú a dhéanamh, ag an leibhéal áitiúil, ar sheirbhísí na ngníomhaireachtaí éagsúla reachtúla agus saorálacha a bhfuil baint acu leis na cúrsaí sin. I 1983 leagadh amach tograí na Gníomhaireachta Fostaíochta don Aos Óg maidir le comheagrú áitiúil den chineál seo tar éis dul i gcomhairle le gníomhaireachtaí agus údaráis áitiúla a raibh suim acu sna cúrsaí sin. Baineann na tograí le Comheagrais Fostaíochta agus Oiliúna Comhphobail— COFOC—a bhunú, ar bhonn treorach agus beidh ceadú Rialtais á lorg dóibh go luath. Coimeádadh an Coimisiún ar an eolas faoi phleananna na Gníomhaireachta, agus táthar lena fháil amach an mbeadh cúnamh le fáil ó CSE ó (Ciste Sóisialach na hEorpa) do na túsbhearta atá ceaptha faoin Rún.


9. I gCaibidil III leagtar amach, go hachomair, mar a leanas, na bearta atá le breithniú ag Ballstáit:


(a)an dá thaobh de thionscal a spreagadh le tuilleadh den aos óg a earcú trí chómhargántaíocht;


(b)an bealach a éascú do dhaoine óga chun teacht ar fhostaíocht trí chabhracha fostaíochta agus trí scéimeanna greasachta oibre (is é sin, go bunúsach, cláir fóirdheontais earcaíochta);


(c)gaid a chuireann as d’earcú oibrithe óga a aithint agus a scaoileadh más féidir;


(d)cabhrú le daoine óga fiontair nua (agus comharchumainn san áireamh) a bhunú nó a bheith páirteach ina mbunú;


(e)deiseanna oibre agus oiliúna san earnáil phoiblí nó i scéimeanna oibre an Chomhphobail a lorg;


(f)gairmscileanna agus leasanna daoine óga a fhorbairt, á mheabhrú go bhféadfadh an tiomáint atá iontu agus a leasanna — go háirithe a leasanna sóisialacha agus cultúir—cé nach mbaineann siad go díreach le forbairt ghairme, cabhrú leo chun an ábaltacht atá iontu a fhorbairt le linn a saolré oibre.


Tá formhór na mbeartas atá molta do Bhallstáit i gCaibidil III den rún tagtha ar an bhfód cheana féin in Éirinn. Go háirithe, tá méadú leanúnach ar na tacaí atá ar fáil do dhaoine óga lena ngnóthaí féin a chur ar bun agus tá cláir éagsúla ann a chabhraíonn le scéimeanna oibre pobail. Tá scéim fóirdheontais earcaíochta—an Scéim Ghreasachta Fostaíochta—faoi sheol ó 1977. Ní foláir gach a dtiocfaidh as bearta (a) agus (c) a phlé le heagrais, mar atá, an Chúirt Oibreachais, an Chomdháil Fostóirí-Saothraithe, etc., agus leis na fostóirí agus le ceardchumainn, ag féachaint do na struchtúir chaidrimh tionscail atá i réim faoi láthair. Ar an gcéad amharc tá an chuma orthu go bhfuil siad teoranta go maith agus, leis an fhírinne a dhéanamh, níl aon ró-thábhacht go dtí seo in Éirinn leis an dá shaincheist i dtrácht. Maidir le beartas (f) thuas, is le cúrsaí sóisialacha agus cultúir is mó a bhaineann an Scéim Deontas um Fhostaíocht don Aos Óg ó tharla an dearcadh a bheith ann go bhféadfadh daoine óga a bpearsanacht agus a n-ábaltacht a fhorbairt, agus, ar an gcuma sin, gur fearr an seans a bheadh acu fostaíocht a fháil.


Tionchar an Rúin ar Éirinn

10. Is dócha gurb é an tionchar is mó a bheidh ag an Rún (agus ag cinntí airgeadais ghaolmhara) go ndéanfar forbairt ar thacaí le poist a chur ar fáil don aos óg. Is fiú, nuair a bheidh an tsaincheist seo á plé, cur síos a dhéanamh ar chúrsaí mar atá siad faoi láthair in Éirinn. Is tuigthe go dtéann sé an-deacair ar dhaoine óga in Éirinn a ngnóthaí féin a bhunú ar na fáthanna seo a leanas:


— ea taithí


gan cáil ghnó a bheith bainte amach acu agus na deacrachtaí a t as sin chun teacht ar chistí Stáit nó ar chistí príobháideacha


gan dóthain d’airgead pearsanta a bheith ar fáil acu le cur isteac ngnó.


Mar sin féin, mar gheall ar an oiread sin de dhífhostaíocht i measc aosa óig agus gan fáil chomh héasca céanna a bheith acu sa lá atá inn ann ar na seanphoist tuarastail, tá méadú de réir a chéile ag teacht an líon de dhaoine óga in Éirinn atá ag smaoineamh ar fhéin-fhostaíoc mar shlí bheatha agus a bhfuil cuireadh faighte acu dul ina ceann.


11. Talamh úrnua ar fad is ea an Scéim Liúntas Fiontair. Tugadh a Scéim sin isteach i Nollaig 1983 faoi riaradh na Seirbhíse Náisiúnt Daonchumhachta mar spreagadh do dhaoine dífhostaithe, os cionn na faoi bhun 25 bliana d’aois, gnó dá gcuid féin a bhunú. Faoin scéim tá £30 sa tseachtain le fáil ag daoine singile, agus £50 sa tseachtain le fái ag daoine pósta, ar a gcúnamh sochair dhífhostaíochta a ligean uathu chun a bhfiontar féin a bhunú. Glactar le hiarratais ó dhaoine a bhfuil trí sheachtain déag ar a laghad caite acu ar an mBeo-Chlár nó atá páirteach i gcláir oiliúna AnCO. Féadfar an liúntas seachtainiúl a íoc mar chnapshuim ar an toirt más gá sin ag féachaint do thograí gnó an iarratasóra. Bhí an-tarraingt ar an scéim seo ag an bpobal agus b’éigean éirí as an 500 ionad a leagadh amach i dtosach báire sa scéim agus tá an scéim a hathchóiriú anois le freastal ar na mílte atá le bheith páirteach inti.


12. I dteannta a bhfuil ar fáil de thacaí agus de ghreasachtaí ón Údarás Forbartha Tionscail, ó eagraíochtaí Stáit eile agus ó ghníomhaireachtaí airgeadais príobháideacha, tá na beartais agus na greasachtaí seo a leanas ceaptha go háirithe chun cabhrú le daoine óga:


(i)Nua-thionscadail chun poist a chur ar fáil: Tacaíonn an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg le roinnt treoir-scéimeanna, lena n-áirítear scéimeanna i gCorcaigh (Carraig Thuathail), i mBaile Átha Cliath (Glas Naíon) agus san Iarthar Láir (Inis, Luimneach, Sionna). Tacaíonn CSE leis na scéimeanna agus, go háirithe, leis an Iarthar Láir mar threoir-thionscadal sonrach de chuid CSE. Sna tionscadail sin ina ndéantar poist a bhunú tugtar mórchúnamh do dhaoine óga i gcúrsaí a bhaineann le hoiliúint ghnó agus scile, le breithmheas agus le treoir, agus le tacú riaracháin teicniúil agus airgeadais. Tá na scéimeanna sin ar siúl faoi láthair agus a luaithe a bheidh siad críochnaithe féachfar ar a dtoradh d’fhonn a chinneadh an bhféadfar feidhm níos fairsinge a bhaint astu.


(ii)Clár Fiontair an Phobail agus an Aosa Óig: Is clár nua é seo a bhunaigh an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg i 1983. Is é aidhm an chláir cabhrú le daoine óga a ngnóthaí féin a bhunú trí thacaíocht agus páirteachas a fháil i dtosach báire ó phobal an cheantair. Mar is dual, bíonn eagraíochtaí ina mbíonn muintir na háite féin nó an t-aos óg in ann, le cabhair ó shaineolaithe an cheantair, sainbharúlacha gnó a aithint agus a fhorbairt. As an bpróis sin fásann gnóthaí ina mbíonn daoine óga páirteach, nó gnóthaí a bhíonn á reachtáil ag na daoine óga féin, i gcomhar go minic. Á leanúint sin, tugtar spreagadh agus cúnamh praiticiúil do dhaoine óga agus cuirtear dálaí fónta ar fáil d’fhorbairt fiontair sa cheantar. Go dtí seo, faoin gclár, tá glactha le tuairim is 25 thionscadal. Ní mór é an tacaíocht a fhaigheann an clár faoi láthair ó CSE.


(iii)An Clár Féin-Fhostaíochta don Aos Óg: An Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg i bpáirt le Banc na hÉireann a d’eagraigh an scéim. Faoin scéim, féadfaidh daoine óga a bhfuil barúlacha maithe acu faoi ghnó a mbeadh téagar ann agus a mbeadh sé deacair orthu (ar na cúiseanna atá luaite) airgead a fháil dó, iasachtaí ráthaithe a fháil ar fiú £3,000 an duine iad.


(iv)Cúrsaí “Tosaigh do Ghnó féin”: Is cúrsaí iad seo a gcuireann AnCO cistí agus CSE tacaíocht oiliúna ar fáil dóibh chun cabhrú le daoine óga a mbarúlacha gnó a fhorbairt go céimmeach ó laige go neart.


(v)Comharchumainn: Tá sé de chúram speisialta ar an nGníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg cabhrú le tionscadail áirithe atá eagraithe i gcomharchumainn chun poist a bhunú.


13. Cé go luíonn a bhfuil déanta in Éirinn go dtí seo isteach le héirim an Rúin tá a lán lán le déanamh fós maidir le forbairt agus feabhsúchán. Ina thaobh sin de, chuir an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg na barúlacha seo chun tosaigh:


(i)Aonad Forbartha agus Tacaíochta: Tá an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg ag smaoineamh go dian ar aonad a bhunú mar lárionad singil do phobail áitiúla agus do ghasraí ógánach ar mian leo leas a bhaint as acmhainní, mar atá, oiliúint, breithmheas tionscadal agus seirbhísí treorach, cúnamh teicniúil, etc.


(ii)Breithmheas ar Thionscadail Reatha: Tá beartaithe ag an nGníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg breithmheas a dhéanamh ar thábhacht agus ar thairbhe na nuathionscadal a bunaíodh chun poist a chur ar fáil d’fhonn a chinneadh an bhféadfaí a bhfeidhm a leathnú. Tá na tionscadail sin luaite i mír 12(i).


(iii)Cistí Forbartha Áitiúla: Tá brath ag an nGníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg fiosrú a dhéanamh i 1984 ar conas a d’fhéadfaí daoine a spreagadh le hairgead a infheistiú agus tacú le gréasáin áitiúla do choistí agus d’óganaigh aonair a bhfuil baint acu le tionscadail chun poist a bhunú. Is dócha go gcaithfear oibriú i dtosach báire le húdaráis áitiúla roghnaithe áirithe ar bhonn treorach.


(iv)Deiseanna Oiliúna Gnó a Fhorbairt: Tá an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg agus AnCO i gcomhairle cheana féin ar conas is fearr cúrsaí oiliúna gnó do dhaoine óga a chur i mbaint le gnéithe eile d’fhorbairt ghnó don aos óg, e.g., soláthar faisnéise, tacaíocht airgid, sainchomhairle agus “iarchúram”.


14. I gcás na hÉireann de, d’fhéadfaí leas a bhaint as aon cheann de na tionscadail a luaitear faoi mhír 12 mar thionscadail thaispeántacha de réir an Rúin agus bheadh cúnamh CSE ag dul dóibh dá bharr.


I bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an Tuarascáil seo tá faisnéis le fáil ar chúnamh CSE go ginearálta, sa mhéid gur daoine faoi bhun 25 bliana. d’aois atá i gceist.


C. DEARCADH AN CHOMHCHOISTE

15. Is é barúil an Chomhchoiste gur Rún gan téagar an Rún seo ón gComhairle agus gur mó de bhaint atá aige leis an rud a ba mhaith leis an gComhairle a dhéanamh faoin bhfadhb ná le fuascailt na faidhbe féin. Samhlaítear don Chomchoiste go bhfuil an éirim agus an tiomáint a bhí sa Choimisiún chun fostaiocht a bhunú ligthe le sruth. Is ábhar imní don Chomhchoiste a thabhairt faoi deara, d’ainneoin a bhfuil déanta le tamall de bhlianta ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Comhphobail chun oiliúint agus fostaíocht don aos óg a chur chun cinn, gur measa atá cúrsaí fostaíochta de réir mar atá an lagar eacnamaíoch ag éirí níos measa. De réir mar atá ardú tagtha ar an ráta dífhostaíochta tá a ré ag éirí níos faide. Tá os cionn 2 mhilliún ógánach sa Chomhphobal faoi láthair atá gan obair ar feadh breis agus sé mhí agus milliún go leith eile beagnach gan obair ar feadh breis agus bliain. Ní fadhb í dífhostaíocht na n-óg a bhaineann le lucht fágala scoile amháin: is lú ná an cúigiú cuid den líon iomlán de dhaoine óga dífhostaithe an mhuintir sin atá idir 16-18 mbliana d’aois. Ní féidir féachaint ar dhífhostaíocht na n-óg sa Chomhphobal a thuilleadh mar rud a tharla toisc nach rabhthas in ann an t-athrú a dhéanamh ón scoil nó ón ard-oideachas go dtí an tslí bheatha. Léiríonn sé, go han-chruinn, fadhb atá níos fairsinge, mar atá, an stálú atá ar an ngeilleagar agus an mharbhántacht atá le brath ar chúrsaí fostaíochta.


16. Is léir go bhfuil fadhb na dí-fhostaíochta i measc an aosa óig fíorthromaí in Éirinn ó tharla go bhfuil thar 60,000 duine faoi bhun 25 bliana d’aois cláraithe mar dhaoine dífhostaithe. (I bhFoscríbhinn 2 leagtar amach ré na dífhostaíochta do na haois-ghrúpaí éagsúla). Ó tharla gur lagaigh an imirce sna 1960-idí agus gur mhó líon na n-inimirceoirí ná na n-eisimirceoirí sna 1970-idí tháinig méadú an-mhór ar líon an aosa óig sa phobal. Má fhéachtar ar an líon san aois-ghrúpa 15-24 i gcomparáid leis an daonra iomlán atá 15 agus os a chionn tabharfar faoi deara go ndeachaigh a líon in airde ó 20.2 faoin gcéad i 1961 go 23.6 faoin gcéad in 1971 agus go 25.1 faoin gcéad i 1981. (I bhFoscríbhinn III leagtar amach na treoghluaiseachtaí déimeagrafacha 1961-91). Is airde an coibhneas in Éireann ná in aon Bhallstát eile i gComhphobal na hEorpa. I 1982, mar shampla, 22 faoin gcéad a bhí san Isiltir agus 20 faoin gcéad i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine. Le cois na ndeacrachtaí a d’fhéadfadh bheith ann mar gheall ar an líon neamhghnách de dhaoine óga sa phobal d’fhéadfaí bheith ag súil leis freisin gur i ngéire a rachaidh fadhb dhífhostaíochta na n-óg mar gheall ar an mearfhás atá tagtha ar an daonra iomlán (in aois 15 agus os a chionn) agus ar líon an aosa óig sa daonra sin. Idir 1971 agus 1981 bhí 1.6 faoin gcéad de mheánráta fáis sa bhliain ar an gcuid den daonra in Éirinn a bhí 15 bliana d’aois agus os a chionn agus bhí 2.3 faoin gcéad de mheánráta fáis ar líon na n-óg sa phobal. Os a choinne sin, ní raibh ach 0.3 agus 0.7 faoin gcéad de mheánrata fáis bliantúil sa Ríocht Aontaithe.1 Measann an Comhchoiste go bhfuil baint dhíreach ag fadhb speisialta dhífhostaíochta na n-óg in Éirinn leis an líon daoine atá ag lorg oibre den chéad uair. Anois, nuair atá beagnach leath an daonra faoi bhun 25 bliana d’aois agus beagnach milliún buachaill agus cailín ar scoil nó ar choláiste, tá fadhb dhífhostaíochta na n-óg at éirí fíor-ghéibheannach.


17. I dTuarascáil2 a d’fhoilsigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta le gairid ar bheartais fostaíochta don aos óg in Éirinn agus sa Phortaingéil leagadh béim ar na deacrachtaí áirithe atá sa dá thír agus dúradh go bhféadfaí an fhadhb in Éireann a réiteach mar a leanas:


bearta caomhanta fuinnimh,


athchóiriú agus athnuachan a dhéanamh ar thithíocht.


Measann an Comhchoiste gur chóir an dá mholadh sin a scrúdú go cruinn lena fháil amach cad iad na deiseanna oibre a thiocfadh dá mbarr don aos óg. Má théitear i mbun oibre den chineál sin ní dócha go dtiocfaidh aon mhéadú suntasach ar an éileamh allmhairí a thig de ghnáth as borradh éilimh i gcoitinne.


18. Nuair a bhí dífhostaíocht na n-óg á breithniú ag an gComhchoiste chuaigh an fhianaise faoin obair atá á dhéanamh ag an nGníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg agus ag an tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta i ndáil le treoir-scéimeanna a fhorbairt chun tionscadail nua a chuirfeadh poist ar fáil agus comhar-fhiontair i bhfeidhm go mór ar an gComhcl oiste. Molann sé Fochoiste Mheitheal Gnímh Phort Láirge a chuaigh mbun gnó ag soláthar glasraí agus a bhfuil seachtar ógánach fostaithe acu ar thalamh atá faighte ar léas ón Údarás Forbartha Tionscail D’fhéadfaí forbairt mhór a dhéanamh, dar leis an gComhchoiste, a sholáthar torthaí agus glasraí don mhargadh mórdhíola agus miondíola agus is eol dó gur mhaith le comhlachtaí móra ar nós Fruit Importer Limited and Superquinn Limited, an ceannach a dhéanamh go háitiúil Dá ndéanfaí cúram de chúrsaí táirgíochta agus margaíochta, measann an Comhchoiste go gcabhródh sé go mór le fostaíocht a chur ar fáil. Is maith leis an gComhchoiste a fheiceáil freisin go bhfuil oibrithe toilteanach dul i gcomhar le chéile i bhfiontair nua nuair a bhíonn a bhfostaíocht i mbaol. Is sampla den chomhar sin an beart a rinne na hoibrithe le tarrtháil a thabhairt ar an monarcha chriadóireachta i gCarraig Uí Leighin, Contae Chorcaí. Is mór an chabhair don oibrí Éireannach, dar leis an gComhchoiste, a bheith in ann malairt saothair a tharraingt chuige chomh héasca sin nuair a bhíonn a shlí bheatha faoi bhagairt agus is dóigh leis an gComhchoiste gur chóir béim níos troime a chur ar phrionsabal an chomhair chun poist a chur ar fáil agus gnólachtaí atá i nguais a ndúnta a thabhairt slán.


19. Molann an Comhchoiste an tÚdarás Forbartha Tionscail as a fheabhas a d’éirigh leis tionscail nua a thabhairt chun na tíre seo agus as a bhfuil déanta aige chun cabhrú le tionscail atá dúchasach dúinn. Is mór an chabhair an dá ní sin le dífhostaíocht a laghdú i measc an aosa óig. Bheadh an Comhchoiste á iarraidh, áfach, go dtabharfaí cluas ghéar don moladh a rinne scrúdaitheoirí na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta sa Tuarascáil uathu atá luaite thuas i ndáil le fóirdheontais agus caiteachas caipitiúil chun poist a bhunú. Tuigeann an Comhchoiste go bhfuil an cion allmhairithe de chaiteachais chaipitiúla ard go maith in Éirinn agus gurb é an tuar dóchais is fearr d’fhorbairt na tionsclaíochta in Éirinn breis feidhme a bhaint as gníomhaíochtaí ina n-úsáidtear daon-chaipiteal. Thiocfadh dó mar sin, gur fearr a d’éireodh le greasachtaí forbartha nua-fhostaíochta i gcoitinne a bhunú dá mbeadh fóirdheontais ar fáil a bheadh ceangailte leis an méid post a bhunófaí agus a léireodh na scileanna i gceist.


20. Is maith leis an gComhchoiste a fhios a bheith aige gur féidir anois le seirbhísí atá ceangailte le tionscail cúnamh ar fháil ón Údarás Forbartha Tionscail agus tá sé den bharúil, mar gheall ar an togra seo a rinneadh le déanaí agus an togra sa mhír roimhe seo, go mbeidh anéileamh ar Éirinn amach anseo mar ionad tarraingteach do ghníomhaíochtaí seirbhísí nua-aoiseacha ar nós taighde agus forbairt, dearadh, comhairle agus a leithéidí, nach seirbhísí dian-chaipitiúla iontu féin, ach ar seirbhísí iad atá riachtanach d’fhás na tionsclaíochta san am le teacht.Tá tugtha faoi deara ag an gComhchoiste gur gnólachtaí beaga a fhostaíonn níos lú ná 15 dhuine is mó a chabhraigh le fostaíocht a chur ar fáil i Stáit Aontaithe Mheiricea le blianta beaga anuas agus tá sé go láidir den bharúil gur ar an dóigh chéanna sin a chuirfear fostaíocht ar fáil in Éirinn.


21. Is ábhar sásaimh don Chomhchoiste a thabhairt faoi deara nach ndearna Éire faillí leas a bhaint as caiteachas CSE. Mar sin féin is cás leis an t-ualach a thitfidh ar CSE nuair a dhéanfaidh an Spáinn agus an Phortaingéil aontachas, mar atá beartaithe, sa bhliain 1986. Is mar a chéile, cuid mhór, fadhbanna na dífhostaíochta sa Phortaingéil agus in Éirinn. Tá an dá thír ag brath cuid mhór ar an talmhaíocht agus tá an daonra iontu ag fás go mear. Fágann sin go mbíonn ar a lán oibrithe a dtír dhúchais a fhágáil le fostaíocht a fháil. Ach tá athrú ag teacht ar an scéal sa dá thír le tamall mar go bhfuil an tionsclaíocht ag fás iontu agus an imirce ag meath. Leis an dá chor nua sin tá athruithe tábhachtacha tagtha ar an éileamh agus ar an soláthar i gcás oibrithe, agus chomh fada is bhaineann na hathruithe sin le daoine atá ag lorg oibre den chéad uair, go háirithe an t-aos óg, bhí tionchar an-mhór acu ar cheist na fostaíochta.


22. Ba mhaith leis an gComhchoiste tagairt do thábhacht an oideachais chun daoine óga a ullmhú don fhostaíocht. Tá córas oideachais na hÉireann claonta i dtreo na hacadúlachta in ionad an ghairmoideachais. Caithfear na hacmhainní oideachais a phleanáil níos cúramaí agus caithfear na t-idirdhealú idir na meánscoileanna agus na gairmscoileanna a chur as an mbealach. Is maith leis an gComhchoiste a fheiceáil go bhfuil bonn maith curtha leis na hathruithe sin ó bunaíodh pobalscoileanna agus scoileanna cuimsitheacha in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Measann an Comhchoiste gur tosach maith é na scéimeanna nua atá curtha ar fáil i scoileanna, mar atá, na Scéimeanna Speisialta um Fhorbairt Churaclaim agus Obair Phobail, mar go ndéanann siad freastal don mhac léinn nach bhfuil lé aige leis an acadúlacht agus go spreagann siad na húdaráis chun tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu. Ba chóir cúrsaí réamhfhostaíochta a bheith ar fáil i gcuraclam gach scoile iar-bhunoideachais, lena náirítear, i meánscoileanna nach gairmscoileanna, sa bhliain dheireanach den oideachas éigeantach. Ba chóir freisin cúrsaí ar thaithí oibre a bheith ar fáil do mhic léinn mheánscoile roimh fhágáil na scoile dóibh.


Le déanaí fógraíodh go mbeadh méadú mór ar an gcúnamh a bheadh le fáil ó CSE chun oideachas gairme a thabhairt do dhaoine óga in Éirinn agus measann an Comhchoiste gur mór an chéim ar aghaidh é sin mar go mbeidh cead ag meánscoileanna cúrsaí gairmoiliúna a chur ar fáil den chéad uair. Go dtí seo bhí bac ar a leithéid faoi rialacha CSE.


23. Tá an Comhchoiste den bharúil gur chóir cúram ar leith a dhéanamh den churaclam do chailíní óga i meánscoileanna. Toisc gan an bhéim chéanna a bheith curtha ar an mhatamaitic agus ar ábhair eolaíochta i gcás cailíní fágann sin gur cúinge an réim fostaíochta a bhíonn ar fáil do chailíní ar fhágail na scoile dóibh. Fágann sé fosta go bhfuil an cothrom idir buachaillí agus cailíní atá ag lorg printíseachta as cor go mór agus dá bhrí sin gur chóir taithí roimh ré ar na cúrsaí sin a thabhairt do chailíní i ngairmeacha nach raibh gabháil acu leo go dtí seo. Bheadh liúntais bhreise le cur ar fáil dóibh freisin mar spreagadh. Is fíor-bheagán de na cailíní a bhíonn ar fáil in ionaid AnCO lasmuigh de na gairmeacha traidisiúnta do chailíní. Mar sin fein, leis an bhforbairt as miosúr atá ag teacht ar an tionscal leictreonach, ar innealtóireacht agus seirbhísí leictreach, ba chóir go mbeadh deiseanna maithe oibre ag cailíní agus ag mná óga as seo amach.


D. TÁTAL

24. Is le drogall a chreideann an Comhchoiste nach dócha go bhfillfear ar an lánfhostaíocht sa ghearrthodhchaí trí ghnáthbheartais chun fostaíocht a bhunú. Caithfear dianscrúdu a dhéanamh ar choincheap iomlán na fostaíochta as a dtiocfaidh, b’fhéidir, míinithe nua ar cad is obair ann. Leagann an dífhostaíocht i measc na n-óg costais arda shóisialta ar an bpobal trí tháirgíocht na ndaoine atá thíos léi a ísliú go buan. Tá seans ann go dtabharfaidh daoine óga a bhfuil dínit agus comhlánú agus smacht na hoibre séanta orthu droim láimhe don phobal agus go gcaithfidh siad a bhfuinneamh le gníomhaíochtaí atá in aghaidh an phobail. D’ainneoin nach bhfuarthas aon fhianaise in Éirinn ar an mbaint a d’fhéadfadh a bheith idir leibhéal fáis na n-ógchoireanna agus dífhostaíocht i measc na n-óg, ní féidir leis an gComhchoiste a chreidiúint gur de thaisme a tharla an scéal a bheith amhlaidh. Is dóigh leis gur bagairt mhór ar chreatlach sóisialach na hÉireann daoine óga a bheith dífhostaithe, agus áitíonn sé gur chóir gach seift a thriail chun an scéal a leigheas. Fáilltíonn sé go ginearálta roimh an mbeart reachtúil atá á mholadh faoi láthair os comhair an Oireachtais chun an ragobair a laghdú, ach is dóigh leis go bhfuil beartais níos diongbháilte de dhíth. Caithfear iniúchadh níos cruinne a dhéanamh ar an gcoincheap faoi obair a roinnt chun deiseanna fostaíochta a bhunú. Aithníonn an Comhchoiste gurb í an phríomh-chonstaic atá sa bhealach ar an socrú sin an doicheall atá ar dhaoine roimh ísliú ioncaim.


25. Tugann an Comhchoiste faoi deara an réimse scéimeanna atá ann chun an óg-fhostaíocht a chothú agus tá imní air gur mearbhall poiblí a bheidh mar thoradh air sin. Dá bharr sin, fáiltíonn an Comhchoiste riomh an deimhniú a thug ionadaithe na Roinne Saothair dó nuair a láithrigh siad os a chomhair á rá go bhfuil comhordnú á dhéanamh ar na scéimeanna ar fad le gur fusa teacht orthu agus iad a chur i gcomhréir le chéile. Maidir leis sin de, tugann an Comhchoiste dá aire gur tarraingíodh aird sa Tuarascáil is déanaí ón gCoiste Dála um Chaiteachas Poiblí1 ar an bhfianaise a bhí ann go raibh trasnú agus dúblú oibre ar siúl sna seirbhísí a chuirtear ar fáil le haghaidh oiliúna, earcaíochta agus bunú fostaíochta, agus ar an tionchar atá aige sin ar an gCiste. Tá sliocht as Tuarascáil an Choiste, ag leagan amach a thuairimí maidir leis an ní seo, le fáil i bhFoscríbhinn 4.


TOGRAÍ AN CHOIMISIÚIN

E. GNÍOMHAÍOCHT PHOBAIL I gCOINNE DÍFHOSTAÍOCHTA —CUIDIÚ Ó THÚSBHEARTA ÁITIÚLA FOSTAÍOCHTA

26. I dTeachtaireacht an Choimisiúin chuig an gComhairle tá dréacht de Rún ar ghlac an Chomhairle um Ghnóthaí Sóisialacha agus Fostaíocht leis i Lucsamburg an 7 Meitheamh, 1984. Tá na tograí sin ag luí le togra an Choimisiúin maidir le cur chun cinn na fostaíochta do dhaoine óga. Ina Rún dar dáta an 12 Iúil, 1982 ar Ghníomhaíocht Phobail i gCoinne Dífhostaíochta, d’aithin an Comhairle an gá atá le gníomhartha breise, le cois beartas mórfháis, chun an dífhostaíocht a laghdú.


Ina thaobh sin de leag an Comhairle béim ar a suim i mbealaí chun fostaíocht a bhunú mar ba léir i dtúsbhearta áitiúla agus i gcomharchumainn, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún torthaí a chuid taighde agus a smaointe i dtaobh an ábhair a chur chuici chun go bhféadfadh sí tábhacht na dtúsbheart sin i mbunú fostaíochta a mheas.


27. Léirítear sa Teachtaireacht cinntí an Choimisiúin de thoradh a imscrúduithe agus a chaibidlí faoin méid atá déanta ag túsbhearta áitiúla agus ag comharchumainn sa troid in aghaidh na dífhostaíochta. Le linn na taighde seo, pléigh an Coimisiún an cheist leis na heagrais ionadaíocha atá ann, go háirithe le grúpa comharchumannach na n-oibrithe ag léibhéal na hEorpa, agus d’eagraigh sé sraith de 22 chomhchaint phoiblí ag an leibhéal áitiúil ag tabhairt le chéile daoine a raibh páirt dhíreach acu i mbunú fostaíochta, údaráis rialtais áitiúil agus reigiúnaigh agus an iliomad grúpaí atá gníomhach i gcúrsaí fostaíochta agus sóisialta. Eagraíodh an chomhchaint Éireannach i gCorcaigh in Meitheamh, 1982 i gcomhar leis an Bank of Ireland Centre for Co-operative Studies, An Coláiste Ollscoile, Corcaigh.


28. Tá glactha ag an gCoimisiún leis an téarma “Túsbhearta Áitiúla Fostaíochta” (TAF), atá in úsáid freisin ag an ECFE (OECD). Is mar seo a leanas a mhínítear TAF: na túsbhearta sin a dhéantar ag an leibhéal áitiúil-go minic le comhoibriú idir daoine aonaracha, gníomh-ghrúpaí, na Comhpháirtithe Pobail agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha-d’fhonn buandeiseanna breise fostaíochta a chur ar fáil trí mhionfhiontair nua a bhunú.


Achoimre ar Chinntí an Choimisiúin

29. Leagtar amach anseo thíos torthaí fiosrúcháin an Choimisiúin:


(i)Tá fás mór tagtha ar an líon TAF ar fud an Chomhphobail le 2-3 de bhlianta.


(ii)Ní le bunú fostaíochta go díreach agus leis sin amháin a bhaineann a dtábhacht toisc go n-ullmhaíonn siad na ceantair ina bhfeidhmnítear iad le haghaidh forbartha san am le teacht, trí iontaoibh a athchothuí, trí scileanna a chaomhnú nó a fhorbairt, agus trí chumas tionscnaimh a thabhairt ar ais.


(iii)Cé go bhfuil teorainn leis an méid is féidir le TAF a dhéanamh chun fadhb na dífhostaíochta a réiteach, léiríonn a bhfás tapa agus a dtábhacht sna ceantair agus i measc na ndaoine is mó atá thíos leis an dífhostaíocht ach go háirithe, dar leis an gCoimisiún, cumas maidir le déanamh gnó, samhlaíocht agus úsáid scileanna daoine agus acmhainní áitúla a thuilleann tacaíocht níos déine agus níos eagraithe.


(iv)Is ionann an chuid is mó d’fhadhbanna TAF agus fadhbanna na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBM) ach gur géire iad.


(v)De ghnáth is ar bhonn gnó a bhfuil téagar ann a eagraítear TAF. Is mó a suim, áfach, i mbunú fostaíochta ná i dtorthaí eacnamaíochta nó airgeadais.


(vi)Tá tábhacht ar leith ag baint le tacaíocht réigiúnach agus áitiúil do na fiontair bheaga logánta seo.


(vii)Féadfaidh an cúnamh a bheidh le fáil ó na Comhpháirtithe Pobail maidir le saineolas bainistí nó treoir i dtaobh rátaí pá agus dálaí oibre bheith an-fhóinteach chun a áirithiú gur mar fhiontair théagracha is dlúthchuid d’earnáil na mion-ghnólachtaí a fhásfaidh TAF.


(viii)Tá géarghá le gníomhairí agus gníomhaireachtaí forbartha a bheadh in ann an tacaíocht agus an chomhairle chuí a chur ar fáil ag gach céim, go mór mór dóibh siúd atá gann ar thaithí gnó.


(ix)Cé go mbíonn a lán lán ama ó fhoireann na ngníomhaireachtaí tacaíochta riachtanach do TAF ní dócha go mbeidh na héilimh a dhéanfaidh siad ar an gciste poiblí ró-mhór.


(x)Tá áitribh á gcur ar fáil, a bheag nó a mhór, do TAF de réir mar is gá, ar bhonn “éasca-isteach éasca-amach”, agus sin go minic le comhsheirbhísí.


(xi)Is leitheadach iad riachtanais oiliúna agus foghlama TAF.


(xii)Is mó sin foirm dhlíthiúil is féidir a bheith ag TAF.


(xiii)Tá seans maith ann gur féidir macasamhail de na TAF a chruthaigh go maith a chur ar bun i gceantair nó i mBallstáit eile trí smaointe, teicníochtaí agus taithí a aistriú. Tá na bealaí faisnéise gan forbairt, áfach, agus ní dócha go bhfeabhsóidh siad sa Chomhphobal gan tacaíocht ón taobh amuigh.


Túsbhearta Áitiúla Fostaíochta in Éirinn

30. Ó thaobh na hÉireann de, is féidir a rá gur túsbhearta áitiúla fostaíochta na túsbhearta sin a thionscnaíonn cumainn phobail nó óige, chomh maith le grúpaí d’oibrithe dífhostaithe nó iomarcacha, chun fostaíocht mharthanach a bhunú. Is gnách gur fearr iad mar fhiontair i seilbh agus faoi smacht an phobail nó mar chomharchumainn oibrithe. Roimh theacht in éifeacht dóibh mar ghnó ar leithligh áfach is minic gur gá réamhbheartú agus iniúchadh fada. Mar sin, is minic na daoine sin a thionscnaíonn túsbhearta áitiúla fostaíochta go dlisteanach ag bunú eagraíochtaí ionadaíocha; ag úsáid na scileanna agus na n-éirimí go léir atá ar fáil sa phobal; ag déanamh imscrúdú, trí shuirbhéithe acmhainní, srl., ar acmhainní eacnamaíocha na háite agus ar na cosúlachtaí atá ann go bhféadfaí iad a fhorbairt; ag imscrúdú moltaí áirithe chun táirgí agus seirbhísí a chur ar fáil. Bíonn baint dhíreach acu le deiseanna gearrfhostaíochta/oiliúna a chur ar fáil (le ceardlanna oiliúna pobail, mar shampla) do dhaoine óga nó in iarrachtaí leis na deiseanna sin a chur ar fáil.


31. Ó thaobh na hÉireann de, is minic an dá aidhm ag túsbhearta áitiúla fostaíochta:-


(i)poist nua mharthanacha a chur ar fáil san eacnamaíocht, go minic i gceantair nach furasta do FBM nó gnólachtaí eile atá níos traidisiúnta feidhmiú iontu;


(ii)féinmheas agus tuiscint na bpobal áitiúla orthu féin a mhéadú trí mheon féin-chabhrach ar leibhéal praiticiúil a chothú, go mór mór i gceantair spealta nó i gceantair easpacha.


Ní foláir an dá aidhm sin a chur san áireamh nuair atá torthaí na dtúsbheart áitiúil fostaíochta á meas. Is cuid shonrach den iarracht chun fostaíocht a bhunú na túsbhearta áitiúla fostaíochta de bhua na próise as a dtagann siad, i dteannta na tosaíochta a thugtar do bhunú fostaíochta seachas d’aidhmeanna tráchtála nó brabúis amháin. In an-chuid cásanna, ní bhaineann na daoine a bhíonn i gceist aon tairbhe phearsanta go díreach as na túsbhearta sin.


32. Is é is cúram don Stát tacú le túsbhearta áitiúla fostaíochta in ionad an cúram sin a ghabháil air féin go huile. Chomh fada agus is féidir é, ba chóir, leis an acmhainn a chuirfí ar fáil, go mbeadh teacht ag an ngrúpa ar shaineolas gairmiúil breise, sa bhainistíocht, sa mhargaíocht, srl., agus go mbeadh teacht aige ar dhóthain cistí chun gnáthchostais na hoscailte a chlúdach. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh fadhbanna ar leith a bheith le sárú ag túsbhearta áitiúla fostaíochta maidir le teacht ar chaipiteal ach go háirithe agus, mar sin, gur minic a bhíonn cabhair de bhreis ar a gcuirtear ar fáil do FBM ag teastáil.


Achoimre ar na Príomh-Sheirbhísí Stáit a thacaíonn le TAF

33. An Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg: Sna freagrachtaí éagsúla atá uirthi tá freagracht ar leith curtha ar an nGníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg le fostaíocht mharthanach thíosach a chur ar fáil do dhaoine óga trí eagraíochtaí pobail, óige agus saorálacha. Bíonn dhá chlár á n-n-oibriú ag an nGníomhaireacht maidir leis an méid sin—An Clár Fiontar don Phobal agus don Aos Óg agus An Clár Féinfhostaíochta don Aos Óg. Dar leis an nGníomhaireacht is é a Clár Fiontar don Phobal agus don Aos Óg an bunstruchtúr do Thúsbhearta Áitiúla Fostaíochta in Éirinn, nuair is le bunú post marthanach go díreach a bhaineann na túsbhearta sin. Go bunúsach, is é dearcadh na Gníomhaireachta ná cabhair a thabhairt do phobail cuidiú leo féin tríd an chabhair seo a leanas a chur ar fáil dóibh:-


Comhairle a thabhairt do ghrúpaí ar mian leo tabhairt faoi thúsbheart fiontair phobail;


Deontais Phleanála a chur ar fáil do ghrúpaí ar mian leo earraí agus seirbhísí a d’fhéadfaí a chur ar fáil go háitiúil a shainiú agus a fhiosrú;


An Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg do chur cistí ar fáil go ceann bliana d’oibrithe fiontair arna n-earcú ag grúpaí áitiúla pobail;


Nascadh a dhéanamh le cláir agus scéimeanna deontais-i-gcabhair de chuid gníomhaireachtaí eile Stáit agus tráchtála. Déanann An Clár Fiontar don Phobal agus don Aos Óg comhlánadh ar na cláracha forbartha fiontar eile atá ar fáil ó eagraíochtaí eile, eadhon, an ÚFT, Forbairt na Sionainne, Údarás na Gaeltachta agus Foirne Forbartha Contae;


Cuidiú airgeadais a chur ar fáil go díreach de ghrúpaí, ag an oscailt go háirithe, chun freastal do riachtanais chaipitil agus fháltais agus do chostais bhainistí an fhiontair go ceann bliana.


Bíonn deacrachtaí le sárú go minic ag daoine aonair agus ag scéimeanna beaga áitiúla chun teacht ar iasachtaí airgid le haghaidh suimeanna beaga de chaipiteal oibre. Dá bharr sin, tá Clár Féinfhostaíochta don Aos Og curtha ar bun ag an nGníomhaireacht i gcompháirt le Banc na hÉireann Leis an gclár sin, déanann an Ghníomhaireacht páirt-ráthú ar iasachtaí a chuireann an Banc ar fáil do dhaoine óga agus do ghrúpaí beaga atá ag smaoineadh ar ghnó tráchtála a bhunú a mbeadh téagar ann. Ní gá go mbeadh sean-taithí ar ghnó acu sin atá ag fáil na n-iasachtaí ná go mbeadh aon chúlbhannaí acu do na hiasachtaí sin. Léiríonn an fhianaise go dtí seo gur mór an chabhair na tacaí breise seo do na hiarrachtaí chun fostaíocht a bhunú ar bhonn comharchumann beag áitiúil.


AnCO-An Chomhairle Oiliúna: Léiríonn an-chuid d’imeachtaí AnCO éirim cháipéis an Choimisiúin mar tá roinnt túsbhearta déanta aige chun tacaíocht áirithe a chur ar fáil le forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíocht mhionghnó:


(i)Tugann Rannóg Mhionghnó den tSeirbhís Chomhairlitheach Oiliúna comhairle d’úinéirí ar chúrsaí oiliúna agus tugann eolas dóibh i dtaobh na struchtúr taca atá ar fáil ó na gníomhaireachtaí áirithe Stáit.


(ii)Sainíonn clár nasctha AnCO agus cuireann ar fáil an oiliúint is gá do dheiseanna fostaíochta ag leibhéal áitiúil an phobail.


(iii)Is ar dhaoine a bhfuil smaoineamh gnó acu a dhírítear an Clár “Tosaigh do Ghnó Féin” agus an Clár Fiontar don Aos Óg.


(iv)Cuireann AnCO cúrsaí ar fáil atá eagraithe d’aon ghnó do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh i bhfad agus do dhaoine a bhí iomarcach chun deis a thabhairt dóibh a gcuid scileanna a thabhairt bord ar bord leis an aimsir nó scileanna nua ar fad a thabhairt dóibh—tá cuid acu imithe ar aghaidh chun a gcuid mion-fhiontar féin a thosú.


(v)Thionscain AnCO Clár Oiliúna d’Fhorbairt Chomarchumann do mhná i 1983. Tugann an clár sin oiliúint sna scileanna is gá chun comhar-fhiontar a bhunú agus a bhainistí.


An tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta: Tháinig an Scéim Liúntas Fiontair i ngníomh go déanach i mí na Nollag, 1983 agus is é an aidhm atá léi ná daoine atá dífhostaithe ar feadh 13 sheachtain déag ar a laghad a spreagadh chun a bhfiontair féin a bhunú. In ionad sochar leasa shóisialaigh, íoctar £50 nó £30 leo, ag brath ar a stádas pósta, ar feadh tréimhse nach faide ná bliain, mar liúntas seachtainiúil. Nuair a tosaíodh í ar bhonn treorach i mí na Nollag, 1983, cuireadh 500 áit ar fáil, timpeall is 300 do dhaoine thar 25 agus timpeall is 200 d’iarrthóirí níos óige. Tá na spriocanna éilimh sroichte cheana, dóibh sin thar 25 ach go háirithe, agus tá an scéim leathnaithe ag an Aire Saothair go dtí, b’fhéidir, idir 4,000 agus 5,000 folúntas, chun an cuidiú is mó is féidir a áirithiú le haghaidh an chórais chun fostaíocht a bhunú.


Forbairt na Sionainne: Ó thosaigh Forbairt na Sionainne (CANS, nó SFADCo) ar dhianchlár chun miontionscail dhúchasacha a chur chun cinn i reigiún an Iarthair láir i 1978, tá roinnt túsbhearta pobail tionscanta aige chun an fás is mó is féidir a chur faoi mhionfhiontair. Tá oifigigh sheachtracha ceaptha i ngach contae sa réigiún chun fiosrúcháin áitiúla a spreagadh agus freastal dóibh, agus chun comhoibriú le heagrais phobail. Ba mhór an t-aitheantas ar ionad na bpobal áitiúil i gcothú na n-acmhainní agus na mbuanna dúchasacha é nuair a cuireadh aonaid réamhcheaptha speisialta monarchan ar fáil do mhiontionscail in “ionaid fiontar” i sráidbhailte agus i mbailte ar fud an réigiúin. Ón tosach, rinne an chuideachta cúram ar leith do chodanna áirithe den réigiún a bhí faoi mhíbhuntáiste lena clár forbartha ceantar, agus chomhoibrigh sí le pobail chun tionscnaimh áitiúla fostaíochta a thabhairt chun cinn. Tá an chuideachta ag scrúdú tograí ó phobail eile faoi láthair, agus thionscain sí le déanaí clár taca do chomharchumainn phobail chun cúltaca leathan airgeadais agus eile a chur ar fáil do ghrúpaí díograiseacha áitiúla.


An tÚdarás Forbartha Tionscail: Tá Clár bíogúil Miontionscal sa tsiúl ag an ÚFT (IDA), an phríomh-ghníomhaireacht a chuireann an tionsclaíocht chun cinn don Rialtas, agus cuireann sé réimse leathan greasachtaí agus comhairle ar fáil. I measc na dtúsbheart taca tá an Clár Forbartha Fiontar a bhfuil sé mar aidhm aige nua-fhiontraithe a mhealladh, agus tá ionad faisnéise miontionsclaíochta bunaithe i Sráid an Mhóta, Baile Átha Cliath chun an pobal a chur ar an eolas maidir le deiseanna sa déantúsaíocht.


Foirne Forbartha Contae: Is é an cúram atá ar Fhoirne Forbartha an Chontae forbairt eacnamaíoch ina gceantair a chothú trína áirithiú go mbainfear lán-úsáid as na seirbhísí poiblí atá ann i láthair na huaire agus go ndéanfar smaointe i dtaobh forbartha a spreagadh. Cuid thábhachtach de ghníomhaíocht na bhFoirne is ea an chabhair a thugtar do Chlár Miontionscal an ÚFT.


Údarás na Gaeltachta: Cuireann an tÚdarás beartán cuimsitheach de chabhair theicniúil agus airgeadais ar fáil do réimse mhaith fiontar, agus tionscnaíodh, lena comhairle agus lena thacaíocht, níos mó ná 500 mionfhiontar sa Ghaeltacht, ar éirigh leo.


Gníomh-Chlár Comharchumann ECFE faoi Thúsbhearta Áitiúla do Chruthú Fostaíochta.

34. Tá CEE ag comhoibriú go dlúth le ECFE a bhfuil clár aige freisin a bhaineann go díreach le túsbhearta áitiúla fostaíochta a fhorbairt agus leagtar béim ar an gcaidreamh sin sa dréacht-Rún, ina gcuireann an Chomhairle i dtábhacht a inmholta is atá sé a áirithiú go ndéanfar bearta CEE a chomheagrú go dlúth le bearta ECFE.


Tosaíodh clár an ECFE le trí rannpháirtí déag, ar an n-áirítear Éire, i Mí Iúil, 1982, agus tháinig cúig thír eile isteach, na Stáit Aontaithe ina measc, níos déanaí. Is iad seo a leanas a phríomhaidhmeanna:


taithí agus faisnéis a chur chun cinn agus a mhalartú maidir le túsbhearta áitiúla chun fostaíocht a bhunú;


modhanna agus acmhainní a fhorbairt chun na túsbhearta sin a mheas ón taobh eacnamaíoch agus sóisialta; agus


taca teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit rannpháirteacha chun go bhféadfaí cláir nua náisiúnta a fhorbairt a thabharfadh forbairt áitiúil na heacnamaíochta agus na fostaíochta ar aghaidh.


Is é a spreagann spéis na dtíortha sin ná go n-aithníonn siad an géarghá atá le cabhair a thabhairt d’fhonn forbairt a dhéanamh ar úrfhiontair bheaga sna dálaí eacnamaíocha agus polaitiúla atá ann faoi láthair. Tá roinnt cúiseanna acu leis sin. I dtosach, tá sé thar a bheith riachtanach go ndéanfaí fíor-dheiseanna fostaíochta a chothú de bharr an dífhostaíocht a bheith ard agus a bheith ag ardú i gcónaí, agus gur gá béim a chur ar fhorbairt réigiúnach agus áitiúil. Sa dara háit, tá lé ag na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha le réiteach solúbtha mionscálach a aimsiú mar gheall ar an ngá atá leis an infheistíocht a spreagadh agus mar gheall ar an bhfianaise atá ann gur i mionghnólachtaí is mó a chruthaítear fostaíocht nua. Ar an tríú dul síos, is fearr a thuigtear anois go bhfuil gá le taobh-bheartais soláthair a spreagann fiontraíocht i gcúrsaí gnó ach a chuidíonn ag an am céanna le cúrsaí éilimh. Ar deireadh, tá seans go dtabharfaidh na tionscnaimh sin le fios conas a d’fhéadfaí beartais agus cláir daonchumhachta a chur ar mhalairt treo chun an riar sin den chiste poiblí a chaitear anois ar bhearta do lucht dífhostaíochta a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí.


Bunaíodh Coiste Stiúrtha de Bhallstáit rannpháirteacha, a thagann le chéile dhá uair in aghaidh na bliana, chun slí oiriúnach a sholáthar le maoirsiú a dhéanamh ar an gclár agus le caidreamh cuí a áirithiú le tíortha rannpháirteacha. (Is é an Roinn Saothair a ghníomhaíonn ar son na hÉireann). Ar an leibhéal náisiúnta tá grúpaí teagmhála á mbunú i ngach tír a thabharfaidh le chéile eagraíochtaí a bhfuil obair fhorbartha ar bun acu chun na críche sin, idir eagraíochtaí Rialtais agus eagraíochtaí nach eagraíochtaí Rialtais. Tá a leithéid de ghrúpa bunaithe ag an Roinn Saothair. Fónann an Grúpa seo mar fhóram chun smaointe agus faisnéis a mhalartú, chun doiciméidíocht ar thaithí idirnáisiúnta a scaipeadh, agus, le himeacht aimsire, chun córais taca do ghrúpaí pobail agus eile a aithint chun tacú le gníomhaíochtaí áitiúla tionscnamh. Tharla seiminéar, a raibh túsbhearta áitiúla mar théama aige agus ar fhreastail breis is céad duine air, i mBaile Átha Cliath an 11 Deireadh Fómhair, 1983, faoi choimirce Ghrúpa Teagmhála na hÉireann chun forbairtí fiontar áitiuil a léiriú agus chun an caidreamh idir Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí Stáit, eagrais dheonacha, grúpaí áitiúla, institiúidí bainc agus daoine leasmhara a mhéadú. Is éard atá idir lámha faoi láthair iarrachtaí chun teacht ar mhodhanna cuí chun an fhaisnéis a bhaintear as an gclár a scaipeadh ar ghrúpaí Stáit agus áitiúla.


F. DEARCADH AN CHOMHCHOISTE

35. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh Theachtaireacht an Choimisiúin agus roimh an Rún ar ghlac an Chomhairle leis sa mhéid is go leagann said béim ar theacht chun cinn TAF mar ghné chun modhanna a fhorbairt leis an dífhostaíocht a chloí i measc an phobail agus mar sprioc tacaíochta le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na túsbhearta sin sa todhchaí. Creideann sé gur trí fhorbairt TAF a chuirfear deiseanna breise buanfhostaíochta ar fáil, agus, d’fháilteodh sé roimh iarrachtaí níos fuinneamhaí ó údaráis na hÉireann ag cur úrthionscnaimh chun cinn le tacaíocht a fháil ó CSE. Is áthas leis an gComhchoiste an bhéim a leagtar sa Rún ón gComhairle ar chomheagrú túsbhearta fostaíochta CEE agus ECFE. Is dóigh leis, áfach, go bhfuil géarghá le comheagrú náisiúnta a dhéanamh ar fhorbairt TAF. Faoi láthair tá go leor eagraíochtaí Stáit, Stát-tionscanta agus Stát-urraithe ann — idir phríobháideach agus shaorálach— atá ag iarraidh túsbhearta áitiúla a chur chun cinn ar a gconlán féin go hiomlán. Ba cheart cuidiú le forbairt TAF le cabhair ó fhoireann nó ó choiste saineolaithe a d’fheidmeodh ar bhonn réigiúnach agus a bhainfeadh leas, dá bharr, as achmhainní na ngníomhaireachtaí go léir a bhfuil ar a gcumas comhairle a thabhairt don fhiontraí nó do chomharchumainn faoi na seirbhisí taca ar fad atá ar fáil.


36. Arís, is leasc leis an gComhchoiste aird a tharraingt ar staid leochaileach na mban maidir le deiseanna fostaíochta, mar go léiríonn an staidreamh nach raibh de mhná istigh ar an Scéim Liúntas Fiontair ach 10 faoin gcéad den 1,500 a bhí rannpháirteach inti. Tathantaíonn sé go ndéanfar iarracht ar leith an mhíchothromaíocht sin a leigheas agus a áirithiú go mbeidh rannphairtíocht chothrom ag mná i ngach clár fostaíochta. Tá sé ar intinn ag an gComhchoiste an Rún ón gComhairle1 maidir le gníomh i gcoinne na dífhostaíochta i measc ban a scrúdú go luath. (Tá mion-achoimre le fáil i bhFoscríbinnn 5 a ghabhann leis an Tuarascáil ar rannpháirtíocht sa Scéim Liúntas Fiontair anuas go dtí le déanaí).


37. Ba mhaith leis an gComhchoiste tagairt a fheiceáil sa Rún ón gComhairle d’eagraíochtaí áitiúla pobail agus óige mar thionscnóirí TAF. Is minic a fhéachtar ar TAF in Éireann mar chuid d’obair na ngrúpaí sin Ba mhian leis, freisin, go dtabharfadh an Rún aitheantas do thúsbhearta fostaíochta a tionscnaíodh i gceantair thuaithe atá i mbaol a mbánaithe, ar nós iarrachtaí na gcomharchumann Gaeltachta in Éireann.


38. Maidir le hiarrachtaí a bheartú chun cuidiú le FBM teacht ar airgead nó tacaíocht phoiblí airgeadais a fháil, is dóigh leis an gComhchoiste go bhféadfadh tábhacht ar leith a bheith leis an ngné sin i gcás TAF, sa mhéid gur minic a d’fhéadfadh constaicí breise dlisteanacha airgeadais a bheith ann. Dar leis, is minic i gcás TAF a bhíonn tacaí breise de dhíth, i dteannta a bhfuil ar fáil cheana féin do FBM. De ghnáth, chuig sárú na bhfadhbanna a bhaineann le cruthú caipitil i ngnólachtaí pobail agus i gcomharchumainn oibrithe a dírítear na tacaí sin. Ní minic a bhíonn a ndóthain airgeadais phearsanta ag tionscnóirí i gcás an dá shaghas gnó sin. Cothaíonn sé sin fadhbanna nuair a lorgaítear airgead ar iasacht. Chomh maith leis sin, de bharr an nuacht a bhaineann le TAF, ní i gcónaí a shásaíonn siad bun-riachtanais traidisiúnta na mbanc — eadhon, ní bhíonn aon an-taithí ghnó acu, agus ní i dtólamh a thuigeann nó a ghlacann na hinstitiúidí airgeadais lena struchtúir ghnó (comharchumann nó gnó pobail). Is cuidiú áirithe i dtreo réiteach na bhfadhbanna sin An Scéim Liúntas Fiontair agus An Scéim Rathaíochta Iasachtaí.


39. Maidir le riachtanais áitiúla oiliúna TAF creideann an Comhchoiste go bhfuil ar chumas CG (VECs) beart a dhéanamh. Bheadh tábhacht ar leith leis sin san áit a bhféadfaí a bheith ag súil le rannphairtíocht ghníomhach ó bhaill CG i mbunú agus i gcothú TAF. Is ar stádas fostaithe atá an bhéim mhór in oiliúint traidisiúnta ghairm-oideachais, go mór-mhór i gcás cáilíochtaí foirmeálta a bhaint amach, sa mhéid gur beag an aird a thugtar ar fhéin-fhostaíocht agus ar bhainistí gnó. Tá tuiscint mhaith áfach, i measc lucht an oideachais ar an bhfadhb seo, agus tá úrthionsnaimh, mar atá, Clár na Mionchomhlachtaí, a d’fhorbair CDC na Sionainne, ar fáil go forleathan san oideachas, agus iad naschta i gcásanna áirithe le comharchumainn don aos óg agus le comhlachtaí mar iad.


40. Molann an Comhchoiste an bhéim a leagann an Coimisiún ar thábhacht na gairmthreoireachta. Faoi láthair, is beag ábhar faisnéise atá ar fáil d’fhoirne treoireachta scoileanna. Ba cheart, dar leis an gComhchoiste, úsáid a bhaint as cláir ina ligtear múinteoirí ar iasacht agus ina bhfaightear oiliúint inseirbhíse, chun a áirithiú go mbeidh múinteoirí a oibríonn le TAF ar an eolas i dtaobh na ngnéithe ar fad dá riachtanais oideachais agus oiliúna.


41. Is mian leis an gComhchoiste aird a dhíriú ar an bhforáil a leag an Coimisiún síos i bhfoscríbhinn lena thogra le haghaidh Rún ón gComhairle go gcaithfí ar Bhuiséad an Chomhphobail — do chomhchomhairliú agus malartú taithí, chomh maith leis an gclár taighde agus staidéir — 570,000 AAE do 1984, agus 6,000,000 AAE as an gCiste Sóisialta don bhliain chéanna. Is éard a bheadh sna figiúirí sin faoi seach 1,250,000 AAE agus 11,000,000 AAE, do 1985 agus 1,000,000 AAE agus 14,000,000 AAE do 1986. In ionad geallúint dheimhneach airgeadais a thabhairt anois, níl á rá ag na hAirí um Ghnóthaí Sóisialacha agus Fostaíocht ina Rún ach gur faoi chóras an bhuiséid, de réir na gceanglas dlíthiúil faoina ndeachaigh an Chomhairle, a dhéanfar maoiniú an Chomhphobail a shocrú, agus i gcás imeachtaí a thagann faoi scáth an Chiste Shóisialaigh, gur de réir chumas airgeadais an Chiste sin agus a rialacha, a dhéanfar an t-airgead a sholáthar. Is dona leis an gComhchoiste nach ndearnadh soláthar airgid ar leithligh do TAF agus tathantaíonn sé ar an gCoimisiún beart a dhéanamh chun an laige sin a leigheas.


G. TÁTAL

42. Fadhb mhór an dífhostaíocht i ngach cearn den Chomhphobal ach is i gceantair ar nós na hÉireann, ina bhfuil mórchóiriú á dhéanamh ar thionslaíocht, is tapúla atá fás ag teacht uirthi, agus is ar dhaoine ar lag a ndeiseanna fostaíochta is mó a luíonn sí. Tá an-chuid eacnamaíochtaí agus margaí áitiúla fostaíochta geall le bheith bánaithe ag athruithe struchtúir, go mór mór i gceantair a bhí ag brath ar mhéid áirithe de mhórthionscail agus de mhórghnólachtaí ar laghdaigh a riachtanais fostaithe go tapa le blianta beaga anuas de thoradh iarrachtaí chun an ró-chumas struchtúir a bhí ag baint leo a laghdú. Tá marbhántacht nó cúlú tagtha go fiú sna réigiúin nó sna ceantair sin a bhí tar éis nuabhrainsí tionscal nó seirbhísí a mhealladh isteach chucu. Cé go bhfuil fadhbanna a bhaineann leis an ea fostaíochta agus an bhánaithe fós acu, is lú fós an seans go bhfaighidh na ceantair thuaithe fostaíocht níos ilchineálaí.


43. Sa Chomhphobal trí chéile, tá, mar aon le laghdú ar dheiseanna fostaíochta sa tionsclaíocht, moilliú i mbunú fostaíochta sa tseirbhís phoiblí de bharr laincisí a bheith curtha ar an gcaiteachas poiblí. Is ag gach leibhéal — náisiúnta, réigiúnda agus áitiúil — agus i ngach saghas seirbhíse — iompar, oideachas, sláinte agus seirbhísí aire shóisialaigh ina measc — a tharla ar laghdú sin ar dheiseanna fostaíochta poiblí. Anuas air sin, is iad na himeachtaí is nua is mó atá thíos leis sin, go háirithe i gcúrsaí sláinte agus oideachais, mar a raibh fás tapa ar éileamh agus ar fhostaíocht. Tá laghdú tubaisteach tagtha de bharr brú an bhuiséid ar scéimeanna sealadacha poiblí chun poist a bhunú nó chun chun taithí oibre a chur ar fáil do ghrúpaí ar leithligh nó dóibh sin a bhíonn as obair ar feadh tréimhse fada — scéimeanna a bhí forleathan sa dara cuid de na 1970- dí.


Is millteanach an dúshlán atá roimh an gComhphobal chun an ceann is fearr a fháil ar dhífhostaíocht na n-óg — beagnach fiche milliún post nua a bhunú sa chéad deich mbliana eile. Má theipeann air sa chúram seo, fágfar na milliúin de dhaoine óga, go leor díobh in Éirinn, in umar na haimiléise ar scuainí dóil an Chomhphobail.


H. DEARCADH GINEARÁLTA AN CHOMHCHOISTE

44. Cé go nglacann an Comhchoiste leis go n-oireann agus go n-éiríonn le gníomh-chláir áirithe (ar nós an chéad Ghníomh-Chlár Pobail), Cumarsáidí agus Rúin mar uirlisí chun aidhmeanna an Chomhphobail a bhaint amach, braitheann sé nach féidir a bheith deimhneach faoi éifeachtúlacht na mbealaí sin, agus an droch-chor atá ar an eacnamaíocht faoi láthair, toisc gan aon bhailíocht dhlíthiúil a bheith acu. B’fhearr leis an gComhchoiste an phríomhbhéim a chur ar ais ar bhearta ceangailteacha ar nós na dTreoracha.


45. Ba mhaith leis an gComhchoiste béim a leagan ar a thábhachtaí is atá sé sonraí cruinne staitistiúla ar an dífhostaíocht a bheith ar fáil ionas gur féidir bearta éifeachtúla a dhéanamh ar chritéir iontaofa. Ní treoir shásúil an Beo-Chlár Dífhostaíochta maidir le méid na dífhostaíochta de bharr an gcoinníollacha atá i bhfeidhm chun daoine a bheith i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh a fháil. Chuirfeadh suirbhé samplach bliantúil leis an eolas atá ar fáil ón mBeo-Chlár.


46. Maidir le hathshonrú ar obair, ar neamhspleigh le seanchoincheapa coitianta, is dóigh leis an gComhchoiste go bhféadfaí slite beatha a mbeadh tuarastal agus pá ag gabháil leo a thabhairt ar obair forbartha pobail ag leibhéal áitiúil, mar atá, aire a thabhairt do sheanóirí nó do lucht éiglíochta, agus tionscnaimh chomhshaoil. Ní dócha, go mbainfear lánfhostaíocht amach faoin gcóras atá anois ann agus ina ndéantar obair a mheas do réir chritéir eacnamaíocha. Is ionann sin is a rá gur lú na deiseanna a bheidh ag daoine óga sár-oilte, agus is ábhar buartha don Chomhchoiste an costas, ó thaobh an phobail agus an duine, a bhainfidh leis an dífhostaíocht. Is beag a mhaolaíonn íocaíochtaí a aistrítear ón stát an staid uafásach seo. Creideann an Chomhchoiste go diongbháilte gur cheart tabhairt faoin bhfadhb seo ón mbonn aníos, agus nár cheart teitheadh ó bhearta nach mbeadh tacaíocht an phobail leo, ar nós uaire oibre níos giorra agus an laghdú ioncaim a ghabhfadh leis sin.


Tá an Comhchoiste ag súil le scrúdú a dhéanamh go luath ar phrionsabail pholasaí an Chomhphobail maidir le laghdú agus athchóiriú ar uaire oibre.1


47. Ní foláir don Chomhchoiste dul iomlán pholasaí fostaíochta an Chomhphobail agus a éifeacht a cheistiú. Is mó a mhuinín as Gníomh-Chlár Comhair ECFE. Tá oifigí ag Clár ECFE i ngach ballstát agus, in Éirinn, tá ionadaíocht ó gach eagras atá páirteach i mbunú fostaíochta ar choiste náisiúnta an Chláir. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an innéacs, a d’fhoilsigh ECFE de thúsbheartha comhair, a bheidh ar fáil do na coistí náisiúnta ar fad go luath. Treoir mhaith an t-innéacs seo, dar leis, do dhaoine óga a bheidh ag tosú a ngólachtaí féin agus a bheidh in ann taithí idirnáisiúnta ina réimse áirithe féin a úsáid chun a leasa.


48. Éileamh sa bhreis ar an gComhbheartas Talmhaíochta a bheidh mar thoradh ar theacht na Spáinne agus an Portaingéile isteach sa Chomhphobal i 1986. D’fhéadfadh sé seo airgead atá de dhíth go géar ar CSE a bhaint de, mura ndéanfar bunchóras an Chomhphobail chun airgead a chur ar fáil a atheagrú. Mar sin, tá an Comhchoiste ag súil le haontú go luath ar athchóiriú Bhuiséad an Chomhphobail.


49. Is í an dífhostaíocht an fhadhb eacnamaíoch agus shóisialta is mó atá ag an tír seo fós, agus tá súil ag an gComhchoiste gur féidir bearta ciallmhara soiléire a mhúnlú as tograí an Choimisiúin chun í a réiteach. I bhfiansise na tairngreachta a rinne an ECFE1 le déanaí go sroichfidh ár ráta dífhostaíochta 18 faoin gcéad faoin mbliain seo chugainn, tathantaíonn sé go ndéanfaidh na heagrais ar fad, idir shaorálach agus reachtúil, a n-iarrachtaí a chomheagrú agus go ndeimhneoidh siad go ndíreofar acmhainní CSE agus na tíre chun mallacht na dífhostaíochta, go mór mór i measc na n-óg, a dhíbirt.


MUIRIS Ó MAINNÍN, T.D.,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


27 Meitheamh, 1984.


1 “Does Ireland have a special Problem of Youth Unemployment?” Brendan M. Walsh,


2 “Improving Youth Employment Opportunities—Policies for Ireland and Portugal”,


1 “Tograí chun Gníomhaireacht Lárnach a bhunú do Dhaoine a chláraíonn le haghaidh


1 Dréacht-Rún COM (84) 74 críochnaitheach, a glacadh an 7 Meitheamh, 1984.


1 COM(82) 809 críochnaitheach.


1 Réamhfhaisnéis Eacnamaíoch ECFE, Iml. 35 (arna fhoilsiú Meitheamh, 1984).