|
Comhaltaí an ChoisteTeachtaí DálaMícheál Ó hUadhaigh — Cathaoirleach Gabriel de Mhisteal—Leas- Chathaoirleach Paralán Ó hEachtairn Uinseann Ó Brádaigh Seán de Brún Liam T. Mac Cosgair Seosamh Ó Dúill Seán Ó Fathaigh Máire Ní Fhlaithbheartaigh Alice Glenn Liam Ó Deaghaidh Liam Ó Sceallaigh Proinnsias de Priondargást Muiris Táilliúir Dónal de Bhailis Cléireach an Choiste: P. S. Ó Brádaigh 1 Réamhrá1.1 I measc na n-aighneachtaí a fuair an Coiste de bharr a fhógra phoiblí, bhí aighneacht ó Chuallacht Shíomóin ag éileamh go ndéanfaí an tsruthaireacht a dhíchoiriú. 1.2 Tá forálacha éagsúla sa Vagrancy Act, 1824 maidir le déirc a lorg agus codladh amuigh, i measc nithe eile. Tá an fhoráil seo a leanas, mar shampla, in Alt 4: “Every person wandering abroad and lodging in any barn or outhouse, or in any deserted or unoccupied building, or in the open air, or under a tent, or in any cart or wagon … and not giving a good account of himself or herself” agus “Every person being found in or upon any dwelling house, warehouse, coach-house, stable or outhouse, or in any enclosed yard, garden, or area, for any unlawful purpose” “ . . . . . . . shall be deemed to be a rogue and a vagabond, within the true intent and meaning of this Act”. Féadfar fíneáil nó príosúnacht trí mhí a ghearradh, mar phionós uasta, ar dhuine ar é a chiontú i gcéaduair i gceachtar de na cionta sin. 1.3 Bhreithnigh an Coiste an aighneacht, agus bhí cruinniú aige le hionadaithe ó Chuallacht Shíomóin chun í a phlé. I ndiaidh dóibh an t-ábhar a bhreithniú arís, bheartaigh comhaltaí an Choiste ar thuarascáil a chur faoi bhráid an Tí i dtaobh a mbreithnithe. 2 Moltaí ó Chuallacht Shíomóin2.1 Is é a deir Cuallacht Shíomóin ina n-aighneacht ná gur coir faoin dlí a bheith gan chónaí, agus ní haon dóithín é sin, dar leo. Faoi láthair; meastar go bhfuil 3,000 duine gan chónaí sna 26 chontae, agus 1,000 eile ar a laghad lena chois sin i dTuaisceart Éireann, áit a bhfuil an Vagrancy Law i bhfeidhm i gcónaí freisin. Níl teacht ar fhigiúirí cruinne mar ní choimeádann an Phríomh-Oifig Staidrimh cuntas ar líon na ndaoine, sa tír atá gan chónaí faoi láthair. Cé go ndéanann Cuallacht Shíomóin freastal ar bhreis agus 1,000 duine gan chónaí in aghaidh na bliana ina bhfothain oíche i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh agus i nDún Dealgan, déanann gníomhaireachtaí eile freastal ar an-chuid eile atá sa riocht céanna. Codlaíonn daoine gan chónaí amuigh, i mbrúnna agus i bhfothainí oíche, i bpríosún, in aonaid shíciatracha, in ospidéil, agus in aireagail ócáideacha ar dTeaghlach Contae. Cé go bhfuil 1,646 leaba i bhfothainí oíche sa tír, is dóigh leis an gCuallacht nach bhfuil ansin ach cuid de réiteach na faidhbe. 2.2 I 1983, tionscnaíodh imeachtaí i gcoinne 412 duine de dhroim na nAchtanna Sruthaireachta a shárú. I 73 chás, áfach, tarraingíodh siar nó díbheadh na cúisimh ina dhiaidh sin; ciontaíodh 247 nduine san iomlán. Ní dhéantar cur síos mion i dTuarascáil Choimisinéir an Gharda ar na coireanna sin, seachas a rá gur déirc a lorg a bhí i gceist i 164 chás. I gcomparáid leis sin, tionscnaíodh imeachtaí i 498 gcás i 1956 agus 741 i 1977. Seo a leanas mionchur síos ar na cineálacha imeachtaí a tionscnaíodh faoi na hAchtanna Sruthaireachta i 1898 agus i 1956:—
Toisc nach bhfuil mionchur síos ar staitisticí, mar atá againn do 1956, ar fáil anois — agus gan teacht ar a leithéid go héasca, de réir Oifig an Gharda — is dóigh le Cuallacht Shíomóin gur codladh amuigh, bheith ag seachránaíocht agus ‘bheith in áitreabh dúnta’ tromlach na mórchoireanna (cé is moite de dhéircínteacht) a dtugtar imeachtaí ar aghaidh ina leith i gcónaí. 2.3 Is é tuairim na Cuallachta go mbaintear an úsáid chéanna faoi láthair as na hAchtanna Sruthaireachta is a baineadh astu riamh cé is moite de ‘síománaíocht agus coir ar intinn’, dar ndóigh, a fritheadh a bheith mí-bhunreachtúil de bharr gur ghlac sé leis go raibh duine ciontach cheana féin. 2.4 De réir aighneacht Chuallacht Shíomóin,is gránna an radharc é do dhaoine áirithe daoine a bheith ag lorg déirce agus spreag a thionchar sin ar thionscal na tuarasóireachta Ard-Stiúrthóir Bhord Fáilte chun óráid a thabhairt ina thaobh i 1982. Cé go bhfuil daoine áirithe ann a lorgaíonn déirc cé go bhfuil teacht isteach acu — nó a bhfuil teacht isteach sásúil acu, b’fhéidir — deir Cuallacht Shíomóin (Feabhra 1984) gurb iad seo a leanas na cúiseanna ar a dtéann daoine gan chónaí ag lorg déirce:— —Níleor na híocaíochtaí leasa shóisialaigh. Is é an bunráta do dhuine singil gan chónaí £28. £3 in aghaidh na hoíche, nó £21 sa tseachtain, an ráta sa bhrú is mó i mBaile Átha Cliath. Ní fhágann sin ach £7 do bhia, tobac, earraí níocháin, táillí bus, nuachtáin, bróga, bearradh gruaige, sláinteachas pearsanta, agus mar sin de. —Is deacair do dhaoine gan chónaí bheith i dteideal leas sóisialach a fháil. Dúirt oibrí sóisialta ó sheirbhís chomhairleoireachta Ard-Deoise Chaitliceach Bhaile Átha Cliath, ‘Doras ar Oscailt’, i Meán Fomhair, 1983 nach raibh siad sin a chodlaíonn amuigh i dteideal ioncaim ar bith. Dúirt sé go raibh faighte amach acu nach n-íocfaidh Oifigigh Leasa Phobail aon airgead leis na daoine sin a chodlaíonn amuigh. 2.5 I 1983, d’aimsigh Cuallacht Shíomóin i mBaile Átha Cliath 94 dhuine, idir fhir, mhná agus’ chailíní, ag codladh amuigh, agus creideann sí nach bhfuil aon dul as ag roinnt acu ach déirc a lorg chun bheith beo. I Meán Fomhair, 1983 d’oscail an Chuallacht i mBaile Átha Cliath cistin oíche sho-ghluaiste anraith ar Ché Árann. 2.6 Pléann an aighneacht leis an gcion ‘a bheith ar meisce agus míiomprach’ chomh fada is a bhaineann sé le daoine gan chónaí. Faoi Alt 12 den Licensing Act, 1872, is féidir duine a chiontú as a bheith ar meisce go poiblí. Is leatrom é seo ar dhaoine gan chónaí — de thaisme, b’fhéidir, sa chás seo — sa mhéid is nach féidir leo sin bheith ar meisce go príobháideach — toisc gan áit chónaithe a bheith acu — agus go nólann siad go minic chun teas a choimeád ina gcorp istoíche. 2.7 Is dóigh le Cuallacht Shíomóin go bhfuil cúiseanna maithe ann le fiúntas an dlí sin a athscrúdú, sa mhéid is gur cabhair leighis, aire shóisialta agus díthocsainiú atá ag teastáil uathu sin a ólann go rialta, go mór mór daoine a ólann go trom, seachas an dlí a chur orthu. Is cás leis an gCuallacht le fada nach bhfuil aon áiseanna ann do dhíthocsainiú. Ní ceart réiteach dlíthiúil a bheith ann ar fhadhbanna leighis, dar leo. Seo thíos sliocht as Tuarascáil Bhliantúil Chuallacht Shíomóin i gCorcaigh do 1981:— “Recently three of our residents were sentenced to a week in prison for drunk and disorderly behaviour. They were held in Cork and then moved from Cork to Limerick Prison. Limerick Prison was full. From there they were taken to Mountjoy. Mountjoy was full. All three were given their fares back to Cork. They spent 3 days in custody, at a cost to the State of approximately £1,000. The deterrent effect was nil. During the year 41 of our more regular residents were imprisoned for public drunkenness. Almost a quarter of these went down two or more times during the year, the average period of imprisonment being a month, and at on approximate cost to the State of £63,000. It costs the State approximately £20,000 to keep one person in prison for one year. One man we met in Simon spent 45 out of 52 weeks in and out of prison on charges of drunkenness. Keeping someone in prison for a minor offence is costly and ineffective. Repeatedly imprisoning them for drunk and disorderly behaviour, particularly if they are alcoholic, is a waste of people’s lives and of public money. Studies in Britain (Habitual Drunkenness Offenders Report; Criminal Justice Act 1969) recognise the importance of getting the alcoholic out of prison and into the field of therapy and medical care. The kind of care required centres around the provision of community-based specialised hostels for alcoholics, and detoxification centres. We have none in Cork.” 2.8 Is i ndlí de chuid na bliana 1331, ina bhforáiltear lucht déirce a ghabháil, atá préamhacha an dlí atá anois ann maidir le sruthaireacht. Ritheadh 49 nAcht Parlaiminte i gcoinne lucht sruthaireachta sa tréimhse idir 1522 agus 1822. I measc na bpionós a leagadh síos sna hAchtanna sin bhí na stoic (1399), leathchluas a bhaint den chiontóir (1530), bás (1535), lorg a dhó ar an gciontóir (1557) agus díbirt thar sáile (1603). Tá sé tugtha faoi deara ag staraithe sóisialta gur dhéine na píonóis nuair a bhíodh corraíl sa phobal agus faitíos ar lucht na Parlaiminte roimh na bochtáin. Ritheadh Acht 1824 chun na 49 nAcht eile roimhe sin a chomhdhlúthú. Cuireadh i bhfeidhm in Éirinn é i 1871, agus bhí baint ag na Vagrancy Acts le Poor Law ré Victoria Shasana. D’ainneoin na Vagrancy Acts, tháinig ardú agus titim i gcónaí ar líon na mbochtán a tugadh os comhair na gCúirteanna de réir mar a tháinig borradh agus síothlú ar an eacnamaíocht sa tír. Thug an Departmental Committee on Vagrancy é sin faoi deara i 1906, agus dúirt ina thaobh: “There is the very general feeling throughout the country that the present laws dealing with vagrants are unsatisfactory”. Ach 77 mbliana níos déanaí tá siad fós i bhfeidhm. D’ainneoin 662 bhliain de dhlíthe ina gcoinne, is ann do lucht sruthaireachta i gcónaí. Thabharfadh sin le fios gur de bharr faidhbe sóisialta seachas fadhb choiriúil atá pionós á chur ar na daoine sin. Sin mar a áitíonn Cuallacht Shíomóin. 2.9 Deir an Chuallacht nach mbíonn daoine gan chónaí i dteideal bheith páirteach sna scéimeanna tithíochta poiblí, tríd is tríd. Diúltaíonn sé cinn d’údaráis áitiúla daoine ‘cumasacha’, nach bhfuil pósta, a chur san áireamh le haghaidh tithe, is cuma cé chomh dearóil is atá siad. Ní hiad na daoine gan chónaí an chloch is mó ar phaidrín na n-údarás eile. Is dóigh leis an gcuid is mó de na húdaráis áitiúla gur cúram do na Boird Sláinte daoine gan chónaí. A chontráracht a chreideann na Boird Sláinte. 2.10 Creideann an Chuallacht gur chóir an ghné shóisialta de na hAchtanna Sruthaireachta a bhaint as an reachtaíocht. Is é is cás leo sin na cionta a bhaineann le déirc a lorg, codladh amuigh, bheith ag taithí áite agus bheith ag seachránaíocht, agus áitíonn siad:— 1.Gur mar thoradh ar dhálaí sóisialta daoine atá dealbh bocht a tharlaíonn na cionta sin. Tarlaíonn siad mar nach toil leis an bpobal aire a leasa a thabhairt do dhealbhaigh ná tithíocht a chur ar fáil dóibh siúd atá gan chónaí. 2. Is masla é an téarma féin — ‘sruthaireacht’. Gnáthdhaoine is ea daoine gan chónaí ach amháin go bhfuil fadhb mhór acu maidir le hiostas. Ní fíor an íomhá a chumtar leis an téarma “sruthaire”, is é sin, gealtáin fhiáine naimhdeacha. An tSruthaireacht sa Ríocht Aontaithe3.1 Bhreithnigh Meitheal Oibre faoi scáth Oifig Baile na Breataine an dlí maidir le sruthaireacht agus cionta sráide eile agus d’fhoilsigh siad Páipéar Oibre i 1974 agus Tuarascáil i 1976. Ag tosú leis an bPáipéar Oibre agus leis an Tuarascáil, bhreithnigh Home Affairs Committee an House of Commons an t-ábhar agus d’fhoilsigh siad féin an Report on Vagrancy Offences i mí Bealtaine, 1981. 3.2 An Tuarascáil ón Meitheal Oibre (1976) (a)Ginearálta Chuir a lán eagras éagsúil a dtuairimí in iúl don Mheitheal Oibre i dtaobh an Pháipéir Oibre uaidh (1974). I ndiaidh dó na tuairimí sin a mheas, cheap an Coiste gur cheist í a ba chóir a chur faoi bhreithiúnas na bhfeisirí Parlaiminte chun a fháil amach cad í an fheidhm a ba cheart a bhaint as an dlí coiriúil chun an pobal a chosaint ar ‘núis’ agus chun nach dtarlódh sruthaireacht. (b)Codladh Amuigh Is cion faoi Alt 4 den Vagrancy Act, 1824 codladh amuigh; in Acht leasaitheach 1935 foráiltear nach foláir don chosantóir a bheith tar éis diúltú fothain saor in aisce a úsáid nó a bheith tar éis damáiste a dhéanamh. Ba dhóigh leis an Meitheal Oibre go gcaithfí cothromaíocht a bhaint amach idir an drogall atá ar dhaoine i dtaobh an dlí coiriúil a chur i bhfeidhm i gcás daoine a chodlaíonn amuigh ach nach ndéanann aon díobháil thairis sin, agus an gá atá le cosaint éigin a bheith le fáil faoin dlí ag daoine a bheadh caillteach le gníomhaíochtaí neamhshrianta ag bochtáin a mbeadh a gcodladh amuigh ina mhór-núis do na daoine sin. Is beag a chuireann iompar daoine a chodlaíonn amuigh isteach ar an bpobal, dar leis na heagrais a bhíonn ag plé leis na daoine seo, agus ní fada a mhaireann an núis sin. Ach creideann an pobal, de réir dealraimh, gur chóir do na póilíní a ladar a chur isteach ar na hócáidí sin, agus nach bhféadfaidis gníomhú amhlaidh gan foráil a bheith sa dlí coiriúil chuige sin. Molann an Mheitheal Oibre go mbunófaí cion nua ina mbeadh sé ina núis codladh amuigh. Fíneáil £50 agus/nó príosúnacht mhíosa a bheadh mar phionós as an gcion sin. (c)Déirc a lorg De bharr gur ábhar núise iompar lucht déirce, uaireanta, agus gur ábhar scéine é do dhaoine áirithe, ba dhóigh leis an Meitheal Oibre go gcaithfear srian a chur leo. B’é a thuairim go raibh cúis mhaith ann go mbeadh smacht dlíthiúil ar lucht na síordhéircínteachta, ó tharla gan iad ar fad a bheith ar an ngannchuid. Molann an Tuarascáil go ndéanfaí na dlíthe atá anois ann a aisghairm agus cion nua a chur ina n-ionad a bheadh bunaithe ar shíorshárú sa chás seo. Bheadh sé i gceist go mbeadh fíneáil £50 agus/nó príosúnacht mhíosa mar uasphionós sa chás sin. (d)Bheith in Áitreabh Dúnta Foráiltear le hAlt 4 den Vagrancy Act gur cion é do dhuine bheith in áitreabh dúnta agus é ar intinn aige an dlí a shárú. Léirigh an Páipéar Oibre go bhfuil gá fós le foráil den sórt sin; is cóir gurb í éirim an chiona sin cúis mhaith amhrais a bheith ann go bhfuil cion ar intinn ag duine má fhaightear é in áit áirithe i ndálaí áirithe. Rinneadh moladh dá réir sin sa Tuarascáil. Bheadh fíneáil £100 agus/nó príosúnacht trí mhí, mar uasphionós sa chás sin. 3.3Tuarascáil an Home Affairs Committee (1981) Bhreithnigh an Home Affairs Committee Páipéir Oibre agus Tuarascáil Mheitheal Oibre an Home Office agus bhí cruinniú aige le hionadaithe ó na Póilíní, ó CHAR (the Campaign for the Homeless and Rootless) agus ón Home Office féin. Cé go rabhtas ar aon intinn gur léiriú ar dhálaí sóisialta na linne sin a bhí i dtéarmaíocht Acht 1824, tugadh tuairimí éagsúla i dtaobh ar chóir na cionta sin a aisghairm ar fad nó ar chóir forálacha nua a chur ina n-ionad. D’áitigh CHAR:— (i)gur fadhb shóisialta agus nach ábhar pionóis an tsruthaireacht, (ii)nach n-éiríonn le fíneáil ná le príosúnacht í a chosc, agus (iii)go bhféadfadh forálacha eile sa dlí faoi láthair déileáil le sáruithe ar bith a dhéanfadh lucht na sruthaireachta. Bhraith na póilíní, dá ndéanfaí na dlíthe sin a aisghairm, go mbeadh bearna sa dlí nach rachadh chun tairbhe don phobal. Bhíothas den tuairim go mbeadh deacrachtaí míniúcháin ag baint le brí na síordhéircínteachta, mar a bhí molta ag an Meitheal Oibre. Is cosc áisiúil é cion déircínteachta a bheith ann, go fiú. Maidir le bheith ag codladh amuigh agus bheith ag lorg déirce ba é tátal an Choiste:— (i) (i gcás a bheith ag codladh amuigh) “we do not feel that it would be helpful to recommend the abolition of a power which, though employed vary rarely, has been found useful for this particular purpose, and we consider that the limitations imposed by the 1935 act provide sufficient safeguards against arbitrary or oppressive use of this offence”. (ii)(i gcás a bheith ag lorg déirce) “we would be reluctant to recommend the removal of a provision which may well have acted as an effective deterrent in keeping down the problem of begging to manageable proportions. Furthermore, we are anxious to avoid introducing possible complications and anomalies into the law relating to charitable collections”. (iii) “Though we accept that the criminal law must continue to play a limited role in controlling the activities of beggars and vagrants, we consider that it is quite wrong that they should be faced with the theoretical possibility of imprisonment on these grounds alone, and we therefore recommend that both sleeping rough and begging should cease to be imprisonable offences”. Maidir leis an gcion ‘bheith in áitreabh dúnta’ ba dhóigh leis an gCoiste:— “that it would be inadvisable at this stage to alter, still less to do away with, a provision which the police find valuable in dealing with a particular type of criminal activity and which in any case is scarcely ever applied to vagrants. Furthermore, as we regard this offence as potentially far more serious than begging or sleeping rough, we see no reason why the courts should not continue to possess the power to impose a prison sentence”. 3.4 Le hAcht 70 den Criminal Justice Act, 1982 (An Ríocht Aontaithe) cuirtear deireadh le foráil na príosúnachta i leith na gcionta a bhaineann le bheith ag lorg déirce agus bheith ag codladh amuigh, mar a mhol an Home Affairs Committee. Tá cóip d’Alt 70 in Iarscríbhinn B. Moltaí an Choiste4.1 Cuireadh in iúl don Choiste go raibh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí ag scrúdú an ábhair seo agus go raibh dul chun cinn déanta ó tháobh páipéar oibre a chur ar fáil. Is dóigh leis an gCoiste go gcabhródh sé leis ina phlé ar an gceist dá bhféadfadh an Coimisiún dul ar aghaidh agus Páipéar Oibre nó Tuarascáil a chur ar fáil go luath. 4.2 Is eol don Choiste go bhfuil roinnt daoine agus eagraíochtaí eile ann ar cás leo iad sin atá gan chónaí. Níor chuir na daoine nó na heagraíochtaí sin aon aighneacht faoi bhráid an Choiste. Ba mhaith leis an gCoiste a dtuairimí siúd a bhfuil baint acu leo sin atá gan chónaí a chloisteáil í dtaobh ar chóir na cionta ‘déirc a lorg’ agus ‘codladh amuigh’ a bhaint ó réim an dlí choiriúil. 4.3 Chinn an Coiste, sula ndéanfadh sé cinneadh críochnaitheach maidir leis an moladh úd ó Chuallacht Shíomóin faoi dhéircínteacht agus ‘codladh amuigh’ a dhíchoiriú, gur cheart fanacht go mbeadh an Páipéar Oibre/Tuarascáil ón gCóimisiún um Athchóiriú an Dlí, agus aon tuairimí eile a chuirfí os a chomhair, ar fáil. 4.4 Ar a shon sin, is dóigh le comhaltaí an Choiste, cé gur gá, go minic, daoine a chur as an tslí de bharr déirc a lorg agus codladh amuigh, gur cheart go mbeadh bealach eile seachas príosúnacht chun é sin a dhéanamh. Ba cheart áiseanna idirmheánacha, ar nós brú, a bheith ann, agus níor cheart dul i mbun na príosúnachta go dtí go mbeadh diúltaithe do na háiseanna sin. 5 Buíochas5.1 Is mian leis an gCoiste a bhuíochas a chur in iúl don Uasal P.S. Ó Brádaigh, Cléireach an Choiste, agus do G. Ní Mhurchú, Rúnaí an Choiste, as a gcuid oibre. 5.2 Tá buíochas ag dul freisin don Uas Brian Ó hAirmhí agus d’Áine Ní Néill ó Chuallacht Shíomóin as a n-aighneacht agus as freastal ar chruinniú den Choiste an 8 Bealtaine, 1984 chun í a phlé agus chun cur leis an méid a bhí inti. Cé nach bhfuil beartaithe ag an gCoiste tacú lena gcás i láthair na huaire, ba mhaith le comhaltaí an Choiste an deis seo a thapú chun a mór-mheas a chur in iúl faoi obair chomhaltaí uile Chuallacht Shíomóin, a chuidíonn leo sin atá gan chónaí agus nach bhfuil ag éirí leo sa tsaol. Mícheál Ó hUadhaigh T.D., Cathaoirleach. 16 Deireadh Fómhair, 1984. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||