Committee Reports::Report No. 03 - Air Pollution, Conservation and Protection of the Environment::11 April, 1984::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Na Doiciméid a Scrúdaíodh

1. Scrúdaigh an Comhchoiste na doiciméid Choimisiúin seo a leanas a bhaineann le truailliú aeir, le caomhnú agus le cosaint na timpeallachta:


(a)Togra go dtabharfaí Treoir Chomhairle maidir le measúnú éifeachtaí tionscadal áirithe, idir phoiblí agus phríobháideach, ar an timpeallacht — COM(83) 158 críochnaitheach


(b)Rialachán (CEE) ón gComhairle faoin gComhphobal do ghníomhú maidir leis an timpeallacht (ACE) — COM(83) 849 críochnaitheach


(c)Treoir ón gComhairle i dtaobh comhrac a dhéanamh in aghaidh truaillithe aeir ó mhonarchana — COM(83) 173 críochnaitheach


(d)Togra go dtabharfaí Treoir Chomhairle maidir le teorainn a chur le hastaíochtaí truailleán amach san aer ó mhonarchana mórdhócháin — COM(83) 704 críochnaitheach


(e)Togra go ndéanfaí Rialachán Comhairle lena mbunófaí scéim Chomhphobail chun tuilleadh cosanta a thabhairt d’fhoraoiseacha sa Chomhphobail ar thine agus ar bháisteach aigéadach — COM(82) 375 críochnaitheach.


2. Tá scrúdú déanta ar na doiciméid thar ceann an Chomhchoiste ag a Fhochoiste ar Chúrsaí Sóisialacha, Timpeallachta agus Ilghnéitheacha faoi cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Bean Mhic Róibín agus ag a Fochoiste as a gcuid oibre díograisí. Le linn don Chomhchoiste na tograí a bhreithniú ba mhór an cuidiú dóibh na meabhráin a fuarthas ón Ollamh Frank J. Convery, Ollamh an Iontaobhais Oidhreachta le Staidéir Timpeallachta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ó Bhardas Bhaile Átha Cliath, ón Taisce, ó BSL, ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann agus ón Roinn Comhshaoil, ón Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta, ón Roinn Fuinnimh agus ón Roinn Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta. Is mian leis an gComhchoiste a fhíor-bhuíochas a ghabháil leis na comhlachtaí a sholáthair meabhráin dó nó a chuir a mbarúlacha in iúl dó ar shlí eile.


B. TOGRAÍ AN CHOIMISIÚIN AGUS NA BEARTA A CHUIR AN CHOMHAIRLE I bhFEIDHM

(a) Togra go dtabharfaí Treoir Chomhairle maidir le measúnú éifeachtaí tionscadal áirithe, idir phoiblí agus phríobháideach, ar an timpeallacht — COM(83) 158 críochnaitheach

3. Is é cuspóir an togra seo, atá á dhéanamh ar bhonn Chlár Gníomhaíochta na gComhphobal Eorpach i leith na Timpeallachta (1977), a chinntiú go ndéanfar staidéir chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar dóigh dóibh a bheith ann, i dtaca leis an timpeallacht de, mar gheall ar thionscadail áirithe, idir phoiblí agus phríobháideach, roimh iad a chur i gcrích. Táthar ag iarraidh, sa dréacht-Treoir, go n-áireofar i nósanna imeachta riaracháin láithreacha de chuid náisiún sraith forálacha aonfhoirmeacha lena gceanglófaí ar mholtóir tionscadail measúnú éifeachtaí ar an timpeallacht a chur ar fáil i dteannta iarratais ar chead pleanála. Dá bhrí sin, is bearta atá coisctheach go bunúsach na bearta atá á moladh.


4. Tá sé ceaptha go mbainfidh an dréacht-Treoir le tionscadail forbartha ar dóigh dóibh dul i bhfeidhm go suntasach ar an timpeallacht nó ar dhálaí maireachtála. Tá dhá liosta tionscadal ann. Sa chéad liosta léirítear na cineálacha oibre nach mór, i ngach cás, measúnú éifeachtaí timpeallachta a dhéanamh ina leith. Áirítear orthu sin leictreachas a ghiniúint ó fhuinneamh núicléach, saoráidí diúscartha iarmhar radaighníomhach, monarú suiminte, teilgcheártaí, seamlais, tógáil mótarbhealaí, aerfort, etc.


D’fhéadfadh Ballstáit, in imthosca eisceachtúla, díolúine a thabhairt do lucht forbartha ach níor mhór na cúiseanna a chur in iúl don Choimisiún agus gach eolas a thabhairt don phobal.


5. Tá, sa dara liosta, na cineálacha sin tionscadal ar féidir leis na Ballstáit féin na critéir roghnaithe a mhíniú ina leith. Áirítear orthu sin, leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí neamh-núicléacha, táirgeadh ceimiceán mín, monarú táirgí déiríochta, etc.


Ní mór iarratas ó mholtóir tionscadail a chur ar fáil don phobal chomh maith leis an eolas a bailíodh le linn an mheasúnaithe, agus, más rud é go mbeadh éifeacht timpeallachta shuntasach i mBallstát eile le tionscadal áirithe, chaithfí socruithe a dhéanamh chun ligean do phobal an Bhallstáit sin páirt a ghlacadh sa phróis chomhairlithe.


An Dréacht-Treoir a Bhreithniú

6. Cuireadh tús le córas solúbtha measúnaithe éifeachtaí leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, ach ní cheanglaítear staidéir ar éifeachtaí ach amháin maidir le líon teorannaithe tionscadal tionscail príobháideach agus tá tionscadail phoiblí díolmhaithe fós. In Airteagal 28 de na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt),1977 [I.R. Uimh. 65 de 1977], tá ceanglais maidir le staidéir timpeallachta i dtaobh aon fhorbartha beartaithe—


“(i)chun críocha aon cheirde nó tionscail (ar a n-áirítear mianadóireacht) arb éard atá iontu aon oibreacha, gaireas nó gléasra a úsáidtear in aon phróis arb é is toradh di torann, crith, boladh, múchanna, deatach, súiche, luaith, deannach nó grean nó aon leacht nó eisilteach eile (cóireáilte nó gan a bheith) le gráinníní ábhair nó gan iad ar fuaidreán iontu a scaoileadh amach, agus


(ii)a bhféadfaí a bheith ag súil, le réasún, gurb é a costas, ar a n-áirítear gach sócmhainn docht mar a shonraítear in alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 (Uimh. 32 de 1969), cúig mhilliún punt nó níos mó.”


7. Leis an togra seo táthar ag iarraidh comhphrionsabail áirithe a thabhairt isteach i reachtaíocht agus i gcleachtas riaracháin na mBallstát maidir le measúnú roimh ré a dhéanamh ar thionscadail phoiblí agus phríobháideacha ar dóigh dóibh mór-éifeachtaí a bheith leo ar an timpeallacht agus ar dhálaí maireachtála. Bheadh ar an údarás inniúil sna Ballstáit áirithe féachaint chuige, sula n-údarófaí nó sula gceadófaí tionscadail áirithe, go ndéanfaí measúnú iomchuí ar na héifeachtaí ar an timpeallacht, ionas go ndéanfaí an cinneadh uaidh ar bhonn leoreolais maidir le mórghnéithe timpeallachta na ceiste.


Dá nglacfaí leis an Treoir bheadh impleachtaí ann do chomhlachtaí a thugann coimircíocht do thionscadail tionscail, mar shampla, an ÚFT a ordaíonn Staidéir Éifeachtaí Timpeallachta (SÉT) faoi láthair i gcás gach tionscadail nua. An Foras Forbartha agus an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán (ITTC) a dhéanann na staidéir sin i gcomhar lena chéile. Faoin Treoir bheartaithe déanfar an nós imeachta sin a leathnú chun éifeachtaí ar thírdhreachanna, ar oidhreacht chultúrtha, etc. a chur san áireamh agus cuirfear an anailís ar fáil don phobal, rud nach ndéantar faoi láthair.


8. Cé go gcuireann cuid mhór gníomhaireachtaí poiblí in Éirinn a gcuid tograí go toilteanach faoi mheasúnú timpeallachta, bheadh meastóireacht den sórt sin éigeantach faoin Treoir bheartaithe i gcás na ngníomhaíochtaí sin atá sa liosta in Iarscríbhinn 1. Maidir lena lán gnóthas, go háirithe i réimse na talmhaíochta ar nós siltin artéirigh agus dlúth-aonad mór beostoic, ní gá dóibh measúnú timpeallachta a sheoladh ná a fhoilsiú. Tá liosta díobh sin in Iarscríbhinn 2, rud a chiallaíonn gur dócha go measúnófar iad.


Tuairimí an Chomhchoiste

9. Ceapann an Comhchoiste nach dócha go rachadh tionscnamh nósanna imeachta foirmeálta SÉT go mór i bhfeidhm ar chinntí a dhéanfar faoi fhorbairt tionscail agus cónaithe agus gur dócha go mbeidh tionchar aige sin ar chinntí imeallacha i ndáil le forbairt talmhaíochta.Is cinnte go nginfear, mar gheall ar an Treoir bheartaithe, margadh suntasach ar fud na hEorpa le haghaidh seirbhísí measúnaithe timpeallachta.


10. Measann an Comhchoiste gur rud maith an ceanglas i dtaobh SÉT a bheith ann. Tá sé léirithe ag an ÚFT gur féidir é a dhéanamh go measartha saor — is lú go mór ná £1 mhilliún sa bhliain na híocaíochtaí leis an ITTC (an phríomh-ghníomhaireacht i measúnú an ÚFT) agus tríd is tríd cuidíonn sé le tionscadail a thosú seachas iad a chosc. Is féidir cur leis an taithí sin chun na teorainneacha a leathnú i slí éifeachtach i dtaca le costais de. D’fhéadfadh sé margadh mór a a chur ar fáil don ITTC, don Fhoras Forbartha agus do dhreamanna eile sa réimse sin dá dtabharfaí spreagadh agus cuidiú dóibh ina leith, agus dá dtabharfaidís faoin deis go fonnmhar. Má táthar ag súil le tábhacht, seachas tábhacht ó thaobh nós imeachta, a bheith ag ceanglas de chuid SÉT, is ceart, i dtuairim an Chomhchoiste, dianchlár oideachais a thionscnamh i dtosach lena dtaispeánfaí an tslí agus an fáth ar ceart é a úsáid mar uirlis bhainisteoireachta. Gan iarracht den chineál sin, cuirfear ina choinne agus ní bheidh ann ach bac nós imeachta eile lena shárú.


11. Bhreithnigh an Comhchoiste freisin an éifeacht ba dhóigh a bheadh leis an dréacht-Treoir maidir le húdaráis áitiúla sa tír seo. Faoi láthair, is é an t-aon tionscadal poiblí atá curtha faoi réir staidéir SÉT ná tógáil mótarbhealaí. Dhéanfadh údaráis áitiúla breithniú ar SÉT le linn dóibh iarratais phleanála a bhreithniú. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste, áfach, nach mbeidh gá le SÉT maidir leis an gcuid is mó d’iarratais phleanála. D’fhéadfadh údaráis áitiúla a bheith páirteach freisin, faoin Treoir bheartaithe, sa chóras beartaithe ceadúnaithe chun faireachán a dhéanamh maidir le truailliú uisce.


12. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go meastar, i ndáil le costais, gurb ionann costas measúnaithe timpeallachta agus tuairim is 0.19-0.75 faoin gcéad den chostas iomlán forbartha. Dá gcuirfí an Treoir bheartaithe i bhfeidhm níor mhór na hAchtanna Pleanála a leasú.


(b)Rialachán (CEE) ón gComhairle faoin gComhphobal do ghníomhú maidir leis an Timpeallacht (ACE) — COM(83) 849 críochnaitheach

13. Leis an Rialachán seo i dtaobh gnímh Chomhphobail don timpeallacht, ar ar comhaontaíodh i bprionsabal ag Comhairle na nAirí Timpeallachta an 1 Márta, 1984, tugtar aitheantas don ghá le cúnamh airgid a sholáthar do chosaint na timpeallachta. D’aontaigh na hAirí gur cheart go ndéanfaí foráil leis an Rialachán 13 mhilliún AAE d’airgeadas Comhphobail a chur ar fáil do na tionscadail seo a leanas sna trí bliana atá romhainn, i gcomórtas le togra an Choimisiúin go gcuirfí 19.5 milliún AAE ar fáil:


—teicneolaíocht nua a chur chun cinn i dtionscail d’fhonn an truailliú a laghdú agus acmhainní nádúrtha a úsáid ar dhóigh níos spárálaí,


—forbairt a spreagadh i ndáil le teicníochtaí agus modhanna nua chun faireachán a dhéanamh ar cháilíocht na timpeallachta, agus


—scéimeanna dreasaithe a chur chun cinn a mbeadh d’aidhm acu cuidiú le cothabháil nó le hathbhunú biotóp atá faoi dhianbhagairt, ar gnáthóg speiceas i gcontúirt iad agus a bhfuil tábhacht ar leith don Chomhphobal ag baint leo, faoi Threoir 79/409/CEE ón gComhairle an 2 Aibreán, 1979 maidir le caomhnú éan fiáin.


Féadfaidh an Comhphobal uasmhéid 30 faoin gcéad de chostas teicneolaíochta nua a mhaoiniú ach tá na scéimeanna dreasaithe cáilithe chun uasmhéid 50 faoin gcéad a fháil.


An Rialachán a Bhreithniú

14. Is é an Rialachán an chéad chéim shuntasach de chuid an Chomhphobail chun a chúram a admháil i ndáil le cosaint na timpeallachta. Tá cuid mhór biotóp luachmhar in Éirinn (is é sin le rá, gnáthóga nádúrtha do speicis plandaí agus ainmhithe i gcontúirt) lena n-áirítear tuairim is 120,000 heicteár de phortach ardaithe agus de limistéir eile bogaigh ar fiú, i dtuairim an Choimisiúin agus an Chomhphobail, iad a chosaint, agus atá cáilithe chun cúnamh a fháil faoin Rialachán. Is dócha gurb í an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta an príomh-thairbhí sa réimse seo.


Tá cúnamh 13 mhilliún AAE á chur ar fáil in imeacht trí bliana leis an Rialachán chun biotóip, portach ardaithe agus bogach a chaomhnú. Is é 50 faoin gcéad uasmhéid thacaíocht airgid CEE i gcás biotóp agus 30 faoin gcéad i gcás an dá cheannteideal eile atá luaite thuas. Tá roinnt tionscadal ón tír seo curtha faoi bhráid an Choimisiúin cheana féin lena mbreithniú i gcomhair cúnaimh Chomhphobail. Táthar ag súil go gcuirfear tuilleadh tionscadal faoi bhráid an Choimisiúin nuair a iarrfaidh an Coimisiún iad.


Tuairimí an Chomhchoiste

15. Cé go bhfáiltíonn an Comhchoiste roimh an Rialachán mar chuidiú maidir lenár n-oidhreacht luachmhar fiadhúlra agus ár n-oidhreacht uathúil luibheolaíochta a chaomhnú, tá díomá air, dá ainneoin sin, faoin leibhéal fíor-íseal maoinithe atá á chur ar fáil.


Tá cuid mhór suíomh in Éirinn a bhfuil fianaise dhoiciméadach ann fúthu agus a bhfuil aitheantas tugtha dóibh go hidirnáisiúnta mar shuímh thábhachtacha de chuid na hEorpa agus de chuid an domhain ar fad ach ní féidir linne iad a chosaint ar ár gconlán féin mura bhfaighfear cúnamh eachtartha. Is minic atá na limistéir nádúrtha sin suite i gceantair bhochta í dtaca le cúrsaí eacnamaíochta de. Chomh maith le clár cosanta, is ceart clár a leagan síos, más féidir a bhainfeadh le faisnéis don phobal, le léiriú agus le margú a chuirfeadh an bhéim ar fhiúntas dearfach na limistéar sin do thurasóirí, d’eolaithe agus chun críocha oideachais. Is ceart iad a aithint mar shócmhainní dearfacha eacnamaíochta agus is ceart iad a úsáid amhlaidh. I dtuairim an Chomhchoiste tá an ciste atá bunaithe leis an Rialachán i bhfad ró-bheag agus níl ann faoi láthair ach sop in áit na scuaibe. Is ábhar tosaíochta, maidir le caomhnú, portaigh ardaithe a chosaint, go háirithe portach Chlóirthigh, Contae Uíbh Fhailí. Tá imní ar an gComhchoiste, mar gheall ar laghad an chúnaimh Chomhphobail atá á thabhairt agus ar na héilimh iomaíochta a dhéanfar air i ndáil le tionscadail eile, d’ainneoin gur tionscadail fhiúntacha iad freisin, nach mbeidh tacaíocht airgid ar fáil faoin Rialachán chun ár mbeagán portach ardaithe slán atá fágtha a chosaint. Ba mhaith leis dearbhú a fháil nach ndéanfar neamart sa ghné an-tábhachtach sin dár dtimpeallacht nádúrtha.


16. Tá cúngú á dhéanamh, ar an drochuair, ag tionsclú méadaitheach, go háirithe ag forbairt na bportach, ar ghnáthóga nádúrtha ár speiceas plandaí agus ainmhithe fiáine atá i gcontúirt. Tá súil ag an gComhchoiste go bhféadfar an Rialachán a úsáid chun cóimheá a dhéanamh idir riachtanais tionscal, sa chéad chás de agus, os a choinne sin, cosaint agus caomhnú ár dtimpeallachta. D’ainneoin nach leor forálacha airgeadais an Rialacháin, molann an Comhchoiste go tréan clár caomhnaithe cuimsitheach a ullmhú do na tionscadail cháilitheacha maidir le cúnamh Comhphobail faoi fhorálacha an Rialacháin.


(c) Treoir ón gComhairle i dtaobh comhrac a dhéanamh in aghaidh truaillithe aeir ó mhonarchana — COM (83) 173 críochnaitheach

17. Comhaontaíodh ar an Treoir seo an 1 Márta, 1984, freisin. Is é a cuspóir sraith beart agus nósanna imeachta a fheidhmiú atá ceaptha chun truailliú aeir ó mhonarchana suite a chosc agus a laghdú agus is í an chéad mhór - Threoir sa réimse seo í. As seo amach beidh gá le réamhúdarú maidir le tógáil, úsáid nó atógáil shuntasach mhonarchana ar dóigh dóibh go háirithe bheith ina gcúis truaillithe. Ní fhéadfar an t-údarú sin a thabhairt ach amháin i gcás go mbeidh cinntithe ag an údarás inniúil, inter alia, gur glacadh gach beart coisctheach, lena n-áirítear an teicneolaíocht is déanaí atá ar fáil a úsáid, agus nach mbeidh an mhonarcha ina cúis truaillithe aeir a chuirfeadh sláinte daoine i mbaol nó a dhéanfadh dochar d’acmhainní bitheolaíochta agus d’éiceachórais. Is iad na tionscail a áirítear sa Treoir iad sin dáiríre a bhaineann le fuinneamh, le miotalóireacht, le próiseáil táirgí mianracha neamh-mhiotalacha, le diúscairt dramhaíola agus le tionscail áirithe ceimiceán. I gcás monarchana láithreacha sna hearnálacha tionscail atá ainmnithe thuas, déanfaidh na Ballstáit polasaithe agus straitéis a chur i bhfeidhm chun a gcuid monarchana a oiriúnú de réir a chéile don teicneolaíocht is déanaí atá ar fáil. Tá sé leagtha síos sa Treoir freisin go socróidh an Chomhairle, más iomchuí, leibhéil teorann CEE le haghaidh astaíochtaí truaillitheacha.


An Treoir a Bhreithniú

18. Tiocfaidh an Treoir i ngníomh i dtrátha lár na bliana 1987. Is é a cuspóir truailliú aeir ó mhonarchana a chosc agus a laghdú agus oireann sé do cheann amháin d’aidhmeanna bunúsacha bheartas timpeallachta an Chomhphobail, is é sin le rá, caighdeáin cáilíochta aeir a bhunú agus astaíochtaí a rialú agus a laghdú. Cé nach bhfuil an Treoir ceaptha go díreach chun an fhadhb i dtaobh “báisteach aigéadach” a réiteach, is féidir glacadh léi mar chéim i dtreo chomhlíonadh oibleagáid na bpáirtithe i gCoinbhinsiún na Ginéive ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fad-Raoin chun iarracht a dhéanamh truailliú aeir a theorannú agus, a mhéid is féidir, é a laghdú agus a chosc de réir a chéile.


Leagtar síos leis an Treoir nósanna imeachta chun rialú a dhéanamh ar astaíochtaí ó mhonarchana a d’fhéadfadh bheith ina gcúis truaillithe aeir. Tá liosta sonrach inti de mhonarchana nach mór a rialú le reachtaíocht náisiúnta. Is iad seo a leanas na hearnálacha monarchana a áirítear:—


(i)An tionscal fuinnimh (lena n-áirítear stáisiúin chumhachta teirmí ina bhfuil aschur is mó ná 50 meigeavata)


(ii)Táirgeadh agus próiseáil miotal


(iii)Monarú táirgí mianracha neamh-mhiotalacha


(iv)An tionscal ceimiceán


(v)Diúscairt dramhaíola


(vi)Monarchana déanta laín pháipéir a úsáideann modhanna ceimiceacha agus ina bhfuil cumas táirgthe 25,000 tona nó níos mó sa bhliain.


19. Tá foráil sa Treoir maidir le córas údaraithe/ceadúnaithe a chuirfidh de dhualgas ar mhonarchana nua an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil a úsáid chun astaíochtaí a chosc/ a laghdú, gan ró-chostais a thabhú. A mhéid a bhaineann le monarchana láithreacha, ceanglaítear leis an Treoir (Airteagal 13) rialuithe a chur i bhfeidhm ar bhonn céimithe agus aird a thabhairt ar nithe de na cineálacha seo a leanas, is iad sin, tréithe teicniúla na monarchana, a ráta úsáidte agus an fad a mhairfidh siad feasta, nádúr agus méid na n-astaíochtaí truaillitheacha astu agus na costais iomchuí.


Tá foráil sa Treoir freisin (Airteagal 8) chun leibhéil teorann astaíochta Comhphobail a shocrú ar bhonn na teicneolaíochta is fearr atá ar fáil agus nach ngabhann ró-chostais léi agus aird a thabhairt ar nádúr, cainníochtaí agus dochracht na n-astaíochtaí lena mbaineann. Is é Comhairle na nAirí Timpeallachta a dhéanfaidh an cinneadh chun leibhéil teorann a shocrú agus iad ag gníomhú d’aonghuth ar thogra ón gCoimisiún agus ní mór don togra a bheith bunaithe ar fhianaise úimléideach eolaíochta agus ceisteanna ar nós nádúr truailleán agus earnálacha na monarchana atá i gceist a chur san áireamh. Ina theannta sin, bheifí ag súil go mbreathnófaí nithe de na cineálacha seo a leanas, is iad sin, an gá atá le dálaí éagsúla timpeallachta a áireamh, an méid tábhachta atá le truailliú aeir trasteorann, an fhadhb a bhaineann le monarchana láithreacha agus a inmhianaithe atá sé forbairt mheáite a bhaint amach.


20. Níl Éire ach ag tosú ar fhorbairt a dhéanamh i ndáil le reachtaíocht shonrach chun truailliú aeir a rialú. Go dtí seo ní raibh an gá le reachtaíocht den sórt sin chomh mór agus a bhí i dtíortha eile, mar gheall ar shuíomh geografach an oileáin, ar dhálaí aeráide agus ar an ráta measartha íseal tionsclaithe. Tá astaíochtaí ó mhonarchana nua a tógadh le 20 bliain anuas faoi rialú na nAchtanna Pleanála ar faoina réir is féidir coinníollacha teorannaithe astaíochtaí a chur le ceadanna le haghaidh monarchana nua. Ceanglóidh an Treoir ar údaráis inniúla córas údaraithe nua ar fad a bhunú agus má fheidhmítear í beidh gá le reachtaíocht de chineál nua ar fad a rith chun truailliú aeir a rialú. Tá réamhobair déanta ar chóras nua sa Roinn Comhshaoil agus cuirfear an obair sin i gcrích le Bille a leagfar os comhair an Oireachtais a luaithe is féidir.


21. Treoir chreatlaigh atá sa Treoir agus ní féidir, sna himthosca, a mheas cad iad na héifeachtaí a bheidh léi ar thionscal na hÉireann gan léiriú ar na leibhéil teorann astaíochta a bheidh le sonrú faoi Airteagal 8 ná, cheal teorainneacha den sórt sin, gan léiriú ar na critéir a úsáidfidh na húdaráis inniúla faoi Airteagal 4 chun údaruithe a dheonú faoi Airteagal 3. Taobh amuigh de stáisiúin chumhachta teirmí agus suiteálacha eile mórdhócháin, ní rachaidh an Treoir i bhfeidhm go mór ar na hearnálacha eile tionscail a áirítear sa Treoir, ó tharla gur cheart go gcomhlíonfadh tionscail sna hearnálacha sin na caighdeáin astaíochta idirnáisiúnta is déine atá ann.


Tuairimí an Chomhchoiste

22. Is é an tábhacht a bhaineann leis an Treoir sin, dar leis an gComhchoiste, go dtionscnaíonn sí prionsabal faoi chaighdeáin astaíochta seachas sroicheadh caighdeán timpeallacha. Nuair a bheidh an Treoir á cur i bhfeidhm molann an Comhchoiste go nglacfar an prionsabal faoi caighdeáin thimpeallacha ach amháin i gcás fadhb aistrithe thrasteorann a bheith ann. Is é tuairim an Chomhchoiste, maidir le caighdeáin astaíochta a úsáid, go bhfuil claonadh ann chun fabhar a thabhairt do na tíortha/na réigiúin sin ina bhfuil truailliú ard cheana féin agus nach bhfuil aon chumas comhshamhlaithe fágtha iontu.


(d) Togra go dtabharfaí Treoir Chomhairle maidir le teorainn a chur le hastaíochtaí truailleán amach san aer ó mhonarchana mórdhócháin — COM(83) 704 críochnaitheach

23. Is é cuspóir an togra sin, a ceapadh laistigh de chreatlach na Treorach thuasluaite i dtaobh Comhrac a dhéanamh in aghaidh Truaillithe Aeir ó Mhonarchana, laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí dé-oscaíde sulfair (SO2), ocsaídí nítrigine (NOx) agus deannaigh ó shuiteálacha mórdhócháin. Tá na suiteálacha sin freagrach as níos mó ná 80 faoin gcéad de na hastaíochtaí SO2 go léir sa Chomhphobal agus as tuairim is 40 faoin gcéad de na hastaíochtaí NOx (tá mótar-fheithiclí freagrach as cion comhionann de na hastaíochtaí NOx). Tá moladh sa togra go leagfaí amach cuspóir cuimsitheach i ndáil le laghdú ar astaíochtaí iomlána bliantúla ó shuiteálacha mórdhócháin — 60 faoin gcéad i gcás SO2, — 40 faoin gcéad i gcás NOx. Tá an cuspóir sin le cur i gcrích faoi dheireadh na bliana 1995 agus cinnfear é i gcomórtas leis na hastaíochtaí comhfhreagracha don bhliain 1980. Tá sé beartaithe caighdeáin astaíochta Chomhphobail a thabhairt isteach i gcás na dtruailleán sin, agus ón mbliain 1985 amach caithfear déanamh dá réir sin i ngach suiteáil dócháin nua ina bhfuil cumhacht theirmeach áirithe.


An Dréacht-Treoir a Bhreithniú

24. Mar atá luaite in áit eile sa Tuarascáil seo tá réamhobair déanta ag an Roinn Comhshaoil chun reachtaíocht chuimsitheach nua a ullmhú maidir le truailliú aeir, agus cuirfear an obair sin i gcrích a luaithe is féidir. Ní mór impleachtaí na dréacht-Treorach a bhreithniú, má chomhaontaítear uirthi, i gcomhthéacs na dtograí críochnaitheacha le haghaidh reachtaíochta.


Tá staidéar á dheanamh ar impleachtaí an togra, i dtaca leis an tír seo de, sa Roinn Comhshaoil, sa Roinn Fuinnimh agus sa Roinn Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta. Tá an togra bunaithe, cuid mhór, ar rialachán Gearmánach faoi shuiteálacha mórdhócháin lena gceanglaitear caighdeáin a shocrú atá éigeantach i gcás suiteálacha nua agus suiteálacha láithreacha. Is déine atá ceanglais na dréacht-Treorach i gcás aonad ard-chumhachta os cionn na tairsí 300 meigeavata. Stáisiúin chumhachta leictrí go mór mór atá san earnáil sin de ghnáth sa Chomhphobal, ach sa réimse idir 50-300 meigeavata tá líon mór coirí tionscail ann le haghaidh teas agus teas/fórsa a tháirgeadh. I gcás na hÉireann is é an comhlacht is mó a rachaidh an togra i bhfeidhm air BSL.


25. Níor pléadh an togra go fóill ag leibhéal an ghasra oibre oifigiúil ná ag Comhairle na nAirí agus ní léir go fóill cá huair a thosóidh an plé. Níl aon bhac ar an tosach sin, go teoiriciúil, mar gheall ar an gcomhaontú a rinne an Chomhairle i mí na Márta faoin Treoir ar thruailliú aeir ó mhonarchana.


26. Is cosúil gurb é is cúis le fadhb na báistí aigéadaí go príomha, astaíocht SO2, NOx agus truailleán eile amach san atmaisféar agus titim na n-ábhar sin sa bháisteach atá i ndiaidh a bheith á hiompar achair áirithe leis an ngaoth. I gcás Mhór-Roinn na hEorpa bhí déine ar leith ag baint leis an éifeacht ar fhoraoiseacha agus ar lochanna agus ar na bithchórais ghaolmhara. Is minic a bhíonn an fhadhb a gcuireann tionscal trom tír amháin tús léi le fulaingt ag tír eile a n-iompraítear an truailliú chuici leis an ngaoth. Cé gur gaotha aniar nó aniar aneas is mó atá in Éirinn, bíonn gaotha anoir ann ar feadh 20 go 30 faoin gcéad den am. Mar gheall air sin séidtear báisteach aigéadach ó am go chéile go dtí an cósta thoir ón Mór-Roinn.


Níl saineolaithe eolaíochta ar aon tuairim faoin méid aigéadachta atá i mbáisteach “nádúrtha”. Dúradh leis an gComhchoiste gur dócha gurb é a híosaigéadacht pH5.6 mar gheall ar an méid dé-ocsaíde carbóin (CO2) atá san atmaisféar. Tá pH ina ghnáth-thomhas le haghaidh aigéadachta; is ionann pH7.0 agus leibhéal neodrach, agus is ionann rátaí pH is ísle ná sin agus leibhéil is airde aigéadacht. Is féidir an leibhéal a mhéadú tuilleadh trí ghníomhaíocht nádúrtha nó trí phróiseanna de dhéantús an duine. Airítear ar fhoinsí nádúrtha na gcomhdhúl aigéadach, nó na gcomhdhúl arbh fhéidir aigéad a bheith iontu, tintreach, lobhadh fásra, an fharraige agus gníomhaíocht bholcánach. Is comhchodanna bunúsacha den bhithsféar na foinsí nadúrtha sin, go háirithe foinsí na gcomhdhúl nítrigine agus sulfair. Murach iad sin, is dócha nach mbeadh aon bheatha ar an domhan. Áirítear ar na foinsí arb é an duine is trúig leo, gach dóchán breoslaí iontaiseacha, próiseanna eile tionscail agus gníomhaíocht talmhaíochta. Gintear comhdhúile leis na gníomhaíochtaí sin ar féidir leo cur leis an leibhéal aigéadachta in uisce báistí, go díreach nó go hindíreach. Táirgtear SO2 nuair a dhóitear breoslaí ina bhfuil sulfar. Is féidir le leibhéil áirithe de SO2, atá gan mórán tábhachta timpeallachta thairis sin, aigéadacht mhéadaithe a tháirgeadh i mbáisteach trí phróiseanna ocsaídithe a thionscnaítear go príomha le comhdhúile hidreacarbóin i láthair solais.


27. Le breis agus deich mbliana anuas tá muintir na hIoruaidhe agus na Sualainne ag gearán faoin méadú ar aigéadacht na báistí agus ag líomhain go ndearnadh damáiste dá dheasca sin dá dtimpeallacht. Ní féidir argóint a dhéanamh nach bhfaigheann said frasaíocht aigéadach (báisteach agus sneachta). Níor cruthaíodh, áfach, cé acu a tháinig, nó nár tháinig, méadú suntasach air sin le blianta beaga anuas. Maidir le haigéadacht i mbáisteach san Eoraip, fágtar an locht ar iompar SO2 laistigh de thíortha CEE agus lasmuigh díobh.


28. Cé nach bhfuil sé chomh tábhachtach le cás na Stát Aontaithe, tá baint ag NOx le foirmiú na báistí aigéadaí san Eoraip. San Eoraip déantar dé-ocsaíd nítrigine as an NOx i ngach breosla a dhóitear (agus gás aiceanta “glan” san áireamh) agus aigéad nítreach san aer an toradh atá air sin. De bhreis air sin tá na nithe seo a leanas ann, is iad sin, comhdhúile nítrigine a thagann as leasacháin a úsáid, as próiseanna tionscail agus as próiseanna lofa nádúrtha. Sa deireadh, áfach, glanfar na comhdhúile nítrigine tríd an timthriall nítrigine nádúrtha.


29. Is é Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, mar a luadh thuas, a chuir dlús leis an Treoir Chomhairle bheartaithe agus líomhnaítear ansin go bhfuil báisteach aigéadach ina cúis damáiste mhóir d’fhoraoiseacha, do lochanna, do bharra talmhaíochta agus d’fhoirgnimh. Dá réir sin, tá leas sonrach ag an bPoblacht Chónaidhme maidir le cur chun cinn thograí an Choimisiúin chun báisteach aigéadach a chomhrac. In Éirinn, is suim le BSL go háirithe saincheist na báistí aigéadaí go mór mór mar gheall ar an impleacht go gcuireann giniúint leictreachais go suntasach lena foirmiú trí dhramhtháirgí as dóchán breoslaí iontaiseacha a scaoileadh. Luaigh an Bord, ina aighneacht chuig an gComhchoiste, go bhfuil dhá fhealsúnacht bhunúsacha ann maidir le truailliú ó ghléasraí tionscail a rialú:


(i)leibhéil thimpeallacha truaillithe a laghdú trí chaolú a dhéanamh trí stoc-spré “sách ard”; agus


(ii)na truailleáin uile, nó cuid díobh, a scagadh roimh astú.


Nuair a tháinig ionadaithe an Bhoird os comhair an Chomhchoiste luaigh siad gur nós rathúil acu an stoc ard a úsáid chun tiúchaintí truaillithe óna chuid stáisiúin chumhachta ar leibhéal na talún a rialú agus go ndearnadh polasaí an Bhoird maidir leis an stoc ard a dhaingniú le himscrúdaithe a rinne saineolaithe neamhspleácha le déanaí. De réir an Bhoird, is ísle go mór na tiúchaintí ríofa íosta SO2 ó stáisiúin chumhachta BSL ná na spriocanna fadtréimhse atá leagtha amach ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Déantar faireachán ar chaighdeáin iarbhír trí ghréasán cuimsitheach de stáisiúin faireacháin truaillithe aeir a oibrítear go sonrach chuige sin. Leis an bhfírinne a rá, is ionann agus neamhní, dar leis an mBord, na héifeachtaí atá le hastaíochtaí in Éirinn ar an Mór-Roinn nó ar limistéir íogaire — tá astaíochtaí an-íseal ar bhonn iomláin agus ar bhonn per capita agus, mar gheall ar na hachair atá i gceist, tá an seans ann go gcaithfear cuid mhór den ábhar truaillithe roimh theacht a fhad leis an Mór-Roinn. Tá fáistiniú déanta ag Grúpa an Chláir Faireacháin agus Luachála Timpeallachta a dhéanann faireachán ar bháisteach aigéadach ar bhonn oifigiúil, agus taispeántar leis an bhfáistiniú sin nach bhfuil truailliú ar bith ó fhoinsí Eireannacha le fáil sna tíortha Lochlannacha. Chuir an Bord in iúl don Chomhchoiste gurb iad na príomhchúiseanna atá le truailliú aeir i gcathracha foinsí éagsúla ísealleibhéil ar nós tinte baile, foinsí tráchtála agus tionscail agus gáis as sceithphíopaí gluaisteán. Measann an Comhchoiste go mbeadh sé fritorthúil a thathant go mbunófaí rialú costasach mór-scála astaíochta as stáisiúin chumhachta gan déileáil leis na foinsí éagsúla truaillithe sin an tráth céanna.


Tuairimí an Chomhchoiste

30. Chuir an Comhchoiste sonrú sna bearta atá á ndéanamh ag BSL chun truailleáin a scaipeadh trí stoic arda simléar agus in imní an Bhoird maidir leis an timpeallacht a chosaint trí fhaireachán rialta a dhéanamh ar leibhéil truaillithe. Molann an Comhchoiste go láidir, mar gheall ar an gconspóid mhór i dtaobh nádúr agus chúiseanna na báistí aigéadaí, go mbeifear cúramach faoi nósanna imeachta diana rialaithe a leagan síos do thionscail, agus do BSL go háirithe, ó tharla nach bhfuil éifeachtacht rialú den sórt sin bunaithe i gceart. Ní féidir tairbhe cláir rialaithe den chineál atá á mholadh ag Coimisiún na hEorpa a thomhas toisc easpa eolais faoi mheicníocht fhoirmiú na báistí aigéadaí agus faoina héifeachtaí. Is déine, ar bhonn comhréire, na torthaí eacnamaíochta d’eacnamaíocht mhéadaitheach thearcfhorbartha ar nós eacnamaíocht na hÉireann ná d’eacnamaíochtaí forbartha atá measartha socair. Léiríonn an t-olltruailliú timpeallach i mBallstáit tionsclaithe de chuid an Chomhphobail, e.g. an Ruhr, dearcadh réchúiseach atá ann le fada i ndáil le rialú truaillithe. Feictear don Chomhchoiste gurb é atá á mholadh ag an gCoimisiún go bhfuiltear ag iarraidh ar thíortha ar nós na hÉireann tabhairt faoi nósanna imeachta costasacha feabhais chun an neamart sin a cheartú ar bhonn critéar eolaíochta amhrasach agus i riocht pholasaí comórtais an Chomhphobail. In aighneacht BSL chuig an gComhchoiste ní aontaíonn an Bord leis an dearbhú go ndéanfaí laghdú ar fhadhb na báistí aigéadaí trí ghearradh anuas ar astaíochtaí SO2 amháin agus maíonn sé nach bhfuil cás ar bith ann go nglacfadh an tír seo na bearta comhionanna sin a mheastar a bheith chomh riachtanach sin do thíortha Eorpacha eile. Deir sé freisin go mbeadh arduithe móra costas ann don chuideachta mar gheall ar an togra, go háirithe i leith an stáisiúin dóite guail i Moneypoint, Contae an Chláir, atá le cur ag obair an bhliain seo chugainn. Tá sé measta ag an mBord go mbeadh costas chomh hard le £145 mhilliún ag gabháil le suiteáil an trealaimh a bheadh riachtanach chun ocsaídí sulfair agus nítrigine a dhíobhadh as Moneypoint agus measann an Bord go mbeadh tuilleadh costas caipitiúil, tuairim is £255 mhilliún, ag teastáil chun a chuid stáisiún cumhachta go léir a mhodhnú. Is é an toradh a bheadh air sin méadú de bhreis is 20 faoin gcéad ar mhuirir leictreachais don tomhaltóir. Is é a thiocfadh as méadú den sórt sin, b’fhéidir, go dtosódh níos mó daoine ar bhreosla soladach a dhó agus bheadh éifeachtaí níba dhochraí leis sin ar cháilíocht an aeir, go háirithe i gceantar Bhaile Átha Cliath. De réir an Bhoird ní mór d’aonaid ghiniúna a bheith beag agus lamhálacha gléasra a bheith mór i gcomhréir leis sin mar gheall ar mhéid chóras BSL agus ar an easpa idircheangail leis an gcuid eile den Eoraip. Tá fachtóirí scála an-suntasach sna costais chaipitiúla agus sna costais oibrithe a bhaineann leis an gcineál trealaimh rialaithe a bheadh ag teastáil ó BSL faoin Treoir bheartaithe agus dá bhrí sin is airde a bheadh an costas i leith gach aonaid a bheadh á rialú.


31. Dar leis an gComhchoiste go bhfuil fachtóir tábhachtach eile ann maidir le foirmiú na báistí aigéadaí, is é sin an pháirt mhór atá ag tíortha Oirthear na hEorpa sna hastaíochtaí sulfair. Thiocfadh dó nach mbeadh ach fíor-bheagán éifeachta le laghduithe laistigh de CEE in éagmais gníomhú ar fud na hEorpa. Is léir, ar aon chor, ag féachaint don cheimic a bhaineann le próis foirmithe na báistí aigéadaí, gurb iomchuí déileáil leis an soláthar catailíseach aigéadaithe ó tharla go mbeadh titim mhór ar tháirgeadh an aigéid dá gcuirfí deireadh leis na catailísigh sin. Leis an bhfírinne a rá, dúradh leis an gComhchoiste gurb é a thiocfadh as mionlaghdú fiú, laghdú comhréire ar fhoirmiú an aigéid. Cé gur cosúil gur cinnte go dtéann an bháisteach aigéadach i bhfeidhm ar limistéir íogaire áirithe sa Chomhphobal, ní chosnaíonn an fhianaise atá ar fáil eachtarshuíomh ginearálta na n-éifeachtaí sin i leith réigiún i bhfad níos leithne. Measann an Comhchoiste, dá réir sin, gur gá tuilleadh mionstaidéir agus mionluachála eolaíochta a dhéanamh ar an ábhar iomlán. I ndiaidh dóibh Coinbhinsiún 1979 a shíniú a rinne Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Truailliú Aeir Trasteorann Fad-Raoin, tá ceangal ar CEE agus ar an gcuid is mó de thíortha na hEorpa an taighde sin a dhéanamh. Níos deireanaí fós, ar an 21 Márta, ag comhdháil ar bháisteach aigéadach a tionóladh in Ottawa, gheall naoi dtír Eorpacha — an Fhrainc, an Ghearmáin, an tSualainn, an Ísiltír, an Eilvéis, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ostair agus an Ioruaidh — agus Ceanada a gcuid astaíochtaí sulfair a laghdú 30 faoin gcéad faoin mbliain 1993. Bhí Comhphobal na hEorpa i láthair ag an gcruinniú i gcáil breathnóra. Idir an dá linn tá Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip i ndiaidh clár oibre a ghlacadh do na blianta 1984-1987 d’fhonn fionnachtana nua sa réimse taighde ar bháisteach aigéadach a athbhreithniú agus bearta a mholadh i dtaobh cosc agus deisiú a chur ar fáil i gcás damáiste a tharlaíonn mar gheall ar thruailliú atmaisféarach ar shaoirseacht chloiche, ar eachtar-bhlaoscanna foirgneamh, ar ghloine dhaite agus ar pháipéar — nithe eile iad sin a ndéanann plá na báistí aigéadaí dochar dóibh. Déanfar measúnú leis an gclár ar mhéid an phriacail meatha a gcuirtear earraí faoi agus ar scála an damáiste iarbhír agus déanfar athbhreithniú ann ar mhodhanna chun cosc agus deisiú a chur ar fáil i gcás aon damáiste a tharlóidh. Tá foráil ann freisin i dtaobh Treoracha a dhréachtú chun faireachán a dhéanamh ar athruithe ceimiceacha agus bitheolaíocha i lochanna agus in uiscebhealaí arb é an t-aigéadú is cúis leo agus chun modheolaíocht a fhorbairt maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thruailliú atmaisféarach in ithreacha, in uisce faoi thalamh agus i bplandaí. Beidh suim ag an gComhchoiste féachaint ar dhul chun cinn an ghasra oibre agus tá súil aige go bhfaighfear tuiscint eolaíochta níos fearr ar phlá na báistí aigéadaí agus go ndéanfar an bhagairt don timpeallacht a laghdú oiread is féidir. Is an-sofheicthe an damáiste atá á dhéanamh ag báisteach aigéadach don timpeallacht fhisiceach i gceantar Bhaile Átha Cliath. Bhí ar Bhanc na hÉireann tabhairt faoi obair dheisiúcháin an-chostasach chun a héifeachtaí a leigheas. Níor éalaigh institiúidí tábhachtacha ar nós Choláiste na Tríonóide uaithi.


32. Táthar ar athintinn, le déanaí, faoi fhadhbanna áirithe a ndúradh ina leith gur SO2 agus báisteach aigéadach ba chúis leo. Bhí an damáiste a rinneadh d’fhoraoiseacha na Baváire agus ar báisteach aigéadach ba chúis leis, de réir mar a ceapadh, ina cheist mhór pholaitíochta sa Ghearmáin agus is é an toradh a bhí leis sin bearta reachtaíochta arb iad go formhór is bun le tograí an Choimisiúin atá leagtha amach sa dréacht-Treoir. De thoradh taighde a rinne comhlacht oifigiúil sa Ghearmáin ar na mallaibh, áfach, tá sé faighte amach gur dócha go raibh an t-ózón ina chúis mhór leis an damáiste do na foraoiseacha sa Bhaváir, sin i dteannta na n-éifeachtaí a bhí le triomach i ndiaidh triomaigh, le roghnú speiceas agus le bainisteoireacht foraoiseachta, lena n-áirítear úsáid leasacháin.


33. Tá breathnú cúramach déanta ag an gComhchoiste ar éifeachtaí an togra seo ar thionscal trom, go háirithe giniúint leictreachais. Measann sé go bhfuil an cás a chuir BSL chun tosaigh sochreidte agus nach mór éifeacht fhadtréimhse na Treorach beartaithe ar phraghsanna leictre-achais a scrúdú go grinn. Má ghlactar an Treoir beidh feidhm ar leith aici maidir le stáisiúin chumhachta a dhónn gual. Bainfidh na caighdeáin astaíochta láithreach le gléasraí nua ach ní gá do ghléasraí atá ann faoi láthair iad a chomhlíonadh go dtí an bliain 1995. Mhínigh BSL go ngintear 50 faoin gcéad ar a laghad de thruailliú SO2 as astaíochtaí ísealleibhéil, ar nós tinte i dtithe agus mótar-fheithiclí. Is deimhin leis an gComhchoiste nach bhfuil conspóid ann faoin dearbhú sin.


34. Measann an Comhchoiste gur dona an chaoi ina bhfuil BSL ó tharla nach féidir leis stáisiúin ghiniúna núicléacha a fhorbairt agus go bhfuil sé beartaithe go scoirfidh sé de bheith ag úsáid gás aiceanta agus, chomh maith leis sin, ó tharla nach bhfuil áis idircheangail le Mór-Roinn na hEorpa aige. Tagann astaíocht íseal SO2 as gás aiceanta a úsáid chun leictreachas a ghiniúint ach tá sé beartaithe go gcaillfidh BSL a chion den ghás aiceanta ó láthair Chionn tSáile nuair a chuirfear tús le hoibriú stáisiún giniúna Moneypoint, Contae an Chláir, an bhliain seo chugainn. Bheadh faoiseamh éigin ann dá n-úsáidfí níos mó móna chun leictreachas a ghiniúint. De thoradh chlár an Bhoird maidir leis an bhfoireann a laghdú, áfach, d’fhéadfadh todhchaí na stáisiún giniúna leictreachais a dhónn móin a bheith i mbaol. Tá an Comhchoiste an-imníoch faoi aon bhearta, ar nós muirir leictreachais a mhéadú, ar dóigh dóibh maolú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag tionscail dár gcuid i margaí onnmhairithe agus molann sé go tréan go ndéanfar breathnú tromaí maidir le cor na hÉireann le linn caibidlí sa Chomhairle. Cé go ndearna an Comhchoiste machnamh measartha fada ar an argóint eacnamaíochta i gcoinne an dréacht-Treoir a ghlacadh mar atá sí faoi láthair, ní mian leis príomh-chuspóir thogra an Choimisiúin a ligean i ndearmad — is é sin cosaint agus athshlánú na timpeallachta. Níl a fhios againn an méid dochair, más ann dó, is dócha a dhéanfar mar gheall ar SO2 agus NOx a iompraítear leis na gaotha anoir. Ní bhíonn gaotha aniar ann i gcónaí, agus d’fhéadfadh sé tarlú sa todhchaí go mbeadh fadhb níos mó againne ná mar a cheaptar faoi láthair maidir leis an bhfoinse sin.


35. Is é tuairim an Chomhchoiste, i gcás ina nglacfaidh an tír seo an dearcadh maidir le gearradh siar ar astaíochtaí iomlána, gurbh é an toradh a bheadh leis an dréacht-Treoir, de réir mar atá beartaithe, úsáid mhí-éifeachtúil acmhainní an Chomhphobail ó thaobh na heacnamaíochta de agus go mbeadh éagothroime ann sa mhéid go gcuirfeadh sí pionós ar na tíortha sin ba phointeáilte i ndáil le laghduithe a chur i bhfeidhm ar astaíochtaí roimh an mbliain 1980.


Cé gur lú an mhí-éifeachtúlacht a bhainfidh leis an toradh a bheidh ann mar gheall ar an tsolúbthacht atá ceadaithe maidir leis an tslí ina mbainfear amach caighdeán 1995 ná mar a bheadh ann dá mbeadh ar gach monarcha gearradh siar rialta a dhéanamh, is é a tharlóidh, de thairbhe nach gceadaítear malairt gnímh ó thír go tír, go mbeidh an costas a bhaineann le comhlíonadh i bhfad níos airde ná mar a bheadh sé dá roghnófaí an modh lena ngabhfadh an costas is lú, is é sin go ndéanfadh na monarchana sin a bhfuil na bealaí is saoire acu le laghduithe a chur i gcrích na bealaí sin a úsáid go hiomlán. Dá bhrí sin measann an Comhchoiste gurbh é an bealach ab éifeachtaí chun an truailliú a laghdú a mhéid a bhaineann sé linne ná cáin astaíochta a fhorchur. Dá ndéanfaí sin bheadh an costas comhréire ar Éirinn níos lú ná an costas ar thíortha eile, de bhua an mheascáin breoslaí a úsáidtear anseo chun leictreachas a ghiniúint. I gcás na dálaí eile a bheith mar a chéile, bheadh an Comhchoiste den bharúil go mbeadh buntáiste coibhneasta éigin ag Éirinn ina leith seo. Mura bhfuil sé inghlactha cáin astaíochta a fhorchur, is ceart don tír seo, nuair a bheidh an bonn á ríomh ónar gá an laghdú, argóint a chur chun cinn, mar mhalairt rogha, go mbainfí leas as na figiúirí a bheadh ann d’úsáid breosla sa bhliain 1980 mura mbeadh gás aiceanta á úsáid. Is féidir cás sochreidte a chur chun cinn, i dtuairim an Chomhchoiste, gur beart sealadach a bhí ann gás aiceanta a thabhairt do BSL agus gurbh éagórach pionós a chur orainne dá bhrí sin.


Luafadh an Comhchoiste, mar údar lena bheith i bhfabhar muirir astaíochta a fheidhmiú, na moltaí atá leagtha amach sa Chéad Tuarascáil ón gComhphobal ar Staid na Timpeallachta (1977) ina léirítear an prionsabal gurb é an truaillitheoir a íocfaidh an comhar.


36. Maidir le sonraíocht BSL go mbeidh gá le costas caipitiúil breise £145 mhilliún chun a stáisiún giniúna in Moneypoint, Contae an Chláir, a oiriúnú le haghaidh díshulfarú gáis mhúcháin agus go mbeidh £255 mhilliún breise ag teastáil i ndáil le cóireáil dá shamhail sin i stáisiúin eile, measann an Comhchoiste go bhféadfadh nósanna imeachta eile a bheith ann trína gcomhlíonfaí brí na dréacht-Treorach, seachas an dlí lom atá inti. Ba mhaith leis fios a bheith aige, mar shampla, cad é an costas breise a bheadh ann chun laghdú a dhéanamh ar an meánmhéid de shulfar atá i ngual a théann isteach i stáisiún giniúna Moneypoint ón leibhéal tuartha 1.6% go dtí 1.15% ar leibhéal é sin a shásódh togra an Choimisiúin. Measann an Comhchoiste nach mór costálacha malartacha den chineál sin a bheith ar fáil má bhíonn orainn géilleadh éigin a dhéanamh le linn na gcaibidlí.


37. Is deimhin leis an gComhchoiste go mbíonn BSL i gcónaí ag coinneáil suas le forbairtí teicneolaíochta sa réimse a bhaineann le faireachán agus cosc ar thruailliú agus gur oibrigh sé go comhfhiosach coinsiasach chun éifeacht na n-astaíochtaí óna chuid stáisiún cumhachta ar an timpeallacht a laghdú oiread is féidir. Tá an Coiste beagán amhrasach faoin dearbhú a thug ionadaithe an Bhoird, nuair a tháinig siad os comhair an Choiste, i bhfabhar pholasaí an stoic aird, á rá gurb é sin a thugann an smacht is mó ar cháilíocht an aeir áitiúil gan aon difear ar fiú trácht air a dhéanamh do na héifeachtaí fad-raoin. Is feasach don Chomchoiste dearcadh chomh hinmholta céanna a bheith ann, is é sin, go bhfuil ceangal díreach idir astaíochtaí stoc ard agus éifeachtaí fad-raoin. Dá ainneoin sin, fáiltíonn sé roimh an dearbhú go mbeidh an Bord sásta, má éiríonn, agus nuair a éireoidh, gá le rialuithe den chineál atá beartaithe ag an gCoimisiún anois, arna mbunú ar ghá timpeallachta cruthaithe, na modhanna agus an teicneolaíocht is iomchuí a ghlacadh chun na críche sin.


38. Féadfar díolúine ó cheanglais na Treorach a thabhairt ar feadh tréimhse teoranta do Stáit a bhfuil a gcomhiomlán bliantúil d’astaíochtaí SO2 sa tréimhse thagartha íseal i gcomórtas le hastaíochtaí Ballstát eile. Measann an Comhchoiste go bhféadfaí leas a bhaint as an bhforáil sin maidir le feidhmiú siarain chun éifeachtaí eacnamaíochta fheidhmiú na dréacht-Treorach a mhaolú dá mba rud é go nglacfaí go húimléideach léi sa riocht ina bhfuil sí faoi láthair.


Molann an Comhchoiste, ag féachaint don fhianaise atá ar fáil dó faoi láthair, go dtabharfar go hairdeallach criticiúil faoi thograí an Choimisiúin mar atá siad a ghlacadh, go háirithe mar gheall ar na himpleachtaí a bhaineann leo maidir le muirir leictreachais agus leis an eacnamaíocht i gcoitinne.


(e) Togra go ndéanfaí Rialachán Comhairle lena mbunófaí scéim Chomhphobail chun tuilleadh cosanta a thabhairt d’fhoraoiseacha sa Chomhphobal ar thine agus ar bháisteach aigéadach — COM (82) 375 críochnaitheach

39. I ndáil le cosaint ar thine baineann an togra le feidhmiú dianbhearta cosanta, bearta chun dóiteán a chomhrac agus bearta arb é a n-aidhm feabhas a chur ar chomhrac dóiteáin agus ar chosc dóiteáin.


Maidir leis an mbáisteach aigéadach is é an rud atá á mholadh ag an gCoimisiún go ndéanfaí laghdú de réir a chéile ar leibhéil na dtruailleán a meastar coitianta gurb iad is cúis leis an mbáisteach aigéadach. Is é brí a bhfuil á mholadh acu go ndéanfaidh Ballstáit laghdú 60 faoin gcéad ar astaíochtaí dé-ocsaíde sulfair (SO2) agus laghdú 40 faoin gcéad ar astaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx) agus laghdú 40 faoin gcéad ar thruailleáin eile.


Is é a thiocfaidh as an togra go gcaithfear mogalra post faireacháin a bhunú agus chomh maith leis sin foirne ildáimhe eolaithe leis an bhfadhb a scrúdú ó thaobh na foraoiseachta de.


An Rialachán a Bhreithniú

40. Tarlaíonn sé gach bliain sa Chomhphobal go ndíothaítear réimsí móra foraoise trína ndó, rud is cúis le caillteanais mhóra agus caiteachas mór do na Ballstáit ina dtarlaíonn sé. Ó thaobh na foraoiseachta amháin ní féidir cur suas leis an gcor seo toisc go ndéantar, mar gheall ar na caillteanais a mbíonn an dó ina chúis leo, táirgiúlacht fhoraoisí an Chomhphobail, atá gann cheana féin, a laghdú. Méadaíonn na dóiteáin foraoise freisin ar easnamh trádála an Chomhphobail in adhmad agus i dtáirgí díorthaithe agus laghdaíonn siad an t-ioncam ó ghabháltais fhoraoiseachta. Chun dearcadh níos leithne a fháil air, tá tábhacht anmhór ag baint le foraoisí ag coinneáil chothrom na timpeallachta, leis an tionchar atá acu ar an aimsir agus ar an bhfáil atá ar uisce agus leis an gcosaint a thugann siad don ithir. Má dhéantar aon damáiste do na foraoisí is cinnte gurb é a thiocfaidh as míchothrom a dhéanfaidh dochar don timpeallacht agus don talmhaíocht máguaird. Sa chomhthéacs soche-acnamaíoch i gcoitinne, cabhraíonn foraoisí le go leor réigiún den Chomhphobal chun turasóirí a mhealladh chucu. Is é a thagann faoi dheoidh as milleadh na bhforaoisí go n-imíonn daoine ó na réigiúin sin, mar a bhfuil teirce mhór daoine cheana féin, agus go gcuirtear eacnamaíocht na réigiún sin i gcoitinne i mbaol. Ag féachaint do na nithe sin a bhí an Coimisiún, ag tarraingt suas a thograí dó.


Tuairimí an Chomhchoiste

41. Fáiltíonn an Chomhchoiste roimh na tograí go gcuirfí feabhas ar éifeacht na mbearta cosanta in aghaidh dóiteán foraoise. Le blianta beaga anuas tá cead á thabhairt diaidh ar ndiaidh don phobal, le cabhair ó Fhoraoiseoirí Éireann agus le comhoibriú fonnmhar on Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta, dul isteach i bhforaoisí na hÉireann. Dar leis an gComhchoiste gur cuid dhílis dár dtimpeallacht ár bhforaoisí agus ár gcoillearnacha agus is maith leis a thabhairt faoi deara go bhfuil iarrachtaí lena gcaomhnú á n-eagrú ag leibhéal na hEorpa. Tá súil aige go mbeidh na tograí ina gcabhair le deireadh a chur le dóiteáin foraoise a fhágann cuma charrach ar an taobh tíre anseo gach bliain.


42. Tá bearta luaite sa dréacht-Rialachán a bhfuil sé ceaptha dóibh Ballstáit a spreagadh le trealamh múchta tine a bheith acu i gcomhar agus tinte trasteorann a chosc. Toisc go bhfuil Éire gearrtha amach ó mhórchríoch an Chomhphobail ní bhaineann na bearta sin linne go háirithe. Ach tá sé deimhnithe don Chomhchoiste go bhfuil comhoibriú feadh na teorann le Tuaisceart Éireann agus go bhfuil socruithe áitiúla ad hoc ann a oibríonn go sásúil.


43. Is ábhar mór imní don Chomhchoiste an chontúirt atá ag bagairt ar ár bhforaoisí ón mbáisteach aigéadach. Tá sé sásta nach bhfuil an feiniméan seo tar éis baint leis an tír seo aon mhéid suntasach go fóill. Níl aon fhianaise ann go dtí seo go bhfuil díobháil déanta dár bhforaoisí. Dhearbhaigh an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta an méid sin agus Ceist Pharlaiminteach á freagairt aige níos túisce i mbliana. Mar sin féin, ceapann an Comhchoiste nach mór a admháil, toisc go mbíonn an ghaoth ag séideadh anoir ar feadh 20-30 faoin gcéad den am, go bhféadfadh báisteach aigéadach titim ar an gcósta thoir.


44. Tig leis an ithir báisteach aigéadach a neodrú. D’fhéadfadh gurb é an fáth go dtruaillíonn an bháisteach aigéadach na lochanna i gCríoch Lochlann, i dtuairim an Chomhchoiste, go loiceann ar an bpróis neodraithe san ithir mar gheall ar a mbíonn de shneachta agus d’oighear ann, rud a fhágann go sileann an bháisteach thruaillithe amach sna lochanna go tapaidh. Tá an-imní ar an gComhchoiste maidir le buanna ithir na hÉireann chun aigéad a neodrú mar gheall ar an laghdú ar an méid aoil atá á chur amach ar fheirmeacha na hÉireann ó 1978 i leith. Is áthas leis a thabhairt faoi deara, áfach, gurb é a mhalairt a tharla anuraidh. Tá lándóchas ag an gComhchoiste maidir leis na bearta atá molta ag an gCoimisiún chun astaíochtaí ó mhonarchana tionscail agus ó mhonarchana mórdhócháin a laghdú, gur chóir go ndéanfaidís go leor, dá bhfeidhmeofaí iad, chun deasca na báistí aigéadaí a mhaolú.


C. TUAIRIMÍ AN CHOMHCHOISTE I gCOITINNE AGUS CRÍOCH

45. Is maith leis an gComhchoiste go bhfuil aird á thabhairt ag an gComhphobal ar an timpeallacht. Tá timpeallacht na hEorpa faoi ionsaí ó dhá thaobh — an timpeallacht nádúrtha (aibhneacha, lochanna, an t-atmaisféar, fiadhúlra, fásra, etc.) agus an timpeallacht shaorga (bailte móra, cathracha, etc.). Truailliú an fhadhb is mó ar fad sa timpeallacht nádúrtha. San Eoraip, áit a bhfuil tomhaltas tréan, is é is cúis leis an truailliú an méid dramhaíola a dhéantar agus na bealaí míchuí ina ndiúscraítear í. Sa timpeallacht shaorga tá an scéal chomh dona céanna, mura measa é. Is ceann de na réigiúin is dlúithe daonra sa domhan an Eoraip agus tá an líon daoine i gcathracha na hEorpa ag méadú as cuimse. Má leanann an méadú sin gan chosc is é a d’fhéadfadh teacht as go millfí na rudaí is ansa linn inár gcultúr, inár n-oidhreacht agus inár sochaí. Mar bharr ar an mí-ádh, ní le críocha aon tíre amháin a bhaineann an truailliú agus an rud a tharlaíonn i dtír amháin is féidir a dheasca a bhrath i bhfad ó bhaile go minic i dtír eile. Tá an Eoraip, ar dlúthghréasán stát í, go mór faoi lé na faidhbe sin. Mar is léir go minic is ábhar do ghníomh idirnáisiúnta cosaint na timpeallachta agus ní mar gheall ar fhadhbanna truaillithe trasteorann amháin é. Maidir le caomhnú an nádúir agus cosaint an fhiadhúlra, mar shampla, tá comhar idirnáisiúnta riachtanach. Ní haon mhaith do thír amháin éin imirceacha agus speicis atá i mbaol a chosaint má chailltear iad de thruailliú nó de chreimeadh ar a ngnáthóga nádúrtha a rinne tír eile.


46. Is féidir go leor de na fadhbanna trasteorann i réimse na timpeallachta a shocrú ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach idir na tíortha lena mbaineann, ach is fóinteach an rud é agus rud riachtanach go minic go mbeadh comhlacht idirnáisiúnta ar nós an Chomhphobail ann inar féidir fadhbanna a phlé agus réiteach a fháil orthu. Dá bhrí sin fáiltíonn an Comhchoiste go ginearálta roimh thograí an Chomhphobail chun truailliú aeir a shrianadh agus chun an timpeallacht a chaomhnú agus a chosaint. Is aimsir lagtrá eacnamaíochta ní bhíonn sé furasta i gcónaí tacaíocht a spreagadh, go háirithe tacaíocht airgid, maidir le caomhnú na timpeallachta. Le teacht teicneolaíochta coiscthe saothair is mó an bhéim atá á cur ar am saor agus léiríonn sé sin an tábhacht atá le timpeallacht ghlan tharraingteach. Níl dlús tionscail againn in Éirinn mar a fhaightear ar Mhór-Roinn na hEorpa agus dá bhrí sin tá sócmhainn nádúrtha againn atá slán fós. Ní féidir neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna ar nós na báistí áigéadaí atá ar an Mór-Roinn d’aontoisc nach bhfuil aon fhianaise shuntasach ar a n-éifeachtaí sa tír seo san am i láthair mar tá an fhadhb ag dul in olcas agus d’fhéadfadh sí dochar dhéanamh dúinne i gceann tamaill ghearr. Is suimiúil a thabhairt faoi deara go bhfuil fianaise anois i dTuaisceart na hAlban agus sa Bhreatain Bheag ar dhamáiste ó bháisteach aigéadach nach bhféadfaí a thuar. Baineann fadhb na hEorpa linne freisin.


Maidir leis an ngearrthéarma/an meántéarma sa tír seo is í an Treoir bheartaithe ar mhonarchana mórdhócháin an togra is mó tábhacht airgeadais, de réir méide, de na bearta a bhreathnaigh an Comhchoiste sa Tuarascáil seo. Is dócha, freisin, gurb é an beart is tábhachtaí a bheidh ar fáil againn chun ár dtimpeallacht a chosaint agus a chaomhnú. Is mian leis an gComhchoiste, áfach, go mbeidh na bearta a thabharfar isteach cóir cothrom. Tá bá aige leis an gcás a chuir BSL chun cinn agus, mar gheall ar chuid mhór cúiseanna nach bhfuil faoi urláimh BSL, lena n-áirítear dálaí do-athraithe ar nós mhéid bheag na monarchana, easpa idircheangail, easpa saoráidí núicléacha, arb é a thoradh go mbíonn ar thomhaltóirí na hÉireann praghas atá ard cheana féin a íoc as leictreachas. Mar gheall ar chúiseanna dá samhail sin, is é tuairim an Bhoird go mbeadh an costas a ghabhfadh le trealamh chun deireadh a chur le SO2 i stáisiúin chumhachta na hÉireann ní b’airde, ar bhonn comhréire, ná mar a bheadh sé in áiteanna eile faoi thograí an Choimisiúin faoi láthair. Tá foláireamh le feiceáil sna costálacha a rinne BSL le déanaí agus a léirigh go bhféadfadh méadú os cionn 20 faoin gcéad teacht ar chostas an leictreachais faoi thograí an Choimisiúin mar gheall ar na costais chaipitiúla agus, chomh maith leis sin, ar na costais oibrithe anard i dtéarmaí tomhailte fuinnimh, amhábhar, diúscartha iarmhair, etc. Is léir nach inghlactha costais ionchasacha den sórt sin, go háirithe nuair a dhealraíonn sé nach bhfuil fianaise eolaíochta eimpíreach iontaofa ann go dtiocfaidh sochar intomhaiste astu don timpeallacht in Éirinn ná san Eoraip. Measann an Comhchoiste gur díol machnaimh thromaí tuairim an Bhoird gur féidir, fiú amháin, go dtiocfaidh meathlú ar cháilíocht an aeir i mBaile Atha Cliath de thoradh éifeachtaí ionadaíochta fuinnimh a bheith ann má ghlactar tograí an Choimisiúin chun astaíochtaí ó stáisiúin chumhachta a rialú. D’fhéadfadh bearta ar nós rialuithe ar astaíochtaí ó fheithiclí a bheith ina gcuidiú mór, dar leis an gComhchoiste, maidir leis an troid i gcoinne an truaillithe. Tá beart saor idirlinne ann, is é sin lochanna aigéadaithe a aoladh, a d’fhéadfaí a úsáid ina lán cásanna chun damáiste iascaireachta a laghdú oiread is féidir fad a bheidh tuilleadh taighde á dhéanamh.


47. Is mian leis an gComhchoiste a rá nach beag dar leis an obair is gá a dhéanamh i ndáil le cosaint agus caomhnú na timpeallachta. Tá cóimheá mion le déanamh idir riachtanais an tomhaltóra sa chéad ásc agus leasanna na gcaomhnaitheoirí sa dara cás de. Is é tuairim an Chomhchoiste gur féidir le cláir oideachais cuidiú mór a thabhairt chun deireadh a chur leis an gcoimhlint idir an dá éileamh iomaíocha sin agus gur féidir, sa dóigh sin, comhréiteach a dhéanamh eatarthu mar mhaithe leis an gComhphobal.


48. Maidir le báisteach aigéadach, is ábhar conspóide eolaíochta fós cad é is bun agus is cúis léi. Is leasc an gComhchoiste bearta cosanta costasacha a mholadh do ghnóthais mhóra ar nós BSL gan fianaise atá bunaithe ar thaighde mhaith go mbeadh toradh substaintiúil dáiríre ann i dtaobh deireadh a chur le truailliú trí rialú a dhéanamh ar ghnóthais den sórt sin. Is inmholta sampla BSL maidir lena thuiscint don timpeallacht agus is ceart a chuid tuairimí a áireamh i ndáil le tograí an Chomhphobail. Má chuirtear rialuithe costasacha i bhfeidhm ar BSL beidh leictreachas costasach ann dá mbarr agus téann sé sin i bhfeidhm ar struchtúr costais mhonaróirí na hÉireann a bhfuil deacrachtaí acu cheana féin.


49. Ní mian leis an gComhchoiste é féin a cheangal d’aon iarracht chun laghdú a dhéanamh ar shár-aidhmeanna an Choimisiúin maidir le timpeallacht ghlan a chruthú. Measann sé, mar chomhréiteach, gurbh fhearr, i dtaca linne de, tabhairt faoi astaíochtaí truaillitheacha a laghdú trí mhuirear a fhorchur in aghaidh gach aonaid truailleáin a astaítear de thairbhe go gcuirfí an pionós is mó, mar a luadh roimhe seo, ar na tíortha sin is mó astaíochtaí agus ar an dóigh sin dhéanfaí an prionsabal gurb é an truaillitheoir a íocfaidh an comhar a bhunú go daingean i dtograí an Chomhphobail. I ndeireadh na dála is ceart forálacha maolaithe na dtograí-agus na mbeart a glacadh cheana féin a bhreathnú chun go ndéanfar aon rialuithe ar a gcomhaontófar a thabhairt isteach de réir a chéile ionas nach gcuirfear ár n-eacnamaíocht trí chéile go rómhór.


50. Mar fhocal scoir, tá súil ag an gComhchoiste go ndéanfar, más iomchuí, leas iomlán a bhaint as forálacha airgeadais na mbeart a bhreathnaigh sé ionas gur féidir caomhnú agus cothú a dhéanamh ar an timpeallacht, idir nádúrtha agus saorga, mar mhaithe le saoránaigh uile an Chomhphobail.


(Sínithe) GEARÓID Ó COILEÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Aibreán, 1984.