Committee Reports::Report No. 11 - Ireland's Foot and Mouth Derogations::06 December, 1984::Report

AN TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste are mhaoluithe trádála na hÉireann i ndáil leis an ngalar crúb agus béil. Is maoluithe iad atá le foirceannadh go luath faoi thograí an Choimisiúin d’fhonn bearta rialaithe an Chomhphobail a chomhchuibhiú. Scrúdaíodh na doiciméid seo a leanas:


(1)Treoir an 26 Meitheamh 1964 ón gComhairle ar fhadhbanna sláinte ainmhithe a fhearann ar an trádáil sa Chomhphobal do bhó-ainmhithe agus muca (64/432/CEE),


(2)Treoir an 12 Nollaig 1972 ón gComhairle ar fhadhbanna sláinte a fhearann ar thrádáil sa Chomhphobal d’fheoil úr (72/461/CEE),


(3) Treoir an 12 Nollaig 1972 ón gComhairle ar fhadhbanna cigireachta sláinte agus tréidliachta nuair a allmhairítear bó-ainmhithe agus muca agus feoil úr ó thríú tíortha (72/462/CEE),


(4) Treoir an 7 Feabhra 1983 ón gComhairle do leasú Treoir 72/462/CEE ar fhadhbanna cigireachta sláinte agus tréidliachta nuair a allmhairítear bó-ainmhithe agus muca agus feoil úr ó thríú tíortha agus Treoir 77/96/CEE ar chigireacht le haghaidh trichinae (trichinella spiralis) nuair a allmhairítear feoil úr a fhaightear as muca clóis ó thríú tíortha (83/91/CEE),


(5) Togra i gcomhair Treoir ón gComhairle do cheapadh Bearta Comhphobail chun an galar crúb agus béil a rialú (COM 82/505 críochnaitheach),


(6) Togra i gcomhair Treoir ón gComhairle do leasú Treoir 64/432/CEE i ndáil le bearta áirithe a bhaineann leis an ngalar crúb agus béil agus leis an ngalar bolgóideach muc (6627/1/84),


(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle faoi bhearta maolaithe is infheidhme faoi láthair maidir le hÉirinn agus an Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann i dtaobh trádáil sa Chomhphobal i mbó-ainmhithe agus muca agus feoil úr (COM(84) 217 críochnaitheach).


Buíochas

2. An Fochoiste ar Chúrsaí Talmhaíochta agus Iascaigh faoin Teachta Seosamh Breathnach mar Chathaoirleach a scrúdaigh na doiciméid don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste buíoch den Teachta Seosamh Breathnach agus dá Fhochoiste as an obair a rinne siad.


Phléigh an Fochoiste an t-ábhar le hionadaithe ó Chumann ChomharEagraíochtaí na hÉireann agus le hUinseann Ó Catháin agus Ailbhe Ó Coisdealbha ón Roinn Talmhaíochta. Chuir sé san áireamh freisin dearcadh Chóras Beostoic agus Feola na hÉireann (CBF) agus Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann.


B. STÁDAS NEAMHGHALRAITHE NA hÉIREANN

An Galar Crúb agus Béil

3. Is galar forleatach é an galar crúb agus béil atá nimhneach, tógállach, agus fíordheacair a choimeád ó leathadh. Goilleann sé ar ainmhithe crúbscoilte clóis agus fásaigh. Nuair is measa an galar maraíonn sé ainmhithe óga. Aon áit a mbíonn an galar cuireann sé isteach go mór ar tháirgiúlacht fheirmeacha beostoic agus ní ró-mhaith an gealladh atá i ndán d’ainmhithe a théarnann uaidh. Á ghlacadh as an bpíosa, is é an Galar Crúb agus Béil an chontúirt is mó atá ag bagairt ar fheirmeoireacht bheostoic. Tá an galar an-choitianta ar Mhór-Roinn na hEorpa, in Oirthear na hEorpa, san Afraic agus i Meiriceá Theas. I gcás na Breataine Móire, na hAstráile, na Nua-Shéalainne agus Mheiriceá Thuaidh, is beag an greim atá faighte ag an ngalar cé go mbíonn ráigeanna de ann ó am go ham.


4. Tá Éire saor le blianta fada ó na mór-ghalair fhorleatacha i mbeostoc. Níor tharla ráig den ghalar Crúb agus Béil sa Stát ó 1941. Is amhlaidh atá an scéal i dTuaisceart Éireann. Cuireadh an polasaí caigdeánach do mharú ainmhithe i bhfeidhm go docht agus go tairbheach in áiteanna inar tharla ráigeanna san am a caitheadh. Bhí dianchosc ar vacsaíniú.


35. Ó thaobh onnmhairiú beostoic agus táirgí beostoic is mór an buntáiste d’Éirinn a bheith saor ó ghalair fhorleatacha ainmhithe. Ní hí ár suíomh aiceanta amháin mar oileán a thugann an tsaoirse sin dúinn ach an rialú dian a dhénatar ar allmhairí ainmhithe agus táirgí ainmhíocha trínar féidir an galar a thabhairt isteach chun na tíre. Tá na dian-rialuithe sin i bhfeidhm le blianta fada agus feidhmítear iad i ndlúthpháirt le húdaráis Thuaisceart Éireann — ceantar atá saor freisin le fada ó ráigeanna den ghalar.


Tá sé fíor-thábhachtach go bhfanfadh tionscal eallaigh na hÉireann saor ón ngalar mar go gcuireann sé ar chumas na hÉireann eallach agus feoil a onnmhairiú go dtí bunáite gach tír ar domhan.


Ráigeanna den Ghalar Crúb agus Béil a Tharla le Gairid i dTíortha eile

6. Tá an Danmhairg agus an Ríocht Aontaithe cuíosach saor ón nGalar Crúb agus Béil agus tá an rialú céanna agus na nósanna imeachta céanna á gcleachtadh iontu chun an galar a dhíothú is atá in Éirinn (is é sin, marú gan aon vacsaíniú). Bhí na maoluithe céanna maidir le hallmhairiú ainmhithe beo agus feoil úr i bhfeidhm sa dá thír sin, amhail mar a bhí anseo in Éirinn, go dtí 1977. Ach ón 1 Eanáir 1978 ní cheadaítear maoluithe don Danmhairg ná don Bhreatain maidir le hallmhairí feola úire. Cibé ar bith, tharla ráigeanna den ghalar sa dá thír le blianta beaga anuas; an Danmhairg i 1982 agus dhá chás sa Bhreatain i 1981.


7. Táthar den bharúil gur san aer nó le haersreabh a leath an galar go dtí an dá thír sin. Níl cor an ghalair Crúb agus Béil chomh sásúil céanna i mBallstáit eile ná i dtíortha atá gar don Chomhphobal agus tugtar sonraí san Fhoscríbhinn faoi na ráigeanna den ghalar a tharla sna tíortha sín sa tréimhse ó 1971 go 1981. Is fiú a thabhairt faoi deara nach go ró-mhaith a éiríonn leis an Spáinn agus leis an bPortaingéil — dhá thír atá le ceangal a dhéanamh leis na Comhphobail Eorpacha gan mhoill — aghaidh a thabhairt ar an ngalar. Bhí ráigeanna den ghalar le déanaí sna hocht dtír ar theorainn an Chomhphobail. Tá an scéal go hainnis sa Tuirc, áit ar tharla ó 267 go 1,361 ráig gach bliain ón mbliain 1971.


Bearta Smachta

8. I mbunáite na dtíortha ina dtarlaíonn an galar go minic déantar vacsaíniú go rialta mar bheart coisctheach. Tá toirmeasc iomlán ar vacsaíniú in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sa Danmhairg ach sa Ghréig ní dhéantar vacsaíniú ach amháin chun ainmhithe scoiltchrúbacha a chosaint i limistéar sonraithe fá fhad slí áirithe d’fheirm ar ar tharla ráig den ghalar. Is nós le cuid de na tíortha sa chomharsanacht vacsaíniú a dhéanamh. Ní hionann na rialacháin a chleachtaítear in aon dá Bhallstát chun an galar a chosc agus a rialú. Sa Bheilg, san Iodáil, san Ísiltír agus sa Ghearmáin déantar vacsaíniú gach bliain ar eallach os cionn ceithre mhí d’aois. Má tharlaíonn ráig den ghalar ar fheirm ní mharaítear ach an stoc nach bhfuil vacsaínithe, agus coimeádtar an stoc vacsaínithe agus déantar athvacsaíniú ar gach cineál ainmhí ar dhóigh an galar a theacht orthu i bhfoisceacht achar áirithe den fheirm. Sa Fhrainc agus i Lucsamburg vacsaínítear an t-eallach go léir os cionn ceithre mhí d’aois ach má bhíonn ráig den ghalar ann maraítear an stoc go léir ar dóigh an galar a theacht orthu, idir eallach agus chaoraigh agus mhuca, bíodh siad vacsaínithe nó ná bíodh. Féadfar vacsaíniú a dhéanamh más gá ar stoc i limistéar talún thart ar an bhfeirm. Déantar an vacsaíniú limistéir sin sa Ghréig freisin nuair a bhriseann ráig amach, ach maraítear an stoc go léir a d’fhéadfadh bheith i gcontúirt agus cuirtear dian-mhodhanna rialaithe a bhfeidhm sa chomharsanacht. Is ionann cás d’Éirinn, don Ríocht Aontaithe agus don Danmhairg mar nach ndéanann siad aon vacsaíniú, cibé acu go bliantúil nó nuair a tharlaíonn ráig. Maraítear ar an toirt na hainmhithe go léir atá i gcontúirt nuair a tharlaíonn ráig den ghalar ar fheirm. Díothaítear na conablaigh trína ndó nó trína gcur in aol beo agus cuirtear dianbhearta sláinte ainmhithe, lena n-áirítear rialú ar ghluaiseacht, i bhfeidhm sa cheantar áirithe agus coimeádtar súil ar an limistéar mórthimpeall. Le fírinne, cuireann Éire rialuithe agus rialacháin sláinte i bhfeidhm aon uair a tharlaíonn ráig sa Bhreatain.


C. MAOLUITHE TRÁDÁLA NA hÉIREANN

9. San am a ndeachaigh Éire (agus an Ríocht Aontaithe i gcás Thuaisceart Éireann) isteach sa CEE tugadh cead di a rialacha náisiúnta a choimeád maidir le hallmhairí ainmhithe beo (eallach agus muca) agus feoil úr ón gComhphobal agus ó thríú tíortha mar chosaint ar an ngalar crúb agus béil. D’ainneoin mór-dheacrachtaí, rinneadh athnuachan ar na maoluithe sin trí huaire, mar atá, 1976, 1982 agus 1983. Bhí siad le dul as feidhm an 30 Meitheamh 1984 ach tugadh spás sé mhí eile dóibh go dtí an 31 Nollaig 1984.


Faoi láthair oibríonn ár rialacha náisiúnta mar a leanas:—


(1)Allmhairiú Beostoic — toirmiscthe go huile cé is moite d’ainmhithe póir folaíochta a mbeidh tréimhse ar coraintín déanta acu.


(2)Allmhairiú ar Fheoil Úr — ní cheadaítear aon allmhairiú ó Bhallstáit (ach amháin ó Thuaisceart Éireann mar a bhfuil rialuithe den chineál céanna i bhfeidhm ar allmhairí) nó ó thríú tíortha.


A luaithe a bheidh deireadh leis na maoluithe beidh orainn glacadh le córais CEE don trádáil sa Chomhphobal agus don trádáil le tríú tíortha in ainmhithe beo agus feoil úr.


Tograí an Choimisiúin

10. Ag an gcruinniú a bhí ag Airí Talmhaíochta na Comhairle an 18/19 Meitheamh, socraíodh ceist na maoluithe. Ach ba chuid an socrú sin de shocruithe eile a bhain le tograí tréidliachta agus toisc nárbh fhéidir cinneadh iomlán a fháil sa Chomhairle cuireadh sé mhí eile d’fhad leis na maoluithe crúb agus béil go dtí an 31 Nollaig 1984. D’fhear Treoir (84/336/CEE) ón gComhairle dar dáta an 19 Meitheamh 1984 ar an síneadh ama sin. Leis an treoir sin leasaíodh Treoracha 64/432/CEE i leith forálacha áirithe a bhaineann leis an ngalar crúb agus béil agus leis an ngalar bolgóideach muc. Beidh an liosta iomlán de thograí tréidliachta, lena n-áirítear a bhfuil comhaontaithe i ndáil leis na maoluithe crúb agus béil, le cinneadh ag Comhairle na nAirí an 10/11 Nollaig. Beidh aga naoi mí ag Éirinn ón am a gcuirfear deireadh leis na maoluithe leis na rialacháin bhaile a leasú.


11. Seo a leanas é éirim an chomhaontaithe i ndáil leis na maoluithe crúb agus béil:—


Ainmhithe Beo

Maidir leis an maolú i leith na trádála in ainmhithe beo atá in Airteagal 4 (a) de Threoir 64/432/CEE, cuirfear buanchóras ina ionad ina ráthófar d’Éirinn go bhféadfaidh sí coinníollacha áirithe maidir le vacsaíniú, tástáil agus coraintín a éileamh i ndáil le hallmhairí áirithe d’ainmhithe beo


(a)ó Bhallstát atá saor ón ngalar crúb agus béil ach a bhfuil sé de nós aige vacsaíniú a dhéanamh agus


(b)ó Bhallstát nach bhfuil saor ón ngalar crúb agus béil.


Gach trí bliana, cuirfear tuarascáil faoi bhráid na Comhairle agus athbhreithneoidh an Chomhairle an córas nua.


Feoil Úr

Beidh deireadh leis an maolú i leith na trádála i bhfeoil úr (is é sin, nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag Airteagal 13 de Threoir 72/461/CEE) ach beidh cead ag Éirinn aibíocht agus díchnámhú a éileamh maidir le feoil ag teacht isteach ó Bhallstát inar tharla ráig nó ráigeanna den ghalar crúb agus béil. Eisceacht shealadach an méid sin agus beidh sí i bhfeidhm go dtí an 31 Márta 1987. Ón dáta sin amach ní gá d’Éirinn ná do thíortha neamh-vacsaíniúcháin eile (An Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg) ach feoil chnámhach a ghlacadh ón gcuid sin de chríoch Ballstáit inar tharla ráig den ghalar crúb agus béil i gcás ainmhithe:


—ó thréad neamhghalraithe,


—ó ghabháltas breis is 10 gciliméadar ó ghabháltas galraithe,


—a cuireadh faoi thástáil roimh a marú agus tar éis a marú, agus


—a maraíodh breis is 10 gciliméadar ó ghabháltas galraithe.


Trádáil CEE/Tríú Tír in ainmhithe beo agus i bhfeoil úr

12. Rialaítear an trádáil seo de réir Threoir 72/462/CEE, mar Chinntí Coimisiúin ar glacadh leo ag cruinnithe den Bhuanchoiste Tréidliachta. Go dtí seo, sná cinntí i dtaobh sláinte ainmhithe lenar ghlac an Buanchoiste Tréidliachta maidir le feoil úr a allmhairiú ó thríú tíortha socraíodh go mbeadh maoluithe ann d’Éirinn agus (do Thuaisceart Éireann) i gcás tíortha a dhéanann vacsaíniú in aghaidh an ghalair crúb agus béil. Is dearbh anois go leanfar leis an socrú sin.


13. Ó tharla dúinn ár mbearta cosanta náisiúnta a ligean uainn i bhfabhar chóras an Chomhphobail is féidir an cheist a ardú faoi an leor na slánaíochtaí atá i dtograí an Chomhphobail le saoirse na hÉireann ón ngalar a chosaint. In aighneacht a chuir Comhar-Eagraíocht na hÉireann os comhair an Chomhchoiste bhí an méid seo a leanas le rá aici


“The following are compelling arguments for the continuation of the trade derogation in the absence of adequate protection for Ireland’s unique Foot and Mouth free status:—


(a) The efforts to eradicate Foot and Mouth in the six original countries of the EEC have so far proved unsuccessful.


(b) The continued threat from Eastern Europe (e.g. East Germany and Turkey).


(c) The unsatisfactory Foot and Mouth situation in Spain and Portugal the incoming members of the EEC.


(d) The recent outbreaks in Denmark and the U.K. where the stricter trade derogations were dropped in 1977/78.


(e) The threat to Ireland’s exports of livestock, meat and dairy products to third country markets in the event of a Foot and Mouth breakdown in Ireland. Assurances from third countries in this regard may not materialise in practice.


(f) The fact that recent outbreaks in Bavaria, Denmark and the U.K. have not been attributed to trade in meat and livestock is not conclusive proof that trade was not a factor.


(g) The risk of other highly contagious diseases coming to Ireland (e.g. Blue Tongue, Swine Fever, Exotic Foot and Mouth, leptospirosis, etc.).


(h) The very considerable value to the EEC of Irish exports of livestock, meat and dairy products to third countries has been acknowledged by the Community.”


14. In aighneacht a chuir an Córas Beostoic agus Feola (CBF) faoi bhráid an Chomhchoiste bhí sé le rá acu, má bhí deireadh le cur i dtráth leis an maolú, gurb é an rud ab fhearr a d’fhéadfadh Éire a dhéanamh ná a tionchar a imirt ar théarmaí na socruithe agus an chontúirt dár dtionscal a laghdú. Mhol siad na bearta seo a leanas:


1.Dian-chigireacht a dhéanamh ar an táirge allmhairithe chun a áirithiú go bhfuil na caighdeáin is airde sroichte aige agus nach bhfuil aon seans ann go gcuirfí stádas neamhghalraithe na hÉireann i mbaol.


2.Sócúl 12 mhí ar a laghad a éileamh le go mbeadh dóthain ama ag Éirinn na bearta allmhairithe is gá a chur i bhfeidhm.


3.Níor mhór na socruithe coraintín d’ainmhithe beo


(i)a chur in iúl roimh ré sa chaoi go mbeadh dóthain ama ag an tionscal iad a mheas agus athruithe a mholadh dá measfaí sin a bheith riachtanach, agus


(ii)a bheith bainteach le gach tír.


4.Níor mhór cúram ar leith a dhéanamh de bhearta chun cosc a chur le smuigleáil uan de chuid na Nua-Shéalainne nó na Breataine.


15. Chuir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann i bhfios don Chomhchoiste freisin go raibh said in aghaidh deireadh a chur leis an maolú.


D. DEARCADH AN CHOMHCHOISTE

16. Níl aon amhras ach gur chabhraigh na maoluithe Crúb agus Béil a bhí ag Éirinn faoi Threoir 64/432/CEE agus faoi Threoir 72/461/CEE i gcás ainmhithe beo agus feola chun stádas na hÉireann mar thír neamhghalraithe a choimeád in airde. Tráchtadh ar an mbuntáiste d’Éirinn a bhí sa mhéid sin i dTuarascáil faoin nGalar Crúb agus Béil ó Choiste Talmhaíochta Pharlaimint na hÉorpa an 28 Meitheamh 1983. Seo mar a tráchtadh air:—


“This standard of health protection has had a positive impact on the three countries1 in many respects. First, the cost of control measures is very low, costs are practically only incurred in the case of an outbreak, by the need for compensation for slaughtered animals. Second, the high degree of health protection is a distinct asset in the export of animals in meat to third countries. This is particularly true of Ireland, the largest beef exporter in the Community.”


17. Féadann an tír seo a bheith mórálach, dar leis an gComhchoiste, gur éirigh léi ón mbliain 1941 i leith an stádas sainiúil sin a choimeád slán chomh fada is bhain le sláinte ainmhithe sa tír. Molann an Comhchoiste an Roinn Talmhaíochta agus na hoifigigh chustam as a n-airdeall agus má tá toradh a n-airdill le brath a bhuíochas sin dóibh araon.


18. Is ábhar imní mór é don Chomhchoiste go bhfuil deireadh á chur leis an maolú a bhí ceadaithe d’Éirinn ó rinne sí aontachas leis an CEE. Tuigeann an Comhchoiste nach féidir cor guaise a chloí go huile ach is cinnte gur i dtreise a rachaidh an chontúirt dá bharr. Ní féidir a shéanadh ach gur galar fíor-thógálach an galar crúb agus béil. Nuair a tharlaíonn ráig den ghalar, ní leis an gceantar maguaird amháin a bhaineann an chontúirt galair ach, í gcás aeráid agus aimsir a bheith fóirsteanach don ghalar, d’fhéadfadh beostoc i bhfad ó láthair a bheith i mbaol. Sa chás sin is beag is fiú iad na gnáth-mhodhanna cosanta. Ní féidir an dá ráig den ghalar a tharla ar dhá oileán Dhanmhairgeacha le déanaí a mhíniú ach ar an dul sin. Ó thoradh na dtástálacha a rinneadh le gairid táthar den bharúil gur leath an galar ó shaotharlanna i dtír áirithe in Oirithear na hEorpa san aer agus gur bhain sé an dá oileán Dhanmhairgeacha amach.


Ba chás leis an gComhchoiste a fháil amach freisin ó ChomharEagraíocht na hÉireann go bhféadfadh frídíní an ghalair dul i ngreim in aer-choscáin na bhfeithiclí a bheadh ar a mbealach trí cheantair ghalraithe.


19. Tá sé ráite gur éirigh leis an Ríocht Aontaithe agus leis an Danmhairg an córas atá le teacht isteach in Éirinn nuair a bheidh deireadh leis an maolú a oibriú go sásúil ar feadh tamall de bhlianta. Na ráigeanna a bhris amach sna tíortha sin i 1981 agus 1982 is léir nach mar gheall ar aon easnamh ar rialacha an Chomhphobail a tharla siad ach gur leathadh an galar chucu ar an aer agus go bhfuil sé fíor-dheacair cur ina choinne sin go hiomlán.


20. Is é bun agus barr ár n-argóna, an leor iad na slánaíochtaí atá i dtograí an Chomhphobail chun sinn a choimeád saor ón ngalar. Ní thig a rá áfach go bhfuil bearta an Chomhphobail inchurtha leis an gcóras náisiúnta a bhí i bhfeidhm le blianta fada. Ar an siocair sin tá an Comhchoiste go láidir den bharúil gur chóir go bhfanfadh na maoluithe in éifeacht go dtí go mbainfeadh na Ballstáit eile caighdeán na hÉireann amach i sláinte ainmhithe i ndáil leis an ngalar crúb agus béil.


21. Sa Tuarascáil ó Choiste Talmhaíochta Pharlaimint na hEorpa ar tagraíodh di cheana tá sé ráite go gcaithfear, nuair atá comhchuibhiú á dhéanamh ar rialú an ghalair, é a dhéanamh ar an leibhéal is airde is féidir. Aontaíonn an Comhchoiste leis an tuairim sin. Níl aon chaighdeáin eile ann atá inchurtha le caighdeáin na hÉireann. Ba chóir gurb iad na caighdeáin sin in Éirinn an sprioc don Chomhphobal agus nach ndéanfaí iad a ísliú.


22. D’fhiosraigh an Coimisiún an cheist i dtaobh cad é an éifeacht a bheadh ag an athrú ar ár mbearta cosanta ar ár dtrádáil le tríú tíortha agus cuireadh litreacha amach chuig príomh-chomhpháirtithe trádála na hÉireann ag míniú rialacha an Chomhphobail agus ag fiafraí díobh cad a bhí ar intinn acu a dhéanamh dá nglacfadh Éire leis na rialacha sin. Ó na freagraí a fuarthas bhí an Coimisiún den tuairim gur chóir na rialacha a chur i mbaint le hÉirinn a luaithe ab fhéidir.


23. Tuigeann an Comhchoiste go maith a thábhachtaí is atá ár n-onnmhairí, ní hamháin d’Éirinn ach don Chomhphobal go huile, ó tharla go seachnaíonn siad costais idirghabhála agus go gcoinníonn siad greim ar mhargaí díola tábhachtacha i dtríú tíortha. Ina thaobh sin de is ábhar imní é don Chomhchoiste nach bhfuil freagraí faighte go fóill ó thrí cinn de na tríú tíortha ar cheisteanna a chuir an Coimisiún chucu.


Ceanada. Tá curtha in iúl aici trí aontú de bhriathra béil go mbeadh glacadh aici le prionsabal na neamhtheagmhála do tháirgeadh feola ach ní bhfuarthas an deimhniú foirmeálta go fóill.’


Meicsiceo. Tá curtha in iúl ag Meicsiceo go gcuirfear srianta sláintíochta i bhfeidhm chun nach ndéanfar táirgí galraithe a allmhairiú. Táthar ag feitheamh le cuntas cruinn a fháil ar na srianta sin.


Panama. Ní freagra cruinn ar an gceist a bhí sa chéad fhreagra a fuarthas. Táthar ag feitheamh le freagra eile.


24. Ní haon ábhar misinigh é don Chomhchoiste na freagraí a tugadh. Tá tábhacht le margaí ar nós mhargadh Mheicsiceo a ndearnadh mórchonradh onnmhairithe léi le gairid d’ainneoin freasúra ó na Stáit Aontaithe, ó Cheanada, ón Nua-Shéalainn agus ón Ríocht Aontaithe. Is fiú £30m. Éireannach an conradh chun púdar bainne bhearrtha agus saill ime a sholáthar.


1 Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg.