Committee Reports::Report No. 08 - Implications for the Irish Fisheries Industry of accession by Spain and Portugal to the European Communities::31 October, 1984::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 31 Deireadh Fómhair, 1984

Wednesday, 31 October, 1984

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo i leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó Coileáin (i gCeannas), Ó Cochláin, Ó Dálaigh, Mac Dhurcáin, Ó Flannagáin, Ó hUrmhuin agus Breathnach; na Seanadóirí Mac Domhnaill, Mhic Róibín agus Mac Gabhann.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Conas a rachaidh Aontachas na Spáinne agus na Portaingéile leis na Comhphobail Eorpacha i gcion ar Thionscal Iascaigh na hÉireann.


Thug an Teachta Breathnach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:


Aontaíodh míreanna 1 go 30, go huile.


Aontaíodh foscríbhinní 1 agus 2.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 5.30 p.m.