|
FOSCRÍBHINN 4Sliocht as Tuarascáil Choiste na Dála um Chaiteachas Poiblí(31 Bealtaine, 1984)1 7. TUAIRIMÍ AN CHOISTE7.1 Is cás leis an gCoiste a thabhairt dá aire go bhfuil fianaise ann a deir go ndéanann na seirbhísí atá curtha ar fáil d’oiliúint, d’earcaíocht agus do chruthú post trasnú agus dúbailt ar a chéile. Rud a chuir as dóibh go speisialta ná nach ndearnadh go nuige seo aon iarrachtaí i ndáiríre leis na seirbhísí sin a chomhrianú ná iad a chur in oiriúint do riachtanais lucht a n-úsáidte, an dream sin arb iad, i mórchuid cásanna, is lú cosaint in Éirinn. Ní raibh glacadh leis an ngné sin den obair agus níorbh fhéidir é a chosaint, go háirithe, nuair atá éilimh throma ar an Státchiste i réimsí eile. 7.2 Thug an Coiste dá aire go raibh trasnú i gceist sna réimsí seo a leanas agus dianghá le comhrianú: (1)Cláraítear daoine dífhostaithe leis an Roinn Leasa Shóisialaigh. Iad sin uile atá faoi bhun 25 bliana d’aois dírítear iad i dtreo na Seirbhíse Náisiúnta Daonchumhachta (SND) de chuid na Roinne Saothair. Moltar dóibh sin atá os cionn 25 bliana d’aois clárú leis an SND. Bíonn de thoradh air sin go gcaitear dhá chlár ar leith a ullmhú de láimh agus sraith agallamh ar leith a sheoladh. (2)Earcaíonn an Chomhairle Oiliúna (AnCO) daoine le haghaidh oiliúna agus fostaíochta agus san am céanna roghnaíonn an SND daoine freisin le haghaidh fostaíochta. (3)Eagraíonn AnCO cúrsaí réamhoiliúna agus san am céanna eagraíonn an Roinn Oideachais cúrsaí réamhfhostaíochta trí na Coistí Gairmoideachais. Tugann an dá dhream teastais d’iarratasóirí a n-éiríonn leo agus d’fhéadfadh sin a bheith ina chúis mhíthuisceana d’fhostóirí agus baint ó luach na dteastas sin. (4)Tá ea soiléire ag baint leis an deighilt atá idir an Roinn Saothair agus an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, go háirithe, i gcás an bheartais um Thobhach Fostaíochta don Aos Óg. (5)Ní dhearnadh aon athmheasúnú ar chúram ná ar fheidhmeanna na Seirbhise Náisiúnta Daonchumhachta i gcomhthéacs na n-athruithe ar na himthosca eacnamaíochta ó bunaíodh an SND sna 1970-idí, tráth a rabhthas ag dréim le lánfhostaíocht. (6)Tá ea comheagair idir Coimisiún na Státseirbhíse agus na gníomhaireachtaí eile a bhíonn ag gabháil d’oiliúint agus d’earcaíocht daoine óga. 7.3 B’é tuairim an Choiste gur chóir go mbeadh an Roinn Saothair (atá freagrach i gcoinne as beartas daonchumhachta/oiliúna) ag déanamh léirmheasanna go rialta, i gcomhairle leis an Roinn Oideachas, ar na seirbhísí i gceist d’fhonn cláir a chomhrianú agus dúbailt a dhíothú. Tá cuid den locht le cur ar Roinn na Seirbhíse Poiblí a dhéileálann le struchtúir agus le hathchóiriú sa tseirbhís phoiblí toisc nach ndearna an Roinn sin faireachas ar fhorbairtí go dtí seo ná aon bheart chun réimsí maidir le dúbailt agus le trasnú idir na Ranna agus na gníomhaireachtaí a dhíothú. Tá áthas ar an gCoiste a thabhairt dá aire go bhfuil an tAire Stáit ag an Roinn Saothair agus ag an Roinn Oideachais ag breathnú cúrsaí anois agus beidh siad ag súil go dtiocfaidh feabhas go luath ar an réimse seo. An Roinn Leasa Shóisialaigh7.4 Cuireadh in iúl don Choiste go mbíonn suas le 30,000 duine á gcur leis an mBeochlár agus á mbaint de in aghaidh na míosa. Cuireann an Roinn Leasa Shóisialaigh na daoine sin go léir atá ar an mBeochlár agus atá faoi bhun 25 bliana d’aois in iúl don tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta. Moltar dóibh sin atá faoi bhun 25 bliana d’aois clárú leis an SND agus cláraíonn tuairim is 60 faoin gcéad díobh sin amhlaidh. Má dhiúltaíonn daoine de thairiscintí fostaíochta cuireann an SND é sin in iúl don Roinn Leasa Shóisialaigh agus féadfar íocaíochtaí dífhostaíochta a dhícheadú mar gheall air sin (C. 116-126).a I 1982 tugadh 2,200 tuairsic agus tharla dá thoradh gur dícheadaíodh 350 duine duine nó gur scoir siad de bheith ag síniú. B’ionann sin is £300,000, tuairim, a shábháil. I 1983, tugadh tuairisc ar 10,400 duine, tuairim. 7.5 Is cás leis an gCoiste an mhí-úsáid a bhaineann daoine atá ag obair as an gcóras Leasa Shóisialaigh. Tugann an Coiste dá aire, maidir leis sin, gur aimsíodh 1,296 dhuine in 1983 a bhí ag fáil sochar dífhiostaíochta. B’ionann sin is £145,000. Aimsíodh 464 dhuine freisin a bhí ag fáil cúnamh dífhostaíochta. B’ionann sin is £114,000. (Ceist 139/140) b 7.6 Is é tuairim an Choiste: (i)go gcruthófaí ceangal níos éifeachtaí idir an dá Roinn ach dul gan mhoill i muinín chórais ríomhaireachta a bheadh oiriúnach don tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta agus (ii)go n-aimseofaí dá thoradh sin líon níos mó díobh sin a bhaineann mí-úsáid as an gcóras Leasa Shóisialaigh. An Roinn Oideachais7.7 Cuireadh in iúl don Choiste gurbh i aidhm a bhí le Seoirse Mac Fheorais, T.D., a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Oideachais agus Foscríbhinn 6. ag an Roinn Saothair ná go ndéanfaí na seirbhísí idir na gníomhaireachtaí éagsúla a chomheagrú agus aon dúbailt eatarthu a dhíothú. Chuir an Cumann Gairm-Oideachais in Éirinn a n-imní in iúl faoi leibhéal na dúbhailte agus ba é a dtruarimsean gurbh é an córas oideachais an fhoinse ab oiriúnaí chun cláir riachtanacha a chur ar fáil atá faoi atá faoi láthair á riaradh ag gníomhaireachtaí eile, go háirithe, i gcás na ndaoine sín sna blianta ó 15-18 (c. 68.71). 7.8 Tugadh faoi deara go gcuireann na Coistí Gairmoideachais cúrsaí ar fáil do 10,000 duine gach bliain arb é atá iontu go bunúsach cláir a bhaineann le scileanna gairmiúla agus go raibh an Roinn Oideachais deimhin de go bhféadfaí cur le líon na gcúrsaí sin. Leagann an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 an fhreagracht reachtúil go sonrach ar na Coistí Gairmoideachais oiliúint a chur ar fáil sna reimsí sin (c. 71). 7.9 Aithníonn an Coiste a thábhachtaí atá Gairmoidechas chun na scileanna acadúla agus gairmiúla, is gá le haghaidh fostaíochta, a chur ar fáil do dhaoine. Go háirithe, cuireann an Coiste fáilte roimh chumas na gCoistí Gairmoideachais fónamh d’athrú de chineál teicniúil agus teicneolaíochta trí mheán na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha agus na gColáistí Teicneolaíochta. Na hinstitiúidí tríú leibhéal eile, lena n-áirítear na Forais Náisiúnta um Ard-Oideachas, tá feidhm thábhachtach lena n-áitsean maidir le hoiliúint i gcomhair fostaíochta. Bheadh an Coiste ag súil go seachnódh caidreamh dlúth idir na hinstitiúidí trasnú san obair arb é a thoradh diomailt ar acmhainní tearca. 7.10 Ba é tuairim an Choiste gur chaill earnáil an Ghairmoidheachais a háit le blianta beaga anuas sa mhéid nár chomhlíon sí a gnó chomh héifeachtach agus ab fhéidir. Tharla sin de dheasca géariomaíochta, d’fhéadfaí a rá, ó AnCO agus ón nGníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg. Fuarthas amach gur chuid den chúis a bhí leis sin ná an leibhéal ard maoinithe atá á dhéanamh ar an dá ghníomhaireacht sin. Cúis eile ná a bhríomhaire atá siad agus go dníríonn siad iad féin ar chliant-ghrúpaí ar leith. I gcás na gCoistí Gairmoideachais bíonn baint acu sin le raon anleathan gníomhaíochtaí ag an dara agus in tríú leibhéal agus leis an oideachas aosach freisin. Ba chóir don Chumann Gairm-Oideachais in Éirinn, dá bhrí sin, athmheas a dhéanamh, i gcomhairle leis an Roinn Oideachais, ar raon na gcúrsaí gairmoideachais chun a fháil amach cé mhéid tosaíochta a d’fhéadfaí a thabhairt do chúrsaí a bheadh dírithe níos mó ar dheiseanna fostaíochta. a Léiríonn seo uimhir na ceiste nó an fhreagra i Miontuairisí na Fianaise. b Figiúirí mar a leasaigh an R/Leasa Shóisialaigh iad dá éis sin; litir den 16 Márta 1984. |
||||||||||||