Committee Reports::Report No. 04 - Community Employment Policy::27 June, 1984::Appendix

FOSCRÍBHINN 1

Ciste Sóisialach na hEorpa

I ndiadh Ciste Sóisialach na hEorpa a athbhreithniú le déanaí, aontaíodh go ndéanfaí 75 faoin gcéad de na creidmheasa ar fad a bheadh ar fáil a leithroinnt chun imeachtaí do dhaoine óga faoi 25 bliain d’aois. Tá bailchríoch curtha anois leis na Treoracha do Bhainistí an Chiste atá leagtha síos ag an gCoimisiún agus a athbhreithnítear go bliantúil. Foráiltear leo sin, inter alia, go dtabharfar cuidiú le haghaidh:


(i)oibreacha díreach i ndiaidh deireadh an oideachais éigeantaigh lánaimseartha chun fostaíocht do dhaoine óga faoi 25 bliain d’aois a chur ar aghaidh, agus áirítear ar a líon gairmoiliúint bhunúsach agus taithí oibre as a dtiocfaidh fíordheiseanna fostaíochta cobhsaí, laistigh de chlár a mhairfidh sé mhí ar a laghad;


(ii)oibreacha chun fostaíocht do dhaoine faoi bhun 25 bliana d’aois ar léir, de bharr taithí, nach cuí nó nach leor á gcailiochtaí, a chur ar aghaidh, a bhfuil gairmoiliúint lánaimseartha nó páirtaimseartha mar chuid díobh chun scileanna agus cáilíochtaí níos fearr a thabhairt dóibh, arna n-oiriúnú d’athruithe sa mhargadh fostaíochta, chun go mbeidh sé níos fusa nuatheicneolaíocht, ach go háirithe, a thabhairt isteach agus fíordheiseanna fostaíochta cobhsaí a chur ar fáil; agus


(iii)oibreacha a bhaineann le hearcú do phoist bhreise bhuana nó oibreacha a bhaineann le fostaíocht i dtionscnaimh chun poist bhreise a bhunú le freastal do riachtanas éigin sa phobal.


Faoi rialacha an Chiste nua, leanfar den tairbhe a bhíonn le fáil ag na cláir do dhaoine óga faoi 25 atá á n-oibriú le cuidiú ón gCiste in Éirinn. Tá Éire fós mar cheann de na sé réigiún sárthosaíochta sa Chomhphobal, rud a fhágann go leanfaidh cabhair ón gCiste ag ráta 55 faoin gcéad den chaiteachas cuí. Ní rachaidh an ráta nua cabhrach d’earcaíocht maidir le poist bhreise le haghaidh daoine faoi bhun 25 bliain thar 15 faoin gcéad de mhéan-ollphá tionsclaíoch an Chomhphobail, rud a chiallaíonn gurb ionann préimh an Chomhphobail agus ranníoc údaráis na hÉireann móide 10 faoin gcéad.